EUR-Lex Acesso ao direito da União Europeia

Voltar à página inicial do EUR-Lex

Este documento é um excerto do sítio EUR-Lex

Plean téarnaimh ilbhliantúil do thuinníní gorma

Estatuto jurídico do documento Esta síntese foi arquivada e não será atualizada. Ver 'Plean téarnaimh ilbhliantúil do thuinníní gorma' para informações atualizadas.

Plean téarnaimh ilbhliantúil do thuinníní gorma

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) 2016/1627 maidir le plean téarnaimh ilbhliantúil do thuinníní gorma san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

  • Nuashonraítear leis rialacha an Aontais Eorpaigh (AE) maidir leis an bplean téarnaimh ilbhliantúil do thuinníní gorma san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir a chur i bhfeidhm, atá á reáchtáil ó 2007 go 2022, agus molta ag an gCoimisiúin Idirnáisiúnta um Thuinníní Atlantacha a Chaomhnú, (ICCAT), eagraíocht idir–rialtasach iascaigh a bhfuil AE ina pháirtí conarthach ann.
  • Tagann sé in ionad Rialachán (CE) Uimh. 302/2009 agus aisghairtear an Rialachán sin leis.

PRÍOMHPHOINTÍ

Is é is cuspóir leis an rialachán bithmhais* tuinníní gorma a bhaint amach a thagann leis an uastáirgeacht inbhuanaithe faoin mbliain 2022 a mbeidh dóchúlacht de 60 % ar a laghad i gceist leis an gcuspóir sin a bhaint amach.

Ní mór do gach Ballstát AE:

  • a áirithiú go mbeidh iarracht iascaireachta a shoithí gabhála agus a ghaistí i gcomhréir leis na deiseanna iascaireachta le haghaidh tuinníní gorma (iomlán na ngabhálacha incheadaithe atá leithdháilte faoi Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013Comhbheartas Iascaigh AE) atá ar fáil dó san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir;
  • plean bliantúil iascaireachta dá shoithí agus dá ghaistí agus plean bainistíochta bliantúil maidir le hacmhainn iascaireachta agus feirmeoireacht a chur faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh lena n–áiritheofar go bhfuil a acmhainn iascaireachta i gcomhréir lena chuóta leithdháilte.

Cuimsítear sa rialachán rialacha maidir le:

  • íosmhéideanna tagartha caomhnaithe (go ginearálta, 30 kg nó a bhfuil a fhad go gabhal a eireabaill 115 cm cé go bhfuil sé sin níos ísle in iascaigh áirithe);
  • gabhálacha de thaisme (codanna de ghabhálacha nach ndírítear orthu) — suas le 5 % ar a laghad de thuinníní gorma a bhfuil a meáchan idir 8 agus 30 kg nó a bhfuil a fhad go gabhal a eireabaill idir 75 agus 115 cm;
  • Úsáid as aermhodhanna (coiscthe), amhail aerárthaí, chun tuinníní gorma a chuardach;
  • taifid de shoithí agus de ghaistí iascaireachta agus neamhghabhála araon — ní mór do na Ballstáit iad a chuir chuig an gCoimisiún go bliantúil;
  • ceanglais um thaifeadadh — ní mór logleabhair a úsáid ar shoithí chun faisnéis a thaifeadadh (Iarscríbhinn II, Cuid A);
  • calafoirt ainmnithe chun tuinníní gorma a thabhairt i dtír nó a thrasloingiú— ní mór do na Ballstáit liosta de na calafoirt sin a chur chuig an gCoimisiún gach bliain;
  • oibríochtaí cur i gcaighean, a n–údarú agus a gcigireacht;
  • faireachán agus faireachas — faireachán ar shoithí, cláir breathnóirí náisiúnta, clár breathnóirí réigiúnacha ICCAT;
  • cigireachtaí agus cros–seiceáilcomhscéim ICCAT maidir le comhchigireacht idirnáisiúnta agus pleananna cigireachta na mBallstát;
  • margaíocht — ní cheadaítear tuinníní gorma a thrádáil, a thabhairt i dtír, a allmhairiú, a onnmhairiú, a chur i gcaighin le haghaidh ramhrú nó feirmeoireachta, a athonnmhairiú agus a thrasloingsiú in AE mura ngabhann doiciméadúchán beacht, comhlánaithe agus bailíochtaithe leo, mar atá leagtha amach sa rialachán seo, Rialachán (AE) Uimh. 640/2010 agus Rialachán (CE) Uimh. 1936/2001 (féach an achoimre);
  • gabhálacha i gcás iascaireachta mar spórt nó mar chaitheamh aimsire:
    • ní cheadófar níos mó ná tuinnín gorm amháin a ghabháil in aghaidh an tsoithigh,
    • Ní mór d’aon tuinnín gorm a thugtar i dtír a bheith iomlán, geolbhaithe agus/nó glanta,
    • tabharfar na bearta seo isteach i mBallstáit chun a áirithiú go scaoilfear tuinníní gorma, go háirithe ógánaigh, a ghabhtar beo faoi chuimsiú na hiascaireachta mar spórt agus mar chaitheamh aimsire,
    • tá cosc ar dhíolachán tuinníní gorma a gabhadh i gcás iascaireachta mar spórt nó mar chaitheamh aimsire.

Rialachán leasaitheach (AE) 2019/833

Le Rialachán (AE) 2019/833, leasaítear Rialachán (AE) 2016/1627 lena gceanglaítear ar na Ballstáit:

  • Plean bliantúil bainistíochta acmhainneachta iascaireachta a dhréachtú chun líon na soithí iascaireachta a choigeartú, chun a léiriú go bhfuil an acmhainneacht iascaireachta ar comhfhad leis na deiseanna iascaireachta arna leithdháileadh ar na soithí sa tréimhse ama ábhartha;
  • a bhfuil cuóta tuinníní gorma acu, plean bliantúil bainistíochta feirmeoireachta a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 31 Eanáir gach bliain. Ansin, tiomsaíonn agus comhtháthaíonn an Coimisiún na pleananna sin i bplean AE nach mór a chur ar aghaidh chuig Rúnaíocht ICCAT faoin 15 Feabhra gach bliain lena phlé agus lena fhormheas ag ICCAT;
  • a léiriú ina bplean bliantúil bainistíochta feirmeoireachta go bhfuil an cumas ionchuir iomlán agus an cumas feirmeoireachta iomlán leithdháilte le líon measta tuinníní gorma atá ar fáil don fheirmeoireacht;
  • Forálacha a dhéanamh maidir le foghabháil tuinníní gorma laistigh dá gcuóta agus an Coimisiún a chur ar an eolas faoi sin agus a bpleananna iascaireachta bliantúla á dtarchur acu.

Leagtar síos leis an rialachán leasaitheach freisin rialacha nua maidir le séasúir iascaireachta do chineálacha éagsúla soithí agus maidir le leibhéal na ngabhálacha tuinníní gorma (nár cheart a bheith níos mó ná 20 % de na gabhálacha iomlána ar bord ag deireadh gach turais iascaireachta). Ní mór an mhodheolaíocht a úsáidtear chun na foghabhálacha sin a ríomh, i ndáil leis an ngabháil iomlán ar bord, a shainmhíniú go soiléir i bpleananna iascaireachta bliantúla na mBallstát.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá feidhm leis ón 6 Deireadh Fómhair 2016.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Bithmhais. Mais tuinníní gorma i ndobharlach ar leith ag am ar leith.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE) 2016/1627 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2016 maidir le plean téarnaimh ilbhliantúil don tuinnín gorm san Atlantach Thoir agus sa Mheánmhuir agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 302/2009 ón gComhairle (IO L 252, 16.9.2016, lgh. 1–52).

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) 2016/1627 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lgh. 22–61).

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (AE) Uimh. 640/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2010 lena mbunaítear clár maidir le doiciméid um ghabháil tuinnín ghoirm Thunnus thynnus agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1984/2003 ón gComhairle (IO L 194, 24.7.2010, lgh. 1–22).

Rialachán (CE) Uimh. 1936/2001 ón 27 Meán Fómhair 2001 lena leagtar síos na bearta is infheidhme maidir le stoic áirithe d’éisc mhór-imirceacha a iascach (IO L 263, 3.10.2001, lgh. 1–8).

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 29.10.2021

Início