Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Nithe a bhaineann le rátaí malairte agus socruithe airgeadaíochta leis an limistéar euro

Nithe a bhaineann le rátaí malairte agus socruithe airgeadaíochta leis an limistéar euro

 

ACHOIMRE AR:

Cinneadh 98/683/CE — nithe a bhaineann le rátaí malairte i dtaca le Franc CFA agus franc Oileáin Chomóra

Cinneadh 98/744/CE — nithe a bhaineann le rátaí malairte i dtaca le escudo Rinn Verde

Cinneadh 1999/95/CE — na socruithe airgeadaíochta i bpobail chríochacha na Fraince in Saint-Pierre-et-Miquelon agus Mayotte

Cinneadh 1999/96/CE — an seasamh a ghlacfaidh an Comhphobal maidir le comhaontú a bhaineann leis an gcaidreamh airgeadaíochta le Prionsacht Mhonacó

Cinneadh 1999/97/CE — an seasamh a ghlacfaidh an Comhphobal maidir le comhaontú a bhaineann leis an gcaidreamh airgeadaíochta le Poblacht San Mairíne

Cinneadh 1999/98/CE — an seasamh a ghlacfaidh an Comhphobal maidir le comhaontú a bhaineann leis an gcaidreamh airgeadaíochta le Cathair na Vatacáine

Cinneadh 2004/548/CE— an seasamh a ghlacfaidh an Comhphobal maidir le comhaontú a bhaineann leis an gcaidreamh airgeadaíochta le Prionsacht Andóra

Cinneadh 2004/750/CE — oscailt na gcaibidlíochtaí maidir le comhaontú a bhaineann leis an gcaidreamh airgeadaíochta le Prionsacht Andóra

Comhaontú airgeadaíochta idir AE agus Stát Chathair na Vatacáine

Comhaontú airgeadaíochta idir AE agus Andóra

Comhaontú airgeadaíochta idir AE agus San Mairíne

Comhaontú airgeadaíochta idir AE agus Monacó

CAD IS AIDHM LEIS NA CINNTÍ AGUS LEIS NA COMHAONTUITHE?

  • Le teacht an euro an 1 Eanáir 1999, bhí sé riachtanach don Aontas Eorpach (AE) an caidreamh airgeadaíochta le tíortha agus le críocha a d’úsáid franc na Fraince agus escudo na Portaingéile roimhe sin a shainmhíniú as an nua.
  • Ar an gcaoi chéanna, bhí gá le seasamh nua airgeadaíochta a bhunú le comharsana AE, cosúil le Monacó, San Mairíne agus an Vatacáin. Ní raibh aon airgeadra dá gcuid féin acu sin, ach d’úsáid siad airgeadra tíortha a ghlac leis an euro ina dhiaidh sin.

PRÍOMHPHOINTÍ

Tá na socruithe nua leagtha amach sna comhaontuithe seo a leanas:

  • 1.

    Cúrsaí maidir le rátaí malairte

  • 2.

    Socruithe airgeadaíochta

    • Déanann críocha na Fraince Saint-Pierre-et-Miquelon, gar do chósta thoir Cheanada, agus Mayotte san Aigéan Indiach, nach bhfuil ceachtar acu mar chuid de AE, franc na Fraince a ionadú leis an euro. Ceadaíodh dóibh nótaí bainc agus boinn i bhfrancanna a úsáid go dtí an 30 Meitheamh 2002.
  • 3.

    Caidreamh airgeadaíochta

    • Shínigh Monacó, San Mairíne agus an Vatacáin socruithe airgeadaíochta le AE sular tugadh isteach nótaí bainc agus boinn euro in 2002. Pléadh iad sin arís chun roinnt easnamh a cheartú. Tugann siad údarás do na 3 thír an euro a úsáid mar a n-airgeadra oifigiúil. Ní mór dóibh:
      • gan aon nótaí nó boinn euro a eisiúint mura gceadaítear é sin sa chomhaontú;
      • cloí le rialacha AE maidir le nótaí agus boinn euro, cóipcheart agus malartú nótaí a bhfuil damáiste déanta dóibh;
      • cosaint a thabhairt do nótaí agus do bhoinn euro i gcoinne góchumtha.
    • Tugann na comhaontuithe deis do gach ceann de na 3 thír líon teoranta bonn euro a eisiúint:
      • Monacó (toirt bhliantúil de 1/500ú de líon na mbonn a múnlaíodh sa Fhrainc);
      • San Mairíne (aghaidhluach bliantúil uasta de €1,944,000);
      • an Vatacáin (aghaidhluach bliantúil uasta de €1 mhilliún).
    • D’iarr Andóra comhaontú airgeadaíochta le AE ar an 15 Iúil 2003. Cuireadh é sin i gcrích an 30 Meitheamh 2011, ag cur ar chumas na tíre an euro a úsáid mar a hairgeadra oifigiúil agus, ó mhí Iúil 2013, a cuid boinn euro féin a eisiúint.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN CHINNIDH AGUS NA GCOMHAONTUITHE?

  • 1 Eanáir 1999 i gcás franc CFA, franc na Fraince (Saint-Pierre-et-Miquelon agus Mayotte), franc Oileáin Chomóra agus escudo Rinn Verde.
  • 1 Eanáir 2010: an Vatacáin – tháinig an comhaontú sin in ionad comhaontaithe airgeadaíochta a bhí ann roimhe sin a cuireadh i gcrích in 2000 idir an Comhphobal Eorpach, arna ionadú ag an Iodáil i gcomhar leis an gCoimisiún agus leis an mBanc Ceannais Eorpach, agus le Stát Chathair na Vatacáine.
  • 1 Nollaig 2011: Monacó – tháinig an comhaontú seo in ionad comhaontaithe a chuir an Fhrainc i gcrích in 2001, i gcomhar leis an gCoimisiún agus an mBanc Ceannais Eorpach.
  • 1 Aibreán 2012: Andóra.
  • 1 Meán Fómhair 2012: San Mairíne – tháinig an comhaontú seo in ionad comhaontaithe roimhe sin idir an Iodáil, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, agus San Mairíne.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉID

Cinneadh 98/683/CE ón gComhairle an 23 Samhain 1998 maidir le nithe a bhaineann le rátaí malairte i dtaca le Franc CFA agus Franc Oileáin Chomóra (IO L 320, 28.11.1998, lgh. 58–59).

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Chinneadh 98/683/CE a chorprú sa téacs bunaidh. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Cinneadh 98/744/CE ón gComhairle an 21 Nollaig 1998 maidir le nithe a bhaineann le rátaí malairte i dtaca le escudo Rinn Verde (IO L 358, 31.12.1998, lgh. 111–112).

Cinneadh 1999/95/CE ón gComhairle an 31 Nollaig 1998 maidir leis na socruithe airgeadaíochta i bpobail chríochacha na Fraince in Saint-Pierre-et-Miquelon agus Mayotte (IO L 30, 4.2.1999, lgh. 29–30).

Cinneadh 1996/96/CE an 31 Nollaig 1998 maidir leis an seasamh a ghlacfaidh an Comhphobal maidir le comhaontú a bhaineann leis an gcaidreamh airgeadaíochta le Prionsacht Mhonacó (IO L 30, 4.2.1999, lgh. 31–32).

Cinneadh 1999/97/CE ón gComhairle an 31 Nollaig 1998 maidir leis an seasamh a ghlacfaidh an Comhphobal maidir le comhaontú a bhaineann leis an gcaidreamh airgeadaíochta le Poblacht San Mairíne (IO L 30, 4.2.1999, lgh. 33–34).

Cinneadh 1999/98/CE ón gComhairle an 31 Nollaig 1998 maidir leis an seasamh a ghlacfaidh an Comhphobal maidir le comhaontú a bhaineann leis an gcaidreamh airgeadaíochta le Cathair na Vatacáine (IO L 30, 4.2.1999, lgh. 35–36).

Cinneadh 2004/548/CE ón gComhairle an 11 Bealtaine 2004 maidir leis an seasamh a ghlacfaidh an Comhphobal maidir le comhaontú a bhaineann leis an gcaidreamh airgeadaíochta le Prionsacht Andóra (IO L 244, 16.7.2004, lgh. 47–49).

Cinneadh 2004/750/CE ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2004 maidir le hoscailt na gcaibidlíochtaí maidir le comhaontú a bhaineann leis an gcaidreamh airgeadaíochta le Prionsacht Andóra (IO L 332, 6.11.2004, lch. 15).

Comhaontú Airgeadaíochta idir an tAontas Eorpach agus Stát Chathair na Vatacáine (IO C 28, 4.2.2010, lgh. 13–18).

Comhaontú Airgeadaíochta idir an tAontas Eorpach agus Prionsacht Andóra (IO C 369, 17.12.2011, lgh. 1–13).

Comhaontú Airgeadaíochta idir an tAontas Eorpach agus Poblacht San Mairíne (IO C 121, 26.4.2012, lgh. 5–17).

Comhaontú Airgeadaíochta idir an tAontas Eorpach agus Prionsacht Mhonacó (IO C 310, 13.10.2012, lgh. 1–11).

Nuashonraithe 26.08.2021

Top