Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Caighdeáin cháilíochta atá le comhlíonadh ag bainc fhola

Caighdeáin cháilíochta atá le comhlíonadh ag bainc fhola

ACHOIMRE AR:

Treoir 2005/62/CE maidir le caighdeáin agus sonraíochtaí a bhaineann le córas cáilíochta le haghaidh bunaíochtaí fola

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

Leagtar síos inti conas ba cheart d’údaráis náisiúnta cloí le ceanglais éagsúla chun sábháilteacht agus cáilíocht fhuil an duine a bhailítear agus a thástáiltear in Aontas Eorpach (AE) a áirithiú.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Ní mór do - thíortha - AE a áirithiú.
  • Ní mór do lucht bainistíochta na mbunaíochtaí fola córas cáilíochta a chur i bhfeidhm agus a chothabháil ar bhonn córasach.
  • Cumhdaítear sa chóras cáilíochta:
    • dearbhú cáilíochta — gach nós imeachta, áitreabh agus trealamh a bhailíochtú;
    • pearsanra agus eagraíocht — ní mór oiliúint cheart a bheith ar an bhfoireann, tascanna soiléire agus freagrachtaí a bheith acu agus dóthain díobh a bheith ann;
    • áitreabh — ní mór limistéir shonraithe a bheith acu seo le haghaidh agallaimh rúnda, le haghaidh bailiú, tástáil, próiseáil agus stóráil fola agus diúscairt dramhaíola;
    • trealamh agus ábhair — ní mór iad sin a bhailíochtú, a chalabrú, a chothabháil agus a thaifeadadh i bhfardal;
    • doiciméadúchán — ní mór sonraíochtaí, nósanna imeachta agus taifid maidir le gach gníomhaíocht a bheith cothrom le dáta;
    • bailiú fola — ní mór nósanna imeachta a bheith i bhfeidhm chun deontóirí a shainaithint, a chur faoi agallamh agus a mheasúnú agus an riosca a bhaineann le héilliú miocróbach a íoslaghdú;
    • tástáil saotharlainne ní mór gach nós imeachta a bhailíochtú roimh a n–úsáid agus measúnú rialta a dhéanamh ar a gcáilíocht;
    • próiseáil agus bailíochtú — ní mór gach trealamh agus fearas teicniúil a úsáid de réir nósanna imeachta bailíochtaithe;
    • lipéadú — ba cheart gach coimeádán a lipéadú le faisnéis ábhartha maidir lena bhfuil ina gcuid ábhar ag gach céim;
    • eisiúint — ní dhéanfar aon fhuil aonair ná aon chomhábhar fola a eisiúint go dtí go gcomhlíonfar gach ceanglas éigeantach sa reachtaíocht;
    • stóráil agus dáileadh ní mór nósanna imeachta a bheith i bhfeidhm ionas nach meascfar suas comhábhair fola;
    • gearáin — ní mór iad sin a bhreacadh síos agus a imscrúdú go cúramach. Más gá, féadfar leis sin táirgí a athghairm agus bearta ceartaitheacha a chur i bhfeidhm ionas nach dtarlóidh siad arís;
    • athghairm — ní mór nós imeachta athghairme éifeachtach a bheith i bhfeidhm, ionas go mbeifear in ann (comhábhair) fola ábhartha a rianú;
    • féin-imscrúduithe — ba cheart iad seo nó córais iniúchta a bheith i bhfeidhm i dtaca le gach oibríocht d’fhonn a dheimhniú go bhfuiltear ag comhlíonadh na reachtaíochta.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tá sí i bhfeidhm ón . Bhí sé le corprú ag tíortha AE ina ndlí náisiúnta faoin .

CÚLRA

  • Leagtar síos i dTreoir 2005/62/CE na ceanglais theicniúla lena n–áirithítear go ndéantar na caighdeáin cháilíochta agus shábháilteachta atá leagtha síos i dTreoir 2002/98/CE a urramú.
  • Le haghaidh breis faisnéise, féach ar:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 2005/62/CE ón gCoimisiún an lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2002/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin agus sonraíochtaí an Chomhphobail a bhaineann le córas cáilíochta le haghaidh bunaíochtaí fola (IO L 256, , lgh. 41-48)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 2005/62/CE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

nuashonrú is deireanaí

Top