Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025R1735

Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/1735 ón gCoimisiún an 4 Meitheamh 2025 lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun úsáid salainn monasóidiam d’aigéad L-5-meitilteitrihidreafólach a cheadú mar fhoinse fóláite i mbainne foirmle do naíonáin agus i mbainne foirmle leantach, i mbia gránachbhunaithe próiseáilte agus i mbia do naíonáin, in ionadach ar an aiste bia iomlán chun meáchan a rialú agus i mbia chun críoch speisialta míochaine

C/2025/3411

IO L, 2025/1735, 12.8.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/1735/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/1735/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/1735

12.8.2025

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2025/1735 ÓN gCOIMISIÚN

an 4 Meitheamh 2025

lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun úsáid salainn monasóidiam d’aigéad L-5-meitilteitrihidreafólach a cheadú mar fhoinse fóláite i mbainne foirmle do naíonáin agus i mbainne foirmle leantach, i mbia gránachbhunaithe próiseáilte agus i mbia do naíonáin, in ionadach ar an aiste bia iomlán chun meáchan a rialú agus i mbia chun críoch speisialta míochaine

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meitheamh 2013 maidir le bia a cheaptar lena úsáid mar bhia do naíonáin agus do leanaí óga, maidir le bia chun críocha speisialta míochaine, agus maidir le hionadach ar an aiste bia iomlán chun meáchan a rialú agus lena n-aisghairtear Treoir 92/52/CEE ón gComhairle, Treoir 96/8/CE ón gCoimisiún, Treoir 1999/21/CE ón gCoimisiún, Treoir 2006/125/CE ón gCoimisiún, Treoir 2006/141/CE ón gCoimisiún, Treoir 2009/39/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 41/2009 ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 953/2009 ón gCoimisiún (1), agus go háirithe Airteagal 16(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Leis an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 bunaítear liosta de chuid an Aontais de shubstaintí a fhéadfar a chur le ceann amháin nó níos mó de na catagóirí bia dá dtagraítear in Airteagal 1(1) den Rialachán sin.

(2)

An 26 Deireadh Fómhair 2023, ghlac an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) tuairim eolaíoch (2), inar tháinig sé ar an gconclúid go bhfuil salann monasóidiam d’aigéad L-5-meitilteitrihidreafólach sábháilte faoi na coinníollacha úsáide sonraithe, fad atá an iontógáil salainn monasóidiam d’aigéad L-5-meitilteitrihidreafólach agus d’fhoinsí eile fóláite faoina gcoinníollacha úsáide údaraithe faoi bhun na n-uasleibhéal iontógála is infhulaingthe a bhunaítear d’aoisghrúpaí éagsúla an phobail i gcoitinne. Mheas an tÚdarás freisin gur foinse é óna bhfuil fóláit ar fáil do gach aoisghrúpa den phobal i gcoitinne.

(3)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1037 ón gCoimisiún (3) údaraíodh, bunaithe ar thuairim fhabhrach an Údaráis, salann monasóidiam d’aigéad L-5-meitilteitrihidreafólach a chur ar an margadh mar bhia núíosach lena úsáid i mbainne foirmle do naíonáin agus i mbainne foirmle leantach, i mbia gránachbhunaithe próiseáilte agus i mbia do naíonáin, in ionadach ar an aiste bia iomlán chun meáchan a rialú agus i mbia chun críoch speisialta míochaine, i measc táirgí eile, faoi réir coinníollacha áirithe úsáide.

(4)

Measann an Coimisiún go dtugtar forais leordhóthanacha sa tuairim ón Údarás chun a shuí nach ábhar imní sábháilteachta é salann monasóidiam d’aigéad L-5-meitilteitrihidreafólach, mar a údaraítear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1037, mar fhoinse fóláite nuair a úsáidtear é i mbainne foirmle do naíonáin agus i mbainne foirmle leantach, i mbia gránachbhunaithe próiseáilte agus i mbia do naíonáin, in ionadach ar an aiste bia iomlán chun meáchan a rialú agus i mbia chun críoch speisialta míochaine. Dá bhrí sin, is iomchuí úsáid salainn monasóidiam d’aigéad L-5-meitilteitrihidreafólach a cheadú mar fhoinse fóláite sna catagóirí bia sin.

(5)

Dá bhrí sin, ba cheart salann monasóidiam d’aigéad L-5-meitilteitrihidreafólach a áireamh i liosta an Aontais de shubstaintí a fhéadfar a chur le catagóirí áirithe bia.

(6)

Dá bhrí sin, ba cheart an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 4 Meitheamh 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 181, 29.6.2013, lch. 35, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/609/oj.

(2)  Painéal NDA EFSA (Painéal EFSA ar Tháirgí Diaitéiteacha, Cothú agus Ailléirgí). Safety of monosodium salt of L-5-methyltetrahydrofolic acid as a novel food pursuant to Regulation (EU) 2015/2283 and the bioavailability of folate from this source in the context of Directive 2002/46/EC, Regulation (EU) No 609/2013 and Regulation (EC) No 1925/2006, EFSA Journal, 2023;21:e8417 [Sábháilteacht salainn monasóidiam d’aigéad L-5-meitilteitrihidreafólach mar bhia núíosach de bhun Rialachán (AE) 2015/2283 agus bith-infhaighteacht fóláite ón bhfoinse sin i gcomhthéacs Threoir 2002/46/CE, Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 agus Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006, Iris EFSA, 2023; 21:e8417.]

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1037 ón gCoimisiún an 9 Aibreán 2024 lena n-údaraítear salann monasóidiam d’aigéad L-5-meitilteitrihidreafólach a chur ar an margadh mar bhia núíosach agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 (IO L, 2024/1037, 10.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1037/oj).


IARSCRÍBHINN

San Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 609/2013, laistigh de chatagóir na substainte ‘Vitimíní’, faoin bhfochatagóir ‘Fóláit’, cuirtear an iontráil seo a leanas isteach:

‘salann monasóidiam d’aigéad L-5-meitilteitrihidreafólach (*1)

X

X

X

X


(*1)  Mar a liostaítear i liosta an Aontais de bhianna núíosacha i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún an 20 Nollaig 2017 lena mbunaítear liosta an Aontais de bhianna núíosacha i gcomhréir le Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bianna núíosacha (IO L 351, 30.12.2017, lch. 72, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2017/2470/oj).’


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/1735/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top