Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Biashlabhra atá éifeachtach agus ag feidhmiú go maith

Legal status of the document This summary has been archived and will not be updated, because the summarised document is no longer in force or does not reflect the current situation.

Biashlabhra atá éifeachtach agus ag feidhmiú go maith

Tá an Coimisiún Eorpach ag iarraidh cleachtais éagóracha a chuireann miondíoltóirí agus soláthraithe bia móra i bhfeidhm i gcoinne a bpáirtithe trádála níos laige a dhíchur nó a laghdú.

GNÍOMH

Cumarsáid ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus chuig Coiste na Réigiún - Ag dul i ngleic le cleachtais trádála éagóracha sa bhiashlabhra gnó le gnó (COM(2014) 472 final an 15.7.2014).

ACHOIMRE

Tá an Coimisiún Eorpach ag iarraidh cleachtais éagóracha a chuireann miondíoltóirí agus soláthraithe bia móra i bhfeidhm i gcoinne a bpáirtithe trádála níos laige a dhíchur nó a laghdú.

CAD A DHÉANTAR SA CHUMARSÁID?

Cuirtear béim sa chumarsáid ar an tábhacht a bhaineann le gnólachtaí beaga i mbiashlabhra* an Aontais Eorpaigh (AE). Ní mholtar reachtaíocht inti chun cothroime iomaíochta a chinntiú idir soláthraithe agus miondíoltóirí beaga ar an lámh amháin agus déantóirí agus ollmhargaí ilnáisiúnta móra ar an lámh eile. In ionad sin, moltar meascán de thionscnaimh dheonacha agus de bhearta forfheidhmiúcháin náisiúnta inti chun cleachtais trádála éagóracha a chosc.

PRÍOMHPHOINTÍ

Moltar 3 réimse gnímh sa chumarsáid:

  • 1.

    Tacaíocht don tionscnamh slabhra soláthair deonach. Arna lainseáil i Meán Fómhair 2013, cuirtear cóid dheonacha iompair chun cinn ann chun caidreamh tráchtála cóir agus inbhuanaithe a chinntiú.

  • 2.

    Úsáid a bhaint as prionsabail dea-chleachtais ar fud AE. Chomhaontaigh na páirtithe leasmhara uile i mbiashlabhra AE sraith prionsabail dea-chleachtais. D’fhéadfadh na prionsabail sin bheith ina mbonn do chomhthuiscint ar cad is cleachtais ghnó chóra agus inbhuanaithe ann.

  • 3.

    Forfheidhmiú náisiúnta éifeachtúil a chinntiú. Bheadh íoschaighdeáin forfheidhmiúcháin ar fud AE ina n-iombhagairt inchreidte i gcoinne cleachtais éagóracha a chur i bhfeidhm agus chuideoidís chun dul i ngleic le “gné eagla” an pháirtí níos laige i bpáirtíocht trádála.

CÚLRA

Oibríonn thart ar 47 milliún duine, a lán díobh i ngnólachtaí beaga, sa bhiashlabhra lena mbaineann margadh dar luach EUR 1.05 trilliún. Tagann an chumarsáid de thoradh an phlean gníomhaíochta Eorpaigh um miondíola agus páipéir ghlais ón gCoimisiún - foilsíodh an dá cheann in Eanáir 2013 - inar tugadh iarmhairtí dochracha do chleachtais trádála éagóracha, go háirithe do ghnólachtaí beaga, chun suntais.

PRÍOMHTHÉARMA

Is éard is biashlabhra ann an próiseas trína dtéann bia ón bhfeirm go dtí ár dtáblaí. Cuimsítear na céimeanna táirgthe, próiseála, dáilte, ithe agus diúscartha ann.

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Páipéar Glas maidir le cleachtais trádála éagóracha sa slabhra soláthair bia agus neamhbhia gnó le gnó san Eoraip (COM(2013) 37 final an 31.1.2013).

Cumarsáid ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus chuig Coiste na Réigiún - Plean Gníomhaíochta Eorpach um Miondíol a Chur ar Bun (COM(2013) 36 final an 31.1.2013)

Nuashonraithe 08.12.2014

Top