EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Margaíocht a dhéanamh ar shíolta barr talmhaíochta

Margaíocht a dhéanamh ar shíolta barr talmhaíochta

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 2002/53/CE maidir leis an gcatalóg choiteann de chineálacha speiceas plandaí talmhaíochta

Treoir 66/401/CEE maidir le síol prátaí farae a mhargú

Treoir 66/402/CEE maidir le síol gránach a mhargú

Treoir 2002/57/CE maidir le síolta plandaí ola agus snáithín a mhargú

Treoir 2002/56/CE maidir le prátaí síl a mhargú

Treoir 2002/54/CE maidir le síol biatais a mhargú

CAD IS AIDHM LEIS NA TREORACHA?

Baineann Treoir 2002/53/CE le glacadh na gcineálacha sin plandaí biatais, farae, gránach, prátaí agus ola agus snáithín, ar féidir síol de a mhargú ar fud an Aontais Eorpaigh (AE) lena gcuimsiú i gCatalóg choiteann de chineálacha speiceas plandaí talmhaíochta.

Leagtar amach sna treoracha seo a leanas rialacha maidir le clárú cineálacha síolta agus maidir le táirgeadh agus deimhniú síolta príomhspeiceas éagsúil (speicis atá rialaithe ag an AE) sula mbeidh cead iad a chur ar an margadh san Aontas.

  • Treoir 66/401/CEE — síolta plandaí farae.
  • Treoir 66/402/CEE — síolta gránach.
  • Treoir 2002/57/CE — síolta plandaí ola agus snáithín.
  • Treoir 2002/56/CE — prátaí síl.
  • Treoir 2002/54/CE — síolta biatais.

PRÍOMHPHOINTÍ

Leagtar síos le Treoir 2002/53/CE na rialacha maidir le speicis plandaí talmhaíochta a áireamh i gcatalóg choiteann an Aontais.

  • Liostaítear i gcatalóg choiteann an Aontais, a chuirtear le chéile ar bhonn fógraí faoi athruithe i gcatalóga náisiúnta thíortha an Aontais Eorpaigh, na cineálacha is féidir a mhargú ar fud an Aontais Eorpaigh.
  • Foilsítear an chatalóg choiteann in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (IO).
  • Lena gcuimsiú ina gcatalóg náisiúnta, ní mór do thíortha AE a áirithiú nach nglacfar le cineál ach amháin más ceann díobh seo a leanas é.
    • Sainiúil (D): is léir go bhfuil an cineál in–idirdhealaithe ó aon chineál eile ar a bhfuil eolas san Aontas Eorpach, agus ar féidir aitheantas agus sainmhíniú beacht a dhéanamh air.
    • Aonfhoirmeach (A): seachas fíorbheagán iomrall, tá na plandaí cosúil nó comhionann go géiniteach.
    • Cobhsaí (S): tar éis iomaduithe i ndiaidh a chéile, fanann an planda dílis don tuairisc ar a shaintréithe riachtanacha.
  • Is gá an cineál a thástáil sa pháirc chun na critéir maidir le DUS a chomhlíonadh agus caithfidh sé a bheith de luach sásúil le haghaidh saothraithe agus úsáide.
  • clárú cineálacha bailí go ceann 10 mbliana ach féadfar é a chúlghairm más rud é, ar a scrúdú, nach gcomhlíonann an cineál na critéir sin a thuilleadh. Tá cineálacha a thagann ó thíortha AE eile faoi réir na gceanglas céanna leo siúd a bhaineann le cineálacha baile.
  • Ní foláir nó gceanglóidh tíortha AE go mbunófar glacadh le cineálacha ar bhonn thorthaí na scrúduithe oifigiúla, go háirithe trialacha fáis, ina gcumhdaítear líon dóthanach saintréithe maidir leis an gcineál ar a bhfuil cur síos le déanamh. Caithfidh na modhanna a úsáidfear chun saintréithe a dhéanamh amach bheith beacht agus iontaofa. Chun sainiúlacht a dhéanamh amach, sna trialacha fáis ní mór na cineálacha inchomparáide ar a laghad atá ar eolas san Aontas a bheith san áireamh.
  • Ní mór cineálacha a géinmhodhnaíodh ar glacadh leo faoi Threoir 2001/18/CE (féach an achoimre) a léiriú mar sin.
  • Maidir le gach cineál nua–ghlactha, caithfidh tíortha AE tuairisc ghearr a sheoladh chuig tíortha eile an Aontais Eorpaigh agus chuig an gCoimisiún Eorpach maidir le tréithe is tábhachtaí an chineáil lena n–úsáid.

Síol plandaí farae (Treoir 66/401/CEE)

Cumhdaítear leis an treoir seo féara, léagúim, seamair, peasair, svaeid agus cál éagsúla, mar a shainaithnítear sa reachtaíocht. Ní fhéadfar síolta a chur ar an margadh mura bhfuil siad deimhnithe go hoifigiúil nó mura bhfuil siad deimhnithe faoi mhaoirseacht oifigiúil mar shíolta réamh–bhunaidh (an ginealach roimh shíolta bunaidh), síolta bunaidh nó síolta deimhnithe (féach Airteagal 2 den treoir, i gcás ina sainítear na catagóirí sin). Is féidir roinnt speicis phlandaí, faoi choinníollacha áirithe, a mhargú mar shíolta tráchtála freisin. Ní bhaineann sé sin le síolta plandaí farae atá beartaithe lena n–onnmhairiú chuig tíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad.

Caithfidh na síolta caighdeáin maidir le haitheantas, sláinte agus cáilíocht a chomhlíonadh (péacadh, íonacht anailíseach agus ábhar síolta speiceas plandaí eile).

Síolta gránach (Treoir 66/402/CEE)

Ní fhéadfar síolta gránach a chur ar an margadh mura bhfuil siad deimhnithe go hoifigiúil nó mura bhfuil siad deimhnithe faoi mhaoirseacht oifigiúil mar shíolta réamh–bhunaidh, síolta bunaidh nó síolta deimhnithe (an chéad ghinealach nó an dara ginealach) agus caithfidh siad na coinníollacha ginearálta eile a shásamh.

Caithfidh na síolta caighdeáin maidir le féiniúlacht, sláinte agus cáilíocht a chomhlíonadh (péacadh íosta, íonacht anailíseach íosta agus an t–uaschion de réir líon síolta speiceas plandaí eile, lena n–áirítear síolta dearga ríse agus fungas a bheith i samplaí).

Síolta plandaí ola agus snáithín (Treoir 2002/57/CE)

Cumhdaítear leis sin síolta le haghaidh táirgeadh talmhaíochta ach ní chun críocha ornáideacha. Ní fhéadfar síolta a chur ar an margadh mura bhfuil siad deimhnithe go hoifigiúil nó mura bhfuil siad deimhnithe faoi mhaoirseacht oifigiúil mar shíolta réamh-bhunaidh, síolta bunaidh, síolta deimhnithe nó síolta tráchtála (féach Airteagal 2 den treoir ina sainítear na catagóirí sin) cé is móite de thornapa, ola ráibe, cannabas, cearbhas, cadás, cróch bréige, lus na gréine, líon agus ros lín, nach féidir a mhargú mar shíolta tráchtála.

Caithfidh síolta critéir mar fhéiniúlacht, sláinte agus cáilíocht a chomhlíonadh.

Prátaí síl (Treoir 2002/56/CE)

Níl cead ag tíortha AE ach na prátaí síl lena gcomhlíontar na critéir sa treoir seo a mhargú. Deimhnítear prátaí síl go hoifigiúil mar phrátaí síl bunaidh nó prátaí síl deimhnithe a shásaíonn na coinníollacha íosta do gach catagóir (féach Airteagal 2 den treoir, i gcás ina sainítear na catagóirí sin) le linn iniúchtaí ar phlandaí.

Maidir le prátaí síl ar an margadh ba cheart go mbainfeadh an méid seo a leanas leo:

  • coinníollacha íosta cáilíochta a chomhlíonadh amhail bheith saor ón ngalar dubh agus ó ionfhabhtú víris;
  • bheith laistigh de theorainneacha sonracha maidir le neamhíonachtaí, lochtanna agus galair áirithe atá ceadaithe i mbearta de phrátaí síl, lena n–áirítear ábhar ithreach agus ábhar coimhthíoch;
  • a bheith laistigh de leibhéil lamháltais, mar shampla maidir le lobhadh, lochtanna agus gearbach;
  • níor cheart iad a chóireáil le coscairí bachlóg;
  • ba cheart dóibh a bheith ar íosmhéid ionas nach rachaidh siad trí mhogall cearnógach 25 x 25 mm;
  • níor cheart go mbeadh difríocht ina méideanna, laistigh de bheart, thar fhoirmle shocraithe;

Ní foláir nó nach bhfuil níos mó ná ceithre ghinealach de phrátaí bunaidh agus dhá ghinealach de phrátaí síl deimhnithe ann.

Biatas (Treoir 2002/54/CE)

Tagraíonn sé sin do bhiatas siúcra agus farae den speiceas Béite siúcra leathmhilis.

De ghnáth ní fhéadfar síolta biatais a chur ar an margadh mura ndéantar iad a dheimhniú go hoifigiúil nó a dheimhniú faoi mhaoirseacht oifigiúil mar shíolta réamh–bhunaidh, síolta bunaidh nó síolta deimhnithe (féach Airteagal 2 den treoir, i gcás ina sainítear na catagóirí sin), agus caithfidh siad rialacha maidir le haitheantas, sláinte agus cáilíocht a chomhlíonadh.

Ní foláir nó go sásaíonn síolta monageirme agus síolta ilgheirme (féach Airteagal 2 den treoir, i gcás ina sainítear na catagóirí sin) ceanglais maidir le haitheantas, sláinte agus cáilíocht (íonacht anailíseach, péacadh íosta agus cion taisligh uasta (maidir le biatas siúcra agus biatas farae)). Ní foláir nó go mbaineann síolta monageirme agus beachtsíolta spriocanna amach freisin maidir le cion na síológ aonair a tháirgeann siad.

Caithfear síolta monageirme agus beachtsíolta a lipéadú mar sin.

Reachtaíocht aisghairthe

  • Aisghaireadh agus códaíodhTreoir 70/457/CEE le Treoir 2002/53/CE maidir leis an gcatalóg choiteann de chineálacha speiceas plandaí talmhaíochta.
  • Aisghaireadh Treoir 66/400/CEE le Treoir 2002/54/CE maidir le síolta biatais a mhargú.
  • Aisghaireadh Treoir 66/403/CEE le Treoir 2002/56/CE maidir le prátaí síl a mhargú.
  • Aisghaireadh Treoir 69/208/CEE le Treoir 2002/57/CE maidir le síolta plandaí ola agus snáithín a mhargú.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA DTREORACHA?

Tá siad i bhfeidhm ón 9 Lúnasa 2002, ach amháin Treoir 66/401/CEE agus Treoir 66/402/CEE, atá i bhfeidhm ón 15 Meitheamh 1966.

CÚLRA

Glacadh gníomhartha cur chun feidhme éagsúla maidir le gach ceann de na sé threoir, agus tá siad liostaithe ar leathanach an Choimisiúin Eorpaigh ar reachtaíocht shonrach maidir le hábhar atáirgthe plandaí.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach freisin:

PRÍOMHDHOICIMÉID

Treoir 2002/53/CE ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir leis an gcatalóg choiteann de chineálacha speiceas plandaí talmhaíochta (IO L 193, 20.7.2002, lgh. 1-11)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 2002/53/CE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Treoir 66/401/CEE ón gComhairle an 14 Meitheamh 1966 maidir le síolta plandaí farae a mhargaí (leagan códaithe) (IO L 125, 11.7.1966, lgh. 2298-2308)

Féach an leagan comhdhlúite.

Treoir 66/402/CEE ón gComhairle an 14 Meitheamh 1966 maidir le síolta gránach a mhargú (leagan códaithe) (IO L 125, 11.7.1966, lgh. 2309-2319)

Féach an leagan comhdhlúite.

Treoir ón gComhairle 2002/57/CE an 13 Meitheamh 2002 maidir le síolta plandaí ola agus snáithín a mhargú (IO L 193, 20.7.2002, lgh. 74-97)

Féach an leagan comhdhlúite.

Treoir 2002/56/CE ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir le prátaí síl a mhargú (IO L 193, 20.7.2002, lgh. 60-73)

Féach an leagan comhdhlúite.

Treoir 2002/54/CE ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir le síolta biatais a mhargú (IO L 193, 20.7.2002, lgh. 12-32)

Féach an leagan comhdhlúite.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Treoir 2002/55/CE ón gComhairle an 13 Meitheamh 2002 maidir le prátaí síl a mhargú (IO L 193, 20.7.2002, lgh. 33-59)

Féach an leagan comhdhlúite.

Treoir 2000/29/CE ón gComhairle an 8 Bealtaine 2000 maidir le bearta cosanta i gcoinne orgánach a bheadh díobhálach do phlandaí nó do tháirgí plandaí a thabhairt isteach sa Chomhphobal agus i gcoinne a leata sa Chomhphobal (IO L 169, 10.7.2000, lgh. 1-112)

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 18.02.2021

Top