Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Míceatocsainí i ngránaigh

Míceatocsainí i ngránaigh

ACHOIMRE AR:

Moladh maidir le míceatocsainí áirithe i ngránaigh agus i dtáirgí gránach

CAD IS AIDHM LEIS AN MOLADH?

Féachtar ann le húdaráis thíortha AE agus gnólachtaí bia agus beatha ainmhithe a spreagadh chun:

  • monatóireacht a dhéanamh le haghaidh láithreacht thocsain T-2 agus HT-21 i ngránaigh agus i dtáirgí gránach; agus
  • imscrúdú a dhéanamh i gcás ina bhfaightear na torthaí os cionn an leibhéil tháscaigh2 i mbaisc amháin nó níos mó den táirge céanna (ar a dtugtar “torthaí atriallacha”).

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Ní mór sampláil agus anailís a dhéanamh i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 401/2006 i gcás gránaigh nó táirgí gránach lena n–úsáid mar bhia don duine agus i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 152/2009 i gcás na gceann a úsáidtear le haghaidh bia ainmhithe. Leagtar amach sna rialacháin sin critéir fheidhmíochta maidir le hanailís a dhéanamh ar thocsain T-2 agus HT-2.
  • Iarrtar sa mholadh ar thíortha AE spreagadh a thabhairt go ndéanfaí samplaí a anailísiú go comhuaineach le haghaidh láithreacht thocsain T-2 agus HT-2 agus tocsainí fusarium eile chun measúnú a dhéanamh ar mhéid an chomhtharlaithe.
  • Ní áirítear rís i ngránaigh agus ní áirítear táirgí ríse i dtáirgí gránach sa mholadh seo.
  • I gcás gur sáraíodh na leibhéil tháscacha, ba cheart d’údaráis inniúla AE, le rannpháirtíocht ghníomhach gnólachtaí beatha agus bia, imscrúduithe a dhéanamh:
    • chun na tosca a bhfuil na leibhéil sin mar thoradh orthu a shainaithint agus na bearta atá le glacadh chun a láithreacht a laghdú nó a sheachaint amach anseo a chinneadh; agus
    • chun scrúdú a dhéanamh ar éifeacht na próiseála beatha agus bia ar láithreacht thocsain T-2 agus HT-2.
  • Ba cheart d’údaráis inniúla AE agus do ghnólachtaí a áirithiú go soláthraíonn siad torthaí anailíseacha ar bhonn rialta don Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (EFSA) a chuireann isteach i mbunachar sonraí iad. Gach bliain, soláthraíonn údaráis inniúla tuarascáil ar thorthaí na n–imscrúduithe don Choimisiún Eorpach.

Doiciméad treorach

D’ullmhaigh an Coimisiún doiciméad treorach do thíortha AE agus do ghnólachtaí bia agus beatha. Tá sé sin ceaptha lena n–áirithiú go gcuirfear an moladh i bhfeidhm go comhsheasmhach ar fud AE.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

  1. Tocsain T-2 agus HT-2: múscáin fungais fusarium ó nádúr, a fhaightear i ngránaigh áirithe, a bhfuil éifeachtaí tocsaineacha acu ar shláinte an duine agus ar shláinte ainmhithe araon. Fungais choiteanna ginte tocsainí is ea iad fungais fusarium agus faightear go coitianta iad i ngránaigh a fhástar i réigiúin mheasartha na hEorpa, Mheiriceá agus na hÁise.
  2. Leibhéal táscach: ní hionann iad sin agus leibhéil sábháilteachta beatha nó bia; ná ní hionann iad agus uasteorainneacha nó teorainneacha lena spreagfar gníomh, má sháraítear iad, ó na húdaráis forfheidhmithe, d’fhonn pionóis a ghearradh. Tá siad beartaithe chun treoir a thabhairt faoin áit ar cheart imscrúduithe a dhíriú. Tá na leibhéil tháscacha maidir leis na gránaigh agus na táirgí gránach éagsúla leagtha amach san iarscríbhinn.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Moladh 2013/165/AE ón gCoimisiún an maidir le láithreacht thocsain T-2 agus HT-2 i ngránaigh agus i dtáirgí gránach (IO L 91, , lgh. 12-15)

nuashonrú is deireanaí

Top