Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Margú síolta glasraí

Margú síolta glasraí

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 2002/55/CE maidir le síol glasraí a mhargú

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

Leagtar amach inti rialacha maidir le cineálacha síolta a chlárú agus maidir le síolta príomhspeiceas éagsúil a tháirgeadh agus a dheimhniú (speicis rialáilte AE) sular féidir iad a mhargú san Aontas. Is é an critéar incháilitheachta maidir le síolta caighdeánacha a dheimhniú nó a tháirgeadh go bhfuil na cineálacha cláraithe i gcatalóg choiteann de speicis glasraí an Aontais.

PRÍOMHPHOINTÍ

Catalóg speiceas náisiúnta agus ar fud an Aontais

Déanann gach tír AE catalógú ar chineálacha síolta ar glacadh leo go hoifigiúil le haghaidh margaíochta ar a críoch. Tiomsaítear an Chatalóg choiteann de chineálacha speiceas glasraí ar fud an Aontais ó na catalóga náisiúnta go léir. Ní ghlactar le cineál síl lena margú san Aontas Eorpach ach amháin má tá an síol deimhnithe go hoifigiúil mar shíol bunaidh* nó síol deimhnithe*, nó má deimhníodh é mar shíol caighdeánach* (le roinnt eisceachtaí).

Rialacha breise catalóige:

  • i gcás ina dteastaíonn pórú cothabhála den chineál, ní mór ainm an duine nó na ndaoine atá freagrach as sin ina thír nó ina tír a léiriú sa chatalóg;
  • ba cheart go dtabharfaí an t–ainm céanna ar na cineálacha i ngach tír san Aontas Eorpach a mhéid is féidir;
  • má dhéantar síolta a mhargú i dtír eile faoi ainm difriúil, caithfear an t-ainm sin a chur in iúl sa chatalóg freisin.

Rialacha glactha chun síolta glasraí a mhargú

Is é an critéar incháilitheachta maidir le síolta caighdeánacha a dheimhniú agus a fhíorú go gcaithfear an cineál glasraí a chlárú sa chatalóg ar fud an Aontais de chineálacha barr glasraí. Caithfear an cineál a thástáil sa pháirc lena fháil amach an gcomhlíonann sé na critéir seo a leanas.

  • Sainiúil: is léir go bhfuil an glasra in–idirdhealaithe ó aon chineál eile atá ar eolas san Aontas agus gur féidir é a aithint agus a shainmhíniú go beacht.
  • Cobhsaí: tar éis cúpla iomadú i ndiaidh a chéile, fanann an planda dílis don chur síos ar a thréithe riachtanacha.
  • Aonfhoirmeach: seachas fíorbheagán iomrall, tá na plandaí comhchosúil nó comhionann go géiniteach.

Tá clárú cineálacha bailí ar feadh 10 mbliana ach féadfar é a chúlghairm mura gcomhlíonann an cineál na critéir sin a thuilleadh, tar éis iniúchadh a dhéanamh orthu. Tá cineálacha a thagann ó thíortha eile an Aontais Eorpaigh faoi réir na gceanglas céanna leo siúd a bhaineann le cineálacha baile.

Ní ghlactar le cineálacha géinmhodhnaithe ach amháin má glacadh leis an orgánach géinmhodhnaithe (OGM) faoi Threoir 2001/18/CE (féach an achoimre), riail a tugadh isteach le leasú ar an treoir 2002/55/CE, Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 (féach an achoimre).

Bunaithe ar iniúchadh sa pháirc, caithfidh an barr:

  • aitheantas cineáil agus íonacht chineáil leordhóthanach a bheith aige;
  • bheith saor ó lotnaidí eile, geall leis, a laghdaíonn úsáideacht agus cáilíocht an ábhair iomadaithe;
  • na ceanglais maidir le lotnaidí coraintín an Aontais Eorpaigh, lotnaidí coraintín i gcriosanna cosanta agus lotnaidí neamhchoraintín rialáilte;
  • rialacha maidir le curaíocht roimhe seo agus achair íosta ó fhoinsí pailine cóngaracha a chomhlíonadh.

Bunaithe ar shampláil agus ar thástáil, caithfidh an síol caighdeáin eile a chomhlíonadh ag brath ar an gcineál síl.

Pacáistiú agus lipéadú

Ní mór do thíortha AE a cheangal, mura ndéantar pacáistí beaga de shíolta bunaidh agus síolta deimhnithe a mhargú i bpacáistí crioscaíldíonacha, atá séalaithe go hoifigiúil nó faoi mhaoirseacht oifigiúil, agus na treoracha á gcomhlíonadh. Ní cheanglaítear an mhaoirseacht oifigiúil sin ar shíolta caighdeánacha agus ar phacáistí beaga de shíolta deimhnithe (agus tá rialacha nach bhfuil chomh dian céanna i bhfeidhm maidir le seachadtaí beaga go díreach do thomhaltóirí deiridh).

Ní mór an méid seo a leanas a bheith ar an lipéad:

  • an ráiteas maidir le “rialacha agus caighdeáin CE”;
  • an t-údarás deimhniúcháin agus tír an Aontais Eorpaigh;
  • an tsraithuimhir a shanntar go hoifigiúil (riail arna cur isteach le Treoir Cur Chun Feidhme (AE) 2016/317);
  • mí agus bliain an tséalaithe nó na samplála oifigiúla deireanaí le haghaidh deimhniúchán oifigiúil;
  • uimhir thagartha an bhirt;
  • na speicis a léirítear i gcarachtair Rómhánacha ar a laghad, faoina ainm luibheolaíoch;
  • an cineál, a léirítear i gcarachtair Rómhánacha ar a laghad;
  • an chatagóir;
  • tír na táirgeachta;
  • meáchan nó líon na síolta;
  • i gcás cineálacha hibrideacha, an focal “hibrideach”;
  • faisnéis eile ag brath ar an gcineál síl.

Tá dathchód ar lipéid mar a leanas.

  • Síol bunaidh: bán.
  • Síol réamh–bhunaidh*: bán le líne chorcarghorm fiarthrasna air.
  • Síol deimhnithe: gorm.
  • Síol caighdeánach: dúbhuí.
  • Síol nach bhfuil deimhnithe fós, agus a lománaíodh i dtír eile AE: liath.
  • Síolta eile: donn.

Ní mór síolta géinmhodhnaithe a lipéadú go soiléir dá réir sin. Ní mór an chóireáil cheimiceach a lua ar an lipéad.

Ní mór doiciméad oifigiúil ar leithligh a bheith sa phacáistiú ar an dath céanna leis an lipéad, ar a dtugtar faisnéis den chineál céanna. Ní mór lipéad soláthróra nó fógra clóite nó stampáilte a bheith ar phacáistí síolta caighdeánacha agus ar phacáistí beaga síolta deimhnithe.

Tástáil chomparáideach

Déantar tástálacha agus trialacha comparáideacha laistigh den Aontas chun scrúdú iar–rialaithe a dhéanamh ar shamplaí de shíolta glasraí a chuirtear ar an margadh. D’fhéadfadh go n–áireofaí an méid seo a leanas orthu sin:

  • síolta a lománaítear i dtíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad;
  • síolta atá oiriúnach don fheirmeoireacht orgánach;
  • síolta a mhargaítear i ndáil le caomhnú agus úsáid inbhuanaithe acmhainní géiniteacha plandaí.

Coibhéis

Ní mór do thíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad ar mian leo onnmhairiú chuig an Aontas Eorpach na critéir chéanna a chomhlíonadh maidir le tréithe síl, scrúdú, sainaithint, marcáil, rialú agus pacáistiú le síolta a lománaítear agus a rialaítear san Aontas Eorpach.

Leasuithe

Leasaíodh an treoir arís agus arís eile leis an méid seo a leanas:

  • Treoir 2003/61/CE, lena dtugtar isteach rialacha athbhreithnithe maidir le tástáil agus trialacha comparáideacha;
  • Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003, lena dtugtar isteach rialacha athbhreithnithe maidir le bia agus beatha ghéinmhodhnaithe;
  • Treoir 2004/117/CE, lena dtugtar isteach rialacha maidir le scrúduithe oifigiúla agus coibhéis síolta a tháirgtear i dtíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad;
  • Treoir 2006/124/CE, lena ndéantar athbhreithniú ar liosta na speiceas glasraí a chumhdaítear sa Treoir;
  • Treoir 2009/74/CE, lena dtugtar isteach rialacha athbhreithnithe maidir le harbhar milis, pónairí Francacha, pónairí reatha agus pónairí leathana; agus
  • gníomhartha cur chun feidhme Treoracha Cur Chun Feidhme 2013/45/AE, (AE) 2016/317, (AE) 2019/990 agus (AE) 2020/177.

Códú

Códaítear Treoir 70/458/CEE leis an treoir.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tá feidhm léi ón 9 Lúnasa 2002.

CÚLRA

Féach chomh maith:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Síol bunaidh: síol a tháirgtear de réir cleachtais ghlactha chun an éagsúlacht a chothabháil agus atá beartaithe chun síolta deimhnithe a tháirgeadh agus a chomhlíonann íoschoinníollacha na treorach tar éis scrúdú oifigiúil.
Síol deimhnithe: síol a tháirgtear go díreach ó shíol bunaidh, nó ó shíol ginealaigh roimh shíolta bunaidh, atá beartaithe go príomha chun glasraí a tháirgeadh agus a chomhlíonann íoschoinníollacha na treorach tar éis scrúdú oifigiúil.
Síol caighdeánach: síol a bhfuil féiniúlacht chineáil agus íonacht chineáil leordhóthanach aige mar a shainítear sa reachtaíocht, agus atá beartaithe go príomha chun glasraí a tháirgeadh.
Síol réamh–bhunaidh: síol a póraíodh ó ghinealaigh roimh shíolta bunaidh, a ndearnadh iniúchadh oifigiúil air de réir na bhforálacha céanna le síolta bunaidh.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 2002/55/CE ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir le síolta glasraí a mhargú (IO L 193, 20.7.2002, lgh. 33-59)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 2002/55/CE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (CE) Uimh. 1829/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le bia agus beatha ghéinmhodhnaithe (IO L 268, 18.10.2003, lgh. 1-23)

Féach an leagan comhdhlúite.

Treoir 2001/18/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Márta 2001 maidir le scaoileadh réamhbheartaithe orgánach géinmhodhnaithe isteach sa chomhshaol agus lena n–aisghairtear Treoir 90/220/CEE ón gComhairle (IO L 106, 17.4.2001, lgh. 1-39)

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 18.02.2021

Top