EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Rialachas nua eacnamaíoch tagtha i bhfeidhm tar éis na géarchéime airgeadais agus eacnamaíche - athbhreithniú

Rialachas nua eacnamaíoch tagtha i bhfeidhm tar éis na géarchéime airgeadais agus eacnamaíche - athbhreithniú

 

ACHOIMRE AR:

Teachtaireacht (COM(2014) 905 final) — Athbhreithniú ar an rialachas eacnamaíoch

CAD IS AIDHM LEIS AN TEACHTAIREACHT?

  • Déantar athbhreithniú inti ar na téacsanna reachtacha éagsúla ar a dtugtar an “6-Phaca” agus an “2-Phaca”. Tá sé mar aidhm leo sin rialachas eacnamaíoch AE a neartú.
  • Déantar anailís inti ar conas ar éirigh leis na rialacha nua an cuspóir a bhaint amach maidir le comhordú beartais eacnamaíoch níos dlúithe a áirithiú.

PRÍOMHPHOINTÍ

Ó thús na géarchéime eacnamaíche agus airgeadais, tá athrú mór tagtha ar an gcóras rialachais eacnamaíoch san Aontas Eorpach (AE). Bhí ról mór ag na hathruithe sin maidir le cóineasú inbhuanaithe, fás eacnamaíoch agus cruthú post breise a áirithiú.

Cuspóirí na bPacaí

Tá sé mar aidhm leis na seacht rialachán atá á n-athbhreithniú:

  • an faireachas fioscach a neartú faoin gComhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis (CCF), faireachas buiséadach breise a thabhairt isteach le haghaidh na dtíortha i limistéar an Euro agus creataí fioscacha náisiúnta a neartú,
  • nós imeachta nua a thabhairt isteach chun míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha a bhrath, a chosc agus a cheartú,
  • creat a bhunú le haghaidh thíortha limistéar an Euro a bhfuil deacrachtaí acu i dtéarmaí cobhsaíocht airgeadais,
  • bunús dlí ceangailteach a sholáthar don Seimeastar Eorpach, nach raibh bunús dlí ar bith leis go dtí gur glacadh na rialacháin sin.

Faireachas buiséadach

Mar thoradh ar an ngéarchéim eacnamaíoch agus airgeadais, tháinig easnaimh agus fiachais rialtais níos mó chun cinn in AE agus léiríodh lúba ar lár san fhaireachas ar bheartais fhioscacha. Tá athchóiriú déanta leis an reachtaíocht ar an dá chuid den Chomhshocrú, an chuid choisctheach agus an chuid cheartaitheach:

  • Tá sé mar aidhm leis an gcuid choisctheach den Chomhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis easnaimh phoiblí iomarcacha a sheachaint, agus neartaíodh é (agus rinneadh níos déine é) de bharr thabhairt isteach an tagarmhairc maidir le caiteachas agus an nós imeachta maidir le diallta suntasacha.
  • Feabhsaíodh an chuid cheartaitheach trí éifeacht a thabhairt don chritéar fiachais atá socraithe sa Chonradh (teorainn 60 % de OTI don fhiachas poiblí) agus trí na pionóis a ghearrtar ar thíortha i limistéar an euro nach gcloíonn leis na moltaí faoin nós imeachta maidir le heasnamh iomarcach a mhéadú
  • Féadtar an Comhshocrú a chur i bhfeidhm ar bhealach solúbtha i gcás géarchéime faoin gcuid cheartaitheach agus faoin gcuid choisctheach araon. In Eanáir 2015, chun an nasc idir an infheistíocht, leasuithe struchtúracha agus freagracht bhuiséadach a neartú, mhol an Coimisiún Eorpach treoirlínte nua do thíortha AE chun an leas is fearr agus is féidir a bhaint as an tsolúbthacht laistigh de rialacha reatha an Comhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis.
  • Leis an gcéad rialachán faoin 2-Phaca (Rialachán (AE) Uimh. 473/2013), tugadh isteach gnéithe breise lena n-athneartaítear an creat faireachais bhuiséadaigh agus an creat buiséadach náisiúnta i dtíortha limistéar an euro. Déantar foráil ann do mheasúnú an Choimisiúin ar a ndréachtphleananna buiséadacha agus déantar an nós imeachta maidir le heasnamh iomarcach a neartú a thuilleadh. Mar shampla, cuireann sé ar chumas an Choimisiúin moltaí neamhspleácha a thabhairt do thíortha a bhfuil easnaimh iomarcacha acu.

Nós imeachta do mhíchothromaíocht mhaicreacnamaíoch

Leis an 6-Phaca, tugadh isteach faireachas níos leithne ar bheartais eacnamaíocha trí nós imeachta do mhíchothromaíochtaí maicreacnamaíocha a chruthú chun míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha a bhrath, a chosc agus a cheartú. Tá roinnt céimeanna i gceist leis an nós imeachta sin:

  • Tuarascáil maidir leis an Sásra Foláirimh (AMR): déantar anailís leis seo ar an staid i dtíortha AE le táscairí eacnamaíocha éagsúla chun míchothromaíochtaí féideartha a bhrath. Aibhsítear leis tíortha AE ar gá anailís mhionsonraithe bhreise (athbhreithniú domhain) a dhéanamh orthu.
  • Athbhreithnithe doimhne: déanann an Coimisiún measúnú críochnúil ar an staid sna tíortha arna sainaithint san AMR mar bheith i mbaol míchothromaíochta. Léirítear leis an tuarascáil seo an bhfuil ann do mhíchothromaíochtaí nó nach bhfuil agus cibé acu an bhfuil siad iomarcach nó nach bhfuil.
  • Nós Imeachta um Míchothromaíochtaí Iomarcacha (EIP): má mheastar go bhfuil an mhíchothromaíocht iomarcach, d’fhéadfaí nós imeachta um míchothromaíochtaí iomarcacha a cheangal ar an tír agus b’fhéidir gur ghá don tír sin plean gníomhaíochta ceartaithí a ghlacadh ina bhfuil amchlár agus spriocdhátaí sonracha.
  • Fíneálacha : mura bhfuil pleananna gníomhaíochta ceartaithí thíortha limistéar an euro iomchuí, nó mura chuirtear iad i bhfeidhm i gceart.

Tíortha i limistéar an euro ina bhfuil fadhbanna cobhsaíocht airgeadais

Tá mar aidhm leis an dara rialachán faoin 2-Phaca (Rialachán (AE) Uimh. 472/2013) rialáil agus faireachas a neartú i dtíortha AE ina bhfuil fadhbanna móra cobhsaíocht airgeadais i réim nó atá i mbaol fadhbanna dá leithéid. Tá mar aidhm leis próiseas faireacháin a chur ar bun le haghaidh thíortha AE atá faoi réir faireachas breisithe, clár coigeartaithe maicreacnamaíoch, nó faireachas iar-chláir.

Meastóireacht ar éifeachtúlacht na rialachán

  • Is léir gur neartaíodh an struchtúr rialála reatha leis na dlíthe thuas trína rialaítear an córas rialachais eacnamaíoch seo.
    • Cé nach bhfuil sé i bhfeidhm i bhfad, tá feidhm ag creat leasaithe an fhaireachais bhuiséadaigh cheana féin maidir le heasnaimh iomarcacha a cheartú. Tháinig laghdú ar an meán-easnamh buiséadach in AE-28 (1) ó 4.5 % den OTI in 2011 go dtí céatadán measta de thart ar 3 % do 2014. Tá laghdú tagtha ar líon na dtíortha atá faoi réir nós imeachta maidir le heasnamh iomarcach ó 23 as 27 go 11 as 28 faoi dheireadh na bliana 2014.
    • Chuir an clár ilbhliantúil táscach le comhthuiscint ar na dúshláin straitéiseacha a bhíonn le sárú ag tíortha AE agus tá na míchothromaíochtaí á gceartú.
    • Leis na rialacha nua, cuireadh le trédhearcacht, intuarthacht, indéantacht agus éifeachtúlacht an fhaireachais agus an fhaireacháin ar na tíortha sin a bhfuil deacrachtaí móra airgeadais iontu nó ar dócha go mbeidh deacrachtaí mar sin iontu.
  • Mar sin féin, toisc go bhfuil an córas nua seo de rialachas eacnamaíoch tagtha i bhfeidhm le déanaí agus — ar an ábhar sin — níl mórán taithí ann air, níl sé éasca cinneadh a dhéanamh ar a éifeachtaí atá na rialacháin ag an gcéim seo.
  • Go dtí seo, tá an córas seo curtha i bhfeidhm i gcomhthéacs géarchéim dhian airgeadais agus eacnamaíoch. Mar sin féin, bíonn éifeachtacht an chórais ag brath cuid mhór ar fheidhmiú ceart na coda coiscthí, agus níl sé sin feicthe go fóill i dtimpeallacht eacnamaíoch níos fearr.
  • Cé gur neartaíodh creat rialála eacnamaíche AE leis na rialacha, léiríonn an t-athbhreithniú freisin go bhfuil gnéithe ann nach mór iad a fheabhsú. Áirítear orthu sin trédhearcacht agus castacht an chreata rialacha-bhunaithe agus a thionchar ar an bhfás agus ar mhíchothromaíochtaí.

CÚLRA

  • Mar fhreagairt ar na laigí ina chóras rialála eacnamaíche a léiríodh de bharr na géarchéime eacnamaíche agus airgeadais, ghlac AE réimse leathan beart chun an rialachas eacnamaíoch a neartú agus chun cóineasú, fás eacnamaíoch agus poist a bhaint amach. Cuid ríthábhachtach de na hiarrachtaí sin is ea iad na pacáistí reachtaíochta ar a dtugtar an 6-Phaca (a tháinig i bhfeidhm i Nollaig 2011) agus an 2-Phaca (a tháinig i bhfeidhm i mBealtaine 2013).
  • In ainneoin gur cuid den 6-Phaca é, ní cuid den athbhreithniú seo Treoir 2011/85/AE maidir leis na ceanglais do chreata buiséadacha thíortha AE. Tá amlíne ar leith ag baint leis, agus is é an 14 Nollaig 2018 an spriocdháta don athbhreithniú air.
  • Tá tuilleadh faisnéise le fáil iontu seo a leanas:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an mBanc Ceannais Eorpach, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — Athbhreithniú ar an rialachas eacnamaíoch: Tuarascáil ar chur i bhfeidhm Rialacháin (AE) Uimh. 1173/2011, 1174/2011, 1175/2011, 1176/2011, 1177/2011, 472/2013 agus 473/2013 (COM(2014) 905 final, an 28.11.2014)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (AE) Uimh. 1173/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011 maidir le faireachas buiséadach a fhorfheidhmiú go héifeachtach sa limistéar euro (IO L 306, 23.11.2011, lgh. 1-7)

Rialachán (AE) Uimh. 1174/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011 maidir le bearta forfheidhmiúcháin chun míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha iomarcacha sa limistéar euro a cheartú (IO L 306, 23.11.2011, lgh. 8-11)

Rialachán (AE) Uimh. 1175/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle maidir leis an bhfaireachas ar riochtaí buiséadacha, agus an faireachas ar bheartais eacnamaíocha agus a gcomhordú, a neartú (IO L 306, 23.11.2011, lgh. 12-24)

Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011 maidir le míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha a chosc agus a cheartú (IO L 306, 23.11.2011, lgh. 25-32)

Rialachán (AE) Uimh. 1177/2011 ón gComhairle an 8 Samhain 2011 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 maidir le dlús a chur le cur chun feidhme an nós imeachta um easnamh iomarcach agus soiléiriú a dhéanamh air (IO L 306, 23.11.2011, lgh. 33-40)

Rialachán (AE) Uimh. 472/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le neartú ar an bhfaireachas eacnamaíoch agus buiséadach ar Bhallstáit sa limistéar euro a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha ag bagairt orthu i ndáil lena gcobhsaíocht airgeadais (IO L 140, 27.5.2013, lgh. 1-10)

Rinneadh na leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) Uimh. 472/2013 a chorprú sa doiciméad bunaidh. Níl de luach leis an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Rialachán (AE) Uimh. 473/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le forálacha coiteanna le haghaidh faireacháin agus measúnaithe ar dhréachtphleananna buiséadacha agus lena n-áirithítear easnamh iomarcach na mBallstát sa limistéar euro a cheartú (IO L 140, 27.5.2013, lgh. 11-23)

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an mBanc Ceannais Eorpach, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún agus chuig an mBanc Eorpach Infheistíochta — An leas is fearr agus is féidir a bhaint as an tsolúbthacht laistigh de rialacha reatha an Comhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis (COM(2015) 12 final an 13.1.2015)

Nuashonraithe 30.03.2017



(1) Tharraing an Ríocht Aontaithe siar as an Aontas Eorpach agus tá sí ina tríú tír (tír nach tír den Aontas Eorpach í) ó bhí an 1 Feabhra 2020 ann.

Top