Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32016R1104

    Comhar feabhsaithe maidir le ceisteanna a bhaineann le maoin lánúineacha pósta agus páirtnéireachtaí cláraithe

    Comhar feabhsaithe maidir le ceisteanna a bhaineann le maoin lánúineacha pósta agus páirtnéireachtaí cláraithe

     

    ACHOIMRE AR:

    Rialachán (AE) 2016/1103 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe sa réimse maidir le dlínse, an dlí is infheidhme agus le breitheanna i nithe a bhaineann le réimis maoine pósta a aithint agus a fhorfheidhmiú

    Rialachán (AE) 2016/1104 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe sa réimse maidir le dlínse, an dlí is infheidhme agus le breitheanna i nithe a bhaineann le hiarmhairtí maoine páirtnéireachtaí cláraithe a aithint agus a fhorfheidhmiú

    CAD IS AIDHM LEIS NA RIALACHÁIN?

    Leis an dá rialachán cinntear na rialacha is infheidhme maidir le maoin lánúineacha pósta nó páirtnéireachtaí cláraithe i gcás go bhfuil náisiúntachtaí éagsúla AE ag na lánúineacha nó i gcás go bhfuil a maoin ag lánúineacha i dtír eile AE.

    Achoimrítear iontu rialacha leasaithe, arna gcomhaontú ag 18 dtír AE, maidir leis an dlínse, na dlíthe ba cheart a chur i bhfeidhm, agus maidir le breitheanna a bhaineann le réimis maoine pósta*iarmhairtí maoine* páirtnéireachta cláraithe* a thagann chun cinn nuair a thagann deireadh le pósadh nó le páirtnéireachtaí cláraithe, nó nuair a fhaigheann páirtí amháin bás a aithint agus a fhorfheidhmiú.

    PRÍOMHPHOINTÍ

    Is iad seo a leanas na 18 dtír AE a bhfuil páirt á glacadh acu sa chomhar feabhsaithe: an Bheilg, an Bhulgáir, an Chipir, an tSeicia, an Ghearmáin, an Ghréig, an Spáinn, an Fhrainc, an Chróit, an Iodáil, Lucsamburg, Málta, an Ísiltír, an Ostair, an Phortaingéil, an tSlóivéin, an Fhionlainn agus an tSualainn, faoi mar a údaraíodh le Cinneadh (AE) 2016/954 ón gComhairle. Is féidir le tíortha eile páirt a ghlacadh ann tráth ar bith i ndiaidh an rialachán a ghlacadh. Maidir leis sin, d’fhógair an Eastóin a suim ann, agus go mbreathnódh sí ar pháirt a ghlacadh sa chomhar nuair a ghlacfar é.

    Raon feidhme

    Ní chumhdaítear ceisteanna maidir le cumas dlíthiúil na gcéilí, aithint nó bailíocht an phósta, oibleagáidí cothabhála agus oidhreacht. Ní athraítear leis na rialacháin na dlíthe náisiúnta maidir le pósadh nó páirtnéireachtaí cláraithe, agus leagtar síos iontu go bhfuil feidhm ag an dlí is infheidhme maidir leis na sócmhainní ar fad, beag beann ar an áit a bhfuil na sócmhainní lonnaithe, agus beidh feidhm leis cibé acu an dlí nó nach dlí de chuid thír AE é.

    Dlínse

    Tá sé mar aidhm leis an rialachán a cheadú do shaoránaigh go bpléifí cúirteanna sa tír chéanna de chuid AE lena gcásanna. Féadfaidh céilí agus páirtithe teacht ar chomhaontú maidir le cibé tír a mbeidh a dlíthe i bhfeidhm maidir lena maoin phósta nó lena maoin páirtnéireachta cláraithe:

    • sa tír ina bhfuil “gnáthchónaí” ar dhuine amháin acu nó an ar an mbeirt acu;
    • tír náisiúntachta ceachtar céilí nó páirtí;
    • sa tír ar cruthaíodh an pháirtnéireacht chláraithe faoina dlí.

    I gcás nach ndéanann an lánúin an rogha sin, cinnfear an dlínse i gcás na maoine pósta bunaithe ar (curtha in ord):

    • an tír inar chónaí an bheirt acu i ndiaidh deireadh a theacht leis an bpósadh; nó
    • comh-náisiúntacht na lánúine nuair a tháinig deireadh leis an bpósadh; nó
    • an tír ina raibh an bhaint is dlúithe ag an lánúin nuair a tháinig deireadh leis an bpósadh.

    Mura n–aithnítear an pósadh i ndlí náisiúnta chun críocha na maoine pósta féadfaidh an chúirt diúltú don dlínse, agus mar an gcéanna don pháirtnéireacht chláraithe. Ní chuirtear cosc leis an rialachán ar pháirtithe socrú a dhéanamh go cairdiúil lasmuigh den chúirt, mar shampla, os comhair nótaire, i dtír AE dá rogha.

    Sa rialachán maidir le páirtnéireachtaí cláraithe leagtar amach na ceisteanna a bhaineann le hiarmhairtí maoine páirtnéireachtaí cláraithe, go sonrach leachtú sócmhainní agus éifeachtaí iarmhairtí maoine na páirtnéireachta cláraithe maidir le caidreamh dlíthiúil idir páirtí agus tríú páirtithe.

    Breitheanna a aithint agus a fhorfheidhmiú

    Tá rialacha sa rialachán maidir le haithint, in–fhorfheidhmitheacht agus forfheidhmiú breitheanna atá cosúil le breitheanna rialacha eile AE maidir le comhar breithiúnach i gcúrsaí sibhialta. Áirítear ar fhorais um neamh-aithint breithe cúinsí inar léir go dtagann aithint dá leithéid salach ar an mbeartas poiblí i dtír AE ina bhfuil an aithint á hiarraidh.

    CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA RIALACHÁN?

    Seachas roinnt cúinsí ullmhúcháin riaracháin, tá feidhm leis na rialacháin ón 29 Eanáir 2019.

    PRÍOMHTHÉARMAÍ

    Réimeas maoine pósta: rialacha a bhaineann le caidreamh maoine idir céilí agus ina gcaidreamh le tríú páirtithe, mar thoradh ar phósadh nó mar thoradh ar dheireadh leis an bpósadh.
    Páirtnéireacht chláraithe: an réimeas lena rialaítear saol comhroinnte beirt daoine a ndéantar foráil ina leith sa dlí, a bhfuil a clárú éigeantach faoin dlí sin agus lena gcomhlíontar na foirmiúlachtaí dlíthiúla a cheanglaítear leis an dlí sin lena chruthú.
    Iarmhairtí maoine páirtnéireachta cláraithe: rialacha a bhaineann le caidreamh maoine na bpáirtithe, eatarthu féin agus a gcaidreamh le tríú páirtithe, mar thoradh ar chaidreamh dlíthiúil arna chruthú le clárú na páirtnéireachta nó le deireadh leis an bpáirtnéireacht sin.

    PRÍOMHDHOICIMÉID

    Cinneadh (AE) 2016/1103 an 24 Meitheamh 2016 lena leasaítear comhar feabhsaithe sa réimse maidir le dlínse, an dlí is infheidhme agus le breitheanna i nithe a bhaineann le réimis maoine pósta a aithint agus a fhorfheidhmiú (IO L 183, 8.7.2016, lgh. 1-29)

    Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) 2016/1103 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

    Cinneadh (AE) 2016/1104 ón gComhairle an 24 Meitheamh 2016 lena gcuirtear chun feidhme comhar feabhsaithe sa réimse maidir le dlínse, an dlí is infheidhme agus le breitheanna i nithe a bhaineann le hiarmhairtí maoine páirtnéireachtaí cláraithe a aithint agus a fhorfheidhmiú (IO L 183, 8.7.2016, lgh. 30-56)

    Féach an leagan comhdhlúite.

    DOICIMÉAD GAOLMHAR

    Cinneadh (AE) 2016/954 ón gComhairle an 9 Meitheamh 2016 lena n–údaraítear comhar feabhsaithe sa réimse maidir le dlínse, an dlí is infheidhme agus le breitheanna i nithe a bhaineann le réimis maoine lánúineacha idirnáisiúnta a aithint agus a fhorfheidhmiú, ina gcumhdaítear an dá cheist um réimis maoine pósta agus iarmhairtí maoine páirtnéireachtaí cláraithe (IO L 159, 16.6.2016, lgh. 16-18)

    Nuashonraithe 07.09.2018

    Barr