This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32022R2576
Comhordú a dhéanamh ar cheannacháin gháis, tagarmharcanna praghais iontaofa agus malartuithe gáis thar theorainneacha
Tugtar bearta éigeandála sealadacha isteach leis an rialachán a ceapadh chun praghsanna fuinnimh arda a laghdú agus chun slándáil soláthair gáis a fheabhsú, trí:
Mar gheall ar chogadh ionsaithe na Rúise, gan údar gan chúis, i gcoinne na hÚcráine agus laghdú na soláthairtí gáis nádúrtha ón Rúis go dtí na Ballstáit baintear an bonn de shlándáil soláthair AE. Mar gheall ar armáil sin an tsoláthair gáis agus ar chúbláil na margaí trí chur isteach d’aon ghnó ar shreabhadh an gháis tháinig méadú tobann ar na praghsanna fuinnimh san Aontas, rud a chuireanna geilleagar an Aontais i mbaol.
Is ionann an rialachán agus freagairt chomhordaithe ón Aontais maidir lena shaoránaigh agus a gheilleagar a chosaint trí spleáchas ar ghás na Rúise a laghdú agus praghsanna iomarcacha a ísliú.
Chun nach ndéanfaidh siad ceantáil ar a chéile agus chun giaráil níos fearr a bheith acu ar sholáthraithe gáis, tá na Ballstáit, mar aon le tíortha an Chomhphobail Fuinnimh, faoin rialachán, ábalta a gcuid riachtanas allmhairithe gáis a chur isteach chuig soláthraí seirbhíse arna fhostú ag an gCoimisiún Eorpach, a dhéanfaidh an méid seo a leanas ansin:
Maidir le cuideachtaí gáis agus cuideachtaí a ídíonn gás:
Tá gás na Rúise curtha as an áireamh as ceannach comhpháirteach.
Déanfaidh an Ghníomhaireacht um Chomhar idir Rialálaithe Fuinnimh tagarmharc praghsanna nua a fhorbairt chun praghsáil chobhsaí agus intuartha ar ghás nádúrtha leachtach a spreagadh faoin .
Leagtar amach leis an rialachán, tríd an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA), sásra bainistíochta luaineachta ionlae1 maidir le hidirbhearta an lae chéanna ar ionaid trádála ar a ndéantar díorthaigh tráchtearraí a bhaineann le fuinnimh a thrádáil, chun an méid seo a leanas a chosc:
Dlúthpháirtíocht na mBallstát chun leanúnachas agus cosaint an tsoláthair leictreachais a áirithiú do thionscail riachtanacha agus do chustaiméirí atá faoi chosaint2
Leis na rialacha féadfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas a dhéanamh:
Leagtar síos iontu chomh maith rialacha réamhshocraithe maidir le dlúthpháirtíocht a sholáthar do Bhallstáit eile i gcás éigeandála faoi Rialachán (AE) 2017/1938 (féach an achoimre) murar aontaigh na Ballstáit lena mbaineann ar shocruithe dá leithéid.
Tá sé i bhfeidhm ón agus beidh sé i bhfeidhm go dtí an . Tá feidhm ag forálacha maidir le húsáid níos éifeachtaí a bhaint as acmhainn tarchurtha ón .
Déantar an rialachán a achtú faoi Airteagal 122 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, lena gceadaítear bearta eacnamaíocha cuí a dhéanamh má thagann deacrachtaí tromchúiseacha maidir le soláthar fuinnimh chun cinn.
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:
Rialachán (AE) 2022/2576 ón gComhairle an lena bhfeabhsaítear an dlúthpháirtíocht trí chomhordú níos fearr a dhéanamh ar cheannacháin gháis, trí thagarmharcanna praghais iontaofa agus trí mhalartuithe gáis thar theorainneacha (IO L 335, , lgh. 1-35).
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) 2022/2576 a chorprú sa bhunthéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
nuashonrú is deireanaí