This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32025R1434
Council Implementing Regulation (EU) 2025/1434 of 15 July 2025 implementing Regulation (EU) 2023/888 concerning restrictive measures in view of actions destabilising the Republic of Moldova
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1434 ón gComhairle an 15 Iúil 2025 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2023/888 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise gníomhaíochtaí lena ndéantar Poblacht na Moldóive a dhíchobhsú
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/1434 ón gComhairle an 15 Iúil 2025 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2023/888 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise gníomhaíochtaí lena ndéantar Poblacht na Moldóive a dhíchobhsú
ST/10906/2025/INIT
IO L, 2025/1434, 15.7.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1434/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/1434 |
15.7.2025 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/1434 ÓN gCOMHAIRLE
an 15 Iúil 2025
lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2023/888 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise gníomhaíochtaí lena ndéantar Poblacht na Moldóive a dhíchobhsú
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2023/888 ón gComhairle an 28 Aibreán 2023 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise gníomhaíochtaí lena ndéantar Poblacht na Moldóive a dhíchobhsú (1), agus go háirithe Airteagal 13(1) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 28 Aibreán 2023, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2023/888. |
|
(2) |
Tá an tAontas fós diongbháilte agus tacaíocht á tabhairt aige do Phoblacht na Moldóive agus dá hathléimneacht, dá slándáil, dá cobhsaíocht, dá geilleagar agus dá soláthar fuinnimh i bhfianaise gníomhaíochtaí díchobhsaitheacha arna ndéanamh ag gníomhaithe seachtracha. |
|
(3) |
I bhfianaise na staide i bPoblacht na Moldóive, measann an Chomhairle gur cheart seachtar agus trí eintiteas a chur le liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/888. |
|
(4) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2023/888 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/888 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 15 Iúil 2025.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
K. KALLAS
(1) IO L 114, 2.5.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/888/oj.
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/888 mar a leanas:
|
(1) |
cuirtear na hiontrálacha seo a leanas leis an tábla faoin gceannteideal ‘A. Daoine nádúrtha’:
|
|
(2) |
cuirtear na hiontrálacha seo a leanas leis an tábla faoin gceannteideal ‘B. Daoine dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí’:
|
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/1434/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)