EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32017R2403

Bainistiú inbhuanaithe a dhéanamh ar chabhlaigh iascaireachta sheachtracha

Bainistiú inbhuanaithe a dhéanamh ar chabhlaigh iascaireachta sheachtracha

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) 2017/2403 — bainistiú inbhuanaithe a dhéanamh ar chabhlaigh iascaireachta sheachtracha

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

PRÍOMHPHOINTÍ

Údaruithe iascaireachta

Teastaíonn údarú i leith shoithí AE a bhíonn ag iascaireacht lasmuigh d’uiscí AE ón tír AE ina bhfuil sé cláraithe (“stát na brataí”). Tá an t-údarú bunaithe ar shraith critéar comhchoiteann incháilitheachta, lena n–áirítear:

  • faisnéis riaracháin maidir leis an soitheach, maidir leis an úinéir agus maidir leis an máistir;
  • uimhir aitheantais uathúil soithigh ón Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta (IMO) i gcás go gceanglaítear é sin le dlí AE;
  • ceadúnas bailí iascaireachta;
  • cruthúnas nach bhfuil an soitheach ar liosta de shoithí iascaireachta neamhdhleathacha (NNN) atá glactha ag eagraíocht réigiúnach um bainistíocht iascaigh agus/nó ag AE.

Le linn thréimhse na bailíochta, ní mór do stát na brataí lena mbaineann monatóireacht rialta a dhéanamh ar cibé an bhfuil coinníollacha an údaraithe á gcomhlíonadh fós ag an soitheach nó nach bhfuil.

Ní mór dó a chinntiú go ndéanfar na gníomhaíochtaí in uiscí Stáit Chósta eachtraigh agus go bhfuil údarú aige ón Stát Cósta sin, agus i ndiaidh measúnú eolaíochta agus a dhéanamh a bhailíochtú, ina bhfíoraítear inbhuanaitheacht na n–oibríochtaí iascaireachta.

Ba cheart do shoithí AE iascaireacht a dhéanamh ar an mbarrachas a chinneann an Stát Cósta eachtrach, nó maidir le speicis imirce, go dtugtar meas ar na rialacha atá leagtha amach do na speicis sin ar an leibhéal réigiúnach.

Oibríochtaí maidir le soithí a aistriú go clár loingseoireachta tíre eile

Maidir le soitheach a d’fhág clár AE le hathchlárú i dtír neamh-AE le linn na 5 bliana roimh an iarratas ar údarú — agus a d’fhill ina dhiaidh sin ar chlár AE — ní gheobhaidís an t–údarú ach má sheiceáil tír AE lena mbaineann nach raibh an soitheach i mbun gníomhaíochtaí NNN, ná nár oibrigh sé i dtír neamh-chomhoibríoch nó i dtríú tír arna sainaithint mar iascaireacht neamh-inbhuanaithe a cheadú.

Clár poiblí

Bunófar clár leictreonach AE um údarú iascaireachta agus beidh cuid de ar fáil don phobal. Beidh faisnéis sa chuid phoiblí maidir le hainm an tsoithigh, uimhir IMO, an spriocspeiceas agus an limistéar iascaireachta.

bunachar sonraí ag AE faoi láthair ina gcaithfear gach soitheach iascaireachta a bhfuil bratach thír AE ar foluain aige, agus atá cláraithe i gcríoch AE, a chlárú.

Cén uair atá tosach feidhme an rialacháin?

Tá feidhm leis ón 17 Eanáir 2018.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh eolais, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE) 2017/2403 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le bainistiú inbhuanaithe a dhéanamh ar chabhlaigh iascaireachta sheachtracha, agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1006/2008 (IOJ L 347, 28.12.2017, lgh. 81-104)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lgh. 22-61)

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (AE) Uimh. 1026/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le bearta áirithe d’fhonn stoic éisc a chaomhnú i ndáil le tíortha a cheadaíonn iascaireacht neamh-inbhuanaithe (IO L 316, 14.11.2012, lgh. 34-37)

Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe Aontais chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 847/96, Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002, Rialachán (CE) Uimh. 811/2004, Rialachán (CE) Uimh. 768/2005, Rialachán (CE) Uimh. 2115/2005, Rialachán (CE) Uimh. 2166/2005, Rialachán (CE) Uimh. 388/2006, Rialachán (CE) Uimh. 509/2007, Rialachán (CE) Uimh. 676/2007, Rialachán (CE) Uimh. 1098/2007, Rialachán (CE) Uimh. 1300/2008 agus Rialachán (CE) Uimh. 1342/2008 agus lena n–aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 2847/93, Rialachán (CE) Uimh. 1627/94 agus Rialachán (CE) Uimh. 1966/2006 (IO L 343, 22.12.2009, lgh. 1-50)

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 23.10.2018

Barr