Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Straitéis an Mhéadaithe 2013-14

Legal status of the document This summary has been archived and will not be updated, because the summarised document is no longer in force or does not reflect the current situation.

Straitéis an Mhéadaithe 2013-14

Sa doiciméad seo, leagtar amach straitéis an Choimisiúin Eorpaigh 2014 maidir le méadú an Aontais Eorpaigh (AE) chun Ballstáit AE nua a chur san áireamh ann. Déantar athbhreithniú ann freisin ar an dul chun cinn atá á dhéanamh i gcaibidlíocht bhallraíochta le tíortha na mBalcán Thiar agus leis an Tuirc.

GNÍOMH

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig an gCoimisiún Eorpach agus chuig an gComhairle: Straitéis agus Príomhdhúshláin an Mhéadaithe 2013-2014. [COM(2013) 700 final an 16.10.2013 - gan a bheith foilsithe san Iris Oifigiúil].

ACHOIMRE

Áirítear leis an teachtaireacht Straitéis agus Príomhdhúshláin an Mhéadaithe ón gCoimisiún Eorpach sraith tuarascálacha bliantúla níos mionsonraithe faoi na tíortha a bhfuil ballraíocht AE á plé acu i láthair na huaire agus faoi thíortha is iarrthóirí ionchasacha.

Breathnaítear sa teachtaireacht ar an dul chun cinn atá á dhéanamh sa chaibidlíocht bhallraíochta le ceithre thír is iarrthóirí: Montainéagró, Poblacht Iar-Iúgslavach na Macadóine, an tSeirbia agus an Tuirc. Déantar athbhreithniú inti freisin ar stádas thrí thír is iarrthóirí ionchasacha sna Balcáin: an Albáin, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin agus an Chosaiv (tá an t-ainmniú seo gan dochar do sheasaimh ar stádas, agus tá sé ag teacht le Rún ó Chomhairle na Náisiún Aontaithe 1244 agus le tuairim na Cúirte Breithiúnais Idirnáisiúnta (CBI) ar Dhearbhú Neamhspleáchais na Cosaive).

Cuireadh tuarascáil ghearr le chéile freisin faoin Íoslainn, a chinn a rialtas an chaibidlíocht a chur ar fionraí.

Dearbhaítear sa teachtaireacht an ábharthacht leanúnach a bhaineann le critéir Chóbanhávan (daonlathas, smacht reachta, meas ar chearta bunúsacha, agus geilleagar margaidh feidhmiúil) mar bhonn chun Ballstát AE a dhéanamh de thír.

Taispeántar sa teachtaireacht go bhfuil próiseas aontachais an Aontais Eorpaigh níos láidre agus níos cuimsithí anois ná mar a bhí sé roimhe seo agus cuirtear béim inti ar a thábhachtaí is atá sé dul i ngleic ar dtús leis na buntosca.

  • Ní mór dul i ngleic sna tíortha le saincheisteanna amhail athchóiriú breithiúnach agus an comhrac i gcoinne na coireachta eagraithe agus an éillithe ag tús na caibidlíochta aontachais. Áirithítear ansin go mbíonn athchóirithe fréamhaithe go domhain agus nach féidir dul siar orthu tráth an aontachais.
  • Tá institiúidí láidre daonlathacha tábhachtach freisin agus ní mór ról níos mó a bheith ag an tsochaí shibhialta; ní mór dul chun cinn breise a dhéanamh maidir le hathchóirithe toghcháin, parlaiminteacha agus riaracháin phoiblí.
  • Ní mór iarracht bhreise a dhéanamh chun a áirithiú go mbíonn meas i ndáiríre ar phrionsabail na saoirse cainte agus ar chearta na ndaoine a bhaineann le mionlaigh, agus nach mbíonn na prionsabail agus na cearta sin coisricthe sa dlí amháin.
  • Níl geilleagair mhargaidh lánfheidhme ag cuid de na tíortha seo agus, mar sin, leagtar amach sa teachtaireacht tograí chun rialachas eacnamaíoch na dtíortha a neartú: áirítear le tograí an Choimisiúin straitéisí náisiúnta um athchóiriú eacnamaíoch agus pleananna gníomhaíochta don bhainistíocht airgeadais phoiblí a thabhairt isteach.
  • Ní mór athchóirithe margaidh a chur i bhfeidhm chun fás inbhuanaithe a áirithiú agus chun iomaíochas a fheabhsú. Ba cheart go gcabhródh na hathchóirithe sin le tíortha dul i ngleic leis na buntosca eacnamaíocha ar dtús agus critéir eacnamaíocha na ballraíochta a chomhlíonadh ina dhiaidh sin.

Tá buiséad EUR 11.7 billiún (praghsanna reatha) ag an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA II) don tréimhse 2014-2020, agus féachtar léi tacú le tíortha ullmhú le haghaidh na ballraíochta. Buíochas le leithdháileadh na gcistí seo, cuirtear tosaíochtaí polaitiúla straitéis an mhéadaithe i bhfeidhm (dlíthe na dtíortha is iarrthóirí a chur ar chomhréim le dlíthe agus le caighdeáin AE, mar shampla).

Mar chríoch, moltar sa pháipéar gur cheart an stádas tír is iarrthóir a bhronnadh ar an Albáin ar an gcoinníoll go leanfar de dhul i ngleic leis an gcoireacht eagraithe agus le héilliú sa tír sin.

Tá faisnéis bhreise le fáil ar láithreán Gréasáin Ard-Stiúrthóireacht an Mhéadaithe de chuid an Choimisiúin Eorpaigh.

10.04.2014

Top