Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Faisnéis leictreonach faoi iompar lastais

Faisnéis leictreonach faoi iompar lastais

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) 2020/1056 maidir le faisnéis leictreonach faoi iompar lasta

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Bunaítear leis an rialachán creat dlíthiúil trínar féidir le hoibreoirí eacnamaíocha faisnéis a roinnt le húdaráis forfheidhmithe i bhformáid leictreonach maidir le hiompar earraí de bhóthar, d’iarnród, d’uiscebhealaí intíre agus d’aer san Aontas Eorpach (AE).

PRÍOMHPHOINTÍ

Cur i bhfeidhm

Tá feidhm ag an rialachán maidir le ceanglais um fhaisnéis rialála maidir le hiompar earraí atá leagtha amach i ngníomhartha dlí AE atá liostaithe i bpointe 1-5 thíos, agus maidir le ceanglais um fhaisnéis rialála atá leagtha síos i ngníomhartha tarmligthecur chun feidhme arna nglacadh ag an gCoimisiún Eorpach i gcomhréir leis na gníomhartha dlíthiúla atá liostaithe faoi phointí 1-7 thíos (liostaithe i gCuid A d’Iarscríbhinn I):

  • 1.

    Rialachán CEE Uimh. 11 ón gComhairle maidir le loingseoireacht intíre (féach an achoimre);

  • 2.

    Treoir 92/106/CEE ón gComhairle maidir le hiompar idirmhódúil (féach an achoimre);

  • 3.

    Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 maidir le tarlú bóthair idirnáisiúnta (féach an achoimre);

  • 4.

    Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 maidir le loingsithe dramhaíola (féach an achoimre);

  • 5.

    Treoir 2008/68/CE maidir le hiompar intíre earraí contúirteacha (féach an achoimre);

  • 6.

    Treoir (AE) 2016/797 maidir le hidir–inoibritheacht an chórais iarnróid (féach an achoimre);

  • 7.

    Rialachán (CE) Uimh. 300/2008 maidir leis an tslándáil eitlíochta sibhialta (féach an achoimre).

Tá feidhm ag an rialachán freisin maidir le ceanglais um fhaisnéis chomhchosúil i ndlíthe náisiúnta ábhartha (atá liostaithe i gCuid B d’Iarscríbhinn I).

Faisnéis leictreonach faoi iompar lastais (eFTI)

Is ionann faisnéis leictreonach faoi iompar lastais (eFTI) agus tacar gnéithe sonraí a phróiseáiltear go leictreonach chun faisnéis rialála a mhalartú idir oibreoirí eacnamaíocha (cuideachtaí a bhfuil baint acu le hiompar lasta agus lóistíocht go príomha) agus idir oibreoirí agus údaráis inniúla.

Níl oibleagáid ar bith ar oibreoirí faisnéis rialála a chur ar fáil go leictreonach d’údarás inniúil. I gcás go roghnaíonn siad an fhaisnéis sin a chur ar fáil go leictreonach, áfach, ní mór d’oibreoirí an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • úsáid a bhaint as sonraí arna bpróiseáil ar ardán deimhnithe eFTI agus, más infheidhme, arna bpróiseáil ag soláthraí seirbhíse deimhnithe eFTI;
  • sonraí a chur ar fáil i bhformáid meaisín–inléite trí nasc fíordheimhnithe agus slán le foinse sonraí ardáin eFTI, agus, nuair a iarrtar na sonraí lena n–iniúchadh, nasc aitheantais uathúil leis na sonraí sin a chur in iúl do na húdaráis;
  • sonraí a chur i láthair i bhformáid atá inléite ag an duine má iarrann an t–údarás inniúil sin, láithreach bonn, ar ghléas an oibreora.

Ní mór do na húdaráis ábhartha:

  • glacadh le faisnéis rialála a chuireann oibreoirí ar fáil go leictreonach;
  • glacadh le faisnéis rialála maidir le loingsiú dramhaíola gan an comhaontú dá dtagraítear i Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006;
  • bheith ábalta rochtain a fháil ar na sonraí eFTI a chuireann oibreoirí ar fáil agus iad a phróiseáil go leictreonach;
  • bailíochtú oifigiúil, amhail stampaí nó deimhnithe, a sholáthar go leictreonach, i gcás go dteastaíonn an bailíochtú sin mar chuid den fhaisnéis rialála.

Ní mór d’údaráis ábhartha, soláthraithe seirbhíse agus oibreoirí eFTI faisnéis tráchtála a choinneáil faoi rún agus a áirithiú nach mbeidh rochtain uirthi agus nach bpróiseálfar í ach amháin nuair a údaraítear é sin.

Tacair sonraí eFTI, rialacha rochtana agus nósanna imeachta d’údaráis, ardáin eFTI agus soláthraithe seirbhísí

Ní mór don Choimisiún Eorpach gníomhartha tarmligthe nó gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh tráth nach déanaí ná an 21 Feabhra 2023 chun:

  • an tacar sonraí coiteann agus na fo-thacairí sonraí eFTI a bhunú agus a leasú, chun teacht leis na ceanglais um fhaisnéis rialála faoi seach, lena ndéantar an méid seo a leanas:
    • an sainmhíniú agus na saintréithe teicniúla maidir le gach gné sonraí a shainiú,
    • coinbhinsiúin idirnáisiúnta ábhartha agus dlí AE a chur san áireamh,,
    • féachaint leis an idir–inoibritheacht le samhlacha sonraí ábhartha a nglactar leo go hidirnáisiúnta a áirithiú;
  • nósanna imeachta coiteanna agus rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir le rochtain ag údaráis ábhartha ar ardáin eFTI, chun:
    • nósanna imeachta riaracháin a dhéanamh níos éifeachtaí,
    • costais um chomhlíonadh a íoslaghdú, do na hoibreoirí eacnamaíocha lena mbaineann agus do na húdaráis ábhartha araon.

Ní mór do na hardáin eFTI a úsáidtear chun sonraí rialála a phróiseáil feidhmiúlachtaí a sholáthar chun an méid seo a leanas a áirithiú:

  • go gcomhlíonfaidh próiseáil sonraí pearsanta na dlíthe cosanta sonraí;
  • go gcoinneofar sonraí tráchtála faoi rún;
  • gur féidir le húdaráis inniúla rochtain a fháil ar shonraí agus iad a phróiseáil i gcomhréir leis na sonraíochtaí arna nglacadh;
  • gur féidir le hoibreoirí faisnéis a chur ar fáil d’údaráis inniúla;
  • gur féidir nasc aitheantais leictreonach uathúil a bhunú idir loingsiú agus na gnéithe sonraí gaolmhara;
  • nach féidir sonraí a phróiseáil ach trí rochtain údaraithe agus fhíordheimhnithe amháin;
  • go ndéanfar próiseáil sonraí a thaifeadadh i logaí oibriúcháin;
  • gur féidir sonraí a chur i gcartlann agus bheith inrochtana i gcónaí;
  • go gcosnófar sonraí ar éilliú agus ar ghoid.

Ní mór do sholáthraithe seirbhíse eFTI an méid seo a leanas a áirithiú:

  • gur iad úsáideoirí údaraithe amháin a phróiseálfaidh na sonraí;
  • go mbeidh sonraí stóráilte agus inrochtana i gcomhréir le dlí AE agus leis an dlí náisiúnta;
  • go mbeidh rochtain láithreach ag údaráis inniúla ar fhaisnéis rialála saor ó aon mhuirir nó táillí;
  • go ndéanfar sonraí a chosaint go hiomchuí, lena n–áirítear cosaint ar phróiseáil neamhúdaraithe nó neamhdhleathach agus cosaint ar chaillteanas, scriosadh nó damáiste de thaisme.

Tráth nach déanaí ná an 21 Lúnasa 2023, glacfaidh an Coimisiún an chéad ghníomh cur chun feidhme chun na ceanglais sin maidir le hardáin eFTI agus soláthraithe seirbhísí eFTI a chumhdach.

Deimhniú

Déanfaidh comhlachtaí creidiúnaithe náisiúnta i mBallstáit AE comhlachtaí um measúnú comhréireachta a chreidiúnú chun ardáin eFTI agus soláthraithe seirbhísí eFTI a dheimhniú.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tháinig sé i bhfeidhm an 20 Lúnasa 2020 agus tá éifeacht leis ón 21 Lúnasa 2024.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE) 2020/1056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2020 maidir le faisnéis leictreonach faoi lastas iompair (IO L 249, 31.7.2020, lgh. 33–48).

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (AE) 2019/1239 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena mbunaítear timpeallacht Eorpach Ionaid Ilfhreastail Mhuirí agus lena aisghairtear Treoir 2010/65/AE (IO L 198, 25.7.2019, lgh. 64–87).

Treoir (AE) 2016/797 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le hidir–inoibritheacht an chórais iarnróid laistigh den Aontas Eorpach (IO L 138, 26.5.2016, lgh. 44–101).

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir (AE) 2016/797 a chorprú sa téacs bunaidh. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n–aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lgh. 1–88).

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lgh. 1–101).

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna le haghaidh rochtana ar an margadh idirnáisiúnta tarlaithe de bhóthar (IO L 300, 14.11.2009, lgh. 72–87).

Féach an leagan comhdhlúite.

Treoir 2008/68/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 2008 maidir le hiompar intíre earraí contúirteacha (IO L 260, 30.9.2008, lgh. 13–59).

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus maidir le faireachas margaidh a bhaineann le táirgí a mhargú, agus lena n–aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 339/93 (IO L 218, 13.8.2008, lgh. 30–47).

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2006 maidir le loingsiú dramhaíola (IO L 190, 12.7.2006, lgh. 1–98).

Féach an leagan comhdhlúite.

Treoir 92/106/CEE ón gComhairle an 7 Nollaig 1992 maidir le comhrialacha a bhunú maidir le cineálacha áirithe iompair traschórais earraí idir na Ballstáit (IO L 368, 17.12.1992, lgh. 38–42).

Féach an leagan comhdhlúite.

Comhairle CEE: Rialachán Uimh. 11 maidir le deireadh a chur le hidirdhealú i rátaí agus coinníollacha iompair, i gcur chun feidhme Airteagal 79 (3) den Chonradh lena mbunaítear Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (leagan speisialta Béarla: Sraith I Imleabhar 1959-1962, lgh. 60–64).

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 23.03.2022

Top