Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52014DC0654

Ullmhacht maidir le cur isteach féideartha ar sholáthairtí gáis 2014/2015

Stádas dlíthiúil an doiciméid Tá an achoimre seo curtha sa chartlann agus ní dhéanfar nuashonrú uirthi, toisc nach bhfuil an doiciméad a bhfuil sí ina hachoimre air i bhfeidhm a thuilleadh, é sin nó toisc nach léiriú ar chúrsaí mar atá i láthair na huaire í.

Ullmhacht maidir le cur isteach féideartha ar sholáthairtí gáis 2014/2015

Chuir an Coimisiún Eorpach tuarascáil i láthair maidir le hathléimneacht chóras gáis na hEorpa thar thréimhse an gheimhridh 2014-15, i bhfianaise dhíospóid gháis na Rúise-na hÚcráine.

ACHT

Cumarsáid ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, an gComhairle, ar athléimneacht ghearrthéarmach chóras gáis na hEorpa: Ullmhacht maidir le cur isteach féideartha ar sholáthairtí gáis ón Oirthear le linn fhómhar agus gheimhreadh 2014/2015 (COM(2014) 654 final/2 an 2 Márta 2015).

ACHOIMRE

Chuir an Coimisiún Eorpach tuarascáil i láthair maidir le hathléimneacht chóras gáis na hEorpa thar thréimhse an gheimhridh 2014-15, i bhfianaise dhíospóid gháis na Rúise-na hÚcráine.

CAD A DEIRTEAR SA CHUMARSÁID SEO?

Tá moltaí inti do thíortha a bhraitheann go mór ar ghás na Rúise agus atá i mbaol go stopfaí a soláthairtí.

PRÍOMHPHOINTÍ

Má mhéadaíonn tíortha AE comhoibriú seachas brath ar bhearta náisiúnta dhéanfaí níos mó gáis a sheachadadh agus ní stopfaí soláthar a oiread custaiméirí.

Tástálacha struis

Chinn AE sraith tástálacha struis maidir leis an gcóras soláthair gháis a lainseáil. Ba é an aidhm a bhí acu an tionchar a d’fhéadfadh bheith ag cur isteach ar sholáthairtí gáis ar thíortha AE éagsúla a dhearbhú agus ceachtanna a fhoghlaim chomh maith ar an dóigh le héifeachtaí diúltacha ar bith a d’fhéadfadh bheith ann a íoslaghdú.

Cuimsíodh ionsamhlú 2 chás hipitéiseacha tástála sna tástálacha struis.

  • 1.

    Stop iomlán a chur le hiompórtálacha ghás na Rúise chuig AE

  • 2.

    Cur isteach ar bhealach iompair na hÚcráine, san áit a dtugtar soláthairtí gáis ón Rúis isteach sa mhargadh Eorpach.

Is iad 1 mhí agus 6 mhí na tréimhsí ama a úsáideadh do gach cás.

Conas a d’oibrigh na tástálacha struis?

  • Bhí ar thíortha a gcás um shlándáil soláthair féin a ionshamhlú sna cásanna tástála.
  • Bhí orthu cur síos a dhéanamh ar na pleananna nithiúla as a mbainfeadh siad leas chun géarchéim náisiúnta a chosc, ag cur san áireamh na héifeachtaí féideartha ar a gcomharsana.

Príomhthorthaí AE ó na tástálacha

  • Tharlódh éifeachtaí éagsúla i dtíortha ag brath ar a suíomh agus ar a roghanna foinsithe gáis.
  • D’fhéadfadh cur chuige comhoibrithe i measc tíortha Eorpacha éifeachtaí diúltacha ar bith orthu siúd is mó a gcuireann ciorrúchán soláthair gháis isteach orthu a laghdú.
  • Ba chóir go mbeadh cur chuige bunaithe ar an margadh ina phrionsabal treorach, mar aon le bearta neamh-mhargaidh eile, amhail stoic straitéiseacha a scaoileadh nó na breoslaí a úsáidtear nuair a theipeann ar an margadh a mhalartú.

Moltaí

I measc na bpríomh-mholtaí tá:

  • ba cheart do thíortha an leas is fearr a bhaint as a saoráidí stórála,
  • tá gá ann lena chinntiú go gcuirfear tionscadail bhonneagair i gcrích in am tráthúil (m.sh. idirnascaire na Slóvaice-na hUngáire agus críochfort Swinoujscie LNG sa Pholainn),
  • ba chóir acmhainneacht an mhalartaithe breoslaí a uasmhéadú (amhail úsáid na stoc ola),
  • ba cheart do thíortha AE a bhfuil barrachas gáis acu cúnamh a thabhairt do thíortha eile a ndéanann ganntanais dochar dóibh.

CÚLRA

Tagann an chumarsáid seo i ndiaidh Straitéis Eorpach um Shlándáil Fuinnimh an Choimisiúin, arna glacadh i mí na Bealtaine 2014 ina leagadh amach plean mionsonraithe ar conas soláthairtí fuinnimh a fháil don Eoraip.

PRÍOMHPHOINTÍ:

Tástálacha struis: Úsáidtear iad seo chun córas faoi leith a thástáil faoi dhálaí deacra.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar shuíomh gréasáin agus ar phreaseisiúintArd-Stiúrthóireacht an Fhuinnimh de chuid an Choimisiúin.

ACHTANNA GAOLMHARA

Rialachán (AE) Uimh. 994/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Deireadh Fómhair 2010 maidir le bearta chun slándáil soláthair gháis a chosaint agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/67/CE ón gComhairle (Iris Oifigiúil L 295 an 12.11.2010, l. 1-22).

Cumarsáid ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, an gComhairle: An Straitéis Eorpach um Shlándáil Fuinnimh (COM(2014) 330 final an 28.5.2014).

Nuashonraithe 06.03.2015

Barr