EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32022R0394

Rialachán (AE) 2022/394 ón gComhairle an 9 Márta 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine

ST/6973/2022/INIT

OJ L 81, 9.3.2022, p. 1–7 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/394/oj

9.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 81/1


RIALACHÁN (AE) 2022/394 ÓN gCOMHAIRLE

an 9 Márta 2022

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 215 de,

Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2022/395 (1) an 9 Márta 2022 lena leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine,

Ag féachaint don togra comhpháirteach ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 31 Iúil 2014, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 (2).

(2)

Tugtar éifeacht le Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 do bhearta áirithe dá bhforáiltear i gCinneadh 2014/512/CBES ón gComhairle (3).

(3)

An 9 Márta 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2022/395 lena leasaítear Cinneadh 2014/512/CBES agus lena bhforchuirtear bearta sriantacha breise maidir le honnmhairiú earraí agus teicneolaíochta loingseoireachta muirí.

(4)

Le Cinneadh (CBES) 2022/395, leathnaítear, chuig an earnáil loingseoireachta, liosta na ndaoine dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí atá faoi réir teorainneacha maoinithe trí iasachtaí, trí urrúis inaistrithe agus trí ionstraimí margaidh airgid. De bhrí go dtuigtear go coiteann gur féidir iasachtaí agus creidmheasanna a sholáthar trí bhíthin aon mhodha, lena n-áirítear criptea-shócmhainní, i bhfianaise a gcineáil shonraigh, is iomchuí coincheap “urrús inaistrithe” a shonrú a thuilleadh i ndáil leis na sócmhainní sin.

(5)

Le Cinneadh (CBES) 2022/395 freisin, leathnaítear chuig náisiúnaigh tíre is comhalta den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch agus chuig náisiúnaigh na hEilvéise an díolúine maidir le taiscí.

(6)

Chun a áirithiú go gcuirtear na bearta a leagtar amach i Rialachán (AE) 833/2014 chun feidhme i gceart, is gá an díolúine ón bhforáil maidir le maoiniú a sholáthar d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide a shoiléiriú, mar aon le forálacha áirithe sna hIarscríbhinní a bhaineann le hearraí agus le teicneolaíocht thoirmiscthe.

(7)

Dá bhrí sin, tá gá le gníomhaíocht rialála ar leibhéal an Aontais, go háirithe d’fhonn a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm go haonfhoirmeach i ngach Ballstát iad.

(8)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 a leasú dá réir.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) 833/2014 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na bhfocal tosaigh de phointe (f):

“(f)

ciallaíonn “urrúis inaistrithe” na haicmí urrús seo a leanas, lena n-áirítear i bhfoirm criptea-shócmhainní, atá soshannta ar an margadh caipitil, cé is moite d’ionstraimí íocaíochta:”;

(2)

in Airteagal 2d, cuirtear isteach an mhír seo a leanas:

“3a.   I gcás ina ndeonóidh Ballstát údarú i gcomhréir le hAirteagail 2(4)(d), 2a(4)(d) agus 3f(4) maidir le hearraí nó teicneolaíocht a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú, ar earraí nó teicneolaíocht iad atá beartaithe le haghaidh na sábháilteachta muirí, cuirfidh sé an méid sin in iúl do na Ballstáit eile agus don Choimisiún laistigh de choicís ón údarú a dheonú.”;

(3)

i mír 2 d’Airteagal 2e, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

“(b)

maoiniú poiblí nó cúnamh airgeadais a sholáthar dar luach suas le EUR 10 000 000 ina iomláine in aghaidh an tionscadail, ar maoiniú nó cúnamh é a théann chun tairbhe d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide atá bunaithe san Aontas; nó”;

(4)

cuirtear isteach an tAirteagal seo a leanas:

“Airteagal 3f

1.   Beidh toirmeasc ar earraí agus ar theicneolaíocht loingseoireachta muirí, mar a liostaítear in Iarscríbhinn XVI, a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú, go díreach nó go hindíreach, bíodh na hearraí agus an teicneolaíocht sin de thionscnamh an Aontais nó ná bíodh, le haon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht sa Rúis, lena n-úsáid sa Rúis nó lena gcur ar bord soithigh faoi bhratach na Rúise.

2.   Toirmeascfar an méid seo a leanas:

(a)

cúnamh teicniúil, seirbhísí bróicéireachta nó seirbhísí eile a sholáthar a bhaineann leis na hearraí agus an teicneolaíocht dá dtagraítear i mír 1, agus a bhaineann le soláthar, monaraíocht agus cothabháil na n-earraí agus na teicneolaíochta sin, go díreach nó go hindíreach d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach, eintiteas nó comhlacht sa Rúis nó lena n-úsáid sa Rúis.

(b)

maoiniú nó cúnamh airgeadais a bhaineann leis na hearraí agus leis an teicneolaíocht dá dtagraítear i mír 1 a sholáthar chun na hearraí agus an teicneolaíocht sin a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú, nó chun cúnamh teicniúil gaolmhar, seirbhísí bróicéireachta nó seirbhísí eile a sholáthar, go díreach nó go hindíreach d’aon duine nádúrtha nó dlítheanach, d’eintiteas nó do chomhlacht sa Rúis nó lena n-úsáid sa Rúis.”

3.   Ní bheidh feidhm ag na toirmisc i míreanna 1 agus 2 maidir leis na hearraí agus leis an teicneolaíocht dá dtagraítear i mír 1 a dhíol, a sholáthar, a aistriú ná a onnmhairiú, ná leis an gcúnamh teicniúil nó cúnamh airgeadais lena mbaineann a sholáthar, i gcomhair úsáid neamh-mhíleata agus úsáideoir deiridh neamh-mhíleata, atá beartaithe chun críoch daonnúil, éigeandálaí sláinte, chun teagmhas a chosc nó a mhaolú go práinneach, teagmhais ar dócha go mbeadh tionchar tromchúiseach suntasach aige ar shláinte agus ar shábháilteacht an duine nó ar an gcomhshaol nó mar fhreagairt ar thubaistí nádúrtha.

4.   De mhaolú ar mhíreanna 1 agus 2, féadfaidh na húdaráis inniúla údarú a thabhairt earraí agus teicneolaíocht dá dtagraítear i mír 1 a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a onnmhairiú, nó an cúnamh teicniúil nó cúnamh airgeadais lena mbaineann a sholáthar, i gcomhair úsáid neamh-mhíleata agus úsáideoir deiridh neamh-mhíleata, tar éis do na húdaráis sin a chinneadh go bhfuil na hearraí nó an teicneolaíocht sin nó an cúnamh teicniúil nó cúnamh airgeadais lena mbaineann beartaithe le haghaidh na sábháilteachta muirí.”;

(5)

in Airteagal 5a, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

“4.   Toirmeascfar idirbhearta a bhaineann le bainistiú cúlchistí mar aon le sócmhainní de chuid Bhanc Ceannais na Rúise, lena n-áirítear idirbhearta le haon duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá ag gníomhú thar ceann Bhanc Ceannais na Rúise nó faoina threoir, amhail Ciste Rachmais Náisiúnta na Rúise.”;

(6)

in Airteagal 5b, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

“2.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir le náisiúnaigh Ballstáit, le náisiúnaigh tíre is comhalta den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, ná le náisiúnaigh na hEilvéise, ná le daoine nádúrtha ag a bhfuil cead cónaithe sealadach nó buan acu i mBallstáit, i dtír is comhalta den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch nó san Eilvéis.”

(7)

Leasaítear Iarscríbhinn VI i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo;

(8)

Leasaítear Iarscríbhinn IX i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo;

(9)

Leasaítear Iarscríbhinn XIII i gcomhréir le hIarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo;

(10)

Cuirtear an téacs a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo le Rialachán (AE) 833/2014 mar Iarscríbhinn XVI.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 9 Márta 2022.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J.-Y. LE DRIAN


(1)  Féach leathanach 8 den Iris Oifigiúil seo.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 ón gComhairle an 31 Iúil 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 229, 31.7.2014, lch. 1).

(3)  Cinneadh 2014/512/CBES ón gComhairle an 31 Iúil 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO L 229, 31.7.2014, lch. 13).


IARSCRÍBHINN I

Leasaítear Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 mar a leanas:

(1)

sa téacs réamhráiteach, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tríú mír:

“Gan dochar d’Airteagal 12 den Rialachán seo, maidir le hítimí neamhrialaithe ina bhfuil ceann amháin nó níos mó de na comhpháirteanna a liostaítear san Iarscríbhinn seo, ní bheidh na hítimí sin faoi réir na rialuithe faoi Airteagal 2a agus Airteagal 2b den Rialachán seo.”;

(2)

i bpointe c. d’fhochatagóir X.A.I.001 de Chatagóir I — Leictreonaic, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 2:

“2.

Tá taifeach 12 ghiotán acu agus ráta aschuir is mó ná 105 Mheigeashampla in aghaidh an tsoicind;”;

(3)

i bpointe c. d’fhochatagóir X.B.I.001 de Chatagóir I — Leictreonaic, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 2:

“2.

Tarraingeoirí criostail den chineál ‘rialú le ríomhchlár stóráilte’ ag a bhfuil aon cheann de na saintréithe seo a leanas:

a.

Tá siad in-athluchtaithe gan coimeádán an bhreogáin a ionadú;

b.

Tá ar a gcumas feidhmiú ag brúnna os cionn 2.5 x 105 Pa; nó

c.

Tá ar a gcumas criostail a tharraingt a bhfuil trastomhas acu is mó ná 100 mm;”;

(4)

i bpointe i. d’fhochatagóir X.B.I.001 de Chatagóir I – Leictreonaic, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1:

“1.

Trealamh ‘deascadh gaile ceimiceach’ a oibríonn faoi bhun 105 Pa; nó”;

(5)

i bhfochatagóir X.A.VII.001 de Chatagóir VII – Aeraspás agus Tiomáint, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte:

“X.A.VII.001

Innill díosail, agus tarracóirí agus comhpháirteanna atá saindeartha lena n-aghaidh, cé is moite díobh sin a shonraítear in LCM nó i Rialachán (AE) 2021/821:”;

(6)

i bhfochatagóir X.A.VII.002 de Chatagóir VII – Aeraspás agus Tiomáint, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe c.:

“c.

Aerinnill ghástuirbín, agus comhpháirteanna atá saindeartha lena n-aghaidh.”.


IARSCRÍBHINN II

Leasaítear Iarscríbhinn IX a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 mar a leanas:

(1)

I Samhail A, ba cheart “Rialachán (AE) 833/2014” a chur in ionad na dtagairtí uile do “Rialachán .../...”.

(2)

I Samhail B, ba cheart “Rialachán (AE) 833/2014” a chur in ionad na dtagairtí uile do “Rialachán .../...”.


IARSCRÍBHINN III

In Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 833/2014, cuirtear isteach an iontráil seo a leanas a bhaineann leis an eintiteas a liostaítear thíos:

“Russian Maritime Register of Shipping”.


IARSCRÍBHINN IV

“IARSCRÍBHINN XVI

LIOSTA EARRAÍ AGUS TEICNEOLAÍOCHTA DÁ DTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 3F

Catagóir VI — Cúrsaí Muirí

X.A.VI.001

Soithí, córais nó trealamh muirí, agus comhpháirteanna atá saindeartha lena n-aghaidh, comhpháirteanna agus gabhálais:

(a)

Trealamh a luaitear i gcaibidil 4 (trealamh loingseoireachta) den Rialachán Cur Chun Feidhme is infheidhme ón gCoimisiún maidir le ceanglais maidir le dearadh, tógáil agus feidhmiú trealaimh mhuirí agus caighdeáin tástála le haghaidh trealamh muirí arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 35(2) de Threoir 2014/90/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le trealamh muirí;

(b)

Trealamh a luaitear i gcaibidil 5 (trealamh le haghaidh cumarsáide raidió) den Rialachán Cur Chun Feidhme is infheidhme ón gCoimisiún maidir le ceanglais maidir le dearadh, tógáil agus feidhmiú trealaimh mhuirí agus caighdeáin tástála le haghaidh trealamh muirí arna ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 35(2) de Threoir 2014/90/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le trealamh muirí;


Top