EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32021R0405

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405 ón gCoimisiún an 24 Márta 2021 lena leagtar síos na liostaí de thríú tíortha nó réigiúin sna tíortha sin a údaraítear i dtaobh ainmhithe agus earraí áirithe a bheartaítear lena gcaitheamh ag an duine a theacht isteach san Aontas i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

C/2021/1810

OJ L 114, 31.3.2021, p. 118–150 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force: This act has been changed. Current consolidated version: 11/02/2024

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/405/oj

31.3.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 114/118


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/405 ÓN gCOIMISIÚN

an 24 Márta 2021

lena leagtar síos na liostaí de thríú tíortha nó réigiúin sna tíortha sin a údaraítear i dtaobh ainmhithe agus earraí áirithe a bheartaítear lena gcaitheamh ag an duine a theacht isteach san Aontas i gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 agus Rialachán (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (1), agus go háirithe Airteagal 127(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Leagtar síos le Rialachán (AE) 2017/625 rialacha maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí rialaithe eile arna ndéanamh ag údaráis inniúla na mBallstát chun comhlíonadh reachtaíocht an Aontais a fhíorú i réimse na sábháilteachta bia, i measc nithe eile, ag gach céim den phróiseas táirgthe, próiseála agus dáileacháin. Go háirithe, foráiltear leis nach dtiocfaidh coinsíneachtaí ainmhithe agus earraí áirithe isteach san Aontas ach ó thríú tír nó réigiún sa tír sin atá ar liosta arna tharraingt suas ag an gCoimisiún chun na críche sin.

(2)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/625 ón gCoimisiún (2), déantar forlíonadh ar Rialachán (AE) 2017/625 a mhéid a bhaineann leis na coinníollacha i ndáil le coinsíneachtaí ainmhithe agus earraí áirithe a bheartaítear lena gcaitheamh ag an duine a theacht isteach san Aontas ó thríú tíortha nó réigiúin sna tíortha sin chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh siad na ceanglais ábhartha a bhunaítear sna rialacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2)(a) de Rialachán (AE) 2017/625 (sábháilteacht bia) nó ceanglais a aithnítear a bheith coibhéiseach leo ar a laghad. Go háirithe, sainaithnítear ann na hainmhithe agus na hearraí a bheartaítear lena gcaitheamh ag an duine atá faoi réir an cheanglais maidir le teacht ó thríú tír nó réigiún sa tríú tír sin a liostaítear i gcomhréir le hAirteagal 126(2)(a) de Rialachán (AE) 2017/625.

(3)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/626 ón gCoimisiún (3), leagtar síos na liostaí de thríú tíortha nó réigiúin sna tíortha sin a údaraítear i dtaobh na hainmhithe agus na hearraí a shainaithnítear in Airteagal 3 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/625 a theacht isteach san Aontas.

(4)

I gcomhréir le hAirteagal 127 de Rialachán (AE) 2017/625, ní áirítear ar na liostaí sin ach tríú tíortha nó réigiúin sna tíortha sin a bhfuil fianaise agus ráthaíochtaí iomchuí curtha isteach acu go gcomhlíonann na hainmhithe agus na hearraí lena mbaineann ceanglais reachtaíocht an Aontais i réimse na sábháilteachta bia.

(5)

Foráiltear le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) go n-áiritheoidh oibreoirí gnólachtaí bia a allmhairíonn táirgí de bhunadh ainmhíoch ó thríú tíortha nó réigiúin sna tíortha sin go bhfuil an tríú tír as a bhfuil siad ag teacht ar liosta de thríú tíortha óna gceadaítear allmhairiú na dtáirgí sin.

(6)

Chomh maith le reachtaíocht an Aontais a chomhlíonadh i réimse an bhia agus na sábháilteachta bia, ní mór d’ainmhithe agus earraí ó thríú tíortha a thiocfaidh isteach san Aontas reachtaíocht an Aontais a chomhlíonadh i réimse na sláinte ainmhithe. Chun na críche sin, foráiltear le Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) nach gceadóidh na Ballstáit do choinsíneachtaí áirithe ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch ó thríú tíortha nó ó thríú críocha teacht isteach san Aontas ach amháin más ó thríú tír nó ó thríú críoch a liostaítear chun na críche sin a thiocfaidh na hearraí sin.

(7)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún (6), leagtar síos na liostaí de thríú tíortha nó réigiúin sna tíortha sin a údaraítear i dtaobh ainmhithe agus earraí áirithe a theacht isteach san Aontas maidir le ceanglais sláinte ainmhithe, i gcomhréir leis na critéir a leagtar síos in Airteagal 230(1) de Rialachán (AE) 2016/429 agus leis na ceanglais ábhartha maidir le sláinte ainmhithe a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún (7).

(8)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692, aisghairtear, le héifeacht ón 21 Aibreán 2021, roinnt gníomhartha ón gCoimisiún lena leagtar síos liostaí de thríú tíortha nó réigiúin sna tíortha sin a údaraítear i dtaobh coinsíneachtaí ainmhithe áirithe, táirgí geirmeacha áirithe agus táirgí áirithe de bhunadh ainmhíoch a theacht isteach san Aontas. As measc na liostaí sin, ba cheart iad siúd sin a bhunaítear maidir le ceanglais sábháilteachta bia a leagan síos sa Rialachán seo, le héifeacht ón 21 Aibreán 2021.

(9)

Tá fianaise agus ráthaíochtaí iomchuí soláthraithe cheana féin ag na tríú tíortha nó na réigiúin sna tíortha sin óna gceadaítear coinsíneachtaí ainmhithe agus earraí áirithe a theacht isteach san Aontas lena áirithiú go gcomhlíonfaidh na hainmhithe agus na hearraí a údaraítear i dtaobh teacht isteach san Aontas na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 4(a) go (e) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/625. Dá bhrí sin, ní gá athmheasúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh na gceanglas sin.

(10)

Foráiltear le hAirteagal 4(f) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/625 gur réamhriachtanas é, ó thaobh tríú tíortha nó réigiúin sna tíortha sin a áireamh ar an liosta dá dtagraítear in Airteagal 126(2)(a) de Rialachán (AE) 2017/625, clár rialaithe iarmhar a bheith ann, é a bheith á chur chun feidhme agus é a bheith á chur in iúl, ar clár é arna fhormheas ag an gCoimisiún, i gcás inarb infheidhme. Le Cinneadh 2011/163/AE ón gCoimisiún (8), leagtar síos an liosta de na tríú tíortha ar fhormheas an Coimisiún a gclár rialaithe iarmhar.

(11)

Tá tíortha áirithe liostaithe faoi láthair i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/626 i dtaobh ainmhithe agus earraí nach liostaítear iad ina leith i gCinneadh 2011/163/AE, agus dá bhrí sin níl siad údaraithe i dtaobh na hainmhithe nó na hearraí sin a theacht isteach san Aontas. Ós rud é nach gcomhlíonann na tíortha sin ceanglais Airteagal 4(f) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/625, níor cheart na tíortha a liostú sa Rialachán seo.

(12)

I bhfianaise na leasuithe iomadúla is gá, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/626 a aisghairm agus an Rialachán seo a chur ina ionad.

(13)

Ós rud é go bhfuil feidhm ag Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 agus ag Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón 21 Aibreán 2021, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón dáta sin freisin.

(14)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

Leagtar síos leis an Rialachán seo na liostaí de thríú tíortha nó réigiúin sna tíortha sin óna gceadaítear coinsíneachtaí ainmhithe agus earraí áirithe a bheartaítear lena gcaitheamh ag an duine a theacht isteach san Aontas i gcomhréir le hAirteagal 126(2)(a) de Rialachán (AE) 2017/625.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críche an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn “feoil úr” feoil úr mar a shainmhínítear í i bpointe 1.10 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004;

(2)

ciallaíonn “ullmhóidí feola” ullmhóidí feola mar a shainmhínítear iad i bpointe 1.15 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004;

(3)

ciallaíonn “dlúthchrúbaigh chlóis” ainmhithe den speiceas Equus caballus, Equus asinus agus ainmhithe a chrosphóraítear uathu;

(4)

ciallaíonn “dlúthchrúbaigh fhiáine” ainmhithe den fhoghéineas Hippotigris;

(5)

ciallaíonn “scairteach” scairteach mar a shainmhínítear é i bpointe 1.11 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004;

(6)

ciallaíonn “feoil” feoil mar a shainmhínítear í i bpointe 1.1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004;

(7)

ciallaíonn “mionfheoil” mionfheoil mar a shainmhínítear í i bpointe 1.13 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004;

(8)

ciallaíonn “éanlaith chlóis” éanlaith chlóis mar a shainmhínítear í i bpointe 1.3 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004;

(9)

ciallaíonn “leipiridigh fhiáine” coiníní agus giorriacha nach gcoinníonn daoine;

(10)

ciallaíonn “géim fiáin” géim fiáin mar a shainmhínítear é i bpointe 1.5 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004;

(11)

ciallaíonn “géim feirme” géim feirme mar a shainmhínítear é i bpointe 1.6 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004;

(12)

ciallaíonn “uibheacha” uibheacha mar a shainmhínítear iad i bpointe 5.1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004;

(13)

ciallaíonn “táirgí uibhe” táirgí uibhe mar a shainmhínítear iad i bpointe 7.3 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004;

(14)

ciallaíonn “táirgí feola” táirgí feola mar a shainmhínítear iad i bpointe 7.1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004;

(15)

ciallaíonn “goilí, lamhnáin agus inní cóireáilte” goilí, lamhnáin agus inní cóireáilte mar a shainmhínítear iad i bpointe 7.9 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004;

(16)

ciallaíonn “cásálacha” cásálacha mar a shainmhínítear iad i bpointe (45) den dara mír d’Airteagal 2 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692;

(17)

ciallaíonn “saill ainmhíoch leáite” saill ainmhíoch leáite mar a shainmhínítear í i bpointe 7.5 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004;

(18)

ciallaíonn “geirdheascadh” geirdheascadh mar a shainmhínítear é i bpointe 7.6 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004;

(19)

ciallaíonn “moilisc dhébhlaoscacha” moilisc dhébhlaoscacha mar a shainmhínítear iad i bpointe 2.1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004;

(20)

ciallaíonn “táirgí iascaigh” táirgí iascaigh mar a shainmhínítear iad i bpointe 3.1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004;

(21)

ciallaíonn “bainne amh” bainne amh mar a shainmhínítear é i bpointe 4.1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004;

(22)

ciallaíonn “táirgí déiríochta” táirgí déiríochta mar a shainmhínítear iad i bpointe 7.2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004;

(23)

ciallaíonn “gruth buí” gruth buí mar a shainmhínítear é i bpointe 1 de Roinn IX d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004;

(24)

ciallaíonn “táirgí bunaithe ar ghruth buí” táirgí bunaithe ar ghruth buí mar a shainmhínítear iad i bpointe 2 de Roinn IX d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004;

(25)

ciallaíonn “cosa froganna” cosa froganna mar a shainmhínítear iad i bpointe 6.1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 agus aon chosa froganna eile de chuid na ngéineas Pelophylax den fhine Ranidae, agus de chuid na ngéineas Limnonectes, Fejervarya agus Hoplobatrachus den fhine Dicroglossidae;

(26)

ciallaíonn “seilidí” seilidí mar a shainmhínítear iad i bpointe 6.2 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 agus aon seilidí eile den fhine Helicidae, Hygromiidae nó Sphincterochilidae;

(27)

ciallaíonn “geilitín” geilitín mar a shainmhínítear é i bpointe 7.7 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004;

(28)

ciallaíonn “collaigin” collaigin mar a shainmhínítear í i bpointe 7.8 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004;

(29)

ciallaíonn “mil” mil mar a shainmhínítear í i bpointe (1) de Chuid IX d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9);

(30)

ciallaíonn “táirgí beachadóireachta” táirgí beachadóireachta mar a shainmhínítear iad i bpointe 2 de Chuid IX d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013;

(31)

ciallaíonn “feoil reiptíle” feoil reiptíle mar a shainmhínítear í i bpointe (16) d’Airteagal 2 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/625;

(32)

ciallaíonn “feithidí” feithidí mar a shainmhínítear iad i bpointe (17) d’Airteagal 2 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/625;

(33)

ciallaíonn “sicíní lae” sicíní lae mar a shainmhínítear iad i bpointe (19) d’Airteagal 2 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692;

(34)

ciallaíonn “uibheacha goir” uibheacha goir mar a shainmhínítear iad i bpointe (44) d’Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2016/429;

(35)

ciallaíonn “éanlaith chlóis phórúcháin” éanlaith chlóis phórúcháin mar a shainmhínítear í i bpointe (17) d’Airteagal 2 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692;

(36)

ciallaíonn “éanlaith chlóis tháirgiúil” éanlaith chlóis tháirgiúil mar a shainmhínítear í i bpointe (18) d’Airteagal 2 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692;

(37)

ciallaíonn “ainmhithe a mbeartaítear iad a mharú” ainmhithe a mbeartaítear iad a mharú mar a shainmhínítear iad i bpointe (13) d’Airteagal 2 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692.

Airteagal 3

Liosta de thríú tíortha nó réigiúin sna tíortha sin a údaraítear i dtaobh coinsíneachtaí feola úire agus ullmhóidí feola ó chrúbacha seachas dlúthchrúbaigh a theacht isteach san Aontas

I gcás coinsíneachtaí feola úire agus ullmhóidí feola ó chrúbacha seachas dlúthchrúbaigh, a bheartaítear lena gcaitheamh ag an duine, ní údarófar iad i dtaobh teacht isteach san Aontas ach amháin má thagann siad ó na tríú tíortha nó réigiúin sna tíortha sin a údaraítear i dtaobh teacht isteach san Aontas i gcomhréir le hIarscríbhinn XIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 agus a liostaítear i gCinneadh 2011/163/AE.

Airteagal 4

Liosta de thríú tíortha a údaraítear i dtaobh coinsíneachtaí feola úire, cé is moite de mhionfheoil, agus coinsíneachtaí ullmhóidí feola ó dhlúthchrúbaigh chlóis a theacht isteach san Aontas

I gcás coinsíneachtaí feola úire, cé is moite de mhionfheoil, agus coinsíneachtaí ullmhóidí feola ó dhlúthchrúbaigh chlóis, a bheartaítear lena gcaitheamh ag an duine, ní údarófar iad i dtaobh teacht isteach san Aontas ach amháin má thagann siad ó na tríú tíortha a liostaítear in Iarscríbhinn I.

Airteagal 5

Liosta de thríú tíortha a údaraítear i dtaobh coinsíneachtaí feola úire, cé is moite de scairteach agus mionfheoil, agus coinsíneachtaí ullmhóidí feola ó dhlúthchrúbaigh fhiáine a theacht isteach san Aontas

I gcás coinsíneachtaí feola úire, cé is moite de scairteach agus mionfheoil, agus coinsíneachtaí ullmhóidí feola ó dhlúthchrúbaigh fhiáine, a bheartaítear lena gcaitheamh ag an duine, ní údarófar iad i dtaobh teacht isteach san Aontas ach amháin má thagann siad ó na tríú tíortha a liostaítear in Iarscríbhinn II.

Airteagal 6

Liosta de thríú tíortha nó réigiúin sna tíortha sin a údaraítear i dtaobh coinsíneachtaí feola úire ó éanlaith chlóis, raitítigh agus éanlaith géim fhiáin, agus ullmhóidí feola ó éanlaith chlóis, a theacht isteach san Aontas

I gcás coinsíneachtaí feola úire ó éanlaith chlóis, raitítigh agus éanlaith géim fhiáin, agus ullmhóidí feola ó éanlaith chlóis, a bheartaítear lena gcaitheamh ag an duine, ní údarófar iad i dtaobh teacht isteach san Aontas ach amháin má thagann siad ó na tríú tíortha nó réigiúin sna tíortha sin a údaraítear i dtaobh teacht isteach san Aontas i gcomhréir le hIarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 agus a liostaítear i gCinneadh 2011/163/AE.

I gcás coinsíneachtaí feola úire ó éanlaith géim fhiáin a bheartaítear lena caitheamh ag an duine, nach bhfuil cluimhrithe agus nach bhfuil dí-innithe, agus a thagann ó thríú tíortha a liostaítear in Iarscríbhinn III, ní údarófar iad i dtaobh teacht isteach san Aontas ach amháin más ar eitleán a iompraítear iad.

Airteagal 7

Liosta de thríú tíortha nó réigiúin sna tíortha sin a údaraítear i dtaobh coinsíneachtaí uibheacha agus táirgí uibhe a theacht isteach san Aontas

I gcás coinsíneachtaí uibheacha agus táirgí uibhe, a bheartaítear lena gcaitheamh ag an duine, ní údarófar iad i dtaobh teacht isteach san Aontas ach amháin má thagann siad ó na tríú tíortha nó réigiúin sna tíortha sin a údaraítear i dtaobh teacht isteach san Aontas i gcomhréir le hIarscríbhinn XIX a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 agus a liostaítear i gCinneadh 2011/163/AE i leith “uibheacha”.

I gcás coinsíneachtaí uibheacha a bheartaítear a chur ar an margadh mar uibheacha Aicme A i gcomhréir le hAirteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 589/2008 ón gCoimisiún (10), ní údarófar iad i dtaobh teacht isteach san Aontas ach amháin má thagann siad ó na tríú tíortha a liostaítear in Iarscríbhinn IV, chun na ceanglais maidir le rialú salmonella a chomhlíonadh i gcomhréir le hAirteagal 10(6) de Rialachán (CE) Uimh. 2160/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11).

Airteagal 8

Liosta de thríú tíortha a údaraítear i dtaobh coinsíneachtaí d’fheoil úr coinín feirme, agus coinsíneachtaí d’fheoil úr leipirideach fiáin nach bhfuil scairteach inti seachas leipiridigh fhiáine neamhfheannta nach bhfuil dí-innithe, a theacht isteach san Aontas

I gcás coinsíneachtaí d’fheoil úr coinín feirme agus coinsíneachtaí d’fheoil úr leipirideach fiáin nach bhfuil scairteach inti, seachas leipiridigh fhiáine neamhfheannta nach bhfuil dí-innithe, a bheartaítear lena gcaitheamh ag an duine, ní údarófar iad i dtaobh teacht isteach san Aontas ach amháin má thagann siad ó na tríú tíortha a liostaítear in Iarscríbhinn V.

Airteagal 9

Liosta de thríú tíortha a údaraítear i dtaobh coinsíneachtaí d’fheoil úr ó mhamaigh thalún fhiáine seachas crúbacha agus leipiridigh, nach bhfuil scairteach inti, a theacht isteach san Aontas

I gcás coinsíneachtaí d’fheoil úr ó mhamaigh thalún fhiáine seachas crúbacha agus leipiridigh, nach bhfuil scairteach inti agus a bheartaítear lena caitheamh ag an duine, ní údarófar iad i dtaobh teacht isteach san Aontas ach amháin má thagann siad ó na tríú tíortha a liostaítear in Iarscríbhinn VI.

Airteagal 10

Liosta de thríú tíortha nó réigiúin sna tíortha sin a údaraítear i dtaobh coinsíneachtaí táirgí feola, lena n-áirítear saillte ainmhíocha leáite, geirdheascadh, úisc feola agus goilí, lamhnáin agus inní cóireáilte, agus gan cásálacha san áireamh, a theacht isteach san Aontas

I gcás coinsíneachtaí táirgí feola, lena n-áirítear saillte ainmhíocha leáite, geirdheascadh, úisc feola agus goilí, lamhnáin agus inní cóireáilte, agus gan cásálacha san áireamh, ó leipiridigh, dlúthchrúbaigh agus mamaigh thalún fhiáine seachas crúbacha agus leipiridigh, a bheartaítear lena gcaitheamh ag an duine, ní údarófar iad i dtaobh teacht isteach san Aontas ach amháin má thagann siad ó na tríú tíortha a liostaítear in Iarscríbhinn VII.

I gcás coinsíneachtaí táirgí feola, lena n-áirítear saillte ainmhíocha leáite, geirdheascadh, úisc feola agus goilí, lamhnáin agus inní cóireáilte, agus gan cásálacha san áireamh, ó speicis eile seachas na speicis dá dtagraítear sa chéad mhír, a bheartaítear lena gcaitheamh ag an duine, ní údarófar iad i dtaobh teacht isteach san Aontas ach amháin má thagann siad ó na tríú tíortha nó réigiúin sna tíortha sin a údaraítear i dtaobh teacht isteach san Aontas i gcomhréir le hIarscríbhinn XV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 agus a liostaítear i gCinneadh 2011/163/AE.

Airteagal 11

Liosta de thríú tíortha nó réigiúin sna tíortha sin a údaraítear i dtaobh coinsíneachtaí cásálacha a theacht isteach san Aontas

I gcás coinsíneachtaí cásálacha a bheartaítear lena gcaitheamh ag an duine, ní údarófar iad i dtaobh teacht isteach san Aontas ach amháin má thagann siad ó na tríú tíortha nó réigiúin sna tíortha sin a údaraítear i dtaobh teacht isteach san Aontas i gcomhréir le hIarscríbhinn XVI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 agus a liostaítear i gCinneadh 2011/163/AE i leith “cásálacha”.

Airteagal 12

Liosta de thríú tíortha nó réigiúin sna tíortha sin a údaraítear i dtaobh coinsíneachtaí de mhoilisc dhébhlaoscacha, eicínideirmigh, túinicigh agus gastrapóid mhuirí bheo, fhuaraithe, reoite nó phróiseáilte a theacht isteach san Aontas

I gcás coinsíneachtaí de mhoilisc dhébhlaoscacha, eicínideirmigh, túinicigh agus gastrapóid mhuirí bheo, fhuaraithe, reoite nó phróiseáilte, a bheartaítear lena gcaitheamh ag an duine, ní údarófar iad i dtaobh teacht isteach san Aontas ach amháin má thagann siad ó na tríú tíortha nó réigiúin sna tíortha sin a liostaítear in Iarscríbhinn VIII. Dá ainneoin sin, ceadófar matáin aduchtacha ó peictinidae seachas ainmhithe dobharshaothraithe, atá scartha go hiomlán ó na hinní agus na gónaid agus a bheartaítear lena gcaitheamh ag an duine, a theacht isteach san Aontas freisin ó thríú tíortha nach bhfuil ar an liosta sin.

Airteagal 13

Liosta de thríú tíortha nó réigiúin sna tíortha sin a údaraítear i dtaobh coinsíneachtaí táirgí iascaigh áirithe a theacht isteach san Aontas

I gcás coinsíneachtaí táirgí iascaigh a bheartaítear lena gcaitheamh ag an duine, ní údarófar iad i dtaobh teacht isteach san Aontas ach amháin má thagann siad ó na tríú tíortha nó réigiúin sna tíortha sin a liostaítear in Iarscríbhinn IX. Níl feidhm aige sin maidir le coinsíneachtaí ainmhithe agus earraí a chumhdaítear le hAirteagal 12.

Airteagal 14

Liosta de thríú tíortha a údaraítear i dtaobh coinsíneachtaí bainne amh, grutha bhuí, táirgí bunaithe ar ghruth buí agus táirgí déiríochta ó dhlúthchrúbaigh a theacht isteach san Aontas

I gcás coinsíneachtaí bainne amh, grutha bhuí, táirgí bunaithe ar ghruth buí agus táirgí déiríochta ó dhlúthchrúbaigh, a bheartaítear lena gcaitheamh ag an duine, ní údarófar iad i dtaobh teacht isteach san Aontas ach amháin má thagann siad ó na tríú tíortha a liostaítear in Iarscríbhinn X.

Airteagal 15

Liosta de thríú tíortha nó réigiúin sna tíortha sin a údaraítear i dtaobh coinsíneachtaí bainne amh, grutha bhuí, táirgí bunaithe ar ghruth buí agus táirgí déiríochta, nach gceanglaítear a chur faoi chóireáil shonrach um maolú rioscaí in aghaidh galar crúibe agus béil, a theacht isteach san Aontas

I gcás coinsíneachtaí bainne amh, grutha bhuí, táirgí bunaithe ar ghruth buí agus táirgí déiríochta, nach gceanglaítear a chur faoi chóireáil shonrach um maolú rioscaí in aghaidh galar crúibe agus béil, agus a bheartaítear lena gcaitheamh ag an duine, ní údarófar iad i dtaobh teacht isteach san Aontas ach amháin má thagann siad ó na tríú tíortha nó réigiúin sna tíortha sin a údaraítear i dtaobh teacht isteach san Aontas i gcomhréir le hIarscríbhinn XVII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 agus a liostaítear i gCinneadh 2011/163/AE i leith “bainne”.

Airteagal 16

Liosta de thríú tíortha nó réigiúin sna tíortha sin a údaraítear i dtaobh táirgí déiríochta a gceanglaítear a chur faoi chóireáil shonrach um maolú rioscaí in aghaidh galar crúibe agus béil a theacht isteach san Aontas

I gcás coinsíneachtaí táirgí déiríochta a cheanglaítear a chur faoi chóireáil shonrach um maolú rioscaí in aghaidh galar crúibe agus béil, agus a bheartaítear lena gcaitheamh ag an duine, ní údarófar iad i dtaobh teacht isteach san Aontas ach amháin má thagann siad ó na tríú tíortha nó réigiúin sna tíortha sin a údaraítear i dtaobh teacht isteach san Aontas i gcomhréir le hIarscríbhinn XVIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 agus a liostaítear i gCinneadh 2011/163/AE i leith “bainne”.

Airteagal 17

Liosta de thríú tíortha nó réigiúin sna tíortha sin a údaraítear i dtaobh coinsíneachtaí cos froganna agus coinsíneachtaí seilidí a theacht isteach san Aontas

I gcás coinsíneachtaí cos froganna agus coinsíneachtaí seilidí, a bheartaítear lena gcaitheamh ag an duine, ní údarófar iad i dtaobh teacht isteach san Aontas ach amháin má thagann siad ó na tríú tíortha nó réigiúin sna tíortha sin a liostaítear in Iarscríbhinn XI.

Airteagal 18

Liosta de thríú tíortha nó réigiúin sna tíortha sin a údaraítear i dtaobh coinsíneachtaí geilitín agus collaigine a theacht isteach san Aontas

1.   I gcás coinsíneachtaí geilitín agus collaigine, a dhíorthaítear ó bhó-ainmhithe, ainmhithe de chineál caorach, ainmhithe de chineál gabhair, muc-ainmhithe agus dlúthchrúbaigh, agus a bheartaítear lena gcaitheamh ag an duine, ní údarófar iad i dtaobh teacht isteach san Aontas ach amháin má thagann siad ó na tríú tíortha nó réigiúin sna tíortha sin a liostaítear in Iarscríbhinn XII.

2.   I gcás coinsíneachtaí geilitín agus collaigine, a dhíorthaítear ó éanlaith chlóis agus a bheartaítear lena gcaitheamh ag an duine, ní údarófar iad i dtaobh teacht isteach san Aontas ach amháin má thagann siad ó na tríú tíortha a liostaítear in Iarscríbhinn XIII.

3.   I gcás coinsíneachtaí geilitín agus collaigine, a dhíorthaítear ó tháirgí iascaigh agus a bheartaítear lena gcaitheamh ag an duine, ní údarófar iad i dtaobh teacht isteach san Aontas ach amháin má thagann siad ó na tríú tíortha nó réigiúin sna tíortha sin a liostaítear in IarscríbhinnIX.

4.   I gcás coinsíneachtaí geilitín agus collaigine, a dhíorthaítear ó leipiridigh agus a bheartaítear lena gcaitheamh ag an duine, ní údarófar iad i dtaobh teacht isteach san Aontas ach amháin má thagann siad ó na tríú tíortha a liostaítear in Iarscríbhinn V.

5.   I gcás coinsíneachtaí geilitín agus collaigine, a dhíorthaítear ó mhamaigh thalún fhiáine seachas crúbacha agus leipiridigh agus a bheartaítear lena gcaitheamh ag an duine, ní údarófar iad i dtaobh teacht isteach san Aontas ach amháin má thagann siad ó na tríú tíortha a liostaítear in Iarscríbhinn VI.

Airteagal 19

Liosta de thríú tíortha nó réigiúin sna tíortha sin a údaraítear i dtaobh coinsíneachtaí amhábhar chun geilitín agus collaigine a tháirgeadh a theacht isteach san Aontas

1.   I gcás coinsíneachtaí amhábhar chun geilitín agus collaigine a tháirgeadh, a dhíorthaítear ó bhó-ainmhithe, ainmhithe de chineál caorach, ainmhithe de chineál gabhair agus muc-ainmhithe agus a bheartaítear lena gcaitheamh ag an duine, ní údarófar iad i dtaobh teacht isteach san Aontas ach amháin má thagann siad ó na tríú tíortha nó réigiúin sna tíortha sin a údaraítear i dtaobh coinsíneachtaí feola úire ó na crúbacha sonracha sin a theacht isteach san Aontas i gcomhréir le hIarscríbhinn XIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404.

2.   I gcás coinsíneachtaí d’amhábhair chun geilitín agus collaigin a tháirgeadh, a dhíorthaítear ó dhlúthchrúbaigh agus a bheartaítear lena gcaitheamh ag an duine, ní údarófar iad i dtaobh teacht isteach san Aontas ach amháin má thagann siad ó na tríú tíortha a liostaítear in Iarscríbhinn I i dtaobh dlúthchrúbaigh chlóis nó in Iarscríbhinn II i leith dlúthchrúbaigh fhiáine.

3.   I gcás coinsíneachtaí d’amhábhair chun geilitín agus collaigin a tháirgeadh, a dhíorthaítear ó éanlaith chlóis agus a bheartaítear lena gcaitheamh ag an duine, ní údarófar iad i dtaobh teacht isteach san Aontas ach amháin má thagann siad ó na tríú tíortha nó réigiúin sna tíortha sin a údaraítear i dtaobh coinsíneachtaí feola úire ó na speicis faoi seach a theacht isteach san Aontas i gcomhréir le hIarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404.

4.   I gcás coinsíneachtaí d’amhábhair chun geilitín agus collaigin a tháirgeadh, a dhíorthaítear ó tháirgí iascaigh agus a bheartaítear lena gcaitheamh ag an duine, ní údarófar iad i dtaobh teacht isteach san Aontas ach amháin má thagann siad ó na tríú tíortha nó réigiúin sna tíortha sin a liostaítear in Iarscríbhinn IX.

5.   I gcás coinsíneachtaí d’amhábhair chun geilitín agus collaigin a tháirgeadh, a dhíorthaítear ó leipiridigh agus a bheartaítear lena gcaitheamh ag an duine, ní údarófar iad i dtaobh teacht isteach san Aontas ach amháin má thagann siad ó na tríú tíortha a liostaítear in Iarscríbhinn V.

6.   I gcás coinsíneachtaí d’amhábhair chun geilitín agus collaigin a tháirgeadh, a dhíorthaítear ó mhamaigh thalún fhiáine seachas crúbacha agus leipiridigh agus a bheartaítear lena gcaitheamh ag an duine, ní údarófar iad i dtaobh teacht isteach san Aontas ach amháin má thagann siad ó na tríú tíortha a liostaítear in Iarscríbhinn VI.

Airteagal 20

Liosta de thríú tíortha nó réigiúin sna tíortha sin a údaraítear i dtaobh coinsíneachtaí d’amhábhair chóireáilte chun geilitín agus collaigin a tháirgeadh a theacht isteach san Aontas

1.   I gcás coinsíneachtaí d’amhábhair chóireáilte chun geilitín agus collaigin a tháirgeadh, a dhíorthaítear ó bhó-ainmhithe, ainmhithe de chineál caorach, ainmhithe de chineál gabhair, muc-ainmhithe agus dlúthchrúbaigh, agus a bheartaítear lena gcaitheamh ag an duine, ní údarófar iad i dtaobh teacht isteach san Aontas ach amháin má thagann siad ó na tríú tíortha nó réigiúin sna tíortha sin a liostaítear in Iarscríbhinn XII.

2.   I gcás coinsíneachtaí d’amhábhair chóireáilte chun geilitín agus collaigin a tháirgeadh, a dhíorthaítear ó éanlaith chlóis agus a bheartaítear lena gcaitheamh ag an duine, ní údarófar iad i dtaobh teacht isteach san Aontas ach amháin má thagann siad ó na tríú tíortha a liostaítear in Iarscríbhinn XIII.

3.   I gcás coinsíneachtaí d’amhábhair chóireáilte chun geilitín agus collaigin a tháirgeadh, a dhíorthaítear ó tháirgí iascaigh agus a bheartaítear lena gcaitheamh ag an duine, ní údarófar iad i dtaobh teacht isteach san Aontas ach amháin má thagann siad ó na tríú tíortha nó réigiúin sna tíortha sin a liostaítear in IarscríbhinnIX.

4.   I gcás coinsíneachtaí d’amhábhair chóireáilte chun geilitín agus collaigin a tháirgeadh, a dhíorthaítear ó leipiridigh agus a bheartaítear lena gcaitheamh ag an duine, ní údarófar iad i dtaobh teacht isteach san Aontas ach amháin má thagann siad ó na tríú tíortha a liostaítear in Iarscríbhinn V.

5.   I gcás coinsíneachtaí d’amhábhair chóireáilte chun geilitín agus collaigin a tháirgeadh, a dhíorthaítear ó mhamaigh thalún fhiáine seachas crúbacha agus leipiridigh agus a bheartaítear lena gcaitheamh ag an duine, ní údarófar iad i dtaobh teacht isteach san Aontas ach amháin má thagann siad ó na tríú tíortha a liostaítear in Iarscríbhinn VI.

6.   I gcás coinsíneachtaí d’amhábhair chóireáilte chun geilitín agus collaigin a tháirgeadh, dá dtagraítear i bpointe 4(b)(iii) de Chaibidil I de Roinn XIV d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004, ní údarófar iad i dtaobh teacht isteach san Aontas ach amháin má thagann siad ó na tríú tíortha nó réigiúin sna tíortha sin a údaraítear i dtaobh coinsíneachtaí d’amhábhair chóireáilte a dhíorthaítear ó na tráchtearraí sin a theacht isteach san Aontas i gcomhréir le hAirteagal 19 den Rialachán seo.

Airteagal 21

Liosta de thríú tíortha a údaraítear i dtaobh coinsíneachtaí meala agus táirgí beachadóireachta eile a theacht isteach san Aontas

I gcás coinsíneachtaí meala agus táirgí beachadóireachta eile a bheartaítear lena gcaitheamh ag an duine, ní údarófar iad i dtaobh teacht isteach san Aontas ach amháin má thagann siad ó na tríú tíortha a liostaítear i gCinneadh 2011/163/AE i leith “mil”.

Airteagal 22

Liosta de thríú tíortha nó réigiúin sna tíortha sin a údaraítear i dtaobh coinsíneachtaí de tháirgí áirithe atá an-mhínphróiseáilte a theacht isteach san Aontas

I gcás coinsíneachtaí sulfáite condróitin, aigéid hialúrónaigh, táirgí loingeáin hidrealaithe eile, ciotósáin, glúcósaimín, binide, iascghlae agus aimínaigéad atá an-mhínphróiseáilte, a bheartaítear lena gcaitheamh ag an duine, ní údarófar iad i dtaobh teacht san Aontas ach amháin má thagann siad ó na tríú tíortha seo a leanas nó na réigiúin seo a leanas sna tíortha sin:

(a)

i gcás táirgí an-mhínphróiseáilte a dhíorthaítear ó chrúbacha, na tríú tíortha nó réigiúin sna tíortha sin a liostaítear in Iarscríbhinn XII;

(b)

i gcás táirgí an-mhínphróiseáilte a dhíorthaítear ó tháirgí iascaigh, na tríú tíortha nó réigiúin sna tíortha sin a liostaítear in Iarscríbhinn IX;

(c)

i gcás táirgí an-mhínphróiseáilte a dhíorthaítear ó éanlaith chlóis, na tríú tíortha a liostaítear in Iarscríbhinn XIII.

Airteagal 23

Liosta de thríú tíortha a údaraítear i dtaobh coinsíneachtaí feola reiptíle a theacht isteach san Aontas

I gcás coinsíneachtaí feola reiptíle a bheartaítear lena caitheamh ag an duine, ní údarófar iad i dtaobh teacht isteach san Aontas ach amháin má thagann siad ó na tríú tíortha a liostaítear in Iarscríbhinn XIV.

Airteagal 24

Liosta de thríú tíortha a údaraítear i dtaobh coinsíneachtaí feithidí a theacht isteach san Aontas

I gcás coinsíneachtaí feithidí a bheartaítear lena gcaitheamh ag an duine, ní údarófar iad i dtaobh teacht isteach san Aontas ach amháin más de thionscnamh na dtríú tíortha a liostaítear in Iarscríbhinn XV iad agus más ó na tríú tíortha sin a chuirtear chun bealaigh iad.

Airteagal 25

Liosta de thríú tíortha nó réigiúin sna tíortha sin a údaraítear i dtaobh coinsíneachtaí táirgí eile de bhunadh ainmhíoch a theacht isteach san Aontas

I gcás coinsíneachtaí táirgí de bhunadh ainmhíoch seachas na táirgí sin dá dtagraítear in Airteagail 3 go 24, agus a bheartaítear lena gcaitheamh ag an duine, ní údarófar iad i dtaobh teacht isteach san Aontas ach amháin má thagann siad ó na tríú tíortha seo a leanas nó na réigiúin seo a leanas sna tríú tíortha sin:

(a)

más ó chrúbacha clóis seachas dlúthchrúbaigh chlóis a dhíorthaítear iad, na tríú tíortha nó réigiúin sna tíortha sin a údaraítear i dtaobh feoil úr crúbach clóis a theacht isteach san Aontas i gcomhréir le hIarscríbhinn XIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 agus a liostaítear i gCinneadh 2011/163/AE nuair is infheidhme;

(b)

más ó dhlúthchrúbaigh chlóis a dhíorthaítear iad, na tríú tíortha a liostaítear in Iarscríbhinn I;

(c)

más ó éanlaith chlóis a dhíorthaítear iad, na tríú tíortha nó réigiúin sna tíortha sin a údaraítear i dtaobh feoil úr éanlaithe clóis a theacht isteach san Aontas i gcomhréir le hIarscríbhinn XIV a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 agus a liostaítear i gCinneadh 2011/163/AE nuair is infheidhme;

(d)

más ó tháirgí iascaigh a dhíorthaítear iad, na tríú tíortha nó réigiúin sna tíortha sin a liostaítear in Iarscríbhinn IX;

(e)

más ó leipiridigh a dhíorthaítear iad, na tríú tíortha a liostaítear in Iarscríbhinn V;

(f)

más ó mhamaigh thalún fhiáine seachas crúbacha agus leipiridigh a dhíorthaítear iad, na tríú tíortha a liostaítear in Iarscríbhinn VI;

(g)

más ó níos mó ná speiceas amháin a dhíorthaítear iad, na tríú tíortha nó réigiúin sna tíortha sin a liostaítear i leith gach speicis óna ndíorthaítear na táirgí, i gcomhréir le pointí (a) go (e).

Airteagal 26

Liosta de thríú tíortha a údaraítear i dtaobh coinsíneachtaí d’éanlaith chlóis bheo agus d’uibheacha goir den speiceas Gallus gallus, de thurcaithe beo agus d’uibheacha goir turcaí a theacht isteach san Aontas

Gan dochar do na liostaí arna dtarraingt suas maidir le ceanglais sláinte ainmhithe in Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404, ní údarófar coinsíneachtaí d’éanlaith bheo agus d’uibheacha goir den speiceas Gallus gallus, de thurcaithe beo agus d’uibheacha goir turcaí i dtaobh a theacht isteach san Aontas ach amháin má thagann siad ó na tríú tíortha a liostaítear in Iarscríbhinn XVI.

Ní bheidh feidhm ag na ceanglais liostaithe a leagtar síos sa chéad mhír den Airteagal seo maidir le coinsíneachtaí aonair ina bhfuil níos lú ná 20 aonad d’éanlaith chlóis bheo seachas raitítigh, uibheacha goir agus sicíní lae de chuid raitíteach, má bheartaítear iad a úsáid le haghaidh táirgeadh príomhúil éanlaithe clóis beo le haghaidh úsáid chlóis phríobháideach nó má bhíonn sé ina thoradh ar an táirgeadh príomhúil sin go soláthraíonn an táirgeoir, ar bhonn díreach, cainníochtaí beaga táirgí príomhúla, mar a thagraítear dó in Airteagal 1(3) de Rialachán (CE) Uimh. 2160/2003.

Airteagal 27

Aisghairm

Aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/626.

Déanfar tagairtí don Rialachán Cur Chun Feidhme aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil in Iarscríbhinn XVII.

Airteagal 28

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 21 Aibreán 2021.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 24 Márta 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 95, 7.4.2017, lch. 1.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/625 ón gCoimisiún an 4 Márta 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais i ndáil le coinsíneachtaí ainmhithe agus earraí áirithe a bheartaítear lena gcaitheamh ag an duine a theacht isteach san Aontas (IO L 131, 17.5.2019, lch. 18).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/626 ón gCoimisiún an 5 Márta 2019 maidir le liostaí de thríú tíortha nó réigiúin sna tíortha sin a údaraítear i dtaobh ainmhithe agus earraí áirithe a bheartaítear lena gcaitheamh ag an duine a theacht isteach san Aontas Eorpach, lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/759 a mhéid a bhaineann leis na liostaí sin (IO L 131, 17.5.2019, lch. 31).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 lena leagtar síos rialacha sonracha sláinteachais le haghaidh bia de bhunadh ainmhíoch (IO L 139, 30.4.2004, lch. 55).

(5)  Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (“Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe”) (IO L 84, 31.3.2016, lch. 1).

(6)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún an 24 Márta 2021 lena leagtar síos na liostaí de thríú tíortha, tríú críocha nó codanna díobh óna gceadaítear ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a theacht isteach san Aontas i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (Féach leathanach 1 den Iris Oifigiúil seo).

(7)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha i dtaobh teacht isteach san Aontas, agus gluaiseacht agus láimhseáil coinsíneachtaí ainmhithe áirithe, táirgí geirmeacha áirithe agus táirgí áirithe de bhunadh ainmhíoch tar éis theacht isteach dóibh (IO L 174, 3.6.2020, lch. 379).

(8)  Cinneadh 2011/163/AE ón gCoimisiún an 16 Márta 2011 maidir le formheas pleananna arna gcur isteach ag tríú tíortha i gcomhréir le hAirteagal 29 de Threoir 96/23/CE ón gComhairle (IO L 70, 17.3.2011, lch. 40).

(9)  Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagraíocht na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001 agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle(IO L 347, 20.12.2013, lch. 671).

(10)  Rialachán (CE) Uimh. 589/2008 ón gCoimisiún an 23 Meitheamh 2008 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle maidir le caighdeáin mhargaíochta uibheacha(IO L 163, 24.6.2008, lch. 6).

(11)  Rialachán (CE) Uimh. 2160/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Samhain 2003 maidir le rialú salmonella agus oibreáin zónóiseacha bia-iompartha sonraithe eile (IO L 325, 12.12.2003, lch. 1).


IARSCRÍBHINN I

Liosta de thríú tíortha a údaraítear i dtaobh coinsíneachtaí feola úire, cé is moite de mhionfheoil, agus coinsíneachtaí ullmhóidí feola ó dhlúthchrúbaigh chlóis a theacht isteach san Aontas, mar a thagraítear dóibh in Airteagal 4, Airteagal 19(2) agus Airteagal 25(b)

CÓD ISO NA TÍRE

TRÍÚ TÍR

NÓTAÍ

AR

An Airgintín

 

AU

An Astráil

 

BR

An Bhrasaíl

 

CA

Ceanada

 

CH

An Eilvéis (1)

 

NZ

An Nua-Shéalainn

 

UY

Uragua

 


(1)  I gcomhréir leis an gComhaontú an 21 Meitheamh 1999 idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta (IO L 114, 30.4.2002, lch. 132).


IARSCRÍBHINN II

Liosta de thríú tíortha a údaraítear i dtaobh coinsíneachtaí feola úire, cé is moite de scairteach agus mionfheoil, agus coinsíneachtaí ullmhóidí feola ó dhlúthchrúbaigh fhiáine a theacht isteach san Aontas, mar a thagraítear dóibh in Airteagal 5 agus Airteagal 19(2)

CÓD ISO NA TÍRE

TRÍÚ TÍR

NÓTAÍ

ZA

An Afraic Theas

Géim fiáin amháin


IARSCRÍBHINN III

Liosta de thríú tíortha nach n-údarófar éanlaith géim fhiáin, nach bhfuil cluimhrithe agus nach bhfuil dí-innithe agus a bheartaítear lena caitheamh ag an duine, i dtaobh teacht isteach san Aontas uathu ach amháin más ar eitleán a iompraítear í, mar a thagraítear dóibh sa dara mhír d’Airteagal 6

CÓD ISO NA TÍRE

TRÍÚ TÍR

NÓTAÍ

AR

An Airgintín

 

BR

An Bhrasaíl

 

CA

Ceanada

 

CL

An tSile

 

IL

Iosrael (1)

 

NZ

An Nua-Shéalainn

 

TH

An Téalainn

 

TN

An Túinéis

 

US

Na Stáit Aontaithe

 


(1)  Tuigtear anseo feasta gurb é Stát Iosrael é, cé is moite de na críocha atá faoi riar Iosrael ó mhí an Mheithimh 1967, eadhon Arda Golan, Stráice Gaza, Iarúsailéim Thoir agus an chuid eile den Bhruach Thiar.


IARSCRÍBHINN IV

Liosta de thríú tíortha a údaraítear i dtaobh coinsíneachtaí uibheacha a bheartaítear a chur ar an margadh mar uibheacha Aicme A a theacht isteach san Aontas mar a thagraítear dóibh sa dara mhír d'Airteagal 7

CÓD ISO NA TÍRE

TRÍÚ TÍR

NÓTAÍ

CH

An Eilvéis (1)

 

JP

An tSeapáin

 

MK

An Mhacadóin Thuaidh

 

UA

An Úcráin

 


(1)  I gcomhréir leis an gComhaontú an 21 Meitheamh 1999 idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta (IO L 114, 30.4.2002, lch. 132).


IARSCRÍBHINN V

Liosta de thríú tíortha a údaraítear i dtaobh coinsíneachtaí d’fheoil úr coinín feirme, agus coinsíneachtaí d’fheoil úr leipirideach fiáin nach bhfuil scairteach inti seachas leipiridigh fhiáine neamhfheannta nach bhfuil dí-innithe, a theacht isteach san Aontas, mar a thagraítear dóibh in Airteagal 8, Airteagail 18(4), 19(5) agus 20(4), agus Airteagal 25(e)

CÓD ISO NA TÍRE

TRÍÚ TÍR

NÓTAÍ

AR

An Airgintín

 

AU

An Astráil

Leipiridigh fhiáine amháin

CA

Ceanada

 

CH

An Eilvéis (1)

 

CL

An tSile

Leipiridigh fhiáine amháin

CN

An tSín

Coinín feirme amháin

MK

An Mhacadóin Thuaidh

Leipiridigh fhiáine amháin

NZ

An Nua-Shéalainn

Leipiridigh fhiáine amháin

RS

An tSeirbia

Leipiridigh fhiáine amháin

SG

Singeapór (2)

Leipiridigh fhiáine amháin

TN

An Túinéis

Leipiridigh fhiáine amháin

UA

An Úcráin

Coinín feirme amháin

US

Na Stáit Aontaithe

 

UY

Uragua

Leipiridigh fhiáine amháin

ZA

An Afraic Theas

Leipiridigh fhiáine amháin


(1)  I gcomhréir leis an gComhaontú an 21 Meitheamh 1999 idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta (IO L 114, 30.4.2002, lch. 132).

(2)  I gcás coinsíneachtaí feola úire de thionscnamh na Nua-Shéalainne, a bheartaítear a chur chuig an Aontas agus a bheidh á ndíluchtú, le stóráil nó gan stóráil, i Singeapór agus a bheidh á n-athlódáil i mbunaíocht fhormheasta le linn dóibh a bheith ar idirthuras trí Shingeapór, agus ina gcás siúd amháin.


IARSCRÍBHINN VI

Liosta de thríú tíortha a údaraítear i dtaobh coinsíneachtaí d’fheoil úr ó mhamaigh thalún fhiáine seachas crúbacha agus leipiridigh, nach bhfuil scairteach inti, a theacht isteach san Aontas, mar a thagraítear dóibh in Airteagal 9, Airteagail 18(5), 19(6) agus 20(5), agus Airteagal 25(f)

CÓD ISO NA TÍRE

TRÍÚ TÍR

NÓTAÍ

AU

An Astráil

 

CA

Ceanada

 

GL

An Ghraonlainn

Géim feirme amháin

NZ

An Nua-Shéalainn

 


IARSCRÍBHINN VII

Liosta de thríú tíortha a údaraítear i dtaobh coinsíneachtaí táirgí feola, lena n-áirítear saillte ainmhíocha leáite, geirdheascadh, úisc feola agus goilí, lamhnáin agus inní cóireáilte, agus gan cásálacha san áireamh, ó leipiridigh, dlúthchrúbaigh agus mamaigh thalún fhiáine seachas crúbacha agus leipiridigh a theacht isteach san Aontas, mar a thagraítear dóibh sa chéad mhír d'Airteagal 10

CÓD ISO NA TÍRE

TRÍÚ TÍR

DLÚTHCHRÚBAIGH CHLÓIS

COINÍN FEIRME

DLÚTHCHRÚBAIGH FHIÁINE

LEIPIRIDIGH FHIÁINE (COINÍN AGUS GIORRIA)

MAMAIGH THALÚN FHIÁINE (SEACHAS CRÚBACHA AGUS LEIPIRIDIGH)

AR

An Airgintín

Ú

Ú

N/Ú

Ú

N/Ú

AU

An Astráil

Ú

N/Ú

N/Ú

Ú

Ú

BR

An Bhrasaíl

Ú

N/Ú

N/Ú

N/Ú

N/Ú

CA

Ceanada

Ú

Ú

N/Ú

Ú

Ú

CH

An Eilvéis (1)

 

CL

An tSile

N/Ú

N/Ú

N/Ú

Ú

N/Ú

CN

An tSín

N/Ú

Ú

N/Ú

N/Ú

N/Ú

GL

An Ghraonlainn

N/Ú

N/Ú

N/Ú

N/Ú

Ú (géim feirme amháin)

MK

An Mhacadóin Thuaidh

N/Ú

N/Ú

N/Ú

Ú

N/Ú

NZ

An Nua-Shéalainn

Ú

N/Ú

N/Ú

Ú

Ú

RS

An tSeirbia

N/Ú

N/Ú

N/Ú

Ú

N/Ú

TN

An Túinéis

N/Ú

N/Ú

N/Ú

Ú

N/Ú

UA

An Úcráin

N/Ú

Ú

N/Ú

N/Ú

N/Ú

US

Na Stáit Aontaithe

N/Ú

Ú

N/Ú

Ú

N/Ú

UY

Uragua

Ú

N/Ú

N/Ú

Ú

N/Ú

ZA

An Afraic Theas

N/Ú

N/Ú

Ú (géim fiáin amháin)

Ú

N/Ú

Léiriú na gcód a úsáidtear sa Tábla

Ú (= cóireáil neamhshonrach)

Tá teacht isteach údaraithe. Ní cheanglaítear cóireáil shonrach a dhéanamh. Ní mór cóireáil a bheith déanta ar fheoil na dtáirgí feola sin, áfach, ionas go léiríonn a dromchla gearrtha nach bhfuil saintréithe feola úire aici a thuilleadh agus ní mór don fheoil úr a úsáidtear na rialacha sláinte ainmhithe is infheidhme maidir le teacht isteach feola úire san Aontas a chomhlíonadh freisin.

N/Ú

Níl teacht isteach údaraithe


(1)  I gcomhréir leis an gComhaontú an 21 Meitheamh 1999 idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta (IO L 114, 30.4.2002, lch. 132).


IARSCRÍBHINN VIII

Liosta de thríú tíortha nó réigiúin sna tíortha sin a údaraítear i dtaobh coinsíneachtaí de mhoilisc dhébhlaoscacha, eicínideirmigh, túinicigh agus gastrapóid mhuirí bheo, fhuaraithe, reoite nó phróiseáilte a theacht isteach san Aontas, mar a thagraítear dóibh in Airteagal 12

CÓD ISO NA TÍRE

TRÍÚ TÍR NÓ RÉIGIÚIN SA TÍR SIN

NÓTAÍ

AU

An Astráil

 

CA

Ceanada

 

CH

An Eilvéis (1)

 

CL

An tSile

 

GL

An Ghraonlainn

Gabháil fhiáin amháin

JM

Iamáice

Gastrapóid mhuirí ó ghabháil fhiáin, agus iad sin amháin

JP

An tSeapáin

Moilisc dhébhlaoscacha, eicínideirmigh, túinicigh agus gastrapóid mhuirí reoite nó phróiseáilte, agus iad sin amháin

KR

An Chóiré Theas

Moilisc dhébhlaoscacha, eicínideirmigh, túinicigh agus gastrapóid mhuirí reoite nó phróiseáilte, agus iad sin amháin

MA

Maracó

Beidh an méid seo a leanas ag gabháil le moilisc dhébhlaoscacha phróiseáilte den speiceas Acanthocardia tuberculatum: (a) fianú sláinte breise i gcomhréir leis an MOL-AT samplach a leagtar amach i gCaibidil 32 d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235 ón gCoimisiún (2); agus (b) torthaí anailíseacha na tástála lena léirítear nach bhfuil leibhéal nimhe pairilisí ó shliogiasc (PSP) sna moilisc ar féidir é a bhrath leis an modh bithmheasúnachta.

NZ

An Nua-Shéalainn

 

PE

Peiriú

Pectinidae (muiríní) de thionscnamh dobharshaothraithe agus iad sin amháin

TH

An Téalainn

Moilisc dhébhlaoscacha, eicínideirmigh, túinicigh agus gastrapóid mhuirí reoite nó phróiseáilte, agus iad sin amháin

TN

An Túinéis

 

TR

An Tuirc

 

US

Na Stáit Aontaithe

Washington State agus Massachusetts

UY

Uragua

 

VN

Vítneam

Moilisc dhébhlaoscacha, eicínideirmigh, túinicigh agus gastrapóid mhuirí reoite nó phróiseáilte, agus iad sin amháin


(1)  I gcomhréir leis an gComhaontú an 21 Meitheamh 1999 idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta (IO L 114, 30.4.2002, lch. 132).

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235 ón gCoimisiún an 16 Nollaig 2020 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialacháin (AE) 2016/429 agus (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le samhlacha de dheimhnithe sláinte ainmhithe, samhlacha de dheimhnithe oifigiúla agus samhlacha de dheimhnithe sláinte ainmhithe/oifigiúla, maidir le coinsíneachtaí catagóirí áirithe ainmhithe agus earraí a theacht isteach san Aontas agus a ngluaiseachtaí laistigh den Aontas, deimhniú oifigiúil maidir leis na deimhnithe sin agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 599/2004, Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 636/2014 agus (AE) 2019/628, Treoir 98/68/CE agus Cinntí 2000/572/CE, 2003/779/CE agus 2007/240/CE (IO L 442, 30.12.2020, lch. 1).


IARSCRÍBHINN IX

Liosta de thríú tíortha nó réigiúin sna tíortha sin a údaraítear i dtaobh coinsíneachtaí táirgí iascaigh áirithe a theacht isteach san Aontas, mar a thagraítear dóibh in Airteagal 13, Airteagail 18(3), 19(4), agus 20(3), agus Airteagail 22(b) agus 25(d)

CÓD ISO NA TÍRE

TRÍÚ TÍR NÓ RÉIGIÚIN SA TÍR SIN

NÓTAÍ

AE

Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha

Dobharshaothrú: Amhábhar ó Bhallstáit nó ó thríú tíortha eile arna bhformheas i dtaobh amhábhar den sórt sin a theacht isteach san Aontas, agus é sin amháin.

AG

Antigua agus Barbúda

Gliomaigh bheo ó ghabháil fhiáin, agus iad sin amháin

AL

An Albáin

Dobharshaothrú: iasc eite amháin

AM

An Airméin

Cráifisc fhiáin bheo, cráifisc theaschóireáilte neamhfheirme agus cráifisc reoite neamhfheirme, agus iad sin amháin

AO

Angóla

Gabháil fhiáin amháin

AR

An Airgintín

 

AU

An Astráil

 

AZ

An Asarbaiseáin

Caibheár ó ghabháil fhiáin, agus é sin amháin

BA

An Bhoisnia agus an Heirseagaivéin

Dobharshaothrú: iasc eite amháin

BD

An Bhanglaidéis

 

BJ

Beinin

Gabháil fhiáin amháin

BN

An Bhurúin

Táirgí dobharshaothraithe amháin

BQ

Bonaire, Sint Eustatius, Saba

Gabháil fhiáin amháin

BR

An Bhrasaíl

 

BS

Na Bahámaí

Gabháil fhiáin amháin

BY

An Bhealarúis

Gabháil fhiáin amháin

BZ

An Bheilís

Gabháil fhiáin amháin

CA

Ceanada

 

CG

An Congó

Táirgí iascaigh ó ghabháil fhiáin, a dhéantar a ghabháil, a reo agus a phacáil sa phacáistíocht chríochnaitheach ar muir, agus iad sin amháin

CH

An Eilvéis (1)

 

CI

An Cósta Eabhair

Gabháil fhiáin amháin

CL

An tSile

 

CN

An tSín

 

CO

An Cholóim

 

CR

Cósta Ríce

 

CU

Cúba

 

CV

Rinn Verde

Gabháil fhiáin amháin

CW

Cúrasó

Gabháil fhiáin amháin

DZ

An Ailgéir

Gabháil fhiáin amháin

EC

Eacuadór

 

EG

An Éigipt

Gabháil fhiáin amháin

ER

An Eiritré

Gabháil fhiáin amháin

FJ

Fidsí

Gabháil fhiáin amháin

FK

Oileáin Fháclainne

 

GA

An Ghabúin

Gabháil fhiáin amháin

GD

Greanáda

Gabháil fhiáin amháin

GE

An tSeoirsia

Gabháil fhiáin amháin

GH

Gána

Gabháil fhiáin amháin

GL

An Ghraonlainn

Gabháil fhiáin amháin

GM

An Ghaimbia

Gabháil fhiáin amháin

GN

An Ghuine

Gabháil fhiáin amháin. Iasc nach ndearnadh aon oibríocht ullmhúcháin ná próiseála air seachas dícheannadh, dí-inniú, fuarú nó reo, agus iad sin amháin.

GT

Guatamala

 

GY

An Ghuáin

Gabháil fhiáin amháin

HK

Hong Cong

Gabháil fhiáin amháin

HN

Hondúras

 

ID

An Indinéis

 

IL

Iosrael (2)

 

IN

An India

 

IR

An Iaráin

Dobharshaothrú: crústaigh amháin

JM

Iamáice

Gabháil fhiáin amháin

JP

An tSeapáin

 

KE

An Chéinia

 

KI

Cireabaití

Gabháil fhiáin amháin

KR

An Chóiré Theas

 

KZ

An Chasacstáin

Gabháil fhiáin amháin

LK

Srí Lanca

 

MA

Maracó

 

MD

An Mholdóiv

Caibhéar amháin

ME

Montainéagró

 

MG

Madagascar

 

MK

An Mhacadóin Thuaidh

 

MM

Maenmar/Burma

 

MR

An Mháratáin

Gabháil fhiáin amháin

MU

Oileán Mhuirís

 

MV

Oileáin Mhaildíve

Gabháil fhiáin amháin

MX

Meicsiceo

 

MY

An Mhalaeisia

 

MZ

Mósaimbíc

 

N/Ú

An Namaib

Gabháil fhiáin amháin

NC

An Nua-Chaladóin

Dobharshaothrú: crústaigh amháin

NG

An Nigéir

Gabháil fhiáin amháin

NI

Nicearagua

 

NZ

An Nua-Shéalainn

 

OM

Óman

Gabháil fhiáin amháin

PA

Panama

 

PE

Peiriú

 

PF

Polainéis na Fraince

Gabháil fhiáin amháin

PG

Nua-Ghuine Phapua

Gabháil fhiáin amháin

PH

Na hOileáin Fhilipíneacha

 

PM

San Pierre agus Miquelon

Gabháil fhiáin amháin

PK

An Phacastáin

Gabháil fhiáin amháin

RS

An tSeirbia

 

RU

An Rúis

Gabháil fhiáin amháin

SA

An Araib Shádach

 

SB

Oileáin Sholomón

Gabháil fhiáin amháin

SC

Na Séiséil

Gabháil fhiáin amháin

SG

Singeapór

 

SH

San Héilin

Gan Tristan da Cunha agus Oileán na Deascabhála san áireamh

Gabháil fhiáin amháin

Tristan da Cunha

Gan San Héilin agus Oileán na Deascabhála san áireamh

Gliomaigh (úr nó reoite) ó ghabháil fhiáin, agus iad sin amháin

SN

An tSeineagáil

Gabháil fhiáin amháin

SR

Suranam

Gabháil fhiáin amháin

SV

An tSalvadóir

Gabháil fhiáin amháin

SX

Sint Maarten

Gabháil fhiáin amháin

TH

An Téalainn

 

TN

An Túinéis

Dobharshaothrú: iasc eite amháin

TR

An Tuirc

 

TW

An Téaváin

 

TZ

An Tansáin

 

UA

An Úcráin

 

UG

Uganda

 

US

Na Stáit Aontaithe

 

UY

Uragua

 

VE

Veiniséala

 

VN

Vítneam

 

YE

Éimin

Gabháil fhiáin amháin

ZA

An Afraic Theas

Gabháil fhiáin amháin

ZW

An tSiombáib

Gabháil fhiáin amháin


(1)  I gcomhréir leis an gComhaontú an 21 Meitheamh 1999 idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta (IO L 114, 30.4.2002, lch. 132).

(2)  Tuigtear anseo feasta gurb é Stát Iosrael é, cé is moite de na críocha atá faoi riar Iosrael ó mhí an Mheithimh 1967, eadhon Arda Golan, Stráice Gaza, Iarúsailéim Thoir agus an chuid eile den Bhruach Thiar.


IARSCRÍBHINN X

Liosta de thríú tíortha a údaraítear i dtaobh coinsíneachtaí bainne amh, grutha bhuí, táirgí bunaithe ar ghruth buí agus táirgí déiríochta ó dhlúthchrúbaigh a theacht isteach san Aontas, mar a thagraítear dóibh in Airteagal 14

CÓD ISO NA TÍRE

TRÍÚ TÍR

NÓTAÍ

AU

An Astráil

 

BA

An Bhoisnia agus an Heirseagaivéin

 

CA

Ceanada

 

CH

An Eilvéis (1)

 

JP

An tSeapáin

 

ME

Montainéagró

 

NZ

An Nua-Shéalainn

 

US

Na Stáit Aontaithe

 


(1)  I gcomhréir leis an gComhaontú an 21 Meitheamh 1999 idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta (IO L 114, 30.4.2002, lch. 132).


IARSCRÍBHINN XI

Liosta de thríú tíortha nó réigiúin sna tíortha sin a údaraítear i dtaobh coinsíneachtaí cos froganna agus seilidí a theacht isteach san Aontas, mar a thagraítear dóibh in Airteagal 17

CÓD ISO NA TÍRE

TRÍÚ TÍR NÓ RÉIGIÚIN SA TÍR SIN

NÓTAÍ

AL

An Albáin

 

AU

An Astráil

 

BA

An Bhoisnia agus an Heirseagaivéin

Seilidí amháin

BR

An Bhrasaíl

Cosa froganna amháin

BY

An Bhealarúis

Seilidí amháin

CA

Ceanada

Seilidí amháin

CH

An Eilvéis (1)

 

CI

An Cósta Eabhair

Seilidí amháin

CL

An tSile

Seilidí amháin

CN

An tSín

 

DZ

An Ailgéir

Seilidí amháin

EG

An Éigipt

Cosa froganna amháin

GH

Gána

Seilidí amháin

ID

An Indinéis

 

IN

An India

Cosa froganna amháin

MA

Maracó

Seilidí amháin

MD

An Mholdóiv

Seilidí amháin

MK

An Mhacadóin Thuaidh

Seilidí amháin

NG

An Nigéir

Seilidí amháin

NZ

An Nua-Shéalainn

Seilidí amháin

PE

Peiriú

Seilidí amháin

RS

An tSeirbia

Seilidí amháin

TH

An Téalainn

Seilidí amháin

TN

An Túinéis

Seilidí amháin

TR

An Tuirc

 

UA

An Úcráin

Seilidí amháin

US

Na Stáit Aontaithe

Seilidí amháin

VN

Vítneam

 

ZA

An Afraic Theas

Seilidí amháin


(1)  I gcomhréir leis an gComhaontú an 21 Meitheamh 1999 idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta (IO L 114, 30.4.2002, lch. 132).


IARSCRÍBHINN XII

Liosta de thríú tíortha nó réigiúin sna tíortha sin a údaraítear i dtaobh coinsíneachtaí geilitín agus collaigine, a dhíorthaítear ó bhó-ainmhithe, ainmhithe de chineál caorach, ainmhithe de chineál gabhair, muc-ainmhithe agus dlúthchrúbaigh, a theacht isteach san Aontas, mar a thagraítear dóibh in Airteagail 18(1) agus 20(1), agus Airteagal 22(a)

CÓD ISO NA TÍRE

TRÍÚ TÍR NÓ RÉIGIÚIN SA TÍR SIN

NÓTAÍ

AL

An Albáin

 

AR

An Airgintín

 

AU

An Astráil

 

BA

An Bhoisnia agus an Heirseagaivéin

 

BH

Bairéin

 

BR

An Bhrasaíl

 

BW

An Bhotsuáin

 

BY

An Bhealarúis

 

BZ

An Bheilís

 

CA

Ceanada

 

CH

An Eilvéis (1)

 

CL

An tSile

 

CN

An tSín

 

CO

An Cholóim

 

CR

Cósta Ríce

 

CU

Cúba

 

DZ

An Ailgéir

 

ET

An Aetóip

 

FK

Oileáin Fháclainne

 

GL

An Ghraonlainn

 

GT

Guatamala

 

HK

Hong Cong

 

HN

Hondúras

 

IL

Iosrael (2)

 

IN

An India

 

JP

An tSeapáin

 

KE

An Chéinia

 

KR

An Chóiré Theas

 

MA

Maracó

 

ME

Montainéagró

 

MG

Madagascar

 

MK

An Mhacadóin Thuaidh

 

MU

Oileán Mhuirís

 

MX

Meicsiceo

 

MY

An Mhalaeisia

 

N/Ú

An Namaib

 

NC

An Nua-Chaladóin

 

NI

Nicearagua

 

NZ

An Nua-Shéalainn

 

PA

Panama

 

PK

An Phacastáin

 

PY

Paragua

 

RS

An tSeirbia

 

RU

An Rúis

 

SG

Singeapór

 

SV

An tSalvadóir

 

SZ

Eswatini

 

TH

An Téalainn

 

TN

An Túinéis

 

TR

An Tuirc

 

TW

An Téaváin

 

UA

An Úcráin

 

US

Na Stáit Aontaithe

 

UY

Uragua

 

ZA

An Afraic Theas

 

ZW

An tSiombáib

 


(1)  I gcomhréir leis an gComhaontú an 21 Meitheamh 1999 idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta (IO L 114, 30.4.2002, lch. 132).

(2)  Tuigtear anseo feasta gurb é Stát Iosrael é, cé is moite de na críocha atá faoi riar Iosrael ó mhí an Mheithimh 1967, eadhon Arda Golan, Stráice Gaza, Iarúsailéim Thoir agus an chuid eile den Bhruach Thiar.


IARSCRÍBHINN XIII

Liosta de thríú tíortha a údaraítear i dtaobh coinsíneachtaí geilitín agus collaigine a dhíorthaítear ó éanlaith chlóis a theacht isteach san Aontas, mar a thagraítear dóibh in Airteagail 18(2) agus 20(2), agus Airteagal 22(c)

CÓD ISO NA TÍRE

TRÍÚ TÍR

NÓTAÍ

AL

An Albáin

 

AR

An Airgintín

 

AU

An Astráil

 

BA

An Bhoisnia agus an Heirseagaivéin

 

BR

An Bhrasaíl

 

BW

An Bhotsuáin

 

BY

An Bhealarúis

 

CA

Ceanada

 

CH

An Eilvéis (1)

 

CL

An tSile

 

CN

An tSín

 

GL

An Ghraonlainn

 

HK

Hong Cong

 

IL

Iosrael (2)

 

IN

An India

 

JP

An tSeapáin

 

KR

An Chóiré Theas

 

MD

An Mholdóiv

 

ME

Montainéagró

 

MG

Madagascar

 

MY

An Mhalaeisia

 

MK

An Mhacadóin Thuaidh

 

MX

Meicsiceo

 

N/Ú

An Namaib

 

NC

An Nua-Chaladóin

 

NZ

An Nua-Shéalainn

 

PM

San Pierre agus Miquelon

 

RS

An tSeirbia

 

RU

An Rúis

 

SG

Singeapór

 

TH

An Téalainn

 

TN

An Túinéis

 

TR

An Tuirc

 

TW

An Téaváin

 

UA

An Úcráin

 

US

Na Stáit Aontaithe

 

UY

Uragua

 

ZA

An Afraic Theas

 

ZW

An tSiombáib

 


(1)  I gcomhréir leis an gComhaontú an 21 Meitheamh 1999 idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta (IO L 114, 30.4.2002, lch. 132).

(2)  Tuigtear anseo feasta gurb é Stát Iosrael é, cé is moite de na críocha atá faoi riar Iosrael ó mhí an Mheithimh 1967, eadhon Arda Golan, Stráice Gaza, Iarúsailéim Thoir agus an chuid eile den Bhruach Thiar.


IARSCRÍBHINN XIV

Liosta de thríú tíortha a údaraítear i dtaobh coinsíneachtaí feola reiptíle a theacht isteach san Aontas, mar a thagraítear dóibh in Airteagal 23

CÓD ISO NA TÍRE

TRÍÚ TÍR

NÓTAÍ

CH

An Eilvéis

 

BW

An Bhotsuáin

 

VN

Vítneam

 

ZA

An Afraic Theas

 

ZW

An tSiombáib

 


IARSCRÍBHINN XV

Liosta de thríú tíortha a údaraítear i dtaobh coinsíneachtaí feithidí a theacht isteach san Aontas, mar a thagraítear dóibh in Airteagal 24

CÓD ISO NA TÍRE

TRÍÚ TÍR

NÓTAÍ

CA

Ceanada

 

CH

An Eilvéis

 

KR

An Chóiré Theas

 

TH

An Téalainn

 

VN

Vítneam

 


IARSCRÍBHINN XVI

Liosta de thríú tíortha a údaraítear i dtaobh coinsíneachtaí d’éanlaith chlóis bheo agus d’uibheacha goir den speiceas Gallus gallus, de thurcaithe beo agus d’uibheacha goir turcaí a theacht isteach san Aontas, mar a thagraítear dóibh sa chéad mhír d'Airteagal 26

CÓD ISO NA TÍRE

TRÍÚ TÍR

TÁIRGÍ A BHFUIL AN TRÍÚ TÍR LIOSTAITHE INA LEITH

 

 

Gallus gallus

Turcaithe

BR

An Bhrasaíl

SL, UG

-

CA

Ceanada

ÉCPT (*1), SL (*1), UG

ÉCPT (*1), SL, UG

CH

An Eilvéis (1)

 

IL

Iosrael (2)

SL, UG

SL, UG

US

Na Stáit Aontaithe

ÉCPT (*1), SL, UG

SL, UG


(*1)  : le haghaidh pórúcháin amháin

ÉCPT: éanlaith chlóis phórúcháin nó tháirgiúil

SL: sicíní lae

UG: uibheacha goir

(1)  I gcomhréir leis an gComhaontú an 21 Meitheamh 1999 idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta (IO L 114, 30.4.2002, lch. 132).

(2)  Tuigtear anseo feasta gurb é Stát Iosrael é, cé is moite de na críocha atá faoi riar Iosrael ó mhí an Mheithimh 1967, eadhon Arda Golan, Stráice Gaza, Iarúsailéim Thoir agus an chuid eile den Bhruach Thiar.


IARSCRÍBHINN XVII

Tábla comhghaoil dá dtagraítear sa dara mír d’Airteagal 27

Rialachán (AE) 2019/626

An Rialachán seo

Airteagal 1

Airteagal 1

Airteagal 2

Airteagal 2

Airteagal 3

Airteagail 3, 4 agus 5

Airteagal 4

Airteagail 6 agus 7

Airteagal 5

Airteagail 8 agus 9

Airteagal 6

Airteagal 10

Airteagal 7

Airteagal 11

Airteagal 8

Airteagal 12

Airteagal 9

Airteagal 13

Airteagal 10

Airteagail 15 agus 16

Airteagal 11

Airteagal 17

Airteagal 12

Airteagal 17

Airteagal 13

Airteagal 10

Airteagal 14

Airteagal 18

Airteagal 15

Airteagal 19

Airteagal 16

Airteagal 20

Airteagal 17

Airteagal 21

Airteagal 18

Airteagal 22

Airteagal 19

Airteagal 23

Airteagal 20

Airteagal 24

Airteagal 21

Airteagal 25

Airteagal 22

-

Airteagal 23

Airteagal 27

Airteagal 24

-

Airteagal 25

Airteagal 28

Iarscríbhinn I

Iarscríbhinn VIII

Iarscríbhinn II

Iarscríbhinn IX

Iarscríbhinn III

Iarscríbhinn XI

Iarscríbhinn IIIa

Iarscríbhinn XV

Iarscríbhinn IV

-


Top