Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32002L0060

    Fiabhras Afracach na muc a chosc agus a rialú

    Stádas dlíthiúil an doiciméid Tá an achoimre seo curtha sa chartlann agus ní dhéanfar í a nuashonrú. Féach 'Dlí AE maidir le sláinte ainmhithe' le haghaidh eolas nuashonraithe faoin ábhar.

    Fiabhras Afracach na muc a chosc agus a rialú

     

    ACHOIMRE AR:

    Treoir 2002/60/CE — rialacha sonracha maidir le fiabhras Afracach na muc a rialú

    CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

    Leagtar amach léi bearta um chosc, rialú agus díothú fhiabhras Afracach na muc, galar tógálach marfach go ginearálta i muca agus i dtoirc, lena mbaineann iarmhairtí tromchúiseacha socheacnamaíocha.

    PRÍOMHPHOINTÍ

    • Ní mór do thíortha AE a áirithiú go dtabharfar fógra láithreach d’údaráis inniúla i gcás go bhfuil amhras orthu go bhfuil fiabhras Afracach na muc ann. Má dhearbhaítear é, ní mór torthaí na n–imscrúduithe a chur in iúl don Choimisiún Eorpach agus do thíortha eile AE.
    • Murar féidir a chur as an áireamh go bhfuil an galar ann, ní mór an gabháltas a chur faoi mhaoirseacht oifigiúil agus ní mór srian ar gach gluaiseacht muc, táirgí muc, ábhar nó dramhaíl ar dóigh dóibh an galar a leathadh agus srian ar ghluaiseacht daoine agus feithiclí.
    • Má dhearbhaítear an galar go hoifigiúil, caithfear na muca go léir ar an ngabháltas a mharú agus caithfear a gcuid conablach a phróiseáil faoi mhaoirseacht oifigiúil. Ní mór aon fheoil, ábhair nó dramhaíl a d’fhéadfadh a bheith éillithe a scriosadh, a phróiseáil nó a chóireáil lena áirithiú go scriosfar an víreas agus de réir threoracha an tréidlia oifigiúil. Ní mór crios cosanta 3 km ar a laghad a chur ar bun laistigh de chrios faireachais 10 km timpeall ar an eipealár ráige.
    • Má tá amhras ann go bhfuil toirc ionfhabhtaithe, ní mór do thíortha AE úinéirí agus sealgairí muc a chur ar an eolas agus imscrúdú a dhéanamh ar aon torc a lámhachtar nó a fuarthas marbh. Ní mór an limistéar atá ionfhabhtaithe a shainiú, agus gabháltais muc sa limistéar sin a chur faoi fhaireachas oifigiúil agus d’fhéadaí cosc a chur ar sheilg.
    • I nDoiciméad SANCO/7138/2013 cuimsítear treoirlínte maidir le faireachas agus rialú ar fhiabhras Afracach na muc i dtoirc.
    • Ní mór do thíortha AE lena mbaineann plean díothaithe galair a chur isteach chuig an gCoimisiún.
    • Ní mór do thíortha AE pleananna teagmhasacha a dhréachtú ag cur tosca áitiúla san áireamh, amhail dlús muc, ar dóigh dóibh tionchar a imirt ar leathadh an víris.
    • Féadfaidh saineolaithe ón gCoimisiún seiceálacha ar an láthair a dhéanamh chun a áirithiú go gcuirfear an treoir seo i bhfeidhm go haonfhoirmeach.

    Gníomh cur chun feidhme a ghlacadh

    In 2014, ghlac an Coimisiún gníomh cur chun feidhme (Cinneadh 2014/709/AE) ina leagtar síos bearta rialaithe mionsonraithe maidir le sláinte ainmhithe nach mór a ghlacadh i ndáil le fiabhras Afracach na muc i dtíortha AE (nó i réigiúin na dtíortha sin) atá ionfhabhtaithe. Áirítear leis na bearta toirmisc ar sheoladh muc beo, muiceola agus táirgí muiceola, seamhan muc, ubhán agus suthanna.

    Tá an iarscríbhinn a ghabhann leis an gcinneadh, a nuashonraítear go rialta, roinnte ina cheithre chuid. Tá limistéir thíortha AE lena mbaineann liostaithe agus sainmhínithe i gCuid I go Cuid IV den iarscríbhinn, arna ndifreáil de réir leibhéal an riosca bunaithe ar an staid eipidéimeolaíoch maidir le fiabhras Afracach na muc.

    Aisghairm

    Aisghairfear an treoir seo le Rialachán (AE) 2016/429 ón 21 Aibreán 2021.

    CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

    Tá feidhm léi ón 9 Lúnasa 2002 agus b’éigean di a bheith ina dlí i dtíortha AE faoin 1 Iúil 2003.

    CÚLRA

    Le haghaidh breis faisnéise, féach:

    PRÍOMHDHOICIMÉAD

    Treoir ón gComhairle 2002/60/ CE an 27 Meitheamh 2002 lena leagtar síos forálacha sonracha maidir le fiabhras Afracach na muc a rialú agus lena leasaítear Treoir 92/119/CEE maidir le heinceifilimiailíteas eintrivíreasach muc agus fiabhras Afracach na muc (IO L 192, 20.7.2002, lgh. 27-46)

    Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 2002/60/CE a chorprú sa téacs bunaidh. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

    DOICIMÉID GHAOLMHARA

    Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n–aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (“an dlí maidir le sláinte ainmhithe”) (IO L 84, 31.3.2016, lgh. 1-208)

    Féach an leagan comhdhlúite.

    Cinneadh Cur Chun Feidhme 2014/709/AE ón gCoimisiún an 9 Deireadh Fómhair 2014 maidir le bearta rialaithe sláinte ainmhithe a bhaineann le fiabhras Afracach na muc i mBallstáit áirithe agus lena n–aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme 2014/178/AE (IO L 295, 11.10.2014, lgh. 63-78)

    Féach an leagan comhdhlúite.

    Cinneadh 2003/422/CE ón gCoimisiún an 26 Bealtaine 2003 lena gceadaítear lámhleabhar diagnóiseach fiabhras Afracach na muc (IO L 143, 11.6.2003, lgh. 35-49)

    Nuashonraithe 18.09.2019

    Barr