This document is an excerpt from the EUR-Lex website
EU strategy for further enlargement (2014-15)
Straitéis AE maidir le méadú breise (2014-15)
Straitéis AE maidir le méadú breise (2014-15)
This summary has been archived and will not be updated, because the summarised document is no longer in force or does not reflect the current situation.
Straitéis AE maidir le méadú breise (2014-15)
Déantar cur síos sa teachtaireacht seo ón gCoimisiún Eorpach ar straitéis an Aontais Eorpaigh (AE) maidir le méadú don tréimhse 2014-15. Tugtar tuairisc inti freisin ar an dul chun cinn atá déanta ag tíortha is iarrthóirí agus ag tíortha is iarrthóirí ionchasacha maidir le ballraíocht.
ACHTANNA GAOLMHARA
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Straitéis maidir le Méadú agus na Príomhdhúshláin a bhaineann léi 2014-15 (COM(2014) 700 final an 8 Deireadh Fómhair 2014).
ACHOIMRE
Déantar cur síos sa teachtaireacht seo ón gCoimisiún Eorpach ar straitéis an Aontais Eorpaigh (AE) maidir le méadú don tréimhse 2014-15. Tugtar tuairisc inti freisin ar an dul chun cinn atá déanta ag tíortha is iarrthóirí agus ag tíortha is iarrthóirí ionchasacha maidir le ballraíocht.
PRÍOMHSHAINCHEISTEANNA
Cuireann beartas AE maidir le méadú le hathrú tábhachtach ó bhonn sna tíortha a bhfuil páirt á glacadh acu sa phróiseas aontachais. Chun na tíortha is iarrthóirí (ionchasacha) a ullmhú don bhallraíocht, tacaíonn AE le dul chun cinn maidir le hathchóirithe agus déanann sé faireachán air chun a chinntiú nach nglacfar le tír is iarrthóir in AE go dtí go mbeidh na ceanglais agus na coinníollacha riachtanacha ar fad comhlíonta aici (critéir Chóbanhávan go háirithe).
Ná tíortha lena mbaineann
NB: chuir rialtas na hÍoslainne a chaibidlíocht aontachais ar feitheamh i mí na Bealtaine 2013.
Straitéis athchóirithe maidir le méadú AE
Cuirtear béim ach go háirithe sa straitéis AE maidir le méadú ar thrí “cholún” athchóirithe den phróiseas aontachais. Caithfear athchóirithe a chur i bhfeidhm sna réimsí sin chun go n-éireoidh leis na tíortha dul isteach in AE amach anseo:
smacht reachta ina ndírítear ar athchóiriú breithiúnach agus ar an gcomhrac i gcoinne na coireachta eagraithe agus na héillitheachta;
rialachas eacnamaíoch ina ndírítear ar an gcobhsaíocht fhioscach agus ar athchóirithe struchtúrtha chun iomaíochas agus fás a fheabhsú;
athchóiriú ar riarachán poiblí chun cur le cumais riaracháin na dtíortha.
Tuarascálacha maidir le dul chun cinn
Sa teachtaireacht tá sraith tuarascálacha speisialaithe ina dtugtar léargas ginearálta ar an dul chun cinn atá déanta ag na tíortha is iarrthóirí (ionchasacha) agus ar na hathchóirithe atá fós le cur i bhfeidhm:
Tá tuilleadh faisnéise le fáil ar láithreán Gréasáin na hArd-Stiúrthóireachta um Beartas Comharsanachta na hEorpa agus Caibidlíocht maidir le Méadú de chuid an Choimisiúin Eorpaigh.
*Tá an t-ainmniú seo gan dochar do sheasaimh ar stádas, agus tá sé ag teacht le UNSCR 1244 agus tuairim CBI ar dhearbhú neamhspleáchais na Cosaive.
Nuashonraithe 20.02.2015