Use quotation marks to search for an "exact phrase". Append an asterisk (*) to a search term to find variations of it (transp*, 32019R*). Use a question mark (?) instead of a single character in your search term to find variations of it (ca?e finds case, cane, care).
Leagtar amach leis na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh le haghaidh 2022.
Liostaítear ann na sainmhínithe agus na limistéir iascaireachta a bhfuil feidhm maidir leo chun críocha an rialacháin.
PRÍOMHPHOINTÍ
Raon feidhme
Tá feidhm ag an rialachán maidir le soithí iascaireachta an Aontais Eorpaigh (AE) a oibríonn sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh agus a shaothraíonn na stoic seo a leanas:
an eascann, an coiréalach dearg agus an dorád coiteann sa Mheánmhuir;
an séacla gorm agus dearg, an rós–séacla domhainmhara, an séacla mór dearg, an colmóir Eorpach, gliomach na hIorua agus an milléad dearg sa Mheánmhuir Thiar;
an t–ainseabhaí, an sairdín, an colmóir Eorpach, gliomach na hIorua, an sól coiteann, an rós–séacla domhainmhara agus an milléad dearg i Muir Aidriad;
an séacla mór dearg agus an séacla gorm agus dearg i gCaolas na Sicile, sa Mhuir Iónach agus i Muir na Leiveainte;
an deargán i Muir Alboran;
an salán agus an turbard sa Mhuir Dhubh.
Tá feidhm aige chomh maith maidir le hiascaigh áineasa1 i gcás go dtagraítear dóibh go sainráite sa rialachán.
Áirítear iad seo a leanas ar na deiseanna iascaireachta a chumhdaítear sa rialachán:
teorainneacha gabhálacha le haghaidh na bliana 2022;
teorainneacha iarrachta iascaireachta le haghaidh na bliana 2022.
Cinneann Ballstáit AE go bliantúil na gabhálacha iomlána incheadaithe (TACanna), a leagtar amach sna hiarscríbhinní, ar bhonn tograí ón gCoimisiún Eorpach.
Is ionann TACanna agus uasmhéid na n–iasc de speicis dhifriúla is féidir a ghabháil le linn na bliana faoi seach.
Leanann na teorainneacha atá leagtha síos an prionsabal a bhaineann le saothrú inbhuanaithe na stoc éagsúil i gcomhréir leis an uastáirgeacht inbhuanaithe2.
Tá na TACanna bunaithe ar an gcomhairle eolaíoch is fearr atá ar fáil, ag cur san áireamh gnéithe bitheolaíochta agus socheacnamaíocha agus cóir chothrom á háirithiú idir na hearnálacha iascaireachta.
Roinntear an TAC do gach speiceas ar leithligh ina chuótaí — cionta den TAC a shanntar don Aontas Eorpach, dá Bhallstáit nó do thíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad.
Tá na teorainneacha gabhálacha agus iarrachta i gcomhréir leo seo a leanas:
an plean bainistíochta ilbhliantúil maidir le stoic ghrinnill3 sa Mheánmhuir thiar, a glacadh faoi Rialachán (AE) 2019/1022 (féach an achoimre) agus
cinntí an Choimisiúin Iascaigh Ghinearálta don Mheánmhuir (GFCM) maidir leis an eascann, an coiréalach dearg, an dorád, speiceas beag peiligeach agus stoic ghrinnill i Muir Aidriad, an séacla mór dearg agus stoic séaclaí gorma agus dearga sa Mhuir Iónach, i Muir na Leiveainte agus i gCaolas na Sicile, agus plean bainistíochta ilbhliantúil GFCM maidir leis an turbard don Mhuir Dhubh.
Iascaigh áineasa. Gníomhaíochtaí iascaireachta neamhthráchtála, amhail caitheamh aimsire, turasóireacht nó spórt, acmhainní bitheolaíocha muirí a shaothrú.
Uastáirgeacht inbhuanaithe. An táirgeacht (gabháil) is mó is féidir a thógáil ó stoc speicis thar thréimhse éiginnte, (i.e. gan a mharthanas a chur i mbaol).
Stoic ghrinnill. Stoic speiceas iasc a mhaireann ar ghrinneall na farraige nó gar de.
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Rialachán (AE) 2022/110 ón gComhairle an lena socraítear le haghaidh 2022 na deiseanna iascaireachta maidir le stoic áirithe éisc agus grúpaí stoc éisc áirithe is infheidhme sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh (IO L 21, , lgh. 165-186).
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) 2022/110 a chorprú sa bhundoiciméad. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Rialachán (AE) 2019/1022 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an lena mbunaítear plean ilbhliantúil do na hiascaigh a shaothraíonn stoic ghrinnill sa Mheánmhuir Thiar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 (IO L 172, , lgh. 1-17).
Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus (CE) Uimh. 1224/2009 agus lena n–aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 2371/2002 agus (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, , lgh. 22–61).
Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le forálacha áirithe i ndáil le hiascaireacht i limistéar Chomhaontú CGIM (An Coimisiún Iascaigh Ginearálta don Mheánmhuir) agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle maidir le bearta bainistíochta do shaothrú inbhuanaithe acmhainní iascaigh sa Mheánmhuir (IO L 347, , lgh. 44-61).
Rialachán (CE) Uimh. 847/96 ón gComhairle an lena dtugtar isteach coinníollacha breise chun TACanna agus cuótaí a bhainistiú ó bhliain go bliain (IO L 115, , lgh. 3-5).