EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32002L0049

Torann timpeallachta a mheasúnú agus a bhainistiú

Torann timpeallachta a mheasúnú agus a bhainistiú

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 2002/49/CE maidir le torann timpeallachta a mheasúnú agus a bhainistiú

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

Tá sé mar aidhm leis an Treoir maidir le Torann Timpeallachta:

  • bonn coiteann a sholáthar maidir le dul i ngleic leis na héifeachtaí díobhálacha a bhaineann le neamhchosaint ar thorann timpeallachta* ar fud AE;
  • bearta a thabhairt isteach de réir a chéile mar a leanas
    • táscairí comhchoiteanna torainn* a bhunú chun neamhchosaint fhadtéarmach daoine ar thorann timpeallachta i rith an lae agus suaitheadh codlata a thomhas;
    • oibleagáid a chur ar thíortha AE léarscáileanna straitéiseacha torainn* lena n–úsáid mar bhonn le haghaidh pleananna gníomhaíochta* chun torann a chosc agus a laghdú;
    • na pleananna gníomhaíochta náisiúnta a chur chun feidhme;
    • le haghaidh faisnéis phoiblí agus comhairliúchán poiblí, go háirithe faoi na pleananna gníomhaíochta náisiúnta.

PRÍOMHPHOINTÍ

Féachtar leis an treoir le torann a rialú sna háiteanna seo a leanas:

  • limistéir faoi fhoirgnimh;
  • páirceanna poiblí nó limistéir chiúine eile i limistéir uirbeacha;
  • limistéir chiúine faoin tuath;
  • gar do scoileanna, d’ospidéil agus d’fhoirgnimh agus limistéir eile atá torann-íogair.

Níl feidhm leis maidir le:

  • torann a dhéanann an duine neamhchosanta é féin nó í féin, nó a dhéanann comharsana;
  • torann ó ghníomhaíochtaí tís;
  • torann i láithreacha oibre;
  • torann ó mhodhanna iompair laistigh; agus
  • torann ó ghníomhaíochtaí míleata i limistéir mhíleata.

Táscairí torainn agus a modhanna measúnaithe

  • Baintear úsáid as dhá tháscaire agus léarscáileanna straitéiseacha torainn á dtiomsú:
    • táscaire is ea Lden den leibhéal foriomlán torainn i rith an lae, i rith an tráthnona agus i rith na hoíche a úsáidtear chun cur síos a dhéanamh ar an mbearrán mar gheall ar neamhchosaint ar thorann;
    • táscaire is ea Lnight don leibhéal torainn i rith na hoíche a úsáidtear chun cur síos a dhéanamh ar shuaitheadh codlata.

    Sainítear a luachanna trí úsáid a bhaint as na modhanna comhchoiteanna measúnaithe atá leagtha amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an treoir.

  • B’éigean don Choimisiún Eorpach na modhanna comhchoiteanna measúnaithe sin a bhunú. Go dtí go ndearnadh é sin, d’fhéadfadh tíortha AE a modhanna féin a úsáid, ar an gcoinníoll gur chloígh siad le hIarscríbhinn II.
  • Féadfar táscairí eile a úsáid le haghaidh pleanáil fuaime agus criosú torainn agus sna cásanna speisialta atá liostaithe in Iarscríbhinn I.
  • Thabharfaí an gaol idir dáileog agus éifeacht* isteach in Iarscríbhinn III le hathbhreithnithe amach anseo ar an treoir chun go mbeifear ábalta measúnú a dhéanamh ar éifeacht torainn ar dhaonraí.
  • Faoin 18 Iúil 2005, bhí ar thíortha AE an Coimisiún a chur ar an eolas maidir le teorainn luachanna ábhartha ar bith a bhí i bhfeidhm nó a bhí á n–ullmhú, agus iad curtha in iúl i dtéarmaí Lden agus Lnight agus, más cuí, Lday (tascáire torainn sa lá) agus Levening (táscaire torainn sa tráthnóna) le haghaidh:
    • torann ó thrácht ar bhóithre;
    • torann ó aerthrácht;
    • torann ó iarnróid;
    • torann tionsclaíoch.

Léarscáiliú straitéiseach torainn

  • Ní mór do léarscáileanna straitéiseach torainn na híoscheanglais atá leagtha síos in Iarscríbhinn IV a chomhlíonadh.
  • Bhí ar thíortha AE an méid seo a leanas a dhéanamh:
    • an pobal a chur ar an eolas faoi na comhlachtaí atá freagrach as léarscáileanna straitéiseacha torainn a dhéanamh agus a fhaomhadh faoin 18 Iúil 2005;
    • an Coimisiún a chur ar an eolas faoin 30 Meitheamh 2005 maidir leis an méid seo:
      • na príomhbhóithre ar a dtaistealaíonn níos mó ná 6 mhilliún feithicil in aghaidh na bliana,
      • iarnróid ar a dtaistealaíonn níos mó ná 60 000 traen in aghaidh na bliana,
      • príomh-aerfoirt agus
      • bailte agus cathracha ina bhfuil níos mó ná 250 000 cónaitheoir;
    • léarscáileanna straitéiseacha torainn a dhéanamh agus a fhaomhadh ina dtaispeántar an cás le linn na bliana roimhe sin gar don bhonneagar, na bailte agus na cathracha sin faoin 30 Meitheamh 2007;
    • an Coimisiún a chur ar an eolas maidir leis na bailte agus cathracha ina bhfuil níos mó ná 100 000 cónaitheoir agus maidir leis na príomhbhóithre agus na príomh-iarnróid laistigh dá gcríocha faoin 31 Nollaig 2008;
    • léarscáileanna straitéiseacha torainn a dhéanamh agus a fhaomhadh ina dtaispeántar an cás le linn na bliana roimhe sin do na bailte agus na cathracha, na bóithre agus na hiarnróid sin faoin 30 Meitheamh 2012.
  • Ní mór na léarscáileanna torainn a athbhreithniú, agus a leasú más gá, gach 5 bliana.

Pleananna gníomhaíochta

  • Ní mór do na pleananna gníomhaíochta na híoscheanglais atá leagtha amach in Iarscríbhinn V a chomhlíonadh.
  • Ní mór an méid seo a leanas a dhéanamh leis na bearta:
    • dul i ngleic leis na tosaíochtaí arna sainaithint trí shárú teorainn luachanna ábhartha ar bith nó trí chritéir eile a roghnódh tíortha AE; agus
    • iad a chur i bhfeidhm go háirithe ar na limistéir is tábhachtaí arna socrú trí léarscáiliú straitéiseach.
  • Bhí ar thíortha AE an méid seo a leanas a dhéanamh:
    • an pobal a chur ar an eolas faoi na comhlachtaí atá freagrach as na pleananna gníomhaíochta a dhréachtú agus a fhaomhadh faoin 18 Iúil 2005;
    • pleananna gníomhaíochta a dhréachtú:
      • faoin 18 Iúil 2008, maidir le
        • príomhbhóithre ar a dtaistealaíonn níos mó ná 6 mhilliún feithicil in aghaidh na bliana,
        • iarnróid ar a dtaistealaíonn níos mó ná 60 000 traen in aghaidh na bliana,
        • príomh-aerfoirt agus
        • bailte agus cathracha ina bhfuil níos mó ná 250 000 cónaitheoir;
      • faoin 18 Iúil 2013, le haghaidh gach mórbhaile agus mórchathair, príomh-aerfoirt, príomhbhóithre agus príomh-iarnróid.
  • Ní mór athbhreithniú a dhéanamh ar na pleananna gníomhaíochta i gcás go dtarlódh mórfhorbairt a chuirfeadh isteach ar an gcás reatha torainn, agus gach 5 bliana ar a laghad i ndiaidh an dáta a fhaomhfar na pleananna sin, de réir Rialachán (AE) 2019/1010.

Faisnéis phoiblí

Ní mór do thíortha AE an méid seo a leanas a áirithiú:

  • go ndéanfar comhairliúchán leis an bpobal agus go gcuirfear na torthaí san áireamh sula ndéanfar pleananna gníomhaíochta ar bith a fhaomhadh;
  • cuirtear na léarscáileanna straitéiseacha torainn ar fáil don phobal agus scaiptear iad ar an bpobal i gcomhréir le hIarscríbhinní IV agus V agus dlí AE maidir le rochtain a bheith ag an bpobal ar fhaisnéis faoin gcomhshaol;
  • faigheann an Coimisiún an fhaisnéis ó léarscáileanna straitéiseacha torainn agus achoimrí ar na pleananna gníomhaíochta laistigh de 6 mhí ó na dátaí atá leagtha síos in Airteagal 7 (Léarscáiliú straitéiseach torainn) agus in Airteagal 8 (Pleananna gníomhaíochta), dá dtagraítear in Iarscríbhinn VI. Ní mór don Choimisiún, le cuidiú ón nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil, sásra malartaithe faisnéise digití a fhorbairt, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme.

Féadfar féachaint ar léarscáileanna torainn agus ar phleananna gníomhaíochta thíortha AE chomh maith ar chóras ReportNet na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil. De réir Rialachán leasaitheach (AE) 2019/1010, “stór sonraí” is ea ReportNet, córas faisnéise ina bhfuil faisnéis agus sonraí faoi thorann timpeallachta a chuireann tíortha AE ar fáil.

Tuarascáil

Gach 5 bliana, cuireann an Coimisiún tuarascáil maidir le cur chun feidhme na treorach isteach chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tá feidhm léi ón 18 Iúil 2002 agus b’éigean dlí a dhéanamh di i dtíortha AE faoin 18 Iúil 2004.

CÚLRA

Le haghaidh breis faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Torann timpeallachta: torann neamh-inmhianaithe nó dochrach lasmuigh a chruthaítear le gníomhaíocht an duine, lena n–áirítear torann a astaítear trí mhodh iompair, trí thrácht ar bhóithre, trí thrácht iarnróid, trí aerthrácht, agus ó láithreáin gníomhaíochta tionsclaíche, faoi mar a shainítear le Treoir 96/61/CE.
Táscaire torainn: scála fisiceach chun cur síos a dhéanamh ar thorann timpeallachta, a bhfuil gaol aige le héifeacht dhíobhálach.
Léarscáileanna straitéiseacha torainn: léarscáileanna a cheaptar chun measúnú a dhéanamh ar an neamhchosaint fhoriomlán ar thorann i limistéir faoi leith a thagann as foinsí éagsúla torainn nó le haghaidh tuartha foriomlána do na limistéir sin.
Pleananna gníomhaíochta: pleananna a cheaptar chun ceisteanna agus éifeachtaí torainn a bhainistiú, lena n–áirítear laghdú torainn más gá.
Gaol idir dáileog agus éifeacht: an gaol idir luach an táscaire torainn agus éifeacht dhíobhálach.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 2002/49/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Meitheamh 2002 maidir le torann timpeallachta a bhainistiú agus a mheasúnú (IO L 189, 18.7.2002, lgh. 12-25)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 2002/49/CE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite sin ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le cur chun feidhme na Treorach maidir le Torann Timpeallachta i gcomhréir le hAirteagal 11 de Threoir 2002/49/CE (COM(2017) 151 críochnaitheach, 30.3.2017)

Rialachán (CE) Uimh. 401/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir leis an nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil agus maidir leis an nGréasán Eorpach um Fhaisnéis agus um Fhaire ar an gComhshaol (leagan códaithe) (IO L 126, 21.5.2009, lgh. 13-22)

Treoir 2003/4/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2003 maidir le rochtain ag an bpobal ar fhaisnéis chomhshaoil agus lena n–aisghairtear Treoir 90/313/CEE ón gComhairle (IO L 41, 14.2.2003, lgh. 26-32)

Nuashonraithe 19.09.2019

Barr