Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52014DC0144

Beartas ceartais an Aontais Eorpaigh: an bealach ar aghaidh

Stádas dlíthiúil an doiciméid Tá an achoimre seo curtha sa chartlann agus ní dhéanfar nuashonrú uirthi, toisc nach bhfuil an doiciméad a bhfuil sí ina hachoimre air i bhfeidhm a thuilleadh, é sin nó toisc nach léiriú ar chúrsaí mar atá i láthair na huaire í.

Beartas ceartais an Aontais Eorpaigh: an bealach ar aghaidh

Leagtar amach sa teachtaireacht seo ón gCoimisiún Eorpach (CE) na tosaíochta polaitiúla a bhaineann le dul chun cinn breise a dhéanamh i dtaca le comhlimistéar ceartais Eorpach bunaithe ar iontaoibh, soghluaisteacht agus fás faoi 2020.

GNÍOMH

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: An Clár Oibre Ceartais AE do 2020 - Iontaoibh, Soghluaisteacht agus Fás a Neartú san Aontas (COM(2014) 144 final an 11.3.2014).

ACHOIMRE

Leagtar amach sa teachtaireacht seo ón gCoimisiún Eorpach (CE) na tosaíochta polaitiúla a bhaineann le dul chun cinn breise a dhéanamh i dtaca le comhlimistéar ceartais Eorpach bunaithe ar iontaoibh, soghluaisteacht agus fás faoi 2020.

PRÍOMHPHOINTÍ

Ní mór a áirithiú le beartas ceartais an Aontais Eorpaigh (AE) gur féidir le daoine aonair agus le gnóthais leas iomlán a bhaint as comhlimistéar Eorpach ceartais ar limistéar iontaofa é atá á fheidhmiú go hiomlán.

Cuirtear i láthair sa teachtaireacht seo fís CE do thodhchaí bheartas ceartais AE, i bhfoirm Chlár Oibre Ceartais AE do 2020.

Iontaoibh, soghluaisteacht, fás- ní mór dul i ngleic le trí phríomhdhúshlán chun comhlimistéar ceartais a chruthú faoi 2020 .

  • Iontaoibh fhrithpháirteach: ba cheart go mbunófaí beartas ceartais AE ar an mbunchloch seo. Bíonn ardleibhéal iontaoibhe frithpháirtí de dhíth ar údaráis cheartais náisiúnta i gcás ionstraimí amhail an Barántas Eorpach Aonair nó ceisteanna maidir le rialacha na heasaontachta dlíthe. Ní mór do shaoránaigh, do chleachtóirí dlíthiúla agus do bhreithimh a bheith in ann iontaoibh iomlán a bheith acu freisin as na cinntí breithiúnacha a ghlacann Ballstáit AE eile.
  • Soghluaisteachtar bith: tá leas níos mó á bhaint ag muintir na hEorpa as na cearta a bhronntar orthu faoi chonarthaí AE. Tá beagnach 14 mhilliún saoránach AE ina gcónaí faoi láthair i mBallstát AE nach náisiúnaigh ann iad. Tagann fadhbanna praiticiúla agus dlíthiúla chun cinn go fóill, áfach, sna cásanna seo a leanas: nuair a thaistealaíonn siad nó nuair a dhéanann siad staidéar, nuair a phósann siad nó nuair a bhíonn leanaí acu nó nuair a cheannaíonn agus nuair a dhíolann siad táirgí nó seirbhísí i mBallstáit AE eile. Ba cheart don bheartas ceartais leanúint de na bacainní a bhaint a thagann os comhair saoránach AE a bhfuil a gceart chun gluaiseacht faoi shaoirse agus chun dul chun cónaí i mBallstát AEar bith á bhfeidhmiú acu.
  • Fás: ba cheart don bheartas ceartais AE leanúint de théarnamh agus de fhás eacnamaíoch a thacú agus de dhul i ngleic leis an dífhostaíocht. Ní mór tabhairt faoi athchóirithe struchtúrtha chun a áirithiú go mbeidh córais um cheartais in ann ceartas tapa iontaofa a sholáthar. Ní mór do ghnóthais agus do thomhaltóirí a bheith muiníneach go mbeidh siad in ann conarthaí a chur i bhfeidhm go héifeachtach agus dul i ngleic le díospóidí sa chúirt, nó lasmuigh den chúirt más féidir, ar fud an Aontais Eorpaigh, laistigh de thréimhse ama réasúnta.

Clár Oibre Ceartais AE do 2020

Molann CE gur cheart dul i ngleic leis an dúshláin sin trí na modhanna seo a leanas nó trí mheascán díobh.

  • 1

    An creat dlíthiúil reatha a chomhdhlúthú: chinnteodh sé sin go mbeadh meas ag daoine ar réitigh éifeachtacha agus go gcosnófaí cearta bunúsacha AE; ní mór iarracht a dhéanamh freisin feabhas a chur ar úsáid ríomhsheirbhísí dlí agus oiliúint a chur ar bhreithimh agus ar chleachtóirí dlí.

  • 2

    Dlí agus cleachtas AE a chódú: chinnteodh sé sin go mbeadh dlí AE níos soiléire agus níos comhsheasmhaí do na saoránaigh agus do ghnóthais.

  • 3

    An creat dlíthiúil reatha a fhorlíonadh: más iomchuí, ba cheart smaoineamh ar tionscnaimh nua a éascaíonn saolta na saoránach agus a chuireann sa bhreis le fás eacnamaíoch.

Tá tuilleadh faisnéise le fáil ar láithreáin ghréasáin Ard-Stiúrthóireacht an CheartaisSheomra Nuachta Éifeachtach CE.

Féach freisin Meabhrán CE ar Chláir Oibre thodhchaíocha AE um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile.

GNÍOMH GAOLMHAR

Sliocht ó Chonclúidí na Comhairle Eorpaí 26 - 27 Meitheamh 2014 maidir leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais agus maidir le roinnt ceisteanna gaolmhara cothrománacha (IO C 240, 24.7.2014, lgh. 13-15).

Nuashonraithe 26.12.2014

Barr