This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 52022AP0090
P9_TA(2022)0090 Macro-financial assistance to the Republic of Moldova ***I European Parliament legislative resolution of 24 March 2022 on the proposal for a decision of the European Parliament and of the Council on providing macro-financial assistance to the Republic of Moldova (COM(2022)0004 — C9-0007/2022 — 2021/0438(COD)) P9_TC1-COD(2021)0438 Position of the European Parliament adopted at first reading on 24 March 2022 with a view to the adoption of Decision (EU) 2022/… of the European Parliament and of the Council providing macro-financial assistance to the Republic of Moldova
P9_TA(2022)0090 Cúnamh macrairgeadais a sholáthar do Phoblacht na Moldóive ***I Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Márta 2022 ar an togra le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cúnamh macrairgeadais a chur ar fáil do Phoblacht na Moldóive (COM(2022)0004 – C9-0007/2022 – 2021/0438(COD)) P9_TC1-COD(2021)0438 Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 24 Márta 2022 chun go nglacfaí Cinneadh (AE) 2022/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena soláthraítear cúnamh macrairgeadais do Phoblacht na Moldóive
P9_TA(2022)0090 Cúnamh macrairgeadais a sholáthar do Phoblacht na Moldóive ***I Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Márta 2022 ar an togra le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cúnamh macrairgeadais a chur ar fáil do Phoblacht na Moldóive (COM(2022)0004 – C9-0007/2022 – 2021/0438(COD)) P9_TC1-COD(2021)0438 Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 24 Márta 2022 chun go nglacfaí Cinneadh (AE) 2022/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena soláthraítear cúnamh macrairgeadais do Phoblacht na Moldóive
IO C 361, 20.9.2022, p. 36–36
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
20.9.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 361/36 |
P9_TA(2022)0090
Cúnamh macrairgeadais a sholáthar do Phoblacht na Moldóive ***I
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Márta 2022 ar an togra le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cúnamh macrairgeadais a chur ar fáil do Phoblacht na Moldóive (COM(2022)0004 – C9-0007/2022 – 2021/0438(COD))
(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)
(2022/C 361/10)
Tá Parlaimint na hEorpa,
— |
ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2022)0004), |
— |
ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 212(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9-0007/2022), |
— |
ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
— |
ag féachaint don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 21 Márta 2022 go ndéanfaí sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, |
— |
ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta, |
— |
ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta (A9-0043/2022), |
1. |
ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é; |
2. |
á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil; |
3. |
á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta. |
P9_TC1-COD(2021)0438
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 24 Márta 2022 chun go nglacfaí Cinneadh (AE) 2022/… ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena soláthraítear cúnamh macrairgeadais do Phoblacht na Moldóive
(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Cinneadh (AE) 2022/563.)