Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Rochtain ar acmhainní géiniteacha agus comhroinnt na dtairbhí a eascraíonn as úsáid na dtairbhí a eascraíonn as a n–úsáid (Prótacal Nagoya)

Rochtain ar acmhainní géiniteacha agus comhroinnt na dtairbhí a eascraíonn as úsáid na dtairbhí a eascraíonn as a n–úsáid (Prótacal Nagoya)

 

ACHOIMRE AR:

Prótacal Nagoya

Cinneadh 2014/283/AE maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, Phrótacal Nagoya maidir le Rochtain ar Acmhainní Géiniteacha agus Comhroinnt Chothrom agus Chothromasach na dTairbhí a Eascraíonn as a nÚsáid a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch

CAD IS AIDHM LEIS AN BPRÓTACAL AGUS LEIS AN GCINNEADH?

  • Is Prótacal é Prótacal Nagoya a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch, arna shíniú ag ceannairí domhanda in 2010. Tá an tAontas Eorpach agus 193 tír eile ina bpáirtí sa Choinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch. Tá sé mar aidhm leis an bprótacal na tairbhí a bhaineann le hacmhainní géiniteacha a úsáid a roinnt go cóir agus go cothromasach.
  • Leis an gcinneadh formheastar go hoifigiúil “Prótacal Nagoya maidir le Rochtain ar Acmhainní Géiniteacha agus Comhroinnt Chothrom agus Chothromasach na dTairbhí a Eascraíonn as a nÚsáid a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch” thar ceann an Aontais Eorpaigh (AE). Tríd an gceadú sin, tá an tAontas faoi cheangal dlíthiúil leis an bprótacal anois, ar comhaontú tábhachtach é maidir le rialachas idirnáisiúnta na bithéagsúlachta.

PRÍOMHPHOINTÍ

Trí cheadú an phrótacail ar an 16 Bealtaine 2014, chuir an tAontas Eorpach leis an 50 daingniú riachtanach ar fud an domhain agus dá réir sin tháinig Prótacal Nagoya i bhfeidhm ar an 12 Deireadh Fómhair 2014. Mar thoradh air sin, tionóladh an chéad chruinniú de na páirtithe sa phrótacal (COP-MOP 1) ag an gcruinniú ardleibhéil débhliantúil den Choinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch ón 13-17 Deireadh Fómhair 2014 sa Chóiré Theas, ag an am céanna leis an 12ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe sa Choinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch (COP 12).

Rochtain agus comhroinnt tairbhí

  • Faoi Phrótacal Nagoya, cuirtear an tríú cuspóir de chuid an Choinbhinsiúin maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch, rochtain agus comhroinnt tairbhí chun feidhme, a dhíríonn ar chomhroinnt chothrom agus chothromasach na dtairbhí a eascraíonn as úsáid acmhainní géiniteacha, mar aon le rochtain chuí ar acmhainní géiniteacha agus aistriú cuí na dteicneolaíochtaí ábhartha.
  • Is ábhair ghéiniteacha iad acmhainní géiniteacha lena mbaineann luach iarbhír nó luach ionchasach, ó stoic nádúrtha nó ó stoic shaothraithe (e.g. bainc síolta nó gairdíní lusanna). Baineann réimse leathan earnálacha úsáid as na hacmhainní sin de ghnáth sa taighde bunaithe ar an dúlra agus i bhforbairt mar bhonn nuálaíochta, amhail do chógais, do cheimiceáin nó do cosmaidí nua.
  • Aithníonn an Coinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch cearta ceannasacha tíortha ar a n–acmhainní nádúrtha Tá rochtain agus comhroinnt tairbhí, i gcomhthéacs Phrótacal Nagoya, bunaithe ar an bprionsabal sin. Tá an t–údarás ag páirtithe sa phrótacal cinneadh a dhéanamh ar cé acu an mian leo rochtain ar a n–acmhainní géiniteacha a rialáil agus coinníollacha a leagan amach maidir le tairbhí a roinnt (e.g. trí rialacha agus nósanna imeachta maidir le toiliú feasach roimh ré agus idirbheartaíocht maidir le téarmaí comhaontaithe le húsáideoir na n–acmhainní géiniteacha).
  • Cuirtear Prótacal Nagoya i bhfeidhm freisin ar úsáid an eolais thraidisiúnta a bhaineann le hacmhainní géiniteacha, atá i seilbh pobail dhúchasacha agus áitiúla.
  • Leagtar amach leis an bprótacal rialacha éigeantacha maidir le comhlíonadh do gach páirtí, d’fhonn faireachán a dhéanamh ar úsáid acmhainní géiniteacha a luaithe a fhágann siad an tír is soláthraí.
  • Cruthófar leis an bprótacal deimhneacht dhlíthiúil agus trédhearcacht níos fearr do sholáthróirí agus d’úsáideoirí acmhainní géiniteacha, agus comhroinnt tairbhí á cur chun cinn. Ba cheart go gcuirfeadh na tairbhí a ghinfear agus a roinnfear faoi threoir an phrótacail le tacú le caomhnú na héagsúlachta bitheolaíche agus le húsáid inbhuanaithe a comhpháirteanna (an chéad agus an dara cuspóir den chuid an Choinbhinsiúin maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch).

Tháinig Rialachán (AE) Uimh. 511/2014, an rialachán maidir le rochtain agus comhroinnt Tairbhí (Rialachán RCT), lena gcuirtear bearta comhlíontachta Phrótacal Nagoya chun feidhme ar leibhéal AE, i bhfeidhm ar an 9 Meitheamh 2014 agus tá feidhm aige ón 12 Deireadh Fómhair 2014, nuair a tháinig Prótacal Nagoya i bhfeidhm don Aontas.

Cuimsítear i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1866 bearta maidir le roinnt gnéithe sonracha, dá bhforáiltear i Rialachán RCT, go háirithe bailiúcháin chláraithe, dea–chleachtais, agus faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh úsáideoirí. Ghlac an Coimisiún Eorpach é ar an 13 Deireadh Fómhair 2015, agus tháinig sé i bhfeidhm ar an 9 Samhain 2015.

DÁTA TEACHT I BHFEIDHM

Tháinig an Prótacal i bhfeidhm ar an 12 Deireadh Fómhair 2014, 90 lá tar éis an dáta a taisceadh an 50ú hionstraim dhaingniúcháin.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉID

Prótacal Nagoya maidir le Rochtain ar Acmhainní Géiniteacha agus Comhroinnt Chothrom agus Chothromasach na dTairbhí a Eascraíonn as a nÚsáid a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch (IO L 150, 20.5.2014, lgh. 234–249)

Cinneadh 2014/283/AE ón gComhairle an 14 Aibreán 2014 maidir le Prótacal Nagoya a thabhairt chun críche, ar son an Aontas Eorpaigh, maidir le Rochtain ar Acmhainní Géiniteacha agus Comhroinnt Chothrom agus Chothromasach Tairbhí a Eascraíonn as a nÚsáid, a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir le Bithéagsúlacht (IO L 150, 20.5.2014, lgh. 231-233)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (AE) Uimh. 511/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 i ndáil le bearta comhlíontachta d’úsáideoirí ó Phrótacal Nagoya maidir le Rochtain ar Acmhainní Géiniteacha agus Comhroinnt Chothrom agus Chothromasach Tairbhí a Eascraíonn as a nÚsáid san Aontas (IO L 150, 20.5.2014, lgh. 59–71)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1866 ón gCoimisiún an 13 Deireadh Fómhair 2015 lena leagtar síos na rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 511/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le clár na mbailiúchán, faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh úsáideoirí agus dea–chleachtais (IO L 275, 20.10.2015, lgh. 4-19)

Nuashonraithe 20.11.2020

Top