Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 02019R2022-20210501

    Éicidhearthóireacht agus lipéadú fuinnimh — miasniteoirí teaghlaigh

    Éicidhearthóireacht agus lipéadú fuinnimh — miasniteoirí teaghlaigh

     

    ACHOIMRE AR:

    Rialachán (AE) 2019/2022 maidir le ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh miasniteoirí teaghlaigh

    Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 2019/2017 maidir le lipéadú fuinnimh miasniteoirí teaghlaigh

    CAD IS AIDHM LEIS NA RIALACHÁIN?

    Tá miasniteoirí teaghlaigh faoi réir rialacha éicidhearthóireachta* agus ceanglais lipéadaithe fuinnimh* nua agus athbhreithnithe. Tá dlúthbhaint ag éicidhearthóireacht agus lipéadú fuinnimh le heolas luachmhar a chur ar fáil do thomhaltóirí Eorpacha chun iad a chur ar a gcumas rogha eolasach a dhéanamh agus faoi dheireadh an margadh a mhéadú do tháirgí atá níos éifeachtúla ó thaobh fuinnimh de.

    Leagtar amach i Rialachán (AE) 2019/2022 na ceanglais éicidhearthóireachta de bhun Threoir 2009/125/CE, chun miasniteoirí teaghlaigh, lena n–áirítear miasniteoirí teaghlaigh ionsuite agus miasniteoirí teaghlaigh leictreacha a fheidhmíonn trí na príomhlínte ar féidir iad a oibriú le ceallraí freisin, a dhíol nó a chur i seirbhís. Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1275/2008 agus aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1016/2010 leis.

    Leagtar amach rialacha maidir le lipéadú na bhfearas sin agus soláthar faisnéise breise táirge maidir leis na fearais sin i Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2017. Forlíontar leis Rialachán (AE) 2017/1369 agus aisghairtear leis Rialachán tarmligthe (AE) Uimh. 1059/2010.

    PRÍOMHPHOINTÍ

    Rialachán (AE) 2019/2022:

    • Leagtar amach an ceanglas éicidhearthóireachta in Iarscríbhinn II, ina gcumhdaítear:
      • ceanglais an chláir, lena n–áirítear rialacha ar chlár éiceolaíochta a chur ar fáil. Ní mór an clár éiceolaíochta a leagan amach mar an clár réamhshocraithe nuair is féidir, nó é a chur ar fáil mar rogha dhíreach gan aon ghá le rogha eile amhail teocht nó ualach ar leith a dhéanamh. Ní féidir na sonraí “gnáth”, “laethúil”, “rialta” agus “caighdeánach” a úsáid in ainmneacha na gclár leo féin nó in éineacht le heolas eile;
      • éifeachtúlacht fuinnimh;
      • riachtanais feidhmeanna, lena n–áirítear feidhmíocht ghlantacháin agus triomaithe;
      • móid ísealchumhachta (mód “as” agus mód fuireachais);
      • éifeachtúlacht acmhainní, lena n-áirítear infhaighteacht páirteanna spártha, rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil, aisghabháil ábhair agus athchúrsáil;
      • faisnéis le haghaidh suiteálaithe agus úsáideoirí deiridh.
    • Leagtar amach an nós imeachta um measúnú comhréireachta: ní mór d’údaráis náisiúnta na nósanna imeachta fíorúcháin atá leagtha síos in Iarscríbhinn IV a chur i bhfeidhm agus seiceálacha faireachais margaidh á ndéanamh, agus na modhanna tomhais agus ríomhaireachtaí, in Iarscríbhinn III, a caithfear a leanúint.
    • Leagtar amach in Iarscríbhinn V tagarmharcanna táscacha bunaithe ar an teicneolaíocht is fearr ar an margadh le haghaidh éifeachtúlacht fuinnimh, ídiú fuinnimh agus uisce, astaíochtaí torainn aeriompartha, agus fad cláir don chlár éiceolaíoch.

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2017 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/1369 maidir le lipéadú fuinnimh agus leagtar amach an méid seo a leanas ann:

    An aicme éifeachtúlachta fuinnimh agus an aicme astaíochtaí torainn aeriompartha atá bunaithe ar innéacs atá leagtha amach in Iarscríbhinn II.

    Ní mór do sholáthraithe an méid seo a leanas a áirithiú:

    • go mbeidh lipéad priontáilte ar gach miasniteoir teaghlaigh san fhormáid atá leagtha amach in Iarscríbhinn III;
    • go ndéanfar paraiméadair bhileog faisnéise an táirge (Iarscríbhinn V) agus ábhar na ndoiciméad teicniúil (Iarscríbhinn VI) a uaslódáil ar bhunachar sonraí an táirge;
    • go bhfaighidh déileálaithe lipéad leictreonach le haghaidh gach miasniteora teaghlaigh i bhformáid Iarscríbhinn III agus bileog faisnéise táirge leictreonach arna leagan amach in Iarscríbhinn V.

    Ní mór do dhéileálaithe an méid seo a leanas a áirithiú:

    • go bhfuil lipéad soiléir a sholáthróidh na soláthraithe ar gach miasniteoir teaghlaigh i gcomhréir le hIarscríbhinn III;
    • i gcás ciandíola, go gcloíonn an lipéad agus bileog faisnéise an táirge le hIarscríbhinní VII agus VIII.

    Caithfidh ardáin óstála idirlín a áirithiú go bhfuil an lipéad leictreonach agus an bhileog faisnéise táirge leictreonach a sholáthróidh an déileálaí taispeánta go soiléir, de réir Iarscríbhinn VIII, ar gach miasniteoir teaghlaigh a dhíolfar go díreach ar fud an tsuímh.

    Go gcuirfidh na húdaráis náisiúnta na nósanna imeachta fíorúcháin atá leagtha síos in Iarscríbhinn IX i bhfeidhm agus seiceálacha faireachais margaidh á ndéanamh.

    Ní mór don Choimisiún Eorpach athbhreithniú a dhéanamh ar na rialacháin sin i bhfianaise an dul chun cinn theicniúil a bheidh déanta 6 bliana óna dteacht i bhfeidhm lena n–áirítear an fhéidearthacht tabhairt faoi chuspóirí an gheilleagair chiorclaigh.

    CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA RIALACHÁN?

    Tá an dá cheann i bhfeidhm ón 1 Márta 2021.

    CÚLRA

    Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

    PRÍOMHTHÉARMAÍ

    Éicidhearthóireacht: Beartas maidir le feabhas, trí dhearadh níos fearr, a chur ar fheidhmíocht chomhshaoil táirgí le linn a saolré, go háirithe a n–éifeachtúlacht fuinnimh.
    Lipéadú fuinnimh: Cuireann lipéadú fuinnimh tomhaltóirí ar a gcumas roghanna eolasacha a dhéanamh bunaithe ar ídiú fuinnimh na dtáirgí a bhaineann le fuinneamh trí scála A-G/dearg-go-glas.

    PRÍOMHDHOICIMÉID

    Rialachán (AE) 2019/2022 ón gCoimisiún an 1 Deireadh Fómhair 2019 lena leagtar síos ceanglais éicidhearthóireachta le haghaidh miasniteoirí teaghlaigh de bhun Threoir 2009/125/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1275/2008 agus lena n–aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1016/2010 ón gCoimisiún (IO L 315, 5.12.2019, lgh. 267-284)

    Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2017 ón gCoimisiún an 11 Márta 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le lipéadú fuinnimh ar mhiasniteoirí teaghlaigh agus lena n–aisghairtear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1059/2010 ón gCoimisiún (IO L 315, 5.12.2019, lgh. 134-154)

    DOICIMÉID GHAOLMHARA

    Rialachán (AE) 2017/1369 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2017 lena mbunaítear creat i ndáil le lipéadú fuinnimh lena n–aisghairtear Treoir 2010/30/AE (IO L 198, 28.7.2017, lgh. 1-23)

    Treoir 2009/125/EC ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena mbunaítear creat do leagan amach na gceanglas éicidhearthóireachta do tháirgí atá bainteach le fuinneamh (IO L 285, 31.10.2009, lgh. 10-35)

    Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 2009/125/CE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo luach doiciméadach amháin.

    Nuashonraithe 26.05.2020

    Barr