Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Córas bainistíochta faisnéise do rialuithe oifigiúla chun comhlíonadh na rialacha maidir leis an slabhra agraibhia a áirithiú

Córas bainistíochta faisnéise do rialuithe oifigiúla chun comhlíonadh na rialacha maidir leis an slabhra agraibhia a áirithiú

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán Cur chun Feidhme (AE) 2019/1715 — rialacha i ndáil le feidhmiú córais bainistíochta faisnéise do rialuithe oifigiúla agus dá chomhpháirteanna córais (Rialachán CBFRO)

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

  • Tá an CBFRO leis na ceithre chóras faisnéise atá ann cheana arna mbainistiú ag an gCoimisiún a chomhtháthú, is iad sin:
    • an córas mear-rabhaidh um bia-ábhair agus beathú (RASFF) arna bhunú le dlí Ginearálta an Bhia;
    • córas faisnéise na ngalar ainmhithe (ADIS)* a bhunófar leis an Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe;
    • an córas chun lotnaidí a chur in iúl agus a thuairisciú (EUROPHYT)* a bhunófar leis an Dlí maidir le Sláinte Plandaí; agus
    • córas TRACES* (dá dtagraítear i dTreoir maidir le Rialuithe Oifigiúla).
  • Is é is cuspóir le Rialachán CBFRO:
    • na rialacha uile maidir le feidhmiú an CBFRO agus a cheithre chomhpháirt a leagan amach in aon ghníomh amháin; agus
    • rialacha a leagan amach maidir le sonraí, faisnéis agus doiciméid a mhalartú idir comhpháirteanna CBFRO agus i gcásanna áirithe, le córais eile amhail córais náisiúnta thíortha AE, córais faisnéise tíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad agus eagraíochtaí idirnáisiúnta eile.

PRÍOMHPHOINTÍ

Leagtar amach sa rialachán na rialacha maidir le feidhmiú an CBFRO agus a chomhpháirteanna córais i ndáil le láimhseáil agus malartú ríomhairithe faisnéise, sonraí agus doiciméad atá riachtanach chun rialuithe oifigiúla a fheidhmiú.

Comhpháirteanna an CBFRO

  • an córas mear-rabhaidh um bia don duine agus d’ainmhithe (RASFF);
  • an córas faisnéise ríomhairithe chun galair ainmhithe a chur in iúl agus a thuairisciú (ADIS);
  • an córas leictreonach (EUROPHYT) maidir le ráigeanna amhail láithreacht lotnaidí coraintín a chur in iúl;
  • an córas ríomhairithe le haghaidh malartú sonraí, faisnéise agus doiciméad (TRACES).

Raon feidhme

Cumhdaítear i raon feidhme an rialacháin rialuithe oifigiúla chun comhlíonadh dlí an bhia agus an bheatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, agus maidir le sláinte plandaí agus seachtháirgí a fhíorú. Cumhdaítear an méid seo a leanas ann go sonrach:

  • nósanna imeachta maidir le fógraí agus faisnéis bhreise do RASFF arna gcur ar bun le Rialachán (CE) Uimh. 178/2002;
  • nósanna imeachta maidir le córas ríomhairithe AE chun galair a thuairisciú faoin Rialachán (AE) 2016/429;
  • rialacha maidir le fógraí a chur isteach faoi Rialachán (AE) 2016/2031;
  • rialacha maidir le sonraí agus doiciméid ríomhairithe a láimhseáil sa CBFRO atá riachtanach faoi Rialachán (AE) 2017/625, i ndáil le:
    • doiciméad coiteann iontrála sláinte (CHED)* agus treoracha maidir lena úsáid;
    • comhar idir custaim agus údaráis eile;
    • deimhnithe leictreonacha agus sínithe leictreonacha le haghaidh deimhnithe oifigiúla;
    • formáidí caighdeánacha le haghaidh malartú faisnéise a bhaineann le hiarratais ar chúnamh agus fógraí athfhillteacha;
    • uirlisí agus nósanna imeachta teicniúla maidir le cumarsáid idir na comhlachtaí idirchaidrimh ainmnithe;
    • feidhmiú ceart an CBFRO.

Tá a líonra féin ag gach comhpháirt den CBFRO a bhfuil an Coimisiún ina chuid de, agus tá an fhreagracht ag gach ball den líonra as na sonraí, as an bhfaisnéis agus as na doiciméid a chuireann sé nó sí isteach sa chomhpháirt ábhartha nó a sholáthraíonn sé nó sí inti.

Nascacht bunachair shonraí

Féachtar leis na naisc seo a leanas idir na comhpháirteanna sonraí a chomhlánú, rud a sholáthróidh faisnéis chothrom le dáta do gach ball den líonra maidir le feidhmíocht a thascanna nó a tascanna:

  • iRASFF* agus TRACES, lena n–éascaítear comhroinnt sonraí maidir le fógraí faoi chead thar teorainn isteach a dhiúltú agus doiciméad coiteann iontrála sláinte;
  • EUROPHYT agus TRACES, lena n–éascaítear comhroinnt sonraí maidir le fógraí maidir le ráig agus idircheapadh EUROPHYT;
  • iRASFF, EUROPHYT agus TRACES, lena n–éascaítear comhroinnt sonraí maidir le hiarthaifid oibreoirí maidir le comhlíonadh na rialacha.

Formáidí caighdeánacha idirnáisiúnta comhad

Tá malartuithe sonraí idir an CBFRO agus córais leictreonacha eile, lena n–áirítear córais náisiúnta AE, bunaithe ar chaighdeáin idirnáisiúnta agus úsáideann siad na formáidí XML, CMS nó PDF.

iRASFF

Ainmníonn tíortha AE comhlacht idirchaidrimh ag a mbeidh an fhreagracht as faisnéis a mhalartú maidir le fógraí faoi chalaois bhia agus ceapann siad pointe teagmhála aonair do líonraí RASFF agus AAC (a chomhordaítear leis an líonra bia agus beatha).

Déanann pointí líonraí RASFF, AAC agus FF fógraí, iarratais agus freagrachtaí a mhalartú in iRASFF.

Cuireann pointí teagmhála aonair fógraí foláirimh in iRASFF chuig pointí teagmhála an Choimisiúin laistigh de 48 uair an chloig ón uair a tuairscíodh an riosca dóibh nó fógraí faisnéise agus fógraí úra gan moill mhíchuí. Cuireann siad fógraí faoi chead thar teorainn isteach a dhiúltú, fógraí faoi neamhchomhlíonadh agus fógraí iarmheasúnaithe chuig a gcomhghleacaithe sa líonra chomh maith.

Déantar fógra faoi chalaois bhia a mhalartú ag baint úsáid as uirlis tiomnaithe TF ag pointí teagmhála Calaoise Bia, go dtí go ndéanfar iad a chomhtháthú sa iRASFF.

ADIS

Féadfaidh ball de líonra ADIS pointe teagmhála amháin nó níos mó a ainmniú chun fógraí maidir le ráigeanna de ghalair agus tuairiscí a chur isteach. Tá gach pointe teagmhála ADIS freagrach as an liosta réigiún um fhógra agus um thuairisciú arna bhunú ag a thír AE a choinneáil cothrom le dáta in ADIS.

Líonra EUROPHYT

Ainmníonn gach ball de líonra EUROPHYT:

  • pointe teagmhála a bheidh freagrach as fógra maidir le ráigeanna a chur isteach chuig an líonra ráigeanna; agus
  • pointe teagmhála a bheidh freagrach as
    • maoirseacht a dhéanamh ar fhógraí um idircheapadh maidir le coinsíneachtaí plandaí, táirgí plandaí agus nithe eile a thagann isteach san Aontas Eorpaigh
    • fógraí um idircheapadh le haghaidh na gcoinsíneachtaí siúd a thrádáiltear san Aontas Eorpaigh a chur isteach, ag baint úsáid as TRACES, laistigh de 2 lá oibre ón idircheapadh.

TRACES

  • Ainmníonn gach ball de líonra TRACES pointe teagmhála amháin ar a laghad do gach feidhmiúlacht atá ar fáil in TRACES.
  • Tá rochtain ag gach oibreoir ar na sonraí, ar an bhfaisnéis nó ar na doiciméid a láimhseálann, a sholáthraíonn nó a tharchuireann sé nó sí in TRACES, agus tá rochtain chomhchosúil ag gach údarás inniúil ar na sonraí, an ar bhfaisnéis nó ar na doiciméid a láimhseálann, a sholáthraíonn nó a tharchuireann a bhaill foirne mó na hoibreoirí faoina réimse freagrachta in TRACES.
  • Tá rochtain ag údaráis custaim thíortha AE ar na sonraí, ar an bhfaisnéis agus ar na doiciméid a bhaineann le hainmhithe agus earraí a thagann isteach in AE ó thíortha nach tíortha san Aontas Eorpach iad agus ar chinntí rialuithe oifigiúla ar bith, trí TRACES nó trí chórais náisiúnta thíortha AE, nó trí thimpeallacht Phointe Teagmhála Aonair AE do na custaim agus iad idirnasctha le TRACES.
  • Liostaítear sa rialachán na ceanglais maidir le deimhnithe oifigiúla leictreonacha le haghaidh coinsíneachtaí ainmhithe agus earraí a thagann isteach in AE a eisiúint.
  • Ní mór do phointí teagmhála líonra TRACES liosta na bpost rialaithe teorann, pointí rialaithe agus gnólachtaí bia nó forais ainmhithe nó seachtháirgí cheadaithe nó chláraithe a choimeád agus a choinneáil cothrom le dáta.

Doiciméad Coiteann Iontrála Sláinte (CHED)

Leagtar amach sa rialachán teimpléad an CHED agus na treoracha maidir lena úsáid agus leagtar síos leis na ceanglais maidir le CHED leictreonach a úsáid.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá feidhm leis ón 14 Nollaig 2019, seachas le haghaidh Chuid 2 de Chaibidil 3 maidir le líonra ADIS, a bheidh i bhfeidhm ón 21 Aibreán 2021.

CÚLRA

Le haghaidh breis faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

CBFRO: an córas bainistíochta faisnéise, a cuireadh ar bun chun sonraí, faisnéis agus doiciméid a bhaineann leis an slabhra agraibhia a láimhseáil agus a mhalartú go huathoibríoch.
ADIS: an córas faisnéise ríomhairithe chun galair ainmhithe a chur in iúl agus a thuairisciú, arna chur ar bun le hAirteagal 22 de Rialachán (AE) 2016/429.
EUROPHYT: córas AE um fhógra chun fógraí faoi ráig a chur isteach chuig EUROPHYT, i gcomhréir le hAirteagal 103 de Rialachán (AE) 2016/2031.
TRACES: an córas ríomhairithe chun sonraí, faisnéis agus doiciméid a bhaineann le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile a mhalartú.
CHED: an doiciméad coiteann iontrála sláinte, lena n–áirítear a choibhéis leictreonach, a úsáideann gnólachtaí chun réamhfhógra a thabhairt maidir le coinsíneachtaí ainmhithe agus earraí atá cumhdaithe sa Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla (AE) 2017/625 a thabhairt isteach in AE, agus a úsáideann údaráis thíortha AE chun toradh na rialuithe oifigiúla a fheidhmítear ar na coinsíneachtaí sin a thaifead.
iRASFF: feidhmchlár ar líne trínar féidir le tíortha AE fógraí faoi tháirgí a mbaineann riosca leo nó fógra faoi neamhchomhlíonadh maidir le hainmhithe nó earraí a tharchur.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán Cur chun Feidhme (AE) 2019/1715 an 30 Meán Fómhair 2019 lena leagtar síos rialacha i ndáil le feidhmiú córais bainistíochta faisnéise do rialuithe oifigiúla agus dá chomhpháirteanna córais (Rialachán CBFRO) (IO L 261, 14.10.2019, lgh. 37-96)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán Cur chun Feidhme (AE) 2019/1715 ón gCoimisiún a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 agus Rialachán (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (IO L 95, 7.4.2017, lgh. 1-142)

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le bearta cosantacha i gcoinne lotnaidí plandaí, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 228/2013, (AE) Uimh. 652/2014 agus (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n–aisghairtear Treoracha 69/464/CEE, 74/647/CEE, 93/85/CEE, 98/57/CE, 2000/29/CE, 2006/91/CE agus 2007/33/CE ón gComhairle (IO L 317, 23.11.2016, lgh. 4-104)

Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair ainmhithe in–tarchurtha agus lena leasaítear agus lena n–aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (“Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe”) (IO L 84, 31.3.2016, lgh. 1-208)

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (CE) Uimh. 183/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Eanáir 2005 lena leagtar síos ceanglais i dtaca le sláinteachas bia ainmhithe (IO L 35, 8.2.2005, lgh. 1-22)

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos na prionsabail ghinearálta agus na ceanglais maidir leis an dlí faoi bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta in ábhair a bhaineann le sábháilteacht bia (IO L 31, 1.2.2002, lgh. 1-24)

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 21.04.2020

Top