This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32011D0411
An Ghníomhaireacht Eorpach um Chosaint (ó 2011 ar aghaidh)
Tá an achoimre seo curtha sa chartlann agus ní dhéanfar í a nuashonrú. Féach
'An Ghníomhaireacht Eorpach um Chosaint'
le haghaidh eolas nuashonraithe faoin ábhar.
An Ghníomhaireacht Eorpach um Chosaint (ó 2011 ar aghaidh)
Tacaíonn an Ghníomhaireacht Eorpach um Chosaint (GEC) leis an Chomhairle agus leis na Ballstáit cumais chosanta an Aontais Eorpaigh (AE) a fheabhsú agus an Comhbheartas Slándála agus Cosanta (CBSC) a chothú trí bhíthin ceanglas oibríochtúil a aithint, bhonn tionsclaíoch agus teicneolaíoch an AE a neartú agus taighde agus soláthair éifeachtach mhíleata a chur chun cinn.
ACHT
Cinneadh 2011/411/CBES ón gComhairle an 12 Iúil 2011 lena sainítear reacht, suíochán agus rialacha oibríochtúla na Gníomhaireachta Eorpaí um Chosaint agus lena n-aisghairtear Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2004/551/CBES.
ACHOIMRE
Bunaíodh an Ghníomhaireacht Eorpach um Chosaint (GEC) sa bhliain 2004 chun plé le forbairt cumas cosanta, le taighde, le fáil agus le harmáil, rudaí a chabhródh leis an Chomhairle agus leis na Ballstáit cumais chosanta an AE a fheabhsú.
Soláthraíonn an ghníomhaireacht creat dlíthiúil institiúideach a chuireann ar chumas Bhallstáit an AE comhoibriú lena chéile chun cumais mhíleata a fhorbairt, i gcomhthéacs Chomhbheartas Eachtrach agus Slándála (CBES) an AE, agus go háirithe an CBSC.
Le Conradh Liospóin, cuireadh foráil shonrach maidir leis an GEC leis an Chonradh ar an Aontas Eorpach (Airteagal 45; féach freisin Airteagal 42(3)). Dá réir sin, ghlac an Chomhairle le Cinneadh 2011/411/CBES i mí Iúil 2011 a cuireadh in ionad an bunghníomh dlíthiúil a thacaigh leis an GEC.
Tascanna
Seo a leanas tascanna na gníomhaireachta:
Tá an ghníomhaireacht réidh chomh maith chun tacú le buanchomhar struchtúrtha, má chinnfidh an Chomhairle amhlaidh.
Cuirtear misean na gníomhaireachta i bhfeidhm gan dochar d’inniúlachtaí na mBallstát i gcúrsaí cosanta.
Rialachas
Tá ceanncheathrú na gníomhaireachta sa Bhruiséil agus déanann an Chomhairle maoirseacht pholaitiúil uirthi.
Tá Bord Stiúrtha freagrach as cinntí a dhéanamh ar son an GEC, bord ina bhfuil ionadaí amháin ó gach tír mar aon le hionad amháin ón Choimisiún Eorpach (nach bhfuil ceart vótála aige nó aici). Tagann na hAirí Cosanta le chéile dhá uair in aghaidh na bliana ar a laghad agus uaireanta eile tagann Stiúrthóirí Taighde agus Teicneolaíochta nó Stiúrthóirí um Beartas Cosanta le chéile. Tá gach Ballstát den AE páirteach sa GEC ach amháin an Danmhairg.
Tá Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála i gceannas ar an GEC, rud a chruthaíonn nasc idir an GEC agus an Chomhairle. Déanann Príomhfheidhmeannach na haonaid fheidhmiúla a mhaoirsiú agus a chomhordú.
Cistiúchán
Íoctar as costais oibriúcháin na gníomhaireachta ag na tíortha atá páirteach inti, i gcomhréir lena n-olltáirgeacht intíre (OTI). Íoctar as tionscadail aonair ag na tíortha a ghlacann páirt sna tionscadail sin.
Caidreamh le tríú tíortha
Féadfaidh an ghníomhaireacht dul i gcomhar le tríú tíortha. Chomh maith leis sin, féadfaidh an ghníomhaireacht comhoibriú le heagraíochtaí idirnáisiúnta amhail an Ghníomhaireacht Eorpach Spáis (ESA) nó an Eagraíocht um Chomhchomhar Armála (OCCAR).
TAGAIRTÍ
|
Acht |
Teacht i bhfeidhm |
Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit |
Iris Oifigiúil |
|
Cinneadh 2011/411/CBES ón gComhairle |
13.7.2011 |
- |
IO L 183, 13.7.2011, lch.-16 |
Nuashonrú is déanaí: 18.06.2014