Solúbthacht rialacha an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis (CFF): an nasc idir infheistíocht, athchóirithe struchtúrtha agus freagracht fhioscach a neartú
ACHOIMRE AR:
CumarsáidTeachtaireacht (COM(2015) 12 final an 13.1.2015): An úsáid is fearr a bhaint as an tsolúbthacht laistigh de rialacha atá ann cheana sa Chomhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis
CAD IS AIDHM LEIS AN TEACHTAIREACHT?
-
Tugann sí treoir ar an gcaoi is fearr le húsáid a bhaint as an tsolúbthacht a chuireann na rialacha CCF atá ann cheana ar fáil.
-
Neartódh sé seo an nasc idir athchóirithe struchtúrtha, infheistíocht agus freagracht fhioscach d’fhonn cruthú post agus fás a chothú san Aontas Eorpach (AE).
PRÍOMHPHOINTÍ
-
Tá trí phríomhchuspóir leis an treoir:
-
Braitheann méid na solúbthachta ar cé acu an bhfuil tír AE sa ghné choisctheach (i.e. tá easnamh poiblí nach sáraíonn 3 % den Olltáirgeacht Intíre (OTI) agus fiachas poiblí faoi bhun 60 % den OTI nó atá ag titim go leor) nó nach bhfuil agus ansin atá faoi réir nós imeachta maidir le heasnamh iomarcach de chuid ghné cheartaitheach CCF. Tá na tíortha deireanacha sin faoi réir ag coinníollacha níos doichte.
Soiléirithe maidir le hathchóirithe struchtúrtha
-
Míníonn an Coimisiún gur féidir leis tionchar athchóirithe struchtúrtha a chur san áireamh más rud é go mbaineann na tréithe seo a leanas leis na hathchóirithe sin:
-
is athchóirithe móra iad;
-
tá iarmhairtí buiséadacha infhíoraithe, dearfacha agus fadtéarma leo, lena n-áirítear trí fhás inbhuanaithe ionchasach a ardú; agus
-
tá siad curtha chun feidhme go hiomlán.
-
Má tá bearta athchóirithe le cur san áireamh ex-ante (roimh ré), ní mór do thíortha AE plean athchóirithe a chur i láthair le faisnéis mhionsonraithe agus sprioc-amanna réalaíocha.
-
Déanann CE measúnú ar athchóirithe sula molann sé diallais shealadacha fhéideartha ón gcuspóir buiséadach meántéarmach (CBM) nó an bealach coigeartaithe fioscach ina threo don Chomhairle.
-
Maidir le tíortha nach bhfuil sa nós imeachta maidir le heasnamh iomarcach (gné choisctheach), féadfar diallas de 0.5 % de OTI a cheadú, ar an gcoinníoll go bhfuil sé dúnta laistigh de 4 bliana de chur chun feidhme an chlásail athchóirithe struchtúrtha.
-
Maidir le tíortha atá sa nós imeachta maidir le heasnamh iomarcach (gné cheartaitheach), féadfaidh an Coimisiún níos mó ama a thabhairt dóibh teacht ar ais laistigh den teorainn 3 % de OTI, ar an gcoinníoll go gcuirtear na hathchóirithe chun feidhme agus go bhfuil iarrachtaí imleora déanta acu a n-easnaimh iomarcacha a cheartú.
Soléirithe maidir le hinfheistíocht
Deir an Coimisiún é seo a leanas:
-
Ní bheidh ranníocaíochtaí na dtíortha AE don CEIS san áireamh nuair a bheidh an leasú fioscach á shannadh faoi ghné choisctheach nó cheartaitheach an CCF, toisc go n-eisítear bearta aonuaire sna spriocanna sainiúla. Má sháraíonn an t-easnamh do thír 3 % den OTI, ní sheolfaidh an Coimisiún nós imeachta maidir le heasnamh iomarcach má tharlaíonn sé seo mar thoradh ar an ranníocaíocht, ar an gcoinníoll go bhfuil an diallas teoranta agus go meastar go mbeidh sé sealadach.
-
Féadfaidh tíortha nach bhfuil nós imeachta maidir le heasnamh iomarcach acu diall go sealadach ón CBM nó ón mbealach coigeartaithe fioscach ina threo, ach go háirithe má bhíonn fás diúltach ann nó bearnaí móra diúltacha san aschur, má dhéanann siad infheistíocht go díreach i dtionscadail atá cómhaoinithe ag AE faoi na polasaithe struchtúrtha agus comhtháthaithe (lena n-áirítear tionscadail comh-mhaoinithe faoin tionscnamh fostaíochta don aos óg), líonraí tras-Eorpacha agus an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, chomh maith le tionscadail chómhaoinithe ag CEIS.
Soiléirithe maidir le coinníollacha timthriallacha
Chun na luaineachtaí sa timthriall eacnamaíoch a chur san áireamh níos fearr, bainfidh an Coimisiún úsáid as maitrís a shonraíonn an t-athchóiriú fioscach cuí a mbeifear ag súil leis ó thíortha sa ghné choisctheach den CCF. Ciallaíonn sé seo nach mór do na tíortha seo iarracht fhioscach níos fearr a dhéanamh nuair a bhíonn cúrsaí níos fearr.
CÚLRA
-
Leanann an chumarsáid an tiomantas a rinneadh i dtreoirlínte polaitiúla an Uachtaráin Juncker agus conclúidí an 26 agus an 27 Meitheamh 2014 ón gComhairle Eorpach ina rinne sí athdhearbhú ar an ngá le cloí le CCF, ach an tairbhe is mó a bhaint as an tsolúbthacht a tugadh isteach i rialacha CCF a bhí ann cheana, a leasaíodh in 2005 agus 2011.
-
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Teachtaireacht ón gCoimisiún go dtí Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, an Banc Ceannais Eorpach, an Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta, Coiste na Réigiún agus an Banc Eorpach Infheistíochta: An úsáid is fearr a bhaint as an tsolúbthacht laistigh de rialacha atá ann cheana sa Chomhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis (COM(2015) 12 final an 13.1.2015).
Nuashonraithe 30.03.2017
Top