Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32014R0283

    Tacú le gréasáin teileachumarsáide agus bonneagair seirbhíse digití ar fud na hEorpa

    Stádas dlíthiúil an doiciméid Tá an achoimre seo curtha sa chartlann agus ní dhéanfar í a nuashonrú. Féach 'An tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (2021-2027)' le haghaidh eolas nuashonraithe faoin ábhar.

    Tacú le gréasáin teileachumarsáide agus bonneagair seirbhíse digití ar fud na hEorpa

     

    ACHOIMRE AR:

    Rialachán (AE) Uimh. 283/2014 — treoirlínte le haghaidh gréasán tras-Eorpach i réimse an bhonneagair teileachumarsáide

    CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

    Leagtar síos leis na treoirlínte maidir le tionscadail leasa choitinn phoiblí i réimse an bhonneagair teileachumarsáide tras-Eorpaigh. Tá na cuspóirí ginearálta leis an tionscadal leasa choitinn seo leagtha síos i Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 lena mbunaítear an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa 2014-2020 (CEF).

    Tá na treoirlínte riachtanach chun imlonnú tráthúil agus idir-inoibritheacht na ngréasán teileachumarsáide a áirithiú.

    Aisghairtear leis Cinneadh Uimh. 1336/97/CE le héifeacht ón 31 Nollaig 2013.

    Leasaíodh an rialachán in 2017 le Rialachán (AE) 2017/1953 lena dtugtar isteach tionscnamh WiFi4EU. Leis an rialachán nua seo féadfaidh AE maoiniú a dheonú d’fhonn tacú le rochtain ar nascacht áitiúil gan sreang ar ardchaighdeán atá saor in aisce, gan dálaí idirdhealaitheacha, in áiteanna poiblí (e.g. foirgnimh amhail leabharlanna agus ospidéil, agus spásanna lasmuigh amhail páirceanna).

    PRÍOMHPHOINTÍ

    Raon feidhme

    Cumhdaítear leis an rialachán tionscadail leasa choitinn Eorpaigh i réimse na ngréasán tras-Eorpach maidir le bonneagar teileachumarsáide a bhfuil sé mar aidhm leo rannchuidiú leis an bhfás eacnamaíoch agus chun saol laethúil saoránach, gnóthas agus údarás poiblí i margadh aonair digiteach an Aontais Eorpaigh a fheabhsú.

    Leagtar síos leis an rialachán na critéir ar bhonn na dtionscadal leasa choitinn atá i dteideal maoiniú AE agus leagtar síos leis na tosaíochtaí maoinithe.

    Is iad a leanas na 3 chatagóir tionscadal a chumhdaítear leis an rialachán seo:

    • bonneagair seirbhísí digiteacha;
    • líonraí leathanbhanda (maidir le rochtain ar rí-ardluas ar an idirlíon); agus
    • nascacht áitiúil gan sreang saor in aisce in áiteanna poiblí.

    Critéir incháilitheachta maidir le bonneagair seirbhísí digiteacha

    Chun a bheith incháilithe do mhaoiniú, ní mór do bhonneagair seirbhísí digiteacha:

    • a bheith aibí go leor lena n–úsáid;
    • cur le beartais mhargadh aonair an Aontais Eorpaigh;
    • breisluach Eorpach a chruthú (i.e. cuireann maoiniú AE leis an luach i gcomparáid leis an luach a chruthaíonn tíortha AE a ghníomhaíonn leo féin);
    • straitéis inbhuanaitheachta fadtéarmaí a bheith acu;
    • caighdeáin idirnáisiúnta agus/nó Eorpachasonraíochtaí oscailte a chomhlíonadh.

    Tá ardán seirbhíse lárnach (mol lárnach) ar leibhéal AE a chomhlíonann na critéir incháilitheachta le soláthar ag an gCoimisiún Eorpach faoi réir an mhaoinithe atá ar fáil. D’fhéadfadh páirtithe leasmhara deontas a fháil as nascadh leis an tseirbhís lárnach ar choinníoll go gcomhlíonfaidís na critéir cháilitheachta.

    Critéir incháilitheachta do líonraí leathanbhanda

    Maidir le tionscadail incháilitheachta:

    • ní mór go rannchuideoidh siad le spriocanna an tionscnaimh shuaitheanta Eoraip 2020, an Clár Oibre Digiteach don Eoraip, a bhaint amach;
    • ní mór dóibh a bheith aibí go leor;
    • ní mór dóibh aghaidh a thabhairt ar mhainneachtain sa mhargadh nó ar chásanna infheistíochta fo-optamacha;
    • ní mór nach mbeidh siad ina gcúis le saobhadh ar an margadh nó plódú infheistíochtaí príobháideacha;
    • ní mór dóibh úsáid a bhaint as na teicneolaíochtaí úrscothacha is oiriúnaí chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais an limistéir gheografaigh atá i gceist, an chothromaíocht is fearr a thairiscint le héifeachtúlacht costais agus neodracht ó thaobh na teicneolaíochta de* a urramú;
    • ní mór ardacmhainn in-mhacasamhlaitheachta a bheith iontu agus/nó a bheith bunaithe ar shamhail ghnó nuálach.

    Maoinítear tionscadail leathanbhanda trí:

    • ionstraimí airgeadais, a fhéadfar a chomhcheangal le ranníocaíochtaí breise ó
      • earnálacha eile den tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (CEF)
      • ionstraimí nó cláir eile ó bhuiséad AE
      • tíortha AE (lena n–áirítear údaráis réigiúnacha agus áitiúla) agus
      • aon infheisteoirí eile, (lena n–áirítear infheisteoirí príobháideacha); nó
    • teaglaim d’ionstraimí airgeadais agus de dheontais ó fhoinsí poiblí seachas CEF, cibé acu ó fhoinsí AE nó ó fhoinsí náisiúnta iad.

    Critéir incháilitheachta do thionscadail nascachta gan sreang áitiúla saor in aisce in áiteanna poiblí

    Maidir le tionscadail incháilitheachta:

    • ní mór dóibh a bheith curtha chun feidhme ag comhlacht earnála poiblí a áirithíonn go ndéanfar é a fheidhmiú go ceann íosmhéid de 3 bliana;
    • ní mór dóibh pointí rochtana áitiúla gan sreang a shuiteáil in áiteanna poiblí áitiúla;
    • ní mór dóibh leas a bhaint as nascacht leathanbhanda ardluais agus as an trealamh is fearr atá ar fáil le rochtain ardchaighdeáin ar an idirlíon a sheachadadh chuig úsáideoirí deiridh saor in aisce, gan dálaí idirdhealaitheacha, atá éasca le rochtain, daingnithe, in ann ardluas nascachta a sheachadadh agus tacú le rochtain ar sheirbhísí digiteacha nuálacha;
    • ní mór dóibh rochtain a sholáthar i dteangacha náisiúnta ábhartha thír AE lena mbaineann agus, más féidir, i dteangacha oifigiúla eile an Aontais Eorpaigh;
    • ní mór dóibh úsáid a bhaint as an sainaitheantas coiteann físeach agus nascadh le huirlisí gaolmhara ar líne;
    • ní mór dóibh neodracht teicneolaíochta a urramú, úsáid éifeachtach a bhaint as maoiniú poiblí agus a bheith in ann oiriúnú do na tairiscintí teicneolaíochta is fearr;
    • ní mór nach ndéanfaidh siad dúbláil ar sheirbhísí príobháideacha nó poiblí comhchosúla saor in aisce atá ar fáil cheana féin sa spás poiblí céanna.

    Déantar gníomhaíochtaí chun nascacht gan sreang áitiúil saor in aisce a sholáthar a mhaoiniú trí dheontais nó trí chineálacha eile cúnaimh airgeadais, gan ionstraimí airgeadais san áireamh. Leithdháiltear an buiséad atá ar fáil ar bhealach cothrom ó thaobh geografaíochta de ar fud thíortha AE i bhfianaise líon na moltaí a fuarthas ar bhonn “tús freastail ar an gceann is túisce”.

    Tosaíochtaí maoinithe do bhonneagair seirbhísí digiteacha

    Tabharfar tús áite do mhaoiniú do bhonneagair seirbhísí digiteacha ar “bloic thógála” riachtanacha maidir le bunú, imscaradh agus oibriú bhonneagair eile na seirbhíse digití agus is dócha go n–úsáidfear é ina leith sin. Tá na bonneagair seirbhísí digiteacha bloic thógála seo i bhfoirm bonneagair seirbhísí digiteacha ath-inúsáidte lena soláthraítear eilimintí riachtanacha chun réimse seirbhísí digiteacha a chruthú agus a oibriú

    Seo a leanas roinnt samplaí:

    • aitheantas agus fíordheimhniú leictreonach;
    • seachadadh slán, inrianaithe leictreonach doiciméad;
    • uathaistriúchán do sheirbhísí digiteacha ar fud na hEorpa; agus
    • sonrascú slán leictreonach.

    Tá tuilleadh sonraí faoi chritéir incháilitheachta agus faoi thosaíochtaí maoinithe le fáil in Airteagal 6 den rialachán agus san iarscríbhinn a ghabhann leis.

    CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

    Tá feidhm leis ón 1 Eanáir 2014.

    CÚLRA

    Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

    PRÍOMHTHÉARMAÍ

    Neodracht na teicneolaíochta: an tsaoirse atá ag daoine aonair agus ag eagraíochtaí an teicneolaíocht is oiriúnaí agus is iomchuí dá gcuid riachtanas a roghnú. Ní dhéanann táirgí, seirbhísí nó creataí rialála lena gcuirtear san áireamh prionsabal neodracht na teicneolaíochta forchur ná idirdhealú i bhfabhar úsáid a bhaint as cineál áirithe teicneolaíochta.

    PRÍOMHDHOICIMÉAD

    Rialachán (AE) Uimh. 283/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 maidir le treoirlínte le haghaidh gréasán tras-Eorpach i réimse an bhonneagair teileachumarsáide agus lena n–aisghairtear Cinneadh Uimh. 1336/97/CE (IO L 86, 21.3.2014, lgh. 14-26)

    Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) Uimh. 283/2014 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

    DOICIMÉID GHAOLMHARA

    Rialachán (AE) Uimh. 2017/1953 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2017 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 283/2014 maidir le nascacht idirlín a chur chun cinn i bpobail áitiúla (IO L 286, 1.11.2017, lgh. 1-8)

    Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 913/2010 agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 680/2007 agus Rialachán (CE) Uimh. 67/2010 (IO L 348, 20.12.2013, lgh. 129-171)

    Féach an leagan comhdhlúite.

    Nuashonraithe 18.01.2019

    Barr