Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Bianna — critéir mhicribhitheolaíocha

Bianna — critéir mhicribhitheolaíocha

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CE) Uimh. 2073/2005 maidir le critéir mhicribhitheolaíochta le haghaidh earraí bia

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

  • Ar mhaithe le sábháilteacht bia agus an tsláinte phoiblí, leagtar síos leis na critéir mhicribhitheolaíocha* maidir le miocrorgánaigh* áirithe agus na rialacha nach mór do ghnólachtaí cloí leo maidir le ceanglais ghinearálta agus shonracha sláinteachais arna leagan síos i Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 maidir le sláinteachas earraí bia.
  • Is é an cuspóir ná cuspóirí agus pointí tagartha a sholáthar chun cuidiú le gnólachtaí bia agus údaráis inniúla thíortha AE sábháilteacht bia a bhainistiú agus monatóireacht a dhéanamh uirthi.
  • Ceanglaítear leis an rialachán ar ghnólachtaí bia a áirithiú go gcloífidh an bia a láimhseálann, a sholáthraíonn nó a phróiseálann siad leis na critéir sin.

PRÍOMHPHOINTÍ

Critéir mhicribhitheolaíocha

Leagtar amach leis an rialachán 2 chineál critéir mhicribhitheolaíoch nach mór do ghnólachtaí bia cloí leo, liostaithe in Iarscríbhinn I a ghabhann leis:

  • critéir maidir le sábháilteacht bia;
  • critéir maidir le sláinteachas próisis.

Ní mór do ghnólachtaí bia ag gach céim de tháirgeadh bia, de phróiseáil bhia agus de dháileadh bia, lena n–áirítear miondíola, mar chuid dá nósanna imeachta bunaithe ar phrionsabail AGPRC* agus ag baint úsáid as an dea-chleachtas sláinteachas, a áirithiú:

  • go ndéanfar soláthar, láimhseáil agus próiseáil amhábhar agus earraí bia faoina gcúram ar bhealach ina gcomhlíonfar na critéir maidir le sláinteachas próisis.
  • féadfar na critéir maidir le sábháilteacht bia is infheidhme i rith sheilfré na dtáirgí a chomhlíonadh faoi choinníollacha is intuartha le réasún maidir le dáileadh, stóráil agus úsáid.

Maidir le gach catagóir bia, sonraítear é seo a leanas sa rialachán agus ina iarscríbhinn:

  • na miocrorgánaigh nach mór é a thástáil ina leith;
  • an plean samplála (líon na n–aonad atá le tástáil, minicíocht, etc.);
  • na teorainneacha le haghaidh gach aonaid a tástáladh;
  • modh na tagartha anailísí a úsáidfear;
  • an chéim lena bhfuil feidhm leis an gcritéar (e.g. deireadh an phróisis mhonaraíochta, an t–am sa phróiseas monaraíochta nuair a bhítear ag súil le háireamh is airde miocrorgánaigh faoi leith);
  • an beart i gcás nach mbeadh na torthaí sásúil.

Tástáil agus a raon feidhme

Ní mór do ghnólachtaí bia a áirithiú go gcloífidh bianna leis na critéir ábhartha, agus tástáil iomchuí a dhéanamh do na critéir atá leagtha amach in Iarscríbhinn I. Baineann na critéir leis na táirgí seo a leanas:

  • bianna réidh le hithe;
  • feoil úr éanlaith clóis;
  • feoil mhionaithe agus ullmhóidí feola;
  • táirgí feola;
  • feoil inneall-scartha;
  • geilitín nó collaigine;
  • táirgí déiríochta;
  • táirgí uibheacha;
  • moilisc dhébhlaoscacha bheo;
  • táirgí iascaigh;
  • crústaigh chócaráilte agus iasc sliogánach;
  • torthaí agus glasraí réamhghearrtha agus réidh le hithe;
  • péacáin agus síolta péactha;
  • súnna torthaí agus glasraí neamhphaistéartha agus réidh le hithe; agus
  • conablaigh.

Tá na rialacha maidir le sampláil agus ullmhú samplaí tástála leagtha síos in Iarscríbhinn I.

Torthaí

I gcás go mbeidh torthaí na tástála i gcomhair ceachtar cineál critéar míshásúil, ní mór do na gnólachtaí bia an beart atá leagtha amach sa rialachán a dhéanamh. Nuair a fheicfidh siad treocht i dtreo torthaí míshásúla, ní mór dóibh na bearta cuí a dhéanamh gan mhoill mhíchuí chun tarlú riosca micribhitheolaíocha a chosc.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá feidhm leis ón 1 Eanáir 2006.

CÚLRA

Le haghaidh breis faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Critéir mhicribhitheolaíocha: toisc go bhféadfadh riosca micribhitheolaíocha a bheith ag baint le bianna a dhíorthaítear ó ainmhithe agus ó phlandaí, tugtar treoir leis na critéir sin maidir le hinghlacthacht na n–earraí bia agus a bpróiseas monaraíochta. Sainítear leis na critéir inghlacthacht táirge, baisceanna earraí bia nó próiseas, bunaithe ar mhiocrorgánaigh a bheith iontu nó gan a bheith agus ar líon na miocrorgánach, agus/nó ar chainníocht a dtocsainí/meitibilít, in aghaidh an aonaid (na n–aonad) maise, toirte, achair nó baisce.
Miocrorgánaigh: áirítear leo baictéir, víris, giostaí, múscáin, algaí, protozoa seadánach, heilmintigh sheadánacha mhicreascópacha, agus a dtocsainí agus a meitibilí. I measc samplaí coitianta tá salmonella, listéire agus E. coli.
Prionsabail AGPRC (Anailís Ghuaise agus Phointí Rialúcháin Criticiúla: bunaithe ar 7 bprionsabail a comhaontaíodh go hidirnáisiúnta lena ndéantar guaiseacha a bhaineann le sábháilteacht bia a shainaithint, a mheasúnú agus a rialú. Dírítear ann ar éilliú a chosc agus leagtar leis freagracht ar tháirgeoirí bia a áirithiú go bhfuil a gcuid bia sábháilte.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (CE) Uimh. 2073/2005 an 15 Samhain 2005 maidir le ritéir mhicribhitheolaíocha le haghaidh earraí bia (IO L 338, 22.12.2005, lgh. 1-26)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 agus Rialachán (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (IO L 95, 7.4.2017, lgh. 1–142)

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le sláinteachas earraí bia (IO L 139, 30.4.2004, lgh. 1-54) Téacs arna athfhoilsiú mar cheartúchán (IO L 226, 25.6.2004, lgh. 3-21)

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail ghinearálta agus ceanglais ghinearálta maidir leis an dlí faoi bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta in ábhair a bhaineann le sábháilteacht bia (IO L 31, 1.2.2002, lgh. 1-24)

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 17.05.2019

Top