Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32014R0608

    Buiséad AE: conas a chuirtear a chóras acmhainní dílse chun feidhme

    Stádas dlíthiúil an doiciméid Tá an achoimre seo curtha sa chartlann agus ní dhéanfar í a nuashonrú. Féach 'Buiséad AE: an dóigh a gcuirtear an córas acmhainní dílse chun feidhme' le haghaidh eolas nuashonraithe faoin ábhar.

    Buiséad AE: conas a chuirtear a chóras acmhainní dílse chun feidhme

     

    ACHOIMRE AR:

    Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 608/2014 maidir le córas acmhainní dílse AE a chur chun feidhme

    CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

    PRÍOMHPHOINTÍ

    Faigheann AE a phríomhioncam óna acmhainní dílse. Ní mór caiteachas bliantúil AE a bheith cumhdaithe go hiomlán lena ioncam bliantúil.

    3 chineál acmhainní dílse ann:

    • 1.

      Acmhainní dílse traidisiúnta ina gcuimsítear dleachtanna custaim go príomha ar allmhairí ó lasmuigh de AE agus tobhaigh siúcra. Coinníonn AE 25% de na suimeanna mar chostais um bailiú.

    • 2.

      Acmhainní dílse bunaithe ar cháin bhreisluacha (CBL) — déantar ráta aonfhoirmeach 0.3% a thobhach ar an mbonn caighdeánach CBL ar fud AE de gach tír AE.

    • 3.

      Acmhainní dílse bunaithe ar ollioncam náisiúnta (OIN) — aistríonn gach tír AE a céatadán caighdeánach dá OIN chuig AE.

    Rialú agus maoirsiú

    Maidir le hacmhainní dílse traidisiúnta, ní mór do thíortha AE:

    • seiceálacha agus fiosruithe a dhéanamh maidir le bunú agus cur ar fáil na n–acmhainní dílse sin;
    • bearta cigireachta breise a dhéanamh ar iarratas ón gCoimisiún.

    Féadfaidh an Coimisiún páirt a ghlacadh sa chigireacht sin é féin agus féadfaidh sé a sheiceálacha féin ar an láthair a dhéanamh.

    Maidir le hacmhainní dílse bunaithe ar OIN, ní mór don Choimisiún:

    • cigireacht a dhéanamh ar mheastacháin, áirimh agus boinn staitistiúla áirithe a úsáideann tíortha aonair AE
    • rochtain a bheith aige ar nósanna imeachta staitistiúla áirithe agus ar staitisticí bunúsacha.

    Cigireachtaí an Choimisiúin

    • Tugtar údarú sa rialachán don Choimisiún chun oifigigh a cheapadh chun a chigireacht féin a dhéanamh.
    • Tá an fhaisnéis a fhaightear faoi réir rúndacht ghairmiúil agus tá sonraí pearsanta cosanta ag dlí náisiúnta na tíre a bhfuil cigireachta á déanamh uirthi chomh maith le dlíthe ábhartha cosanta sonraí AE.
    • Ní mór torthaí na cigireachta a dhéanann gníomhairí an Choimisiúin a thabhairt do thír AE lena mbaineann laistigh de 3 mhí.

    Tuarascálacha

    Ceanglaítear ar thíortha AE:

    • cur síos a chur chuig an gCoimisiún ar chásanna um chalaois nó neamhrialtachtaí maidir le hacmhainní dílse traidisiúnta a bhaineann le teidlíochtaí os cionn EUR 10 000
    • tuarascálacha bliantúla mionsonraithe a chur isteach chuig an gCoimisiún maidir lena gcigireacht féin i dtaca le hacmhainní dílse traidisiúnta lena n–áirítear na torthaí agus na sonraí foriomlána.

    Táirgeann an Coimisiún:

    • tuarascáil achomair do na tíortha AE bunaithe ar na tuarascálacha bliantúla a chuireann siad ar fáil
    • tuarascáil don Chomhairle agus do Pharlaimint na hEorpa gach 3 bliana ar fheidhmiú na socruithe cigireachta le haghaidh acmhainní dílse traidisiúnta.

    CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

    Tá feidhm leis ón 1 Eanáir 2014.

    CÚLRA

    Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

    PRÍOMHTHÉARMAÍ

    Iarmhéideanna: sa chás seo, tagraíonn an téarma do ríomh an mhéid a fhaigheann tír AE ó bhuiséad AE agus don mhéid a íocann sí isteach sa bhuiséad AE.

    PRÍOMHDHOICIMÉAD

    Rialachán (AE, Euratom) ón gComhairle Uimh. 608/2014 an 26 Bealtaine 2014 lena leagtar síos bearta cur chun feidhme do chóras acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh (IO L 168, 7.6.2014, lgh. 29-38)

    DOICIMÉID GHAOLMHARA

    Cinneadh ón gComhairle 2014/335/AE, Euratom an 26 Bealtaine 2014 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh (IO L 168, 7.6.2014, lgh. 105-111)

    Rialachán (AE, Euratom) ón gComhairle Uimh. 609/2014 an 26 Bealtaine 2014 maidir leis na modhanna agus an nós imeachta chun na hacmhainní dílse traidisiúnta, CBL agus OIN-bhunaithe a chur ar fáil agus ar na bearta chun riachtanais airgid a chomhlíonadh (Athmhúnlú) (IO L 168, 7.6.2014, lgh. 39-52)

    Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 609/2014 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

    Nuashonraithe 28.02.2019

    Barr