EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Iompar ar uiscebhealaí intíre – poist agus scileanna

Iompar ar uiscebhealaí intíre – poist agus scileanna

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 87/540/CEE maidir le rochtain ar cheird iompróra earraí ar uiscebhealaí san iompar náisiúnta agus idirnáisiúnta agus maidir le dioplómaí, teastais agus cruthúnais eile ar cháilíochtaí foirmiúla don cheird sin a aithint go frithpháirteach

Treoir 2014/112/AE lena gcuirtear chun feidhme Comhaontú AE a bhaineann le gnéithe áirithe i ndáil le heagrú ama oibre san iompar ar uiscebhealaí intíre, arna chur i gcrích ag Aontas Báirse na hEorpa, Eagraíocht Scipéirí na hEorpa agus Cónaidhm Oibrithe Iompair na hEorpa

Treoir (AE) 2017/2397 maidir le cáilíochtaí gairmiúla sa loingseoireacht intíre a aithint

Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/12 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2017/2397 maidir leis na caighdeáin maidir leis na hinniúlachtaí agus an t–eolas comhfhreagrach agus na scileanna comhfhreagracha, maidir le scrúduithe praiticiúla, maidir le formheas insamhlóirí agus maidir le folláine leighis

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/182 maidir le múnlaí sa réimse maidir le cáilíochtaí gairmiúla sa loingseoireacht intíre

Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/473 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2017/2397 maidir leis na caighdeáin do bhunachair sonraí do dheimhnithe cáilíochta AE, leabhair thaifid seirbhíse agus logleabhair

CAD IS AIDHM LEIS AN REACHTAÍOCHT?

  • I dTreoir 87/540/CEE leagtar amach na rialacha comhchoiteanna lena rialaítear rochtain ar cheird iompróra earraí ar uiscebhealaí san Aontas Eorpach (AE) chun feabhas a chur ar leibhéal cáilíochta iompróirí dá leithéid.
  • Le Treoir 2014/112/AE cuirtear chun feidhme comhaontú AE, lena leagtar amach na rialacha lena rialaítear am oibre in uiscebhealaí intíre AE.
  • Le Treoir (AE) 2017/2397, arna leasú ag Treoir (AE) 2021/1233, bunaítear córas comhchuibhithe maidir le deimhniúchán agus aithint cáilíochtaí bhaill an chriú, lena n-áirítear iad ó thíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad, a oibríonn ar uiscebhealaí intíre AE.
  • Le Treoir (AE) 2020/12 tugtar isteach caighdeáin maidir le hinniúlachtaí, maidir le scrúduithe praiticiúla, maidir le formheas insamhlóirí agus maidir le folláine leighis sa loingseoireacht intíre.
  • Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/182 soláthraítear múnlaí le haghaidh deimhnithe cáilíochta gairmiúla agus doiciméid ghaolmhara eile san earnáil iompair ar uiscebhealaí intíre.
  • Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/473 leagtar síos na saintréithe agus na coinníollacha le haghaidh úsáid bunachar sonraí ar dheimhnithe cáilíochta, leabhair taifead seirbhíse agus logleabhair AE.
  • Le Treoir (AE) 2021/1233 leasaítear Treoir (AE) 2017/2397 i dtaca le bearta idirthréimhseacha maidir le deimhnithe tíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad a aithint.
  • Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/184 leasaítear Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir (AE) 2017/2397 maidir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/12.

PRÍOMHPHOINTÍ

Treoir 87/540/CEE

Sonraítear i dTreoir 87/540/CEE nach mór do dhaoine nó do ghnólachtaí ar mian leo earraí a iompar ar uiscebhealach an coinníoll maidir le hinniúlacht ghairmiúil a chomhlíonadh, ina gclúdaítear eolas faoi na hábhair seo a leanas:

  • an dlí sibhialta agus reachtaíocht tráchtála, shóisialta agus cánach, lena n–áiritear conarthaí agus cuntais;
  • bainistíocht tráchtála agus airgeadais;
  • rochtain ar an margadh, lena n–áirítear ceisteanna i ndáil le dul leis an gceird, cairt a thabhairt di agus doiciméid iompair;
  • caighdeáin theicniúla agus gnéithe teicniúla den oibríocht, lena n–áirítear clárú, comhaontuithe maidir le luchtú agus díluchtú agus slánaíocht;
  • rialacháin maidir le sábháilteacht agus timpistí a chosc;
  • oibríochtaí idirnáisiúnta, lena n–áirítear na príomhrialacháin maidir le trácht i mBallstáit AE.

D’fhéadfadh sé go mbeadh cruthúnas ar dhea–cháil agus ar staid airgeadais ag teastáil chomh maith. I ndiaidh a dheimhniú gur comhlíonadh na coinníollacha, eiseoidh an t–údarás deimhniú inniúlachta nach mór é a aithint i mBallstáit eile AE.

Treoir 2014/112/AE

Le Treoir 2014/112/AE cuirtear chun feidhme comhaontú AE lena leagtar síos rialacha lena rialaítear eagrú ama oibre oibrithe soghluaiste in uiscebhealaí intíre AE ar fud an Aontais Eorpaigh, rud a fhágann nach bhfuil feidhm ag Treoir 2003/88/CE – treoir AE maidir le ham oibre (féach an achoimre) – maidir leis an earnáil. I measc na rialacha sin tá an méid seo a leanas.

  • Tá am oibre bunaithe ar lá oibre 8 n-uaire an chloig. Ní sháróidh sé:
    • 48 uair an chloig ar an meán thar thréimhse 12 mhí;
    • 2,304 uair an chloig thar 48 seachtain;
    • 14 uair an chloig in aon tréimhse 24 uair an chloig;
    • 84 uair an chloig in aon tréimhse 7 lá;
    • 72 uair an chloig in aghaidh na seachtaine ar an meán thar 4 mhí, má tá níos mó laethanta oibre ná laethanta scíthe sa sceideal oibre;
    • 31 lá as a chéile.
  • D’fhéadfadh dálaí speisialta a bheith i bhfeidhm d’oibrithe atá fostaithe ar shoithí paisinéirí séasúracha le linn an tséasúir. D’fhéadfadh go mbeadh siad i dteideal 0,2 lá scíthe le haghaidh gach lá oibre. Ní foláir nach mbeidh an t-am oibre níos nó ná 12 uair an chloig in aon tréimhse 24 uair an chloig nó 72 uair an chloig in aon tréimhse 7 lá.
  • Ba cheart go mbeadh na tréimhsí scíthe dóthanach chun sláinte agus sábháilteacht na n–oibrithe a chinntiú agus ní mór dóibh a bheith níos lú ná 10 n–uaire an chloig in aon tréimhse 24 uair an chloig, agus ní mór 6 uair an chloig díobh sin gan bhriseadh, nó níos lú ná 84 uair an chloig in aon tréimhse 7 lá.
  • Ní mór sosanna a thabhairt d’aon duine a oibríonn níos mó ná 6 uair an chloig gach lá.
  • Tá obair oíche teoranta do 7 n–uaire an chloig agus d’uasmhéid 42 uair an chloig thar 7 lá.
  • Tá gach oibrí i dteideal saoire bhliantúil íoctha de 4 seachtaine ar a laghad.
  • Tá oibrithe faoi bhun 18 mbliana d’aois clúdaithe i dTreoir 94/33/CE maidir le cosaint daoine óga ag an obair (féach an achoimre); tá eisceachtaí speisialta i bhfeidhm do dhaoine óga os cionn 16 bliana d’aois.
  • Ní mór taifid shonraithe a choimeád maidir le ham oibre agus sosanna gach duine aonair.
  • B’fhéidir go n–iarrfadh máistrí bád ar bhaill den chriú aon uair is gá a oibriú i gcás éigeandála. I gcás ina dtarlaíonn sé sin i rith tréimhse sosa sceidealaithe oibrithe, tabharfar tréimhse sosa leordhóthanach dóibh.
  • Tá gach ball den chriú i dteideal scrúdú sláinte saor in aisce gach bliain.

Treoir (AE) 2017/2397

Le Treoir (AE) 2017/2397 bunaítear córas comhchuibhithe maidir le deimhniúchán agus aithint cáilíochtaí daoine a bhfuil baint acu le soithí a oibriú a sheoltar ar uiscebhealaí intíre AE, agus leis na cáilíochtaí sin a aithint san Aontas Eorpach.

Tá sé mar aidhm léi bacainní ar shoghluaisteacht lucht saothair a bhaint, sábháilteacht a fheabhsú, scileanna a fhorbairt agus deiseanna gairme níos fearr a thairiscint do gach ball den chriú agus cabhrú le haistriú oibrithe a bhfuil taithí acu ó earnálacha eile. Faoin treoir:

  • ní mór do bhaill den chriú deice, daoine atá cáilithe chun bearta a dhéanamh i gcásanna éigeandála ar bord soithí paisinéirí, agus daoine a bhfuil baint acu le soithí a oibríonn ar ghás nádúrtha leachtaithe a athbhreoslú deimhniú cáilíochta AE a bheith acu;
  • ní mór do mháistrí bád údaruithe sonracha a bheith acu agus iad i mbun an mhéid seo a leanas:
    • ag seoladh ar stráicí d’uiscebhealach intíre lena mbaineann rioscaí sonracha,
    • ag seoladh ar uiscebhealaí intíre de chineál muirí (uiscebhealaí arna n–ainmniú ag an tír tuairiscithe mar oiriúnach do sheoladh le longa farraige go príomha),
    • ag seoladh trí radar,
    • ag oibriú soithí arna gcumhachtú ag gás nádúrtha leachtaithe,
    • ag seoladh conbhuanna móra;
  • tá deimhnithe cáilíochta, leabhair taifid seirbhíse agus logleabhair AE bailí ar gach uiscebhealach intíre in AE;
  • tá deimhnithe a eisítear i gcomhréir leis na rialacháin do phearsanra loingseoireachta na Réine, ina leagtar síos ceanglais atá comhionann le ceanglais na treorach, bailí ar uiscebhealaí uile an Aontais Eorpaigh freisin.
  • le Treoir leasaitheach (AE) 2021/1233 tugtar isteach bearta idirthréimhseacha lena dtugtar an t–am is gá do thíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad a gceanglais a ailíniú le ceanglais Threoir (AE) 2017/2397, agus trínár féidir leis an gCoimisiún Eorpach a gcórais dheimhnithe a mheas agus, más gá, gníomh cur chun feidhme faoin treoir sin a ghlacadh.

Chomh maith leis sin, faoin Treoir (AE) 2017/2397:

  • leagtar amach na híoscheanglais maidir le haois, comhlíonadh riaracháin, inniúlacht agus am loingseoireachta do na cáilíochtaí éagsúla;
  • ceanglaítear ar gach ball den chriú deice caighdeáin folláine leighis a chomhlíonadh;
  • cuimsítear saintréithe éagsúla Bhallstát trí dhíolúintí ó roinnt beart a cheadú.

Gníomhartha tarmligthe

Glac an Coimisiún roinnt gníomhartha tarmligthe lena bhforlíontar Treoir (AE) 2017/2397.

Le Treoir Tarmligthe (AE) 2020/12 tugtar isteach caighdeáin maidir le hinniúlachtaí, maidir le scrúduithe praiticiúla, maidir le formheas insamhlóirí agus maidir le folláine leighis.

  • Ba é an Coiste Eorpach um Chaighdeánú i réimse na Loingseoireachta Intíre (CESNI) a dhréachtaigh na caighdeáin.
  • Áirítear leis na caighdeáin maidir le hinniúlachtaí na hinniúlachtaí sonracha agus an t-eolas comhfhreagrach agus na scileanna comhfhreagracha a theastaíonn i gcomhréir leis na ceanglais bhunriachtanacha inniúlachta atá leagtha amach sa treoir.
  • Glacadh iad maidir leo seo a leanas:
    • an leibhéal oibriúcháin (lena sainítear an phríomhinniúlacht do bhádóirí agus cáilíocht ar bith eile ar an leibhéal oibriúcháin);
    • an leibhéal bainistíochta (máistrí báid);
    • an t–údarú sonrach do mháistir báid a sheolann ar uiscebhealaí intíre ag a bhfuil saintréith mhuirí;
    • an t–údarú sonrach do mháistir báid a sheolann le cabhair radair;
    • saineolaithe loingseoireachta paisinéirí;
    • saineolaithe gáis nádúrtha leachtaithe.
  • Maidir leis na leibhéil oibriúcháin agus bhainistíochta, clúdaítear sna caighdeáin inniúlachtaí na caibidlí seo a leanas:
    • loingseoireacht;
    • oibriú árthaigh;
    • láimhseáil lastais, stuáil agus iompar paisinéirí;
    • innealtóireacht mhuirí agus innealtóireacht leictreach, leictreonach agus rialaithe;
    • cothabháil agus deisiú;
    • cumarsáid;
    • sláinte, sábháilteacht agus cosaint an chomhshaoil.

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/473 leagtar síos na saintréithe agus na coinníollacha le haghaidh úsáid bunachar sonraí trína mbeifear ábalta faisnéis a mhalartú maidir le deimhnithe cáilíochta, leabhair taifead seirbhíse agus logleabhar.

  • Go sonrach, baineann sé le húsáideoirí agus cearta rochtana, feidhmiúlachtaí, cosaint sonraí agus sonraí pearsanta agus cumarsáid idir bunachar sonraí AE agus cláir náisiúnta, chomh maith le pointí teagmhála aonair a shainiú.
  • Le bunachar sonraí AE maidir le doiciméid a bhaineann le criúnna soláthrófar léargas comhdhlúite ar na sonraí a bhaineann le cáilíochtaí na mball den chriú a choinnítear i gcláir náisiúnta. Déanfar faisnéis maidir le leabhar taifid seirbhíse na mball den chriú a thaifeadadh chomh maith. Déanfar faisnéis ar logleabhair a thaifead i mBunachar Sonraí Eorpach maidir le Cabhlacha (Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/474).

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/184 leasaítear Iarscríbhinn IV a ghabhann le Treoir (AE) 2017/2397 i dtaca leis na caighdeáin inniúlachtaí a tugadh isteach faoi Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/12.

Gníomh cur chun feidhme

Ghlac an Coimisiún le gníomh cur chun feidhme, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/182, i leith múnlaí maidir le deimhnithe cáilíochta gairmiúla agus doiciméid eile. Ba é an CESNI a dhréachtaigh na múnlaí agus áirítear formáidí i gcomhair:

  • Deimhnithe cáilíochta AE mar mháistir bád, mar shaineolaí gáis nádúrtha leachtaithe agus mar shaineolaí loingseoireachta paisinéirí;
  • leabhair thaifid seirbhíse;
  • an doiciméad aonair ina gcomhcheanglaítear deimhnithe cáilíochta agus leabhar taifid seirbhíse AE;
  • deimhnithe scrúduithe praiticiúla;
  • logleabhair.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA REACHTAÍOCHTA?

  • B’éigean Treoir 87/540/CEE a thrasuí sa dlí náisiúnta faoin 30 Meitheamh 1988.
  • B’éigean Treoir 2014/112/AE a thrasuí sa dlí náisiúnta faoin 31 Nollaig 2016.
  • B’éigean Treoir (AE) 2017/2397 a thrasuí sa dlí náisiúnta faoin 17 Eanáir 2022.
  • B’éigean Treoir Tharmligthe (AE) 2020/12 a thrasuí sa dlí náisiúnta faoin 17 Eanáir 2022.
  • Tá Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/182 i bhfeidhm ón 2 Márta 2020.
  • Beidh feidhm ag Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/473 ón 18 Eanáir 2022 (cé go bhfuil roinnt airteagal i bhfeidhm ón 21 Aibreán 2020).
  • B’éigean Treoir (AE) 2021/1233 a thrasuí sa dlí náisiúnta faoin 17 Eanáir 2022.
  • Tá Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/184 i bhfeidhm ón 3 Márta 2022.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉID

Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/473 ón gCoimisiún an 20 Eanáir 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 2017/2397 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na caighdeáin maidir le bunachair shonraí le haghaidh deimhnithe cáilíochta, leabhair thaifid seirbhíse agus logleabhair de chuid an Aontais (IO L 100, 1.4.2020, lgh. 1–11).

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/182 ón gCoimisiún an 14 Eanáir 2020 maidir le samplaí sa réimse maidir le cáilíochtaí gairmiúla sa loingseoireacht intíre (IO L 38, 11.2.2020, lgh. 1–36).

Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/12 ón gCoimisiún an 2 Lúnasa 2019 lena bhforlíontar Treoir (AE) 2017/2397 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na caighdeáin maidir le hinniúlachtaí agus leis an eolas comhfhreagrach agus leis na scileanna comhfhreagracha, maidir le formheas insamhlóirí agus maidir le folláine leighis (IO L 6, 10.1.2020, lgh. 15–100).

Treoir (AE) 2017/2397 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le cáilíochtaí gairmiúla sa loingseoireacht intíre a aithint agus lena n–aisghairtear Treoir 91/672/CEE agus Treoir 96/50/CE ón gComhairle (IO L 345, 27.12.2017, lgh. 53-86).

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir (AE) 2017/2397 chorprú sa téacs bunaidh. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Treoir (AE) 2016/1629 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2016 lena leagtar síos ceanglais theicniúla maidir le soithí uiscebhealaí intíre, lena leasaítear Treoir 2009/100/CE agus lena n–aisghairtear Treoir 2006/87/CE (IO L 252, 16.9.2016, lgh. 118-176).

Féach an leagan comhdhlúite.

Treoir 2014/112/AE ón gComhairle an 19 Nollaig 2014 lena gcuirtear chun feidhme an Comhaontú Eorpach a bhaineann le gnéithe áirithe i ndáil le heagrú ama oibre san iompar ar uiscebhealaí intíre, arna thabhairt i gcrích ag an Aontas Eorpach Báirse (EBU), ag an Eagraíocht Eorpach Scipéirí (ESO) agus ag Cónaidhm Oibrithe Iompair na hEorpa (ETF) (IO L 367, 23.12.2014, lgh. 86-95).

Treoir 87/540/CEE ón gComhairle an 9 Samhain 1987 maidir le rochtain ar cheird iompróra earraí ar uiscebhealaí san iompar náisiúnta agus idirnáisiúnta agus maidir le dioplómaí, teastais agus cruthúnais eile ar cháilíochtaí foirmiúla a aithint go frithpháirteach don cheird sin (IO L 322, 12.11.1987, lgh. 20-24).

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Treoir (AE) 2016/1629 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2016 lena leagtar síos ceanglais theicniúla maidir le soithí uiscebhealaí intíre, lena leasaítear Treoir 2009/100/CE agus lena n–aisghairtear Treoir 2006/87/CE (IO L 252, 16.9.2016, lgh. 118-176).

Féach an leagan comhdhlúite.

Treoir 2003/88/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Samhain 2003 maidir le gnéithe áirithe d’eagrú ama oibre (IO L 299, 18.11.2003, lgh.  9-19).

Treoir 94/33/CE ón gComhairle an 22 Meitheamh 1994 maidir le daoine óga a chosaint ag an obair (IO L 216, 20.8.1994, lgh. 12-20).

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 10.03.2022

Top