Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32008R0798

    Ceanglais AE um dheimhniú tréidliachta maidir le héanlaithe clóis agus táirgí éanlaithe clóis ó thíortha, ó chríocha nó ó chriosanna thíortha neamh-AE

    Stádas dlíthiúil an doiciméid Tá an achoimre seo curtha sa chartlann agus ní dhéanfar nuashonrú uirthi, toisc nach bhfuil an doiciméad a bhfuil sí ina hachoimre air i bhfeidhm a thuilleadh, é sin nó toisc nach léiriú ar chúrsaí mar atá i láthair na huaire í.

    Ceanglais AE um dheimhniú tréidliachta maidir le héanlaithe clóis agus táirgí éanlaithe clóis ó thíortha, ó chríocha nó ó chriosanna thíortha neamh-AE

     

    ACHOIMRE AR:

    Rialachán (CE) Uimh. 798/2008 – Liosta na dtríú tíortha, na gcríoch nó na gcriosanna óna bhféadfaidh éanlaithe clóis agus táirgí éanlaithe clóis a allmhairiú isteach sa Chomhphobal nó a thabhairt tríd an gComhphobal agus na ceanglais um dheimhniú tréidliachta

    CAD É IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

    Tá sé mar aidhm leis a áirithiú go gcomhlíonann éanlaithe clóis agus táirgí éanlaithe clóis ó lasmuigh de AE a allmhairítear isteach in AE nó a thugtar trí AE na caighdeáin céanna agus a chomhlíonann na cinn a tháirgtear laistigh de AE.

    PRÍOMHPHOINTÍ

    Raon feidhme

    • Leagtar amach leis an rialachán na ceanglais um dheimhniú tréidliachta maidir le hallmhairí isteach in AE agus allmhairí a thugtar trí AE, lena n–áirítear stóráil le linn idirthurais iad seo a leanas:
      • éanlaithe clóis, uibheacha goir, sicíní lae agus uibheacha sainithe saor ó phataigin;
      • feoil agus feoil mhianaithe éanlaithe clóis, lena n–áirítear éin ghéim fhiáine, uibheacha agus ubhtháirgí.
    • Liostaítear ann tíortha, críocha agus criosanna neamh-AE óna bhféadfaidh na hainmhithe agus na táirgí sin a allmhairiú isteach in AE.
    • Níl feidhm aige maidir le héanlaithe clóis a úsáidtear le haghaidh seónna, taispeántas nó comórtas.

    Cumhdaítear roinnt gnéithe sa rialachán lena n–áirítear:

    • na coinníollacha ginearálta maidir le hallmhairiú agus idirthuras amhail
      • ceanglais um dheimhniú tréidliachta
      • nósanna imeachta scrúdaithe, samplála agus tástála agus
      • ceanglais maidir le tuairisciú galar;
    • stádas sláinte ainmhithe na tíre tionscnaimh, na críche tionscnaimh agus an chreasa thionscnaimh maidir le galair éanlaithe clóis — áirítear leis sin
      • na critéir faoina meastar má tá ceann de na limistéir sin saor ón bhfliú éanúil
      • ceanglais maidir le cláir faireacháin an fhliú éanúil
      • na critéir faoina meastar má tá ceann de na limistéir sin saor ó ghalar Newcastle (galar víreasach a bhaineann le héanlaithe clóis)
      • ceanglais maidir le vacsaíniú;
    • coinníollacha sonracha maidir le hallmhairiú — lena n–áirítear le haghaidh:
      • allmhairiú éanlaithe clóis, uibheacha goir agus sicíní lae
      • allmhairiú uibheacha sainithe saor ó phataigin
      • iompar le haghaidh éanlaithe clóis agus sicíní lae;
    • coinníollacha sonrach maidir le hidirthuras — áirítear leis eisceachtaí maidir le hidirthuras táirgí éanlaithe clóis áirithe tríd an Laitvia, tríd an Liotuáin, tríd an bPolainn agus tríd an gCróit.

    CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

    Tá feidhm leis ón 1 Eanáir 2009.

    CÚLRA

    PRÍOMHDHOICIMÉAD

    Rialachán (CE) Uimh. 798/2008 ón gCoimisiún an 8 Lúnasa 2008 lena leagtar síos liosta na dtríú tíortha, na gcríoch, na gcriosanna nó na ndeighleog óna bhféadfaidh éanlaithe clóis agus táirgí éanlaithe clóis a allmhairiú isteach sa Chomhphobal nó a thabhairt tríd an gComhphobal agus na ceanglais um dheimhniú tréidliachta (IO L 226, 23.8.2008, lgh. 1-94)

    Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 798/2008 a chorprú sa bhundoiciméad. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

    DOICIMÉID GHAOLMHARA

    Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 agus Rialachán Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoir 98/58/CE, Treoir 1999/74/CE, Treoir 2007/43/CE, Treoir 2008/119/CE agus Treoir 2008/120/CE agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle Treoir 89/608/CEE, Treoir 89/662/CEE, Treoir 90/425/CEE, Treoir 91/496/CEE, Treoir 96/23/CE, Treoir 97/78/CE ón gComhairle agus Cinneadh 92/438/CE ón gComhairle (an Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (IO L 95, 7.4.2017, lgh. 1-142)

    Féach an leagan comhdhlúite.

    Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena n–aisghairtear gníomhartha áirithe sa réimse sláinte ainmhithe (“Dlí Sláinte Ainmhithe”) (IO L 84, 31.3.2016, lgh. 1-208)

    Féach an leagan comhdhlúite.

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 139/2013 ón gCoimisiún an 7 Eanáir 2013 lena leagtar síos coinníollacha sláinte ainmhithe maidir le hallmhairiú éan áirithe isteach san Aontas agus maidir leis na coinníollacha coraintín a bhaineann leo (IO L 47, 20.2.2013, lgh. 1-17)

    Treoir 2009/158/CE ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le coinníollacha sláinte ainmhithe a rialaíonn trádáil in éanlaithe agus uibheacha goir laistigh den Chomhphobal agus allmhairiú díobh ó thíortha neamh-AE (leagan códaithe) (IO L 343, 22.12.2009, lgh. 74-113)

    Féach an leagan comhdhlúite.

    Treoir 2002/99/CE ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 lena leagtar síos na rialacha a rialaíonn táirgeadh, próiseáil, dáileadh agus tabhairt isteach táirgí de bhunadh ainmhíoch lena gcaitheamh ag an duine (IO L 18, 23.1.2003, lgh. 11-20)

    Treoir 97/78/CE ón gComhairle an 18 Nollaig 1997 lena leagtar síos na prionsabail lena rialaítear eagrúchán seiceálacha tréidliachta ar tháirgí ag teacht isteach sa Chomhphobal ó thríú tír (IO L 24, 30.1.1998, lgh. 9-30)

    Féach an leagan comhdhlúite.

    Treoir 91/496/CEE ón gComhairle an 15 Iúil 1991 lena leagtar síos na prionsabail lena rialaítear eagrúchán seiceálacha tréidliachta ar ainmhithe ag teacht isteach sa Chomhphobal ó thríú tír agus lena leasaítear Treoir 89/662/CEE, Treoir 90/425/CEE agus Treoir 90/675/CEE (IO L 268, 24.9.1991, lgh. 56-68)

    Féach an leagan comhdhlúite.

    Nuashonraithe 21.06.2019

    Barr