This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32015D1763
Bearta sriantacha an Aontais i bhfianaise na staide sa Bhurúin
Cinneadh (CBES) 2015/1763 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhurúin
Rialachán (AE) 2015/1755 maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhurúin
Is cuid de bhosca uirlisí chomhbheartas eachtrach agus slándála (CBES) an Aontais Eorpaigh iad an cinneadh agus an rialachán, lena gcuirtear cuspóirí CBES chun cinn tríd an mbunús dlí a chur ar fáil do smachtbhannaí AE i bhfianaise na staide sa Bhurúin.
Rinneadh Cinneadh (CBES) 2015/1763 agus Rialachán (AE) 2015/1755 a leasú roinnt uaireanta. Áirítear orthu sin bearta sriantacha lena ndírítear orthu siúd atá freagrach as an mbonn a bhaint den daonlathas nó as bac a chur ar an gcuardach ar réiteach polaitiúil sa Bhurúin, nó a bhfuil baint acu le gníomhartha a phleanáil, a stiúradh nó a dhéanamh a sháraíonn an dlí daonnúil idirnáisiúnta nó an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine, nó ar sáruithe tromchúiseacha iad ar chearta an duine, sa Bhurúin, in éineacht lena gcomhpháirtithe. Áirítear ar na bearta sriantacha sin:
Leagtar amach liosta de na daoine atá faoi réir na mbeart sriantach sin in iarscríbhinní a ghabhann leis an gcinneadh agus leis an rialachán. Cinneann Comhairle an Aontais Eorpaigh athruithe ar an liosta sin.
Ceadaítear díolúintí ó na bearta sin leis an gcinneadh agus leis an rialachán araon, agus áirítear leo sin:
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:
Cinneadh (CBES) 2015/1763 ón gComhairle an maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhurúin (IO L 257, , lgh. 37–41).
Ionchorpraíodh sa bhuntéacs leasuithe i ndiaidh a chéile ar Chinneadh (CBES) 2015/1763. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
Rialachán (AE) 2015/1755 ón gComhairle an maidir le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhurúin (IO L 257, , lgh. 1–10).
Féach an leagan comhdhlúite.
nuashonrú is deireanaí