Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32007R0520

Stoic de speicis mhórimirceacha a chaomhnú

Stoic de speicis mhórimirceacha a chaomhnú

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CE) Uimh. 520/2007 lena leagtar síos na bearta teicniúla maidir le stoic áirithe de speicis mhórimirceacha a chaomhnú

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Féachtar leis le stoic áirithe de speicis mhuirí mhórimirceacha (agus foghabhálacha) a chosaint agus a chaomhnú trí bhearta teicniúla a leagan amach lena ngabháil agus lena dteacht i dtír a rialú.

PRÍOMHPHOINTÍ

Sainítear speicis mhórimirceacha mar seo a leanas:

  • Tuinníní:
    • Tuinnín colgach
    • Tuinnín gorm Atlantach
    • Tuinnín mórshúileach
    • Boiníotó aigéanach
    • Boiníotó Atlantach
    • Tuinnín buí
    • Tuinnín dubheite
    • Tuinnín beag
    • Tuinnín gorm deisceartach
    • Tuinnín frigéid
  • Garbhánacha aigéin
  • Mairlíní
  • Gaithéisc
  • Colgáin
  • Preabairí
  • Doráid, doráid choiteanna
  • Siorcanna
  • Céiticigh (míolta móra agus muca mara).

An tAigéan Atlantach

Éisc róbheaga

Ní mór tuinníní trópaiceacha agus colgáin atá níos lú ná na moltaí ón gCoimisiúin Idirnáisiúnta um Thuinníní Atlantacha a Chaomhnú (ICCAT) a chaitheamh ar ais isteach san fharraige láithreach. Tá toirmeasc ar éisc róbheaga de na speicis sin a thionscnaíonn ó thíortha nach tíortha iad den Aontas Eorpach iad agus a ghabhtar san Atlantach a scaoileadh lena ndíol nó lena gcur ar an margadh.

Srianta maidir le soithí agus trealamh iascaireachta

Tá toirmeasc ar iascaireacht tuinníní mórshúileacha ag peaslíonta saighne agus soithí cuaille agus líne tuinníní le linn mhí na Samhna in uiscí tropaiceacha ar leith, arna sainiú de réir:

  • teorainn dheisceartach: leithead 0° S;
  • teorainn thuaisceartach: leithead 5° N;
  • teorainn iartharach: fad 20° W;
  • teorainn oirthearach: fad 10° W.

Tá toirmeasc chomh maith ar bheith ag iascaireacht cainníocht ar bith den bhoiníotó aigéanach, tuinníní mórshúileacha nó tuinníní buí a ghabhtar ag baint úsáid as peaslíonta saighne1 in uiscí sainithe áirithe de chuid na Portaingéile.

Líon na soithí iascaireachta

Cinneann an Chomhairle líon ceadaithe agus acmhainn iomlán in olltonnáiste (GT) shoithí iascaireachta AE atá níos faide ná 24 mhéadar agus a dhíríonn ar thuinníní mórshúileacha san Aigéan Atlantach agus sna farraigí in aice láimhe (arna sainiú in Airteagal 1 de Choinbhinsiún ICCAT), ar bhun na meánlíonta le linn na tréimhse 1991 go 1992, agus ar shrian na líonta shoithí AE a bhí ag iascaireacht tuinníní mórshúileacha in 2005 ar tugadh fógra do ICCAT ina leith ar an .

Cinneann an Chomhairle líon na soithí a dhíríonn ar thuinníní bána an Atlantaigh Thuaidh, bunaithe ar mheánlíon le haghaidh na tréimhse 1993 go 1995.

Roimh an 15 Bealtaine gach bliain, cuireann gach Ballstát AE líon (agus an tonnáiste más cuí) na soithí faoi mar atá thuas in iúl don Choimisiún Eorpach lena chur ar aghaidh chuig ICCAT.

Speicis nach spriocspeicis iad

Ní foláir go spreagfaidh na Ballstáit scaoileadh turtar mara beo agus siorcanna beo (go háirithe cinn óga) a ghabhtar de thaisme, chomh maith le hábhar muirí aischurtha siorcanna a laghdú trí roghnaíocht trealaimh iascaireachta a fheabhsú.

Ní mór do na Ballstáit cosc a chur ar úsáid líonta tarraingthe, eangacha timpeallaithe, peaslíonta saighne, dreidirí, eangacha geolbhaigh agus spiléir le haghaidh iascaireacht tuinníní agus speicis ghaolmhara sa Mheánmhuir chun críche spóirt agus fóillíochta, agus a áirithiú nach gcuirfear éisc a ghabhtar ar an mbealach sin ar an margadh.

Ní mór tuarascáil bhliantúil maidir le cur chun feidhme na mbeart sin a sholáthar.

An tAigéan Indiach

Líon na soithí iascaireachta

Cinneann an Chomhairle líon shoithí iascaireachta an Aontais Eorpaigh níos faide ná 24 mhéadar a bheidh údaraithe le haghaidh iascaireacht san Aigéan Indiach, bunaithe ar líonta 2003.

Speicis nach spriocspeicis iad

Ní foláir go spreagfaidh na Ballstáit scaoileadh siorcanna beo (go háirithe cinn óga) a ghabhtar de thaisme, chomh maith le hábhar muirí aischurtha siorcanna a laghdú.

Ní mór do na Ballstáit a seacht ndícheall a dhéanamh chun tionchar na hiascaireachta ar phobal na dturtar mara a laghdú, lena n–áirítear:

  • srianta ar úsáid peaslíonta saighne, go háirithe, chun timpeallú turtar mara a sheachaint;
  • scaoileadh pras, ag baint úsáid as saintrealamh, turtar mara a ghabhtar de thaisme;
  • trealamh cuí a fhorbairt chun foghabhálacha turtar mara a íoslaghdú;
  • faireachán a dhéanamh ar fheistí um chomhbhailiú éisc2 ina bhféadfaí turtair mhara a ghabháil;
  • coinníollacha maidir le spiléir a úsáid chun foghabhálacha agus básmhaireacht turtar mara a theorannú.

An tAigéan Ciúin Iartharach agus an tAigéan Ciúin Láir

Dramhaíl

Ní foláir go n–íoslaghdóidh na Ballstáit dramhaíl, ábhair mhuirí aischurtha, gabhálacha arna dtógáil le trealamh caillte nó tréigthe, truailliú ó shoithí iascaireachta, gabhálacha speiceas éisc nó ainmhithe nach spriocspeicis, agus tionchair ar bith ar speicis ghaolmhara nó spleácha, go háirithe speicis atá faoi bhagairt a ndíothaithe.

Mamaigh mhuirí

Tá cosc ar aon bháire nó aon ghrúpa mamach muirí a thimpeallú le peaslíonta saighne.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá feidhm leis ón .

CÚLRA

Tá AE ina pháirtí conarthach i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige (féach an achoimre).

PRÍOMHTHÉARMAÍ

  1. Peaslíonta saighne: líon timpeallaithe ar bith a dtarraingítear a bhun le chéile trí pheaslíon saighní ag bun an lín, a théann trí shraith fáinní feadh na téide grinnill, trínar féidir an líon a chrapadh agus a dhúnadh.
  2. Feiste um chomhbhailiú éisc (FAD): nithe ar ancaire, ar snámh nó faoi uisce a ndéanann soithí iad a imscaradh nó a rianú, trí raidió nó trí bhaoite satailíte a úsáid, chun comhbhailiú a dhéanamh ar spriocspeicis tuinníní le haghaidh oibríochtaí peas-saighneoireachta.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (CE) Uimh. 520/2007 ón gComhairle an lena leagtar síos bearta teicniúla maidir le stoic áirithe de speicis mhórimirceacha a chaomhnú agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 973/2001 (IO L 123, , lgh. 3-13)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 520/2007 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

nuashonrú is deireanaí

Barr