This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32012R1260
Paitinn aonadach AE — socruithe aistriúcháin
Rialachán (AE) Uimh. 1260/2012 — socruithe aistriúcháin don phaitinn aonadach
Bunaítear leis na socruithe aistriúcháin don 26 thír AE a chláraigh leis an bpaitinn Eorpach a bhfuil éifeacht aonadach léi (ar a dtugtar an “paitinn aonadach”).
Maidir le paitinn aonadach a foilsíodh in aon cheann amháin de na trí theanga oifigiúla Oifig Eorpach na bPaitinní (EPO) — Béarla, Fraincis agus Gearmáinis — ar aistríodh na héilimh ina leith go dtí an dá theanga eile, i gcomhréir le hAirteagal 14(6) den Choinbhinsiún um an bPaitinn Eorpach, ní gá í a aistriú go teangacha oifigiúla eile AE.
Ní mór do shealbhóirí paitinne, a cheapann gur sárú a bpaitinn an méid seo a leanas a dhéanamh:
Ní mór do na cúirteanna, a cheanglaítear orthu na damáistí i ndíospóid a mheasúnú, a bhreithniú cibé an bhfuil an duine a bhfuil sé curtha ina leith go ndearna sé/sí sárú:
Ní mór dóibh a bhreithniú chomh maith cibé an ngníomhaigh nó nár ghníomhaigh an duine a bhfuil sé curtha ina leith go ndearna sé nó sí sárú ar neamhchead dó/di féin.
Maidir le scéim um chúiteamh:
I mbearta idirthréimhseacha sonraítear le linn 6 bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an rialacháin:
Beidh feidhm leis an rialacháin 4 mhí i ndiaidh thaisceadh 13ú hionstraim dhaingniúcháin an Chomhaontaithe maidir le Cúirt Aontaithe Paitinní (ar an gcoinníoll go n–áirítear leis na 3 thír ina bhfuil éifeacht ag an líon is airde paitinní Eorpacha — an Ghearmáin, an Fhrainc agus an Ríocht Aontaithe (1)) chuig Rúnaí Chomhairle an AE.
Le Cinneadh 2011/167/AE údaraíodh 25 thír chun úsáid a bhaint as nós imeachta AE um chomhar feabhsaithe le hoibriú le chéile chun cosaint aonadach phaitinne a chruthú. Chinn an Spáinn agus an Iodáil fanacht amuigh as an scéim.
Le hiarratas aonair chuig Oifig na bPaitinní Eorpacha is féidir cosaint phaitinne a fháil i suas le 26 thír AE. Leis sin simplítear nósanna imeachta agus laghdaítear na costais d’iarratasóirí ar mian leo a n–aireagáin a chosaint.
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:
Rialachán (AE) Uimh. 1260/2012 ón gComhairle an lena gcuirtear comhar feabhsaithe chun feidhme sa réimse a bhaineann le cosaint aonadach phaitinne a chruthú i ndáil leis na socruithe aistriúcháin is infheidhme (IO L 361, , lgh. 89-92)
nuashonrú is deireanaí
(1) Tharraing an Ríocht Aontaithe siar as an Aontas Eorpach agus tá sí ina tríú tír (tír nach tír den Aontas Eorpach í) ó bhí an ann.