EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32019R1150

Seirbhísí idirghabhála ar líne — cothroime agus trédhearcacht d’úsáideoirí gnó

Seirbhísí idirghabhála ar líne — cothroime agus trédhearcacht d’úsáideoirí gnó

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) 2019/1150 maidir le cothroime agus trédhearcacht a chur chun cinn d’úsáideoirí gnó a bhaineann úsáid as seirbhísí idirghabhála ar líne

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Féachtar leis cóir chothrom agus thrédhearcach d’úsáideoirí gnó ar ardáin ar líne a áirithiú, trí roghanna níos éifeachtaí a thabhairt dóibh maidir le cúiteamh nuair a bhíonn fadhbanna acu, timpeallacht rialála intuartha agus fabhrach don nuálaíocht a chruthú d’ardáin ar líne laistigh den Aontas Eorpach.

PRÍOMHPHOINTÍ

Raon feidhme

  • Tugtar isteach leis an rialachán rialacha úra maidir le seirbhísí idirghabhála ar líne* (ardáin ar líne) agus innill chuardaigh ar líne a bhfuil sé d’aidhm leo gnólachtaí agus suíomhanna gréasáin de chuid AE a cheangal le tomhaltóirí AE.
  • Cumhdaítear in ardáin ar líne raon leathan gníomhaíochtaí lena n–áirítear:
    • áiteanna margaidh ar líne;
    • ionaid na meán sóisialta agus ábhar cruthaitheach;
    • ardáin dáileacháin feidhmchlár;
    • suíomhanna gréasáin le haghaidh comparáidí praghsanna;
    • áiteanna margaidh an gheilleagair chomhoibrithigh, a mhéid is a n–óstáiltear úsáideoirí gairmiúla orthu sin; agus
    • innill chuardaigh ghinearálta ar líne.
  • Baineann cuid de na príomhghnéithe céanna leo, lena n–áirítear úsáid teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide chun éascaíocht a dhéanamh ar idirghníomhaíocht (lena n–áirítear idirbhirt tráchtála) idir úsáideoirí, ar bhailiú agus úsáid sonraí faoin idirghníomhaíocht sin, agus ar éifeachtaí líonra lena ndéantar an úsáid as na hardáin sin le formhór na n–úsáideoirí níos luachmhaire d’úsáideoirí eile.

Téarmaí agus coinníollacha

Ní mór do sholáthraithe na n–ardán ar líne an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • a áirithiú go bhfuil a dtéarmaí agus a gcoinníollacha d’úsáideoirí gairmiúla sothuigthe agus ar fáil go héasca;
  • na forais fhéideartha maidir lena seirbhísí a shrianadh, a chur ar fionraí nó a fhoirceannadh a mhíniú go soiléir ag an tús;
  • fógra a thabhairt dá n–úsáideoirí gairmiúla 15 lá ar a laghad roimh ré maidir le hathruithe ar bith ar a dtéarmaí agus coinníollacha mura bhfuil siad faoi réir oibleagáid dhlíthiúil shonrach nó dul i ngleic le garbhaol cibearshlándála — i gcás nach gcloífí leis an oibleagáid sin bheadh athruithe ar bith ar neamhní go hiomlán;
  • gníomhú de mheon macánta trí staonadh ó athruithe cúlghabhálacha a chur chun feidhme ar théarmaí agus ar choinníollacha, trí cheart um fhoirceannadh a sholáthar dá n–úsáideoirí gairmiúla agus trí chur síos a dhéanamh ar cé acu an gcoimeádann nó nach gcoimeádann siad rochtain ar shonraí a n–úsáideoirí gnó i ndiaidh fhoirceannadh a gconartha;
  • a mhíniú an gcoimeádann siad cearta ar bith maidir le maoin intleachtúil a n–úsáideoirí gairmiúla nó i gcomhthéacs chumas na n–ardán earraí nó seirbhísí a n–úsáideoirí gairmiúla a mhargú lasmuigh den ardán ábhartha;
  • ráiteas mionsonraithe a chur ar fáil d’úsáideoirí gairmiúla maidir leis na cúiseanna le srianadh, cur ar fionraí nó foirceannadh a seirbhísí — i gcás foirceannadh iomlán, soláthrófar ráiteas dá leithéid 30 lá roimh ré;
  • a áirithiú go bhfuil aitheantas a n–úsáideoirí gairmiúla le feiceáil go soiléir.

Ní mór an méid seo a leanas a bheith sna téarmaí agus coinníollacha:

  • na príomhpharaiméadair lena gcinntear aicmiú agus an tábhacht coibhneasta de i gcoibhneas le gach paraiméadar eile — áireofar ar an gcur síos sin féidearthacht ar bith go n–imreofaí tionchar ar aicmiú i gcoinne luach saothair díreach nó indíreach (chomh maith le hardáin ar líne, ní mór d’innill chuardaigh ar líne na príomhpharaiméadair lena gcinntear aicmiú a leagan amach);
  • más infheidhme, cur síos ar earraí nó ar sheirbhísí coimhdeacha ar bith a d’fhéadfaí a thairiscint ar an ardán ar líne féin mar chomhlánú le hearraí nó seirbhísí a úsáideoirí gairmiúla;
  • cur síos ar chóir dhifriúil ar bith a thugtar d’earraí agus do sheirbhísí a thairgeann siad féin (nó a thairgeann úsáideoirí gairmiúla a rialaíonn siad), i gcomparáid leis an gcóir a thugann siad d’earraí agus do sheirbhísí a thairgeann úsáideoirí gairmiúla eile (tá an fheidhm chéanna ag an oibleagáid sin maidir le hinnill chuardaigh ar líne);
  • cur síos ar rochtain theicniúil agus chonarthach na n–úsáideoirí gairmiúla ar shonraí pearsanta agus ar shonraí eile a sholáthraíonn úsáideoirí gnó nó tomhaltóirí do sheirbhísí idirghabhála ar líne nó a chruthaítear trí úsáid na seirbhísí sin;
  • más infheidhme, breithniú dlíthiúil, eacnamaíoch nó tráchtála maidir le srian ar bith ar chumas úsáideoirí gairmiúla a n–earraí nó a seirbhísí a thairiscint faoi théarmaí difriúla trí bhealaí eile;
  • faisnéis maidir le rochtain agus feidhmiú chóras inmheánach um láimhseáil gearán na n–ardán ar líne chomh maith le hidirghabhálaí amháin nó níos mó ar féidir le húsáideoirí gnó dul ina muinín chun iarracht a dhéanamh díospóidí ar bith a réiteach le soláthraí ábhartha an ardáin ar líne.

Gearáin, idirghabháil agus cúiteamh

  • Ní foláir go mbunóidh soláthraithe ardán ar líne a fhostaíonn os cionn 50 duine nó a fhaigheann láimhdeachas bliantúil os cionn €10 milliún córas inmheánach chun gearáin a láimhseáil ó úsáideoirí gairmiúla faoi neamhchomhlíonadh oibleagáide dlíthiúla arna leagan síos sa rialacháin, nó aon cheisteanna teicniúla, bearta arna ndéanamh ag soláthraithe nó iompar soláthraithe a d’fhéadfadh dul i gcion ar úsáideoirí gnó. Ní mór gearáin a phróiseáil go gasta agus go héifeachtach, agus an toradh a chur in iúl ar bhonn aonair, i dteanga shimplí shothuigthe.
  • Chun bonn eolais a chur faoi mhaoirseacht ag an bhFaireachlann maidir le Geilleagar na nArdán ar Líne, ní mór do sholáthraithe ar líne staidreamh a fhoilsiú ar éifeachtúlacht a gcóras inmheánach um láimhseáil gearán.
  • Chun réiteach díospóidí gasta agus éifeachtach a éascú tuilleadh, ní mór do sholáthraithe ardán ar líne idirghabhálaí amháin nó níos mó a aithint ar féidir le húsáideoirí gnó dul ina muinín chun iarracht a dhéanamh díospóidí ar bith a réiteach le soláthraí ábhartha an ardáin ar líne.

Forfheidhmiú

  • ceart neamhspleách chun caingean a thionscnamh os comhair na cúirteanna náisiúnta ag eagraíochtaí ionadaíocha agus ag comhaltaí poiblí agus chun dul i ngleic le neamhchomhlíonadh ar bith ag soláthraithe idirghabhála ar líne agus inneall cuardaigh ar líne maidir leis an rialachán.
  • Lena chois sin soláthróidh tíortha AE sásraí poiblí éifeachtacha forfheidhmiúcháin.

Athbhreithniú

Cuideoidh an Fhaireachlann maidir le Geilleagar na nArdán ar Líne leis an gCoimisiún faireachán a dhéanamh ar thionchar na rialacha úra chomh maith le ceisteanna agus deiseanna atá ag teacht chun cinn sa gheilleagar digiteach. Faoin 13 Eanáir 2022, déanfaidh an Coimisiún a mheas cé acu an bhféadfadh nó nach bhféadfadh gá a bheith le rialacha breise nó rialacha éagsúla mar chuid den athbhreithniú tuartha ar an rialachán.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Beidh sé i bhfeidhm ón 12 Iúil 2020.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleamh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Seirbhísí idirghabhála ar líne: ardáin ar líne — seirbhísí na sochaí faisnéise trínar féidir le húsáideoirí gnó earraí nó seirbhísí a thairiscint do thomhaltóirí, chun éascaíocht a dhéanamh ar idirbhirt dhíreacha a thionscnamh idir na húsáideoirí gnó agus na tomhaltóirí sin; soláthraítear iad d’úsáideoirí gnó ar bhonn caidreamh conarthach idir soláthraí na seirbhísí sin agus úsáideoirí gnó a thairgeann earraí agus seirbhísí do thomhaltóirí.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE) 2019/1150 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le cothroime agus trédhearcacht a chur chun cinn d’úsáideoirí gnó a bhaineann úsáid as seirbhísí idirghabhála ar líne (IO L 186, 11.7.2019, lgh. 57-79)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Treoir (AE) 2016/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le fios gnó agus faisnéis neamhnochta (rúin trádála) a chosaint i gcoinne iad a fháil, a úsáid agus a nochtadh go neamhdhleathach (IO L 157, 15.6.2016, lgh. 1-18)

Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 i ndáil le cosaint daoine nádúrtha maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n–aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle (IO L 119, 4.5.2016, lgh. 89-131)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) 2016/680 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Treoir (AE) 2015/1535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meán Fómhair 2015 lena leagtar síos nós imeachta d’fhonn faisnéis a sholáthar i réimse na rialachán teicniúil agus rialacha maidir le seirbhísí na sochaí faisnéise (IO L 241, 17.9.2015, lgh. 1-15)

Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2012 maidir le dlínse agus aithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála (IO L 351, 20.12.2012, lgh. 1-32)

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (CE) Uimh. 593/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 maidir leis an dlí is infheidhme ar oibleagáidí conarthacha (Róimh I) (IO L 177, 4.7.2008, lgh. 6-16)

Féach an leagan comhdhlúite.

Treoir 2008/52/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2008 maidir le gnéithe áirithe na hidirghabhála in ábhair shibhialta agus thráchtála (IO L 136, 24.5.2008, lgh. 3-8)

Nuashonraithe 19.08.2019

Barr