EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 02005F0214-20090328

Aitheantas frithpháirteach do phionóis airgid, ar nós fíneálacha as tiomáint róghasta

Aitheantas frithpháirteach do phionóis airgid, ar nós fíneálacha as tiomáint róghasta

Má chuidítear le fíneálacha airgid a fhorghníomhú i gcásanna trasteorann, cibé áit san Aontas Eorpach (AE) ina ngearrtar iad, cuidítear lena chinntiú go gcaitear go cothrom le saoránaigh AE.

GNÍOMH

Cinneadh Réime 2005/214/JHA ón gComhairle an 24 Feabhra 2005 maidir le cur i bhfeidhm phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh ar phionóis airgid

ACHOIMRE

Má chuidítear le fíneálacha airgid a fhorghníomhú i gcásanna trasteorann, cibé áit san Aontas Eorpach (AE) ina ngearrtar iad, cuidítear lena chinntiú go gcaitear go cothrom le saoránaigh AE.

CAD A DHÉANTAR SA CHINNEADH RÉIME?

Tugtar isteach leis an gcinneadh réime bearta ar leith, faoi phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh, a thugann cead d’údarás breithiúnach nó riaracháin pionós airgid a tharchur go díreach chuig údarás i dtír AE eile agus an fhíneáil sin a bheith aitheanta agus forghníomhaithe gan foirmiúlacht eile ar bith sa bhreis.

PRÍOMHPHOINTÍ

Baineann an cinneadh réime leis na cionta uile ar féidir pionóis airgid a ghearradh ina leith agus cuirtear deireadh le seiceálacha um choiriúlacht dhúbailte (.i.e. nuair is ann do chion faoi dhlí na tíre a eisíonn agus na tíre a fhorghníomhann araon) maidir le 39 gcion liostaithe, amhail:

  • rannpháirtíocht in eagraíocht choiriúil;
  • sceimhlitheoireacht;
  • gáinneáil ar dhaoine, ar airm, agus ar fheithiclí goidte;
  • caimiléireacht (airgead nó maoin a fháil go calaoiseach);
  • éigniú;
  • cionta trácht ar bhóithre.

Ní mór na pionóis a bheith gearrtha ag údarás breithiúnach nó riaracháin thír AE agus a bheith mar thoradh ar chinneadh deiridh, i.e. níl aon fhéidearthacht ann a thuilleadh achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh.

Agus tarchur á dhéanamh aige ar an gcinneadh ina ngearrtar an pionós airgid, ní mór don tír AE teastas a tharchur i dteanga na tíre AE atá ag forghníomhú an chinnidh.

Déantar an cinneadh a tharchur chuig údaráis inniúla na tíre AE ina bhfuil maoin nó ioncam ag an duine nádúrtha nó dlíthiúil (cuideachta), ina bhfuil cónaí orthu de ghnáth nó, i gcás duine dlíthiúil, ina bhfuil a oifig chláraithe.

Féadfaidh an tír AE lena ndéantar an cinneadh a tharchur diúltú é a fhorghníomhú más rud é nach dtugtar an teastas, má tá an teastas neamhiomlán nó más léir nach bhfuil an teastas ag teacht leis an gcinneadh. Féadfaidh siad freisin diúltú é a fhorghníomhú i líon teoranta cásanna, lena n-áirítear cásanna más rud é:

  • go bhfuil an cinneadh tugtha maidir leis na gníomhartha céanna sa stát forghníomhaithe nó in aon stát eile seachas an stát eisithe nó an stát forghníomhaithe agus, sa chás deiridh sin, go bhfuil an cinneadh forghníomhaithe;
  • go mbaineann an cinneadh le gníomh nach bhfuil sa liosta mar chion sa chinneadh réime agus nach ionann agus cion é faoi dhlí náisiúnta an stáit fhorghníomhaithe;
  • go bhfuil forghníomhú an chinnidh faoi urchosc reachta (i.e. tá an teorainn ama dá fhorghníomhú sáraithe) de réir dlí an stáit fhorghníomhaithe agus go mbaineann sé le gníomhartha a thiteann faoi dhlínse an stáit sin faoin dlí féin;
  • go bhfuil an cinneadh forchurtha ar dhuine nach bhféadfadh a bheith faoi dhliteanas coiriúil faoi dhlí an stáit fhorghníomhaithe mar thoradh ar a (h)aois;
  • go bhfuil foráil sa chinneadh go mbeidh an pionós airgid faoi bhun EUR 70 nó a choibhéis.

Tá forghníomhú an chinnidh faoi réir ag dlí an stáit fhorghníomhaithe. Féadfaidh an stát forghníomhaithe freisin:

  • cinneadh ar mhéid an phionóis airgid a laghdú ag teacht leis an tsuim a bhfuil foráil déanta ina leith sa dlí náisiúnta, ar an gcoinníoll nár rinneadh na gníomhartha ar chríoch an stáit eisithe;
  • príosúnacht nó pionóis eile a ghearradh a bhfuil foráil déanta ina leith sa dlí náisiúnta más rud é nach bhfaightear an pionós airgid.

Féadfaidh an stát eisithe agus an stát forghníomhaithe araon maithiúnas, pardún agus athbhreithniú ar phianbhreith a dheonú.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

TAGAIRTÍ

Gníomh

Teach i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

Cinneadh Réime 2005/214/JHA

22.3.2005

22.3.2007

IO L 76, 22.3.2005, lgh. 16-30

Gníomh leasaitheach/Gníomhartha leasaitheacha

Teach i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

Cinneadh Réime 2009/299/JHA

28.3.2009

28.3.2011

IO L 81, 27.3.2009, lgh. 24-36

Nuashonraithe 19.06.2015

Barr