Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Bearta sriantacha in aghaidh na Siombáibe

Bearta sriantacha in aghaidh na Siombáibe

ACHOIMRE AR:

Cinneadh 2011/101/CBES — maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiombáib

Rialachán (AE) Uimh. 314/2004 — maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiombáib

CAD IS AIDHM LEIS AN GCINNEADH AGUS LEIS AN RIALACHÁN?

  • Aisghairtear leis an gcinneadh seo Comhsheasamh 2004/161/CBES ón gComhairle maidir le bearta sriantacha in aghaidh na Siombáibe agus gabhann an cinneadh ina ionad.
  • Leasaítear agus síntear na bearta a tugadh isteach in aghaidh na Siombáibe le Rialachán (CE) Uimh. 310/2002 leis an rialachán seo.

PRÍOMHPHOINTÍ

D’fhonn brú faoi chois inmheánach a chosc sa tSiombáib, toirmeasctar an méid seo a leanas leis an gcinneadh agus leis an rialachán:

  • airm agus ábhair a bhaineann leo de gach cineál a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú lena n–úsáid sa tSiombáib, lena n–áirítear
    • airm agus armlón
    • feithiclí agus trealamh míleata
    • trealamh paraimíleata agus páirteanna spártha;
  • soláthar cúnaimh theicniúil maidir leis húsáid na n-arm sin;
  • maoiniú nó cúnamh airgeadais a sholáthar a bhaineann le gníomhaíochtaí míleata, lena n–áirítear, go sonrach
    • deontais, iasachtaí agus árachas creidmheasa onnmhairiúcháin
    • árachas agus athárachas maidir le díolachán, soláthar, aistriú nó onnmhairiú arm agus trealaimh mhíleata lena mbaineann.

Bearta sriantacha

Forchuirtear leis an gcinneadh agus leis an rialachán bearta sriantacha ar chomhaltaí aonair rialtas na Siombáibe agus ar aon chomhlaigh ar féidir a ngníomhaíochtaí an bonn a bhaint ón daonlathas, ón meas ar chearta an duine agus ón smacht reachta sa tSiombáib.

  • Toirmeasc taistil:
    • in iarscríbhinn leis an gcinneadh leagtar amach an liosta de dhaoine aonair nach mór do Bhallstáit cosc a chur orthu iontráil ina gcríocha nó dul trína gcríocha;
    • féadfar an iarscríbhinn a leasú le cinneadh ón gComhairle.
  • Reo sócmhainní:
    • leagtar amach san iarscríbhinn a ghabhann leis an gcinneadh na daoine aonair a ndéanfar a gcistí agus a n–acmhainní eacnamaíocha a reo;
    • ní bheidh cistí nó acmhainní eacnamaíocha ar bith ar fáil, go díreach nó go hindíreach, do na daoine, na cuideachtaí, na heintitis nó na comhlachtaí sin.

Leagtar amach díolúintí sonracha do na bearta sin sa chinneadh.

Bearta chuí

Anuas ar na bearta thuasluaite, chuir AE “bearta cuí” i bhfeidhm ar an tSiombáib idir 2002 agus 2014. Is é seo a leanas a bhí i gceist leis na bearta sin:

  • cuireadh an comhar forbraíochta díreach uile leis an rialtas ar fionraí; agus seachas sin
  • tacaíodh go díreach leis an daonra trí na hearnálacha sóisialta, daonlathú, meas ar chearta an duine agus ar an smacht reachta, a chuireann gníomhaireachtaí nó eagraíochtaí na sochaí sóisialta i bhfeidhm.

Cuireadh deireadh leis na bearta sin i Samhain 2014, nuair a chuaigh AE agus a Bhallstáit i mbun idirphlé polaitiúil le rialtas na Siombáibe arís agus le hatosú chomhar forbartha dhéthaobhach AE.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN CHINNIDH AGUS AN RIALACHÁIN?

  • Tá feidhm leis an gcinneadh ón .
  • Tá feidhm leis an rialachán ón .

CÚLRA

Is é Airteagal 29 den Chonradh ar an Aontas Eorpach atá mar bhonn dlí faoi na smachtbhannaí faoin gcinneadh, agus is é Airteagal 215 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh atá mar bhonn dlí faoi na smachtbhannaí faoin rialachán.

PRÍOMHDHOICIMÉID

Cinneadh 2011/101/CBES ón gComhairle an maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiombáib (IO L 42, , lgh. 6-23)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Chinneadh 2011/101/CBES a ionchorprú sa téacs bunaidh. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Rialachán (CE) Uimh. 314/2004 ón gComhairle an maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiombáib (IO L 55, , lgh. 1-13)

Féach an leagan comhdhlúite.

nuashonrú is deireanaí

Top