Το έγγραφο αυτό έχει ληφθεί από τον ιστότοπο EUR-Lex
Έγγραφο 32014H0478
Cearrbhachas ar líne: tomhaltóirí, imreoirí agus páistí a chosaint
Cearrbhachas ar líne: tomhaltóirí, imreoirí agus páistí a chosaint
Tugann moladh an Choimisiúin Eorpaigh maidir le seirbhísí cearrbhachais ar líne spreagadh do Bhallstáit an Aontais Eorpaigh (AE) glacadh le prionsabail le haghaidh na seirbhísí seo agus le haghaidh a bhfógraíochta agus a n-urraíochta. Ba cheart go gcosnófaí daoine ar aon díobháil sláinte agus airgeadais a d’fhéadfadh a bheith bainteach le cearrbhachas iomarcach nó neamhshrianta, buíochas leis na prionsabail seo.
GNÍOMH
Moladh 2014/478/AE ón gCoimisiún an 14 Iúil 2014 maidir le prionsabail chun tomhaltóirí agus imreoirí seirbhísí cearrbhachais ar líne a chosaint agus chun mionaoisigh a chosc ó chearrbhachas a dhéanamh ar líne. (IO L 214, 19.7.2014, lgh. 38-46)
ACHOIMRE
Tugann moladh an Choimisiúin Eorpaigh maidir le seirbhísí cearrbhachais ar líne spreagadh do Bhallstáit an Aontais Eorpaigh (AE) glacadh le prionsabail le haghaidh na seirbhísí seo agus le haghaidh a bhfógraíochta agus a n-urraíochta. Ba cheart go gcosnófaí daoine ar aon díobháil sláinte agus airgeadais a d’fhéadfadh a bheith bainteach le cearrbhachas iomarcach nó neamhshrianta, buíochas leis na prionsabail seo.
CÉARD A DHÉANANN AN MOLADH SEO?
Féachtar leis an moladh seo tomhaltóirí, imreoirí agus páistí a chosaint ar na rioscaí a bhaineann le cearrbhachas ar líne. Iarrtar leis an moladh Ballstáit AE a spreagadh agus páirtithe eile amhail oibreoirí cearrbhachais ar líne a spreagadh, trí bhíthin na mBallstát AE sin, chun glacadh lena bhfreagrachtaí agus chun cosaint tomhaltóirí d’ardchaighdeán a áirithiú san earnáil seo, ar earnáil í atá ag méadú go tapa.
PRÍOMHPHOINTÍ
Ceanglais faisnéise
Mionaoisigh agus paistí
Próiseas clárúcháin
Tacaíocht d’imreoirí
Fógraíocht/cur chun cinn
CATHAIN A MBEIDH FEIDHM AG AN MOLADH?
Glacadh leis an moladh an 14 Iúil 2014. Tugtar cuireadh do na Ballstáit na bearta a chuirtear i bhfeidhm de bhun an mholta a chur in iúl don Choimisiún faoin 19 Eanáir 2016. Déanfaidh an Coimisiún measúnú ar chur i bhfeidhm an mholta roimh an 19 Eanáir 2017.
CÚLRA
Bíonn cearrbhachas ar líne in AE faoi réir rialacha éagsúla náisiúnta (nó rialacha ar bith uaireanta). Tá dúshláin chomhchosúla os comhair na mBallstát agus baineann gné thrasteorann leis an gcearrbhachas ar líne go minic. Mar sin, tá ciall le dul i ngleic leis an tsaincheist i dteannta a chéile ar leibhéal AE. Sa bhliain 2012, ghlac an Coimisiún le plean gníomhaíochta maidir le cearrbhachas ar líne, ina bhfógraíodh an moladh seo.
Tá faisnéis bhreise le fáil ar láithreán Gréasáin Ard-Stiúrthóireacht an Mhargaidh Inmheánaigh de chuid an Choimisiúin Eorpaigh.
GNÍOMHARTHA GAOLMHARA
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: I dtreo creata Eorpaigh chuimsithigh don chearrbhachas ar líne (COM(2012) 596 final an 23.10.2012).
Nuashonraithe 03.11.2014