Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32020R0672

    Tacaíocht shealadach chun rioscaí dífhostaíochta a mhaolú i gcás éigeandála mar gheall ar ráig COVID-19 (SURE)

    Tacaíocht shealadach chun rioscaí dífhostaíochta a mhaolú i gcás éigeandála mar gheall ar ráig COVID-19 (SURE)

     

    ACHOIMRE AR:

    Rialachán (AE) 2020/672 — bunú ionstraime Eorpaí le haghaidh tacaíocht shealadach chun rioscaí dífhostaíochta a mhaolú i gcás éigeandála (SURE) ag eascairt as ráig COVID-19

    CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

    • Agus an ionstraim Eorpach le haghaidh tacaíocht shealadach chun rioscaí dífhostaíochta i gcás éigeandála (SURE) a mhaolú á bunú leis, leagtar síos leis an rialachán na coinníollacha agus na nósanna imeachta lena gcuirtear ar chumas an Aontais Eorpaigh cúnamh airgeadais a sholáthar do Bhallstát atá ag fulaingt diansuaitheadh eacnamaíochta, nó atá faoi bhagairt thromchúiseach ó dhiansuaitheadh eacnamaíochta de bharr ráig COVID-19.
    • Tá sé mar aidhm leis go príomha scéimeanna oibre gearrthéarmacha nó bearta comhchosúla a mhaoiniú atá dírithe ar fhostaithe agus ar dhaoine féinfhostaithe a chosaint, agus ar an gcaoi sin an riosca dífhostaíochta agus caillteanas ioncaim a mhaolú. Is féidir é a úsáid freisin chun roinnt beart a bhaineann le sláinte, go háirithe san ionad oibre, a mhaoiniú mar bheart coimhdeach.

    PRÍOMHPHOINTÍ

    • Ceadaítear le hAirteagal 122(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh don Chomhairle cúnamh airgeadais AE a dheonú do Bhallstáit atá thíos (nó atá faoi dhianbhagairt) le deacrachtaí de bharr tarluithe eisceachtúla nach bhfuil aon neart acu orthu.
    • Faoi Rialachán SURE, féadfaidh Ballstát cúnamh airgeadais AE a iarraidh chun tacú le bearta náisiúnta, amhail scéimeanna oibre gearrthéarmacha, chun aghaidh a thabhairt ar éifeachtaí socheacnamaíocha ráig COVID-19, i gcás a bhfuil méadú tobann agus ollmhór tar éis teacht ar a chaiteachas poiblí iarbhír (agus b’fhéidir pleanáilte freisin) ón 1 Feabhra 2020 i leith.
    • Chuirfí cúnamh airgeadais ar fáil arna iarraidh sin, i bhfoirm iasachta, a d’íocfaí i dtráthchodanna. Chun na críche sin, thabharfadh an Coimisiún Eorpach agus an Ballstát lena mbaineann comhaontú iasachta i gcrích de réir Airteagal 220(5) de Rialachán Airgeadais an Aontais Eorpaigh (Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 — féach an achoimre).
    • Chun soláthar a dhéanamh don mhaoiniú d’Ionstraim SURE, tá sé de chumhacht ag an gCoimisiún iasachtaí a fháil ar na margaí caipitil nó le hinstitiúidí airgeadais thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an am is iomchuí chun costas an mhaoinithe a bharrfheabhsú agus a cháil mar eisitheoir an Aontais Eorpaigh sna margaí a chaomhnú. Féadfaidh na Ballstáit cur le hIonstraim SURE trí fhrithráthaíocht a thabhairt don riosca atá os comhair an Aontais Eorpaigh dá réir sin. Tá ranníocaíochtaí den sórt sin lena chur ar fáil i bhfoirm ráthaíochtaí neamh–inchúlghairthe, neamhchoinníollacha agus ar éileamh. Freagraíonn méid na ráthaíochta a thugann gach Ballstát dá sciar coibhneasta d’ollioncam náisiúnta iomlán an Aontais Eorpaigh de EUR 25 billiún ar an iomlán. Tugann an Coimisiún comhaontú ráthaíochta chun críche leis an mBallstát ranníocach, ina leagtar amach na coinníollacha íocaíochta.
    • Is é EUR 100 billiún uasmhéid an chúnaimh airgeadais atá ar fáil faoi SURE do na Ballstáit go léir.
    • Tá sé mar aidhm le hIonstraim SURE bearta náisiúnta arna nglacadh ag na Ballstáit lena mbaineann a chomhlánú chun éifeachtaí díreacha eacnamaíocha, sóisialta agus sláinte ráig COVID-19 a mhaolú.

    Nós imeachta chun cúnamh airgeadais a iarraidh agus a cheadú

    • Cuirtear cúnamh airgeadais ar fáil trí chinneadh cur chun feidhme ón gComhairle arna ghlacadh ar bhonn togra ón gCoimisiún agus tar éis dul i gcomhairle leis an mBallstát lena mbaineann.
    • Chun na críche sin, soláthraíonn an Ballstát lena mbaineann fianaise iomchuí don Choimisiún maidir leis an méadú tobann agus ollmhór ar chaiteachas poiblí iarbhír (agus b’fhéidir pleanáilte freisin) a bhaineann go díreach le scéimeanna oibre gearrthéarmacha agus bearta comhchosúla, chomh maith le, nuair is iomchuí, bearta ábhartha a bhaineann le sláinte, mar gheall ar ráig COVID-19.

    Rialacha stuamachta

    • Tá oibleagáid ar an gCoimisiún, ar a thaobh féin, na rialacha stuamachta seo a leanas is infheidhme maidir le punann iasachtaí SURE a chur chun feidhme:
      • ní fhéadfaidh sciar na n–iasachtaí a dheonaítear do na trí Bhallstát a léiríonn an sciar is mó de na hiasachtaí a bheith níos mó ná 60 % den uasmhéid (i.e. 60 % de EUR 100 billiún);
      • ní fhéadfaidh na méideanna atá dlite ag an Aontas Eorpach i mbliain ar leith a bheith níos mó ná 10 % d’uasmhéid Ionstraim SURE (i.e. 10 % de EUR 100 billiún);
      • nuair is gá, féadfaidh an Coimisiún na hiasachtaí gaolmhara atá ar conradh thar ceann an Aontais Eorpaigh a thar–rolladh.
    • Áireofar an méid seo a leanas ar chinneadh cur chun feidhme na Comhairle:
      • méid na hiasachta, meán–aibíocht uasta, foirmle praghsála, uaslíon na dtráthchodanna, an tréimhse infhaighteachta agus rialacha ábhartha eile chun an cúnamh airgeadais a dheonú;
      • measúnú ar chomhlíonadh an Bhallstáit maidir leis na coinníollacha maidir le hIonstraim SURE a úsáid;
      • tuairisc ar na scéimeanna oibre gearrthéarmacha náisiúnta nó bearta comhchosúla agus, nuair is iomchuí, bearta a bhaineann le sláinte, a fhéadfar a mhaoiniú freisin faoi rialachán SURE.
    • Agus an cinneadh cur chun feidhme á ghlacadh aici, déanann an Chomhairle riachtanais reatha agus ionchais an Bhallstáit a mheas chomh maith le hiarratais ar chúnamh airgeadais SURE a chuir Ballstáit eile isteach cheana nó a bhfuil sé beartaithe acu iad a chur isteach, agus prionsabail na córa comhionanna, na dlúthpháirtíochta, na comhréireachta agus na trédhearcachta á gcur i bhfeidhm.

    Riarachán, úsáid fhéideartha ráthaíochtaí agus infhaighteacht Ionstraim SURE

    • Bunaíonn an Coimisiún na socruithe is gá chun na hiasachtaí le Córas Eorpach Banc Ceannais a riar. Osclaíonn na tíortha is tairbhithe cuntais speisialta lena mbanc ceannais náisiúnta chun an cúnamh airgeadais a fhaightear a bhainistiú.
    • Sa chás go bhféadfadh sé go mbeadh ar an gCoimisiún, in ainneoin na rialacha stuamachta go léir a chur i bhfeidhm, ráthaíochtaí a sholáthraíonn na Ballstáit a ghlaoch isteach, táthar ag súil, sula ndéanfaidh sé na ráthaíochtaí sin a ghlaoch isteach, go bhféachfar an féidir leis leas a bhaint as an gcorrlach atá ar fáil faoin uasteorainn acmhainní dílse le haghaidh leithreasaí íocaíochta, a mhéid a mheasann an Coimisiún go bhfuil sé inbhuanaithe, ag féachaint, i measc rudaí eile, do dhliteanais theagmhasacha iomlána an Aontais Eorpaigh agus inbhuanaitheacht bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh.
    • Beidh Ionstraim SURE ar fáil a luaithe a bheidh na Ballstáit go léir tar éis a sciar de na ráthaíochtaí a ranníoc (féach thuas). Tiocfaidh tréimhse infhaighteachta Ionstraim SURE lena bhféadfar cinneadh cur chun feidhme ón gComhairle lena ndeonaítear an cúnaimh airgeadais a ghlacadh lena linn chun deiridh an 31 Nollaig 2022. Féadfaidh an Chomhairle, tar éis togra ón gCoimisiún, a chinneadh tréimhse infhaighteachta Ionstraim SURE a shíneadh, gach uair ar feadh tréimhse bhreise 6 mhí, i gcás go dtiocfaidh an Coimisiún ar an gconclúid go bhfuil an diansuaitheadh eacnamaíochta de bharr ráig COVID-19 a dhéanann difear do mhaoiniú na mbeart ábhartha fós ann.
    • Níl feidhm ag an Rialachán sa Ríocht Aontaithe.

    CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

    Tháinig an rialachán i bhfeidhm an 20 Bealtaine 2020.

    CÚLRA

    Féach freisin:

    PRÍOMHDHOICIMÉAD

    Rialachán (AE) 2020/672 ón gComhairle an 19 Bealtaine 2020 maidir le bunú ionstraime Eorpaí le haghaidh tacaíocht shealadach chun rioscaí dífhostaíochta i gcás éigeandála (SURE) a mhaolú ag eascairt as ráig COVID-19 (IO L 159, 20.5.2020, lgh. 1-7)

    DOICIMÉID GHAOLMHARA

    Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013, Rialachán (AE) Uimh. 1301/2013, Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, Rialachán (AE) Uimh. 1304/2013, Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013, Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013, Rialachán (AE) Uimh. 223/2014, Rialachán (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n–aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lgh. 1-222)

    Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — Cuid a Trí — Beartais an Aontais agus gníomhaíochtaí inmheánacha — Teideal VIII — Beartas eacnamaíoch agus airgeadaíochta — Caibidil 1 — Beartas eacnamaíoch — Airteagal 122 (sean–Airteagal 100 CCE) (IO C 202, 7.6.2016, lch. 98)

    Nuashonraithe 31.08.2020

    Barr