EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32014L0031

Rialacha an Aontais Eorpaigh lena n–áirithítear go bhfuil uirlisí neamh-uathoibríocha meáite cruinn

Rialacha an Aontais Eorpaigh lena n–áirithítear go bhfuil uirlisí neamh-uathoibríocha meáite cruinn

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 2014/31/AE maidir le huirlisí neamh–uathoibríocha meáite

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

Leagtar síos léi rialacha aonfhoirmeacha ar fud an Aontais Eorpaigh maidir le díol agus cur i seirbhís uirlisí neamh–uathoibríocha meáite*. Tá uirlisí neamh–uathoibríocha meáite tábhachtach ó thaobh trádála, tomhaltóirí agus tionscail de toisc go n–áirithítear leo cruinneas na dtomhas agus gur cabhair iad maidir le trédhearcacht agus cothroime idirbheart tráchtála.

Tá sé mar aidhm léi:

  • na ceanglais fhíor–riachtanacha a bhunú nach mór d’uirlisí neamh–uathoibríocha meáite a chomhlíonadh;
  • rialacha níos simplí, níos soiléire agus níos comhsheasmhaí a thabhairt isteach, rud a áiritheoidh inrianaitheacht;
  • na hualaí riaracháin atá ar mhonaróirí, ar allmhaireoirí agus ar dháileoirí a laghdú;
  • a áirithiú gur féidir le huirlisí a chomhlíonann na ceanglais fhíor–riachtanacha gluaiseacht faoi shaoirse laistigh den Aontas Eorpach.

Ba chóir go mbeadh an méid seo a leanas i measc na sochar:

  • uirlisí neamh–uathoibríocha meáite atá níos comhlíontacha agus níos cruinne ar mhargadh an Aontais Eorpaigh agus leibhéil mhéadaithe muiníne phoiblí iontu;
  • níos lú uirlisí neamhchomhlíontacha agus níos lú saofa ar an iomaíocht ar an margadh a eascraíonn as cleachtais fhorfheidhmithe éagsúla;
  • cosaint ag an bpobal ar thomhais mhíchearta;
  • deiseanna breise don nuálaíocht theicneolaíoch, trí chur chuige rialála nua–aimseartha a ghlacadh.

Athmhúnlaítear agus aisghairtear leis an treoir Treoir 2009/23/CE.

PRÍOMHPHOINTÍ

Leis an treoir tugtar reachtaíocht um uirlisí neamh–uathoibríocha meáite i gcomhréir le “creat reachtach nua” an Aontais Eorpaigh. Tá 2 théacs chomhlántacha sa chreat seo:

Raon feidhme

  • Tá feidhm ag an treoir maidir le gach uirlis neamh–uathoibríoch mheáite atá nua ar mhargadh an Aontais Eorpaigh nuair a chuirtear ar an margadh sin iad nó nuair a chuirtear i seirbhís iad, is é sin gurb é atá i gceist leo:
    • gur uirlisí neamh–uathoibríocha meáite nua iad arna ndéanamh ag monaróir atá bunaithe san Aontas Eorpach; nó
    • gur uirlisí neamh–uathoibríocha meáite iad arna n–allmhairiú ó thír neamh–AE, bídís nua nó athláimhe.
  • Tá feidhm ag an treoir le gach cineál soláthair uirlisí neamh–uathoibríocha meáite, lena n–áirítear ciandíol.
  • Leis an treoir déantar idirdhealú idir na catagóirí úsáide seo a leanas a bhaineann le huirlisí neamh–uathoibríocha meáite chun meáchan a chinneadh le haghaidh na nithe seo a leanas:
    • idirbhearta tráchtála;
    • dola, taraif, cáin, bónas, pionós, luach saothair, slánaíocht nó íocaíocht chomhchosúil a ríomh;
    • cur i bhfeidhm dlíthe nó rialachán nó le haghaidh tuairim shaineolach a tugtar in imeachtaí cúirte;
    • cleachtadh na míochaine chun othair a mheá chun críocha monatóireachta, diagnóise agus cóireála leighis;
    • cógais a ullmhú ar oideas i gcógaslann agus meáchan a chinneadh in anailísí a dhéantar i saotharlanna leighis agus cógaisíochta;
    • chun críocha díolachán díreach don phobal agus réamhphacáistí a ullmhú.

Freagrachtaí monaróirí, allmhaireoirí agus dáileoirí

Ní mór do mhonaróirí a áirithiú:

  • go bhfuil marcáil comhréireachta ar gach uirlis neamh–uathoibríocha mheáite atá ar díol san Aontas Eorpach ar a bhfuil an mharcáil comhréireachta Eorpach (CE) mar aon leis an gcomhartha méadreolaíochta forlíontach (M), leis an dá dhigit dheireanacha den bhliain a greamaíodh í agus uimhir/uimhreacha an chomhlachta creidiúnaithe dá dtugtar fógra* ar a léirítear go gcomhlíonann siad na ceanglais fhíor-riachtanacha go léir a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an treoir;
  • go dtaisceann siad iarratas ar scrúdú de chineál an Aontais Eorpaigh le comhlacht amháin dá rogha féin dá dtugtar fógra i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an treoir maidir le nósanna imeachta um measúnú comhréireachta;
  • go ndéanann siad measúnú riosca agus comhréireachta agus go ndréachtaíonn siad doiciméadúchán teicniúil don uirlis neamh–uathoibríoch mheáite sula ngreamaíonn siad na marcálacha CE + M (féach Iarscríbhinn III a ghabhann leis an treoir);
  • go gcoimeádann siad (agus má cheapann siad ionadaí údaraithe*) an doiciméadúchán teicniúil agus dearbhú comhréireachta an Aontais Eorpaigh (mar atá leagtha amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an treoir) ar feadh 10 mbliana i ndiaidh an uirlis neamh–uathoibríocha mheáite a chur ar an margadh.
  • go léiríonn siad a n–ainm, a dtrádainm cláraithe nó a dtrádmharc cláraithe agus an seoladh poist ar an uirlis neamh–uathoibríocha mheáite lenar féidir teagmháil a dhéanamh leo chun inrianaitheacht a áirithiú;
  • sa chás go gcreideann siad, maidir le huirlisí neamh–uathoibríocha meáite a chur siad ar an margadh, nach bhfuil siad i gcomhréir, go nglacann siad bearta ceartaitheacha chun iad a chur i gcomhréir, iad a tharraingt siar nó iad a aisghairm;
  • go bhfuil treoracha agus faisnéis a ghabhann leis an uirlis neamh–uathoibríoch mheáite scríofa i dteanga is féidir le húsáideoirí deiridh a thuiscint go héasca agus go bhfuil siad, chomh maith le haon lipéadú, soiléir agus intuigthe.

Ní mór d’allmhaireoirí a áirithiú:

  • go bhfuil uirlisí neamh–uathoibríocha meáite a chuireann siad ar an margadh i gcomhréir leis na ceanglais fhíor–riachtanacha;
  • go ndearna monaróirí measúnuithe comhréireachta i gceart agus go gcuireann siad an t–údarás um fhaireachas margaidh ar an eolas má mheasann siad nach bhfuil na huirlisí neamh–uathoibríocha meáite i gcomhréir;
  • go léiríonn siad a n–ainm, a dtrádainm cláraithe nó a dtrádmharc cláraithe agus an seoladh poist ar an uirlis neamh–uathoibríoch mheáite inar féidir teagmháil a dhéanamh leo;
  • go bhfuil marcáil uirlisí neamh–uathoibríocha meáite agus doiciméadúchán arna dhréachtú ag monaróirí ar fáil lena n–iniúchadh ag na húdaráis inniúla.

Ní mór do dháileoirí a áirithiú:

  • i gcás uirlisí neamh–uathoibríocha meáite faoina gcúram, a ndálaí stórála nó a ndálaí iompair, nach gcuireann siad i mbaol comhlíonadh na n–uirlisí maidir leis na ceanglais fhíor-riachtanacha;
  • go bhfuil na marcálacha riachtanacha ar uirlisí neamh–uathoibríocha meáite;
  • sa chás go gcreideann siad, maidir le huirlisí neamh–uathoibríocha meáite a chuir siad ar an margadh, nach bhfuil siad i gcomhréir, go nglacann siad bearta ceartaitheacha chun iad a chur i gcomhréir, iad a tharraingt siar nó iad a aisghairm;

Ina theannta sin, sa treoir:

  • tugtar isteach ceanglais maidir le húdaráis a thugann fógra agus maidir leis na nósanna imeachta maidir le fógra a thabhairt;
  • sonraítear an chaoi nach mór d’údaráis náisiúnta a dhéanann monatóireacht ar chúrsaí sábháilteachta allmhairiú uirlisí neamh–uathoibríocha meáite ó thíortha neamh-AE a chuireann sláinte agus sábháilteacht daoine i mbaol a shainaithint agus a chosc;
  • folaítear rialacha maidir le pionóis i leith sáruithe arna ndéanamh ag monaróirí, allmhaireoirí agus dáileoirí a bhféadfadh pionóis choiriúla a áireamh i gcásanna tromchúiseacha.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Le Treoir 2014/31/AE rinneadh Treoir 2002/95/CE a athbhreithniú agus cuireadh in ionad na treorach sin í agus b’éigean í a chur i bhfeidhm i dtíortha AE ón 20 Aibreán 2016 i leith.

CÚLRA

Le haghaidh breis faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Uirlis neamh–uathoibríoch mheáite: uirlis mheáite lena dteastaíonn idirghabháil an duine le linn meáite.
Comhlacht dá dtugtar fógra: eagraíocht neamhspleách arna hainmniú ag tír de chuid an Aontais Eorpaigh chun comhréireacht táirgí áirithe a mheasúnú sula gcuirtear ar an margadh iad. Cuireann sé i gcrích cúraimí a bhaineann le nósanna imeachta um measúnú comhréireachta a leagtar amach sa reachtaíocht ábhartha, nuair a theastaíonn idirghabháil údaráis sheachtraigh.
Ionadaí údaraithe: aon duine nó eagraíocht a bhunaítear in AE ag a bhfuil sainordú i scríbhinn ó mhonaróir chun gníomhú thar a gceann.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 2014/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le huirlisí neamh–uathoibríocha meáite a chur ar fáil ar an margadh (athmhúnlú) (IO L 96, 29.3.2014, lgh. 107-148)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 ina leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus maidir le faireachas margaidh a bhaineann le margú táirgí, agus lena n–aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 339/93 (IO L 218, 13.8.2008, lgh. 30-47).

Cinneadh Uimh. 768/2008/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir le creat comhchoiteann le haghaidh táirgí a mhargú, agus lena n–aisghairtear Cinneadh 93/465/CEE ón gComhairle (IO L 218, 13.8.2008, lgh. 82-128)

Nuashonraithe 12.11.2019

Barr