Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Am oibre maraithe

ACHOIMRE AR:

Treoir 1999/63/CE — Comhaontú maidir le heagrú ama oibre maraithe

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

  • Cuirtear sa reachtaíocht an comhaontú maidir le ham oibre maraithe1 ar thángthas air idir Cumann Longúinéirí2 an Chomhphobail Eorpaigh agus Cónaidhm Cheardchumainn Oibrithe Iompair ar an .
  • Cuirtear san áireamh inti Coinbhinsiún Oibreachais Mhuirí (MLC) na hEagraíochta Oibreachais Idirnáisiúnta 2006 maidir le huaireanta oibre maraithe.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Ní mór do long muirghabhála atá faoi úinéireacht phoiblí nó phríobháideach agus atá cláraithe i mBallstát de chuid an Aontais Eorpaigh (AE) a bhíonn ag gabháil do ghníomhaíochtaí muirí tráchtála an reachtaíocht a urramú.
  • Sonraítear sa treoir líon uasta uaireanta oibre nó íosmhéid ama sosa thar thréimhse ar leith.
  • Uaireanta oibre:
    • gurb ionann gnáthlá oibre agus 8 n-uaire an chloig, le 1 lá amháin saor agus sos ar laethanta saoire poiblí;
    • nár chóir d’uaireanta oibre uasta a bheith níos mó ná 14 huaire in aon tréimhse 24 uair an chloig72 uair thar 7 lá.
  • Tréimhsí sosa:
    • ní féidir leo a bheith níos lú ná 10 n-uaire in aon tréimhse 24 uair an chloig, nó 77 n-uaire thar 7 lá;
    • ní féidir iad a roinnt i líon nach mó ná dhá thréimhse, agus ní mór do thréimhse amháin díobh a bheith 6 huaire an chloig ar a laghad;
    • ní mór dóibh tarlú i bhfoisceacht 14 huaire an chloig ar a laghad dá chéile;
    • níor cheart cur isteach orthu ach a laghad agus is féidir le cleachtaí sábháilteachta amhail tionóil, agus comhrac dóiteáin agus druile bád tarrthála;
    • ní mór cúiteamh leordhóthanach a áireamh leo do mharaithe atá ar sos ar a nglaoitear chun oibre.
  • Ní mór taifid a choinneáil d’obair agus uaireanta sosa na maraithe ó lá go lá.
  • Ní fhéadfadh aon mharaí faoi bhun 18 obair san oíche3 ach amháin i gcomhair dualgais ar leith nó i gcomhair oiliúna.
  • Ní cheadaítear daoine faoi bhun 18 a fhostú, a fhruiliú nó glacadh lena gcuid oibre más dóigh go gcuirfí a sláinte agus sábháilteacht i mbaol.
  • Tá sé de cheart ag máistrí long obair chriú a iarraidh más gá a chinnteoidh sábháilteacht láithreach an tsoithigh, a chuid daoine ar bord, a lastais agus daoine eile in anacair.
  • Ní mór sonraí maidir le socruithe oibre ar bord agus na forálacha sa reachtaíocht a bheith inrochtana agus ar taispeáint.
  • Ní mór don líon criú uaireanta iomarcacha oibre a sheachaint nó a íoslaghdú lena chinntiú go mbeidh dóthain scíthe acu agus go gcuirtear teorainn le tuirse.
  • Maidir le gach maraí:
    • ní mór deimhniú sláinte a bheith acu a chruthaíonn go bhfuil siad aclaí go fisiciúil chun oibriú ar muir — leagtar amach leis an treoir sonraí na ndeimhnithe sin lena n-áirítear rialacha eisiúna, bailíocht agus an cineál measúnaithe sláinte. Ceadaítear roinnt eisceachtaí;
    • tá siad i dteideal saoire bhliantúil íoctha a ghlacadh bunaithe ar íosmhéid 2.5 lá in aghaidh na míosa a oibrítear agus i gcomhréir le míonna neamhiomlána.
  • Féadfaidh na Ballstáit:
    • díolúintí ar na huaireanta oibre sonraithe agus ar na tréimhsí sosa a cheadú, faoi choinníollacha áirithe;
    • coinníollacha níos fabhraí, ach nach lú fabhar, a chur i bhfeidhm maidir le maraithe seachas iad sin atá sa treoir.

Leasuithe ar Threoir 1999/63/CE

  • Leasaíodh an treoir ag Treoir 2009/13/CE i ndiaidh shíniú an MLC in 2006.
  • Leasaíodh Treoir 2009/13/CE dá réir sin ag Treoir (AE) 2018/131, i ndiaidh leasuithe ar an MLC in 2014, ina dhírítear ar chearta maraithe i gcás tréigean i gcalafoirt eachtracha agus lena n-áirítear rialacha nuashonraithe maidir le haisdúichiú, sláine airgeadais agus dliteanas longúinéirí.

Reachtaíocht ghaolmhar

Tá forghníomhú na treorach clúdaithe ag reachtaíocht éagsúil (Treoir 1999/95/CE) maidir le forghníomhú uaireanta oibre ar bord long a mbíonn calafoirt AE á n úsáid acu, mar aon le Treoir 2013/54/AE maidir le comhlíonadh ginearálta le agus forghníomhú an MLC (féach an achoimre).

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tá feidhm léi ón agus b’éigean dlí a dhéanamh di sna Ballstáit faoin .

CÚLRA

PRÍOMHTHÉARMAÍ

  1. Maraí. Duine atá fostaithe in aon cháil ar bord long muirghabhála.
  2. Longúinéir. Úinéir na loinge nó aon eagraíocht eile nó duine a ghlacann leis an bhfreagracht sin.
  3. Oíche. Ar a laghad 9 n-uaire, tráth nach déanaí ná meán oíche agus ag críochnú tráth nach luaithe ná 5 a.m.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 1999/63/CE an ón gComhairle maidir leis an gComhaontú ar eagrú ama oibre maraithe arna chur i gcrích ag Cumann Longúinéirí an Chomhphobail Eorpaigh (ECSA) agus ag Cónaidhm Cheardchumainn Oibrithe Iompair san Aontas Eorpach (FST) — Iarscríbhinn: An Comhaontú Eorpach maidir le heagrú ama oibre maraithe (IO L 167, , lgh. 33-37).

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 1999/63/CE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

nuashonrú is deireanaí

Top