EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32011D0694

Comhaontú maidir le sábháilteacht san eitlíocht shibhialta idir an tAontas Eorpach agus an Bhrasaíl

Comhaontú maidir le sábháilteacht san eitlíocht shibhialta idir an tAontas Eorpach agus an Bhrasaíl

 

ACHOIMRE AR:

Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus an Bhrasaíl maidir le sábháilteacht san eitlíocht shibhialta

Cinneadh 2010/489/AE – síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus an Bhrasaíl maidir le sábháilteacht san eitlíocht shibhialta

Cinneadh 2011/694/AE — tabhairt i gcrích an chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus an Bhrasaíl maidir le sábháilteacht san eitlíocht shibhialta

CAD IS AIDHM LEIS AN GCOMHAONTÚ AGUS LEIS NA CINNTÍ?

Is é is aidhm leis an gcomhaontú an méid a leanas a dhéanamh:

  • an trádáil i dtáirgí aerloingseoireachta sibhialta idir an tAontas Eorpach (AE) agus an Bhrasaíl a éascú,
  • dúbailtí neamhriachtanacha i ndeimhniú táirgí aerloingseoireachta sibhialta a bhaint,
  • costais a laghdú le haghaidh údarás agus thionscal na heitlíochta,
  • comhar a chur chun cinn idir údaráis eitlíochta sibhialta AE agus an Bhrasaíl.

Le cinneadh 2010 faomhtar síniú an chomhaontaithe arna chaibidil ag an gCoimisiún Eorpach thar ceann an Aontais Eorpaigh.

Le cinneadh 2011 faomhar agus tugtar chun críche an comhaontú thar ceann an Aontais Eorpaigh.

PRÍOMHPHOINTÍ

Raon feidhme

Tá feidhm ag an gcomhaontú maidir leis an méid seo a leanas:

  • faomhadh aeracmhainneachta agus faireachán ar tháirgí aerloingseoireachta sibhialta;
  • leanúint le haeracmhainneacht aerárthaí inseirbhíse;
  • faomhadh agus faireachán ar shaoráidí cothabhála;
  • faomhadh comhshaoil agus tástáil táirgí aerloingseoireachta sibhialta;
  • gníomhaíochtaí comhoibríocha gaolmhara;
  • tionscnaimh um shábháilteachta agus malartú faisnéise ábhartha um shábháilteacht.

Féadfaidh na páirtithe a chinneadh ina dhiaidh sin raon feidhme an chomhaontaithe a leathnú.

Oibleagáidí ginearálta

  • Chinn an tAontas Eorpach agus an Bhrasaíl go frithpháirteach go bhfuil a gcaighdeáin agus a gcórais maidir le deimhniú aeracmhainneachta agus comhshaoil nó glacadh le táirgí aerloingseoireachta sibhialta sách coibhéiseach.
  • Leis an gcomhaontú éascaítear glacadh nó aitheantas cómhalartach ceaduithe arna n–eisiúint ag an bpáirtí eile, mar atá sonraithe sna hiarscríbhinní a ghabhann leis an gcomhaontú.
  • Ní chuirtear teorainn leis an gcomhaontú ar cheachtar de na páirtithe agus an leibhéal cosanta a mheasann sé a bheith cuí don tsábháilteacht nó don chomhshaol á chinneadh acu.
  • Ní mór do gach páirtí a áirithiú go ndéanfaidh a ghníomhairí teicniúla agus a n–údaráis inniúla a bhfreagrachtaí a chomhlíonadh faoin gcomhaontú.

Comhar, cúnamh agus trédhearcacht

Comhaontaíonn an tAontas Eorpach agus an Bhrasaíl go gcomhoibreoidh siad ar roinnt bealaí, lena n–áirítear:

  • an páirtí eile a choinneáil ar an eolas maidir le hathbhreithnithe suntasacha molta ar a ndlíthe, rialacháin, caighdeáin, ceanglais agus córais deimhniúcháin ábhartha, agus deis a thabhairt a dtuairimí a thabhairt;
  • nósanna imeachta a fhorbairt maidir le comhar rialála agus trédhearcacht do ghníomhaíochtaí laistigh de raon feidhme an chomhaontaithe;
  • páirt a ghlacadh i ndearbhú cáilíochta inmheánach a chéile chun tuiscint agus comhoiriúnacht idir córais rialála sábháilteachta na heitlíochta sibhialta a chur chun cinn;
  • rannpháirtíocht i gcigireachtaí agus in iniúchtaí a chéile a cheadú ar bhonn samplach nó comhchigireachtaí agus comhiniúchtaí a dhéanamh de réir mar is cuí;
  • comhar agus cúnamh frithpháirteach a sholáthar in imeachtaí imscrúdaithe nó forfheidhmithe maidir le sáruithe líomhnaithe nó amhrasta ar dhlíthe nó ar rialacháin faoi raon feidhme an chomhaontaithe;
  • fógra a thabhairt dá chéile go pras faoi aon imscrúdú ina bhfuil leasanna coiteanna i gceist.

Faisnéis sábháilteachta

Comhaontaíonn an tAontas agus an Bhrasaíl an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • cur chuige réamhghníomhach a bheith acu maidir le saincheisteanna sábháilteachta;
  • beartais agus tionscnaimh shábháilteachta a chomhordú, faisnéis agus sonraí a mhalartú, agus cláir chomhpháirteacha a fhorbairt;
  • faisnéis agus cúnamh a bhaineann le tionóiscí, teagmhais nó tarluithe a sholáthar dá chéile, arna iarraidh sin agus ar bhonn tráthúil;
  • faisnéis sábháilteachta a roinnt a bhaineann le hoibríochtaí aerárthaí agus torthaí gníomhaíochtaí faireachais lena n–áirítear iniúchtaí ar rampaí.

Comhchoiste

Déanann comhchoiste ar a mbíonn ionadaithe an dá pháirtí a thagann le chéile go rialta maoirseacht ar fheidhmiú éifeachtach an chomhaontaithe.

DÁTA TEACHT I BHFEIDHM

Tháinig an comhaontú i bhfeidhm ar 27 Lúnasa 2013.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉID

Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Rialtas Poblacht Chónaidhmitheach na Brasaíle maidir le sábháilteacht san eitlíocht shibhialta (IO L 273, 19.10.2011, lgh. 3–22).

Cinneadh 2010/489/CGB ón gComhairle an 12 Iúil 2010 maidir le síniú an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Rialtas Poblacht Chónaidhmitheach na Brasaíle maidir le sábháilteacht san eitlíocht shibhialta (IO L 243, 16.9.2010, lch. 1).

Cinneadh 2011/694/AE ón gComhairle an 26 Meán Fómhair 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Rialtas Poblacht Chónaidhmitheach na Brasaíle maidir le sábháilteacht san eitlíocht shibhialta (IO L 273, 19.10.2011, lgh. 1–2).

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — Straitéis Eitlíochta don Eoraip (COM(2015) 598 final, 7.12.2015).

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún – Beartas Eitlíochta Seachtraí an Aontais Eorpaigh – Ag Tabhairt Aghaidh ar Dhúshláin sa Todhchaí (COM(2012) 556 final, 27.9.2012).

Nuashonraithe 26.01.2022

Barr