EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32000L0053

Feithiclí a bhfuil a ré caite

Feithiclí a bhfuil a ré caite

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 2000/53/CE maidir le feithiclí a bhfuil a ré caite

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

Leagtar amach léi bearta chun dramhaíl ó fheithiclí a bhfuil a ré caite (FRCanna) agus óna gcomhpháirteanna a chosc agus a theorannú trína n–athúsáid, a n–athchúrsáil agus a n–athshlánú a áirithiú. Féachtar léi chomh maith feabhas a chur ar fheidhmíocht chomhshaoil gach oibreora eacnamaíoch i saolré na bhfeithiclí.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Ní mór do mhonaróirí feithiclí agus trealaimh díchóimeáil, athúsáid agus athshlánú feithiclí a chur san áireamh agus táirgí á ndearadh agus á dtáirgeadh acu. Ní mór dóibh a áirithiú go bhfuil a bhfeithiclí nua:
    • in–athúsáidte agus/nó in–athchúrsáilte go híosmhéid 85 % de mheáchan na feithicle
    • in–athúsáidte agus/nó in–athshlánaithe go híosmhéid 95 % de mheáchan na feithicle.
  • Ní ceadmhach dóibh substaintí guaiseacha a úsáid, amhail luaidhe, mearcair, caidmiam agus cróimiam heicsifhiúsach.
  • Ní mór do mhonaróirí, d’allmhaireoirí agus do dháileoirí córais chun FRCanna a bhailiú a chur ar fáil agus, más féidir é sin a dhéanamh go teicniúil, páirteanna ó ghluaisteáin deisithe phaisinéirí a bhailiú.
  • Faigheann úinéirí FRCanna a thugtar isteach lena gcóireáil deimhniú um scriosadh. Teastaíonn sé sin uathu chun an fheithicil a dhíchlárú.
  • Íocann monaróirí as na costais go léir, nó as cuid mhór de na costais, a bhaineann le FRC a thabhairt go dtí saoráid chóireála dramhaíola. Maidir le húinéir feithicle, ní cóir go dtabhódh siad costais ar bith agus FRC á sheachadadh acu chuig saoráid chóireála dramhaíola údaraithe, ach amháin i gcorrchásanna ina mbeadh an t–inneall ar iarraidh nó ina mbeadh FRC lán le dramhaíl.
  • Ní mór iarratas a dhéanamh ar chead le haghaidh saoráidí cóireála dramhaíola nó ní mór iad a chlárú le húdaráis inniúla na tíre de chuid AE ina bhfuil siad lonnaithe.
  • Baintear FRCanna as a chéile ar dtús agus déantar obair bhreise chóireála orthu ansin. Baintear substaintí agus comhpháirteanna guaiseacha agus déantar iad a scaradh. Tugtar aird ar athúsáid, ar athshlánú nó ar athchúrsáil na dramhaíola.
  • spriocanna soiléire cainníochtaithe leagtha amach maidir le hathúsáid, athchúrsáil agus athshlánú FRCanna agus a gcomhpháirteanna faoi seach, a thuairisciú don Choimisiún Eorpach gach bliain. Tá siad sin ag éirí níos déine i gcónaí.
  • Tá feidhm ag an reachtaíocht maidir le feithiclí paisinéirí agus le leoraithe beaga ach níl feidhm aici maidir le leoraithe móra, feithiclí seanré, feithiclí sainúsáide nó gluaisrothair.

Treoir leasaitheach (AE) 2018/849

Leasaítear le Treoir (AE) 2018/849 Treoir 2000/53/CE lena dtugtar an chumhacht don Choimisiún iad seo a leanas a ghlacadh:

  • gníomhartha cur chun feidhme i ndáil leis na rialacha mionsonraithe is gá chun comhlíonadh thíortha AE maidir le spriocanna FRC agus onnmhairiú agus allmhairiú FRCanna a rialú;
  • gníomhartha tarmlighhe chun an treoir a chomhlánú trí:
    • ábhair agus comhpháirteanna áirithe ina bhfuil luaidhe, mearcair, caidmiam nó cróimiam heicsifhiúsach (seachas na cásanna atá liostaithe in Iarscríbhinn II) a dhíolmhú, más rud é nach féidir a n–úsáid a sheachaint agus uasleibhéil tiúchana incheadaithe a shocrú chomh maith le hábhair agus comhpháirteanna feithiclí ó Iarscríbhinn II a scriosadh, más rud é gur féidir a n–úsáid a sheachaint,
    • caighdeáin um chódú a thabhairt isteach chun na comhpháirteanna atá oiriúnach lena n–úsáid agus lena n–athshlánú a éascú,
    • na híoschaighdeáin maidir leis na deimhnithe um scriosadh a shocrú,
    • na híoschaighdeáin maidir le cóireáil FRCanna (Iarscríbhinn I) a shocrú.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

B’éigean dlí a dhéanamh di i dtíortha AE faoin 21 Aibreán 2002. Tá sé i bhfeidhm ón:

  • 1 Iúil 2002 le haghaidh feithiclí a chuirtear ar an margadh ón dáta seo
  • 1 Eanáir 2007 le haghaidh feithiclí a cuireadh ar an margadh roimh an 1 Iúil 2002.

CÚLRA

  • Gintear idir 8 agus 9 milliún tonna de dhramhaíl gach bliain in AE de bharr FRCanna.
  • Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 2000/53/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meán Fómhair 2000 maidir le feithiclí a bhfuil a ré caite (IO L 269, 21.10.2000, lgh. 34-43)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 2000/53/CE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Treoir (AE) 2018/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 lena leasaítear Treoir 2000/53/CE maidir le feithiclí a bhfuil a ré caite, Treoir 2006/66/CE maidir le cadhnraí agus taisc–cheallraí agus ceallraí agus taisc–cheallraí dramhaíola, agus Treoir 2012/19/AE maidir le trealamh dramhaíola leictreach agus leictreonach (IO L 150, 14.6.2018, lgh. 93-99)

Treoir 2005/64/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2005 maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí i ndáil le hathúsáid, le hathchúrsáil agus le hathshlánú na mótarfheithiclí sin agus lena leasaítear Treoir 70/156/CEE ón gComhairle (IO L 310, 25.11.2005, lgh. 10-27)

Féach an leagan comhdhlúite.

Cinneadh 2005/293/CE ón gCoimisiún an 1 Aibreán 2005 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le monatóireacht a dhéanamh ar na spriocanna athúsáide/athshlánaithe agus athúsáide/athchúrsála atá leagtha amach i dTreoir 2000/53/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le feithiclí a bhfuil a ré caite (IO L 94, 13.4.2005, lgh. 30-33)

Cinneadh 2003/138/CE ón gCoimisiún an 27 Feabhra 2003 lena mbunaítear caighdeáin chodúcháin comhpháirteanna agus ábhair le haghaidh feithiclí, de bhun Threoir 2000/53/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 53, 28.2.2003, lgh. 58-59)

Cinneadh 2002/151/CE ón gCoimisiún an 19 Feabhra 2002 maidir le híoscheanglais an deimhnithe dhíothaithe a eisítear de réir Airteagal 5(3) den Treoir 2000/53/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le feithiclí a bhfuil a ré caite (IO L 50, 21.2.2002, lgh. 94-95)

Cinneadh 2001/753/CE ón gCoimisiún an 17 Deireadh Fómhair 2001 maidir le ceistneoir le haghaidh tuarascálacha Ballstát a bhaineann le cur i bhfeidhm Threoir 2000/53/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le feithiclí a bhfuil a ré caite (IO L 282, 26.10.2001, lgh. 77-80)

Nuashonraithe 30.03.2023

Barr