Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Taisteal láneagraithe – cearta tomhaltóirí (ó 2018)

Taisteal láneagraithe – cearta tomhaltóirí (ó 2018)

 

ACHOIMRE AR:

Treoir (AE) 2015/2302 – taisteal láneagraithe agus socruithe taistil bainteacha

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

Is é is aidhm leis an treoir ardleibhéal aonfhoirmeach de chosaint tomhaltóirí a thabhairt isteach maidir le conarthaí le haghaidh taisteal láneagraithe* agus socruithe taistil bainteacha*, agus úsáid mhéadaithe d’áirithintí idirlín á cur san áireamh.

PRÍOMHPHOINTÍ

Faisnéis

Ba cheart don eagraí nó don mhiondíoltóir an fhaisnéis seo a leanas a sholáthar sula sínítear conradh, i gcás inarb infheidhme maidir leis an taisteal láneagraithe:

  • an cúrsa taistil agus dátaí agus líon na n-oícheanta atá i gceist;
  • an t-iompar atá curtha ar fáil, lena n-áirítear amanna an imeachta agus an turais fhillte, stadanna agus ceangail;
  • sonraí na cóiríochta;
  • an plean béilí;
  • cuairteanna nó seirbhísí eile a bheidh san áireamh;
  • i gcás ina bhfuil taisteal grúpa i gceist, garmhéid an ghrúpa;
  • teanga na seirbhísí turasóireachta nuair is cuí;
  • oiriúnacht an turais do dhaoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe agus, arna iarraidh sin don taistealaí, oiriúnacht an turais nó an saoire i bhfianaise riachtanais an taistealaí;
  • sonraí teagmhála;
  • an praghas iomlán agus cánacha agus costais bhreise ar bith san áireamh;
  • socruithe le haghaidh íocaíochta;
  • íoslíon na ndaoine a theastaíonn ionas gur féidir an taisteal láneagraithe a chur ar siúl agus an teorainn ama maidir le cealú féideartha ar an gcúis sin;
  • pas agus ceanglais víosa, chomh maith le faisnéis ar fhoirmiúlachtaí sláinte;
  • féadfaidh an taistealaí an conradh a fhoirceannadh tráth ar bith roimh thús an taistil láneagraithe i gcomaoin táille iomchuí a íoc, nó táillí foirceanta caighdeánaithe arna n-iarraidh ag an eagraí;
  • árachas roghnach nó éigeantach chun foirceannadh an chonartha ag an taistealaí nó costas an chúnaimh i gcás timpiste, breoiteachta nó báis a chumhdach.

Áireofar sa deimhniú conartha na nithe thuas agus an fhaisnéis bhreise seo a leanas:

  • riachtanais speisialta an taistealaí atá glactha ag an eagraí;
  • go bhfuil an t-eagraí freagrach as feidhmíocht chuí na seirbhísí taistil go léir a áirítear sa chonradh agus go bhfuil sé d’oibleagáid air cúnamh a chur ar fáil má tá an taistealaí i gcruachás;
  • sonraí teagmhála na heagraíochta cosanta dócmhainneachta agus ionadaí áitiúil an eagraí, nó de phointe teagmhála nó de sheirbhís ar bith eile a chuireann ar chumas an taistealaí teagmháil a dhéanamh leis an eagraí go tapa agus go héifeachtúil;
  • go bhfuil sé de cheangal ar an taistealaí an t-eagraí a chur ar an eolas faoi aon easpa comhréireachta maidir leis na seirbhísí leis an gconradh;
  • maidir le leanaí gan tionlacan, faisnéis trínar féidir teagmháil dhíreach a dhéanamh leis an leanbh nó leis an duine atá freagrach as an leanbh, san áit inaa bhfuil an leanbh ag fanacht;
  • nósanna imeachta chun déileáil le gearáin;
  • ceart an taistealaí an conradh a aistriú.

In am trátha roimh an taisteal láneagraithe, soláthróidh an t-eagraí na hadmhálacha, dearbháin agus ticéid riachtanacha agus an fhaisnéis taistil riachtanach.

Méaduithe praghsanna

Ní cheadaítear méaduithe praghsanna (teoranta go 8% i bhformhór na gcásanna) ach má fhorchoimeádtar an fhéidearthacht sin go sainráite sa chonradh (sa chás gur féidir laghduithe praghsanna a éileamh chomh maith) agus má tá siad mar thoradh díreach ar:

  • an costas breosla nó foinsí cumhachta eile;
  • méaduithe cánacha nó táillí tríú páirtithe;
  • rátaí malairte.

Ba chóir méadú ar bith ar phraghsanna a chur in iúl 20 lá ar a laghad roimh thosach an taistil láneagraithe.

Foirceannadh conartha ag an taistealaí

Sa chás go ndéanann an t-eagraí athruithe suntasacha ar an gconradh nó ina ndéanann sé nó sí an praghas a mhéadú níos mó ná 8 %, beidh sé de cheart ag an taistealaí, roimh thús an taistil láneagraithe, glacadh leis an athrú, glacadh le taiseal láneagraithe ionadach (a bhfuil luach comhionann leis nó níos airde) nó an conradh a fhoirceannadh le haon íocaíocht a aisíocfar laistigh de 14 lá.

Féadfaidh an taistealaí an conradh a fhoirceannadh ag tráth ar bith roimh thús an taistil láneagraithe trí tháille chuí a íoc.

Féadfaidh an taistealaí an conradh a fhoirceannadh (gan táille a íoc) chomh maith i gcás cúinsí dosheachanta agus urghnácha a tharlaíonn ag an gceann scríbe nó ina gharchomharsanacht agus a chuireann isteach go mór ar fheidhmíocht an taistil láneagraithe, nó a chuireann isteach go mór ar iompar na bpaisinéirí go dtí an ceann scríbe. Tabharfar aisíocaíocht iomlán ach ní thabharfar cúiteamh breise ar bith.

Feidhmíocht

Tá eagraí an taistil láneagraithe freagrach as feidhmíocht na seirbhísí taistil sa chonradh, fiú má sholáthraíonn gnólachtaí eile iad. Tá rialacha ann maidir le neamhchomhlíonadh, foirceannadh agus cúiteamh.

  • Mura bhfeidhmítear ceann ar bith de na seirbhísí taistil de réir an chonartha, leigheasfaidh an t-eagraí an easpa comhréireachta, mura rud é nach féidir é sin a dhéanamh nó go bhfuil na costais díréireach.
  • Sa chás nach féidir cion suntasach de na seirbhísí taistil a sholáthar faoi mar a aontaíodh, ba cheart socruithe eile de cháilíocht chomhionann nó de cháilíocht níos airde a thairiscint gan aon táille bhreise.
  • Mura féidir turas fillte an taistealaí a chinntiú de bharr “cúinsí dosheachanta agus urghnácha”, íocfaidh an t-eagraí costas na cóiríochta ar feadh suas le trí oíche.
  • Féadfaidh an taistealaí an conradh a fhoirceannadh gan táille fhoirceannta a íoc má chuireann an easpa comhréireachta isteach go mór ar fheidhmíocht an taistil láneagraithe agus gur theip ar an eagraí é a leigheas.

Ba cheart do Bhallstáit an Aontais Eorpaigh (AE) a áirithiú gur féidir teachtaireachtaí, iarrataí nó gearáin a dhéanamh go díreach leis an miondíoltóir agus go gcuirfidh an miondíoltóir na teachtaireachtaí sin ar aghaidh chuig an eagraí, nach mór dó cúnamh a thabhairt gan moill mhíchuí.

cosaint mhéadaithe ann do thaistealaithe i gcás dhócmhainneacht an eagraí. Cuireadh líonra de phointí teagmhála lárnacha ar bun sna Ballstáit chun feabhas a chur ar an gcomhar idirnáisiúnta.

Níl feidhm ag an treoir seo maidir le socruithe taistil:

  • faoina gcumhdaítear níos lú ná 24 uair an chloig mura bhfuil fanacht thar oíche san áireamh;
  • a thairgtear ó am go chéile, ar bhonn neamhbhrabúis agus do ghrúpa teoranta taistealaithe amháin;
  • a cheannaítear mar chuid de chomhaontú ginearálta do thaisteal a bhaineann le gnó nó le gairm.

Go ginearálta, níor cheart do na Ballstáit rialacháin a thabhairt isteach lena gcuirfí leibhéal cosanta don lucht siúil ar fáil a imíonn ón treoir seo.

Aisghairtear Treoir 90/314/CEE leis an treoir le héifeacht ó 1 Iúil 2018.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

B’éigean dlí a dhéanamh den treoir sna Ballstáit faoin 1 Eanáir 2018. Tá feidhm leis ón 1 Iúil 2018.

Ionchorpraíodh an treoir sa Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch ar an 22 Meán Fómhair 2017.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach

I ndiaidh ráig COVID-19 agus tabhairt isteach beart chun déileáil le tionchar na géarchéime, ghlac an Coimisiún leis na nithe seo a leanas:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Taisteal Láneagraithe. I bhformhór na gcásanna, ciallaíonn sé sin:
  • teaglaim de dhá chineál seirbhíse taistil ar a laghad (e.g. turas eitilte nó turas iarnróid agus/nó lóistín):
    • mar chuid den turas céanna, a cheannaítear de ghnáth ó dhíolphointe aonair, agus/nó
    • a dhíoltar ar phraghas uileghabhálach nó a fhógairt mar phacáiste;
  • go bhfuil na seirbhísí roghnaithe sula n-aontaíonn an taistealaí íoc.
Socrú taistil bainteach. Ar a laghad dhá chineál seirbhíse taistil a cheannaítear mar chuid den turas céanna, i gcás ina mbíonn conarthaí ar leith ann de ghnáth leis na soláthraithe seirbhísí taistil aonair, ach ní gá go mbeadh conarthaí ar leith ann. Baineann sé sin le:
  • sa chás go roghnaítear seirbhísí ar leith agus go n-íoctar astu ar chuairt amháin ar an díolphointe; nó
  • sa chás ina dtairgtear seirbhís taistil eile don taistealaí laistigh de 24 uair an chloig tar éis an chéad cheann a chur in áirithe.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir (AE) 2015/2302 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le taisteal láneagraithe agus socruithe taistil bainteacha, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 agus Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 90/314/CEE ón gComhairle (IO L 326, 11.12.2015, lgh. 1-33).

Nuashonraithe 03.02.2022

Top