Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Tarluithe san eitlíocht shibhialta – tuairisciú, anailís agus bearta leantacha

Tarluithe san eitlíocht shibhialta – tuairisciú, anailís agus bearta leantacha

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 – tionóiscí agus tarluithe san eitlíocht shibhialta a thuairisciú, an anailís a dhéantar orthu agus leis na bearta leantacha a dhéantar ina leith

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

  • Tá sé mar aidhm le Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 feabhas a chur ar shábháilteacht eitlíochta san Aontas Eorpach (AE) agus ar fud an domhain trína áirithiú go ndéanfar faisnéis sábháilteachta ábhartha maidir le sábháilteacht eitlíochta sibhialta a thuairisciú, a bhailiú, a stóráil, a chosaint, a mhalartú, a scaipeadh agus a anailísiú.
  • Leasaíodh é le Rialachán (AE) 2018/1139, lena ndearnadh nuashonrú breise ar an dlí um shábháilteacht san eitlíocht agus rinneadh athbhreithniú leis ar shainordú Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa (EASA) (féach an achoimre).

PRÍOMHPHOINTÍ

Leagtar amach leis an rialachán rialacha maidir leo seo a leanas:

  • tuairisciú ar tharluithe a chuirfeadh an t–aerárthach, na daoine atá ar bord, aon duine eile, an trealamh nó an tsuiteáil a bhaineann le hoibríochtaí an aerárthaigh i mbaol;
  • tuairisciú ar aon fhaisnéis ábhartha eile a bhaineann le sábháilteacht sa chomhthéacs sin.

Tuairisciú éigeantach

  • Ní mór do ghairmithe na heitlíochta ar an líne thosaigh atá liostaithe sa rialachán tarluithe lena ngabhann riosca suntasach do shábháilteacht na heitlíochta a thuairisciú. Ina measc sin tá tarluithe a bhaineann leis an méid seo a leanas:
    • oibriú an aerárthaigh, mar shampla teagmhais a bhaineann le himbhualadh agus imeachtaí le linn eitilte;
    • dálaí teicniúla, cothabháil agus deisiú aerárthaigh, mar shampla lochtanna struchtúracha agus mífheidhmeanna córais;
    • seirbhísí agus saoráidí aerloingseoireachta, mar shampla imbhuailtí, gar-imbhuailtí nó baol imbhuailtí;
    • aeradróim agus seirbhísí talún, mar shampla paisinéirí, málaí, post agus lastas a láimhseáil.
  • Tá liosta cuimsitheach de na tarluithe atá le tuairisciú faoi chórais éigeantacha mionsonraithe i ngníomh cur chun feidhme, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1018.
  • Ní mór do na daoine atá freagrach (e.g. an píolóta, an rialtóir aerthráchta nó an duine a shíníonn deimhniú aerfhiúntais) agus d’eagraíochtaí i ngach cás tarluithe a thuairisciú laistigh de 72 uair an chloig ón uair a bheidh siad eolach faoin tarlú, mura gcuirfidh imthosca eisceachtúla cosc air sin.

Córas tuairiscithe

  • Ní mór do gach eagraíocht atá bunaithe i mBallstát AE córais tuairiscithe éigeantacha agus dheonacha a bhunú chun tarluithe a thuairiscítear a bhailiú, a mheas, a phróiseáil, a anailísiú agus a stóráil.
  • Ní mór do gach Ballstát agus EASA córais tuairiscithe éigeantacha agus dheonacha a bhunú chun tarluithe a thuairiscítear a bhailiú, a mheasúnú, a phróiseáil, a anailísiú agus a stóráil, lena n-áirítear na tarluithe sin a thuairiscíonn na heagraíochtaí dóibh.
  • Féadfaidh eagraíochtaí beaga sásra simplithe a chur ar bun le sonraí tarluithe a bhailiú agus a stóráil.

Tarluithe agus moltaí maidir le sábháilteacht a stóráil

  • Ní mór do gach Ballstát agus do EASA na tarluithe atá bailithe acu a chur faoi bhráid stór lárnach Eorpach (ECR) atá á bhainistiú ag an gCoimisiún Eorpach.
  • Tá moltaí sábháilteachta sa ECR freisin (Airteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 996/2010 – féach an achoimre) arna n-eisiúint ag údaráis um imscrúdú sábháilteachta na mBallstát (Airteagal 4).
  • Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1128 leagtar síos rialacha maidir le bainistiú ECR, lena gceanglaítear, i measc nithe eile, go ndéanfar na moltaí sábháilteachta go léir agus na freagraí a thugtar orthu a chur ar fáil don phobal i gcoitinne trí shuíomh gréasáin poiblí.

Aicmiú riosca

  • Le gníomh tarmligthe, Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2034 a tháinig i bhfeidhm ar 31 Nollaig 2020, forlíontar Rialachán (AE) Uimh. 376/2014.
  • Leagtar amach ann an chomhscéim Eorpach um aicmiú riosca* a shainmhínítear mar mhodheolaíocht chun catagóiriú a dhéanamh ar an riosca sábháilteachta foriomlán a bhaineann le tarlú de réir na tionóisce is measa a tharla mar thoradh ar an tarlú agus an dóchúlacht go dtarlódh an toradh sin.
  • Is é an cuspóir foriomlán an riosca sábháilteachta a bhaineann le tarlú a chinneadh agus, ar an gcaoi sin, cuidiú leis na heintitis ábhartha measúnú a dhéanamh ar tharluithe agus a chinneadh cén áit ar cheart a n-iarrachtaí a dhíriú ar atarlú a mhaolú.
  • Leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2082 na socruithe le haghaidh chur chun feidhme na scéime Eorpaí um aicmiú riosca.

Malartú faisnéise agus rochtain ar shonraí an Stóir Lárnaigh Eorpaigh

  • Trí ECR, déanfaidh Ballstáit an AE agus tíortha an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch (LEE) faisnéis a bhaineann le sábháilteacht a stóráil ina mbunachair shonraí faoi seach.
  • Rialaítear rochtain ar fhaisnéis an Stóir Lárnaigh Eorpaigh le dianrialacha rúndachta agus cosanta. Ní bhíonn rochtain iomlán, slán agus ar líne ach ag daoine nó eagraíochtaí a bhfuil sé de chúram orthu sábháilteacht eitlíochta sibhialta a rialáil nó aon údarás um imscrúdú sábháilteachta laistigh den Aontas ar fhaisnéis maidir le tarluithe atá in ECR.
  • Féadfaidh páirtithe leasmhara, mar atá liostaithe i Rialachán (AE) Uimh. 376/2014, faisnéis sa Stór Lárnach Eorpach a iarraidh agus a fháil faoi choinníollacha áirithe.

Rúndacht agus cosaint foinsí faisnéise

  • Ní mór tuarascálacha a láimhseáil d’fhonn cosc a chur ar úsáid na faisnéise chun críocha eile seachas críocha sábháilteachta.
  • D’fhonn “cultúr cóir” a chur chun cinn, caithfear cosaintí a chur i bhfeidhm chun céannacht an tuairisceora agus na ndaoine a luaitear sna tuairiscí ar tharluithe choinneáil faoi rún. Sa chomhthéacs sin, tá sé d’oibleagáid ar na Ballstáit agus ar thíortha LEE “comhlacht cultúr cóir” a ainmniú a bheidh freagrach as cur chun feidhme na gceanglas maidir le cultúr cóir a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 376/2014.
  • Ní ceadmhach d’fhostaithe a bheith faoi réir aon dochair óna bhfostóir bunaithe ar thuarascáil ar tharlú. Sainmhínítear roinnt eisceachtaí, mar shampla i gcás mí-iompar toiliúil nó mórfhaillí ar thaobh fostaí.
  • Ach amháin má fhoráiltear a mhalairt sa dlí coiriúil náisiúnta, ní féidir leis na Ballstáit imeachtaí a thionscnamh ar bhonn tuarascálacha i gcoinne foinsí agus, i gcás imeachtaí, ní ceadmhach an fhaisnéis a leagtar amach i dtaifead na n-imeachtaí a úsáid i gcoinne na dtuairisceoirí ná na ndaoine a luaitear i dtaifead na n-imeachtaí. Déantar eisceacht ar an riail seo i gcás inar tugadh neamhaird thromchúiseach ar riosca soiléir agus ina bhfuil easpa mór freagrachta gairmiúla maidir leis na réamhchúraimí riachtanacha a ghlacadh a bhí ag teastáil sna cúinsí sin, a d’fhéadfadh damáiste intuartha a dhéanamh do dhuine nó do mhaoin, nó a d’fhéadfadh cur isteach go mór ar shábháilteacht na heitlíochta.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá sé i bhfeidhm ón 15 Samhain 2015.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Comhscéim Eorpach um aicmiú riosca. An mhodheolaíocht a cuireadh i bhfeidhm chun measúnú a dhéanamh ar an riosca a bhaineann le tarlú san eitlíocht shibhialta i bhfoirm scór riosca sábháilteachta.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir le tarluithe san eitlíocht shibhialta a thuairisciú, leis an anailís a dhéantar orthu agus leis na bearta leantacha a dhéantar ina leith, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 996/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1321/2007 ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 1330/2007 ón gCoimisiún (IO L 122, 24.4.2014, lgh. 18–43).

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2082 ón gCoimisiún ar 26 Samhain 2021 lena leagtar síos na socruithe le haghaidh chur chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an gcomhscéim aicmiúcháin riosca Eorpach (IO L 426, 29.11.2021, lgh. 32–40).

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/2034 ón gCoimisiún an 6 Deireadh Fómhair 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gcomhscéim Eorpach um aicmiú riosca (IO L 416, 11.12.2020, lgh. 1-10).

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1128 an 1 Iúil 2019 maidir le cearta rochtana ar mholtaí agus ar fhreagairtí sábháilteachta atá stóráilte sa Taisclann Lárnach Faisnéise agus lena n–aisghairtear Cinneadh 2012/780/AE (IO L 177, 2.7.2019, lgh. 112-113).

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1018 ón gCoimisiún an 29 Meitheamh 2015 lena leagtar síos liosta ina n–aicmeofar tarluithe san eitlíocht shibhialta atá le tuairisciú ar bhonn éigeantach de réir Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 163, 30.6.2015, lgh. 1-17).

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 30.05.2022

Top