EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Plean Gníomhaíochta maidir le hAontas na Margaí Caipitil

Plean Gníomhaíochta maidir le hAontas na Margaí Caipitil

ACHOIMRE AR:

Teachtaireacht: Plean Gníomhaíochta maidir le hAontas na Margaí Caipitil (COM (2015) 468 final)

ACHOIMRE

CAD A DHÉANTAR SA TEACHTAIREACHT?

  • Leagtar amach inti plean gníomhaíochta chun cuidiú le níos mó maoinithe a chruthú do ghnólachtaí AE.
  • Is é is aidhm fhoriomlán léi infheistíocht, fás agus poist a spreagadh i ngeilleagar AE, ar a mbeidh margadh aonair AE do chaipiteal mar thoradh.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Tá an plean gníomhaíochta forbartha thart ar líon príomhphrionsabal. Áirítear orthu sin:
    • níos mó deiseanna a chruthú do ghnólachtaí agus d’infheisteoirí;
    • córas airgeadais níos cobhsaí a fhorbairt; agus
    • comhtháthú margaí airgeadais in AE a mhéadú.
  • Leagtar amach sa Teachtaireacht amchlár agus sraith tionscnamh atá le glacadh ag an gCoimisiún Eorpach sa ghearrthéarma agus san fhadtéarma chun cuidiú le hAontas na Margaí Caipitil a fhorbairt faoi 2019.
  • Áirítear ar ghníomhaíochtaí gearrthéarmacha:
  • Áirítear ar ghníomhaíochtaí meántéarmacha straitéis a fhorbairt chun cúnamh teicniúil a chur ar fáil do thíortha AE chun tacú lena gcumas a bheith mar chuid d’Aontas na Margaí Caipitil.
  • Áirítear ar ghníomhaíochtaí fadtéarmacha:
    • tacú le rochtain ar mhaoiniú, e.g. trí dheireadh a chur le bacainní ar infheistíocht FBManna;
    • infheistíocht a mhéadú, e.g. trí thacú le coigiltis i dtreo scoir;
    • fáil réidh le baic, amhail bacainní cánach, ar infheistíocht idir tíortha AE.

Tá an Plean Gníomhaíochta ina phríomhcholún sa Phlean Infheistíochta don Eoraip lena bhfuil sé d’aidhm infheistíocht agus fás a spreagadh in AE i dtreo téarnamh eacnamaíoch, i ndiaidh na géarchéime airgeadais le déanaí.

CÚLRA

Aontas na Margaí Caipitil

PRÍOMHTHÉARMAÍ

* Urrúsú: idirbheart lena gcuirtear ar chumas iasachtóra — banc go minic — sraith iasachtaí/sócmhainní (e.g. morgáistí, léasanna ar charr, iasachtaí tomhaltóirí, cártaí creidmheasa) a athmhaoiniú trí iad a thiontú ina n-urrúis a mbíonn daoine eile ábalta infheistíocht a dhéanamh iontu.

* Caipiteal fiontair: airgead a chuireann infheisteoirí ar fáil do ghnólachtaí nuathionscanta agus do ghnólachtaí beaga a mheastar acmhainneacht fáis fadtéarmach a bheith acu.

* Réamheolaire: doiciméad a theastaíonn de réir dlí ina soláthraítear sonraí maidir le tairiscint infheistíochta le díol leis an bpobal.

GNÍOMH

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Plean Gníomhaíochta maidir le hAontas na Margaí Caipitil a Fhorbairt (COM(2015) 468 final an 30.9.2015)

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Doiciméad Inmheánach Oibre an Choimisiúin: Anailís Eacnamaíoch a Ghabhann leis an doiciméad, Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Plean Gníomhaíochta maidir le hAontas na Margaí Caipitil a Fhorbairt (SWD(2015) 183 final an 30.9.2015)

Doiciméad Inmheánach Oibre an Choimisiúin: Ráiteas Aiseolais ar an bPáipéar Uaine “Aontas na Margaí Caipitil a Fhorbairt” a Ghabhann leis an doiciméad, Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Plean Gníomhaíochta maidir le hAontas na Margaí Caipitil a Fhorbairt (SWD(2015) 184 final an 30.9.2015)

Nuashonraithe 12.01.2016

Top