This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 32025R0011
Regulation (EU) 2025/11 of the European Parliament and of the Council of 19 December 2024 amending Regulation (EU) 2018/1806 as regards Vanuatu
Rialachán (AE) 2025/11 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Nollaig 2024 lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1806 a mhéid a bhaineann le Vanuatú
Rialachán (AE) 2025/11 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Nollaig 2024 lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1806 a mhéid a bhaineann le Vanuatú
PE/100/2024/REV/1
IO L, 2025/11, 14.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/11/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
In force
|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/11 |
14.1.2025 |
RIALACHÁN (AE) 2025/11 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 19 Nollaig 2024
lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1806 a mhéid a bhaineann le Vanuatú
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 77(2), pointe (a) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
I Rialachán (AE) 2018/1806 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) liostaítear na tríú tíortha a bhfuil ar a náisiúnaigh víosa a bheith ina seilbh acu ar thrasnú theorainneacha seachtracha na mBallstát dóibh (an ‘ceanglas víosa’) agus liostaítear na tríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas víosa le haghaidh fanachtaí nach faide ná 90 lá in aon tréimhse 180 lá (an ‘díolúine víosa’). |
|
(2) |
Tá Poblacht Vanuatú liostaithe i gCuid 1 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1806 mar thríú tír a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas víosa. Tá feidhm ag an díolúine víosa maidir le náisiúnaigh Vanuatú ó bhí an 28 Bealtaine 2015 ann, an dáta a síníodh an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Vanuatú maidir leis an tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta (3) (an ‘Comhaontú’) agus nuair a tháinig sé chun bheith infheidhme ar bhonn sealadach i gcomhréir le hAirteagal 8(1) den Chomhaontú. Tháinig an Comhaontú i bhfeidhm an 1 Aibreán 2017. |
|
(3) |
Trí scéimeanna saoránachta Vanuatú d’infheisteoirí, scéimeanna atá á bhfeidhmiú ag Vanuatú ó bhí an 25 Bealtaine 2015 ann, tá náisiúnaigh tríú tír a bheadh faoi réir an cheanglais víosa seachas sin in ann saoránacht Vanuatú a fháil mar mhalairt ar infheistíocht, agus rochtain gan víosa a fháil ar an Aontas ar an gcaoi sin. |
|
(4) |
Ós rud é gur measadh gurbh ionann saoránacht á deonú ag Vanuatú faoina scéimeanna saoránachta d’infheisteoirí agus dul timpeall ar nós imeachta an Aontais maidir le víosaí gearrfhanachta agus ar an measúnú ar na rioscaí slándála agus imirce a bhaineann leis, chomh maith le riosca méadaithe do shlándáil inmheánach agus do bheartas poiblí na mBallstát, ghlac an Chomhairle, an 3 Márta 2022, Cinneadh (AE) 2022/366 (4), lenar cuireadh cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe ar fionraí go páirteach de bhun Airteagal 8(4) den Chomhaontú. Bhí fionraí chur i bhfeidhm an Chomhaontaithe teoranta do ghnáthphasanna arna n-eisiúint ag Vanuatú ón 25 Bealtaine 2015 ar aghaidh, nuair a tháinig méadú suntasach ar an líon iarratasóirí rathúla faoi scéimeanna saoránachta Vanuatú d’infheisteoirí. |
|
(5) |
An 27 Aibreán 2022, ghlac an Coimisiún Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/693 (5), lenar cuireadh an díolúine víosa le haghaidh náisiúnaigh Vanuatú ar fionraí go sealadach ón 4 Bealtaine 2022 go dtí an 3 Feabhra 2023 de bhun Airteagal 8(6), an chéad fhomhír, pointe (a), de Rialachán (AE) 2018/1806. |
|
(6) |
Sa tréimhse tar éis an 4 Bealtaine 2022, an dáta ar cuireadh tús le fionraí shealadach na díolúine víosa d’fheidhm a bheith aici, agus de bhun Airteagal 8(6), an chéad fhomhír, pointe (a), an tríú fomhír, de Rialachán (AE) 2018/1806, bhunaigh an Coimisiún idirphlé feabhsaithe le Vanuatú d’fhonn na himthosca ba chúis le fionraí shealadach na díolúine víosa a leigheas. Mar sin féin, níor ghlac Vanuatú páirt ar bhealach fiúntach le linn an idirphlé sin. |
|
(7) |
Mar gheall ar na himthosca a bheith ann i gcónaí as ar eascair fionraí shealadach na díolúine víosa agus easpa rannpháirtíocht de pháirt Vanuatú chun iad a leigheas, trí bhíthin Chinneadh (AE) 2022/2198 ón gComhairle (6), d’aisghair an Chomhairle Cinneadh (AE) 2022/366agus chuir sí cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe ar fionraí ina iomláine ón 4 Feabhra 2023. |
|
(8) |
De bhun Airteagal 8(6), an chéad fhomhír, pointe (b), de Rialachán (AE) 2018/1806, ghlac an Coimisiún Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/222 (7) an 1 Nollaig 2022 lenar cuireadh an díolúine víosa le haghaidh náisiúnaigh uile Vanuatú ar fionraí go sealadach ón 4 Feabhra 2023 go dtí an 3 Lúnasa 2024. |
|
(9) |
Sa tréimhse tar éis an 4 Feabhra 2023, an dáta ar cuireadh tús le Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/222 d’fheidhm a bheith aige, lean an Coimisiún den idirphlé feabhsaithe le Vanuatú. Tionóladh ceithre chruinniú idir mí Feabhra 2023 agus mí Aibreáin 2024, agus rinneadh roinnt mhaith malartuithe faisnéise i scríbhinn. |
|
(10) |
Formhór na n-ábhar imní a bhaineann leis na scéimeanna saoránachta d’infheisteoirí arna n-oibriú ag Vanuatú agus a leag an Coimisiún amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/693, tá siad fós ann. Cé gur ghlac Vanuatú roinnt athruithe reachtacha in 2023 arb é is aidhm dóibh aghaidh a thabhairt ar na hábhair imní sin, níor thug sé cruthúnas sásúil go bhfuil na hathruithe sin á gcur chun feidhme agus gur leor iad chun na rioscaí slándála a bhaineann lena scéimeanna saoránachta d’infheisteoirí a mhaolú. |
|
(11) |
Níl aon cheanglas ar na hiarratasóirí fós sna scéimeanna saoránachta d’infheisteoirí a oibríonn Vanuatú a bheith ina gcónaí go hiarbhír ná a bheith i láthair go fisiceach i Vanuatú. Tá an próiseas iarratais fós á bhainistiú ag gníomhaireachtaí speisialaithe atá lonnaithe lasmuigh de Vanuatú, rud a chiallaíonn nach gá d’iarratasóirí aon teagmháil dhíreach a bheith acu le húdaráis Vanuatú. Ní reáchtáiltear agallaimh le hiarratasóirí le linn an phróisis iarratais. In éagmais ceanglas maidir le hagallamh fisiceach a dhéanamh, laghdaítear na deiseanna d’údaráis Vanuatú iarratasóirí a mheasúnú go cuí agus an fhaisnéis a sholáthraítear ina n-iarratas a fhíorú, lena n-áirítear fírinneacht agus creidiúnacht an iarratais. |
|
(12) |
Tá próiseáil iarratas fós á déanamh laistigh de sprioc-amanna an-ghearr. Mar shampla, tógann an próiseas scagtha agus díchill chuí le haghaidh iarratais 14 lá ar a mhéad, ar féidir síneadh suas le 30 lá a chur leis. Tá an ráta diúltaithe fós an-íseal, rud a chomhthacaíonn le measúnú an Choimisiúin go bhfuil an próiseas scagtha neamhiontaofa. De réir na faisnéise a chuir Vanuatú ar fáil, in 2022 agus 2023, fuair Vanuatú 1 988 n-iarratas ar shaoránacht mar mhalairt ar infheistíocht, agus níor diúltaíodh ach do 27 gcinn díobh sin. |
|
(13) |
I mí an Mhárta 2023, leasaigh Vanuatú a Acht Saoránachta trí na hinstitiúidí atá freagrach as scagadh agus seiceálacha díchill chuí a dhéanamh ar na hiarratais agus as na nósanna imeachta chuige sin a athrú. Go háirithe, cuireadh trí institiúid in ionad an Choiste Scagtha Inmheánaigh arna cheapadh ag an bPríomh-Aire a bhí ann roimhe seo, is iad sin Fórsa Póilíneachta Vanuatú, an tAonad um Fhaisnéis Airgeadais agus Seirbhísí Inimirce Vanuatú. Déanann na hinstitiúidí sin scagadh agus seiceálacha díchill chuí ar na hiarratais, lena n-áirítear trí bhunachair sonraí Interpol a chuardach, agus tuairiscíonn siad d’Ard-Rúnaí an Choimisiúin Saoránachta. Cé gur cosúil, ar thaobh amháin, go maolaítear leis an nós imeachta nua an riosca a bhaineann le saoránacht a dheonú do dhaoine atá liostaithe ar bhunachair sonraí Interpol, ar an taobh eile ní áirítear leis gnéithe eile atá riachtanach chun measúnú cuí a dhéanamh i dtaobh an riosca slándála atá in iarratasóirí. Go háirithe, níl aon bhealach leordhóthanach ann d’údaráis Vanuatú chun fírinneacht na ndoiciméad arna n-eisiúint ag tír thionscnaimh nó tír chónaithe na n-iarratasóirí a fhíorú, amhail doiciméid aitheantais agus taifid choiriúla, ós rud é nach ndéanann na húdaráis sin faisnéis a mhalartú le tíortha tionscnaimh nó tíortha cónaithe na n-iarratasóirí. |
|
(14) |
Áirítear ar thíortha tionscnaimh na n-iarratasóirí rathúla in 2022 agus 2023 den chuid is mó tíortha a bhfuil a náisiúnaigh faoi réir an cheanglais víosa. In 2023, tháinig formhór na n-iarratas ó náisiúnaigh de chuid na Síne (519) agus na Rúise (237). Murab ionann agus tríú tíortha eile a bhfuil scéimeanna saoránachta d’infheisteoirí á n-oibriú acu, lean Vanuatú de ghlacadh le hiarratais ó náisiúnaigh Rúiseacha agus de bheith ag próiseáil na n-iarratas sin ó cuireadh tús le cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine. |
|
(15) |
Roimh 2021, d’fhéadfadh daoine a fuair saoránacht Vanuatú trí scéim saoránachta d’infheisteoirí iarratas a dhéanamh ina dhiaidh sin ar athrú ainm in Vanuatú. Le linn an idirphlé feabhsaithe, chuir Vanuatú an Coimisiún ar an eolas gur leasaíodh an reachtaíocht ábhartha in 2021 chun foráil a dhéanamh nach bhféadfadh daoine a bhfuil déshaoránacht acu athrú ainm a chlárú in Vanuatú. Mar sin féin, chuir Vanuatú in iúl don Choimisiún freisin nach bhfuil aon taifead aige ar athruithe ar ainmneacha a cláraíodh roimh 2019. Dá bhrí sin, níorbh fhéidir leis aon fhaisnéis a sholáthar maidir le líon na ndaoine a fuair an tsaoránacht mar mhalairt ar infheistíocht agus a d’athraigh a n-ainm ina dhiaidh sin, ná maidir le haon seiceálacha leantacha ar na daoine sin. |
|
(16) |
Cé gur chuir Vanuatú an Coimisiún ar an eolas gur féidir, bunaithe ar a chásdlí, saoránacht a chúlghairm i gcás ina bhfuarthas í trí chalaois nó go neamhdhleathach, níor chuir sé faisnéis ar fáil maidir le cásanna iarbhír inar cúlghaireadh saoránacht a fuarthas trína scéimeanna saoránachta d’infheisteoirí. Thairis sin, níl aon sásra faireacháin ex post struchtúrach curtha chun feidhme ag Vanuatú chun aghaidh a thabhairt ar bhearnaí slándála féideartha a d’fhéadfadh a bheith ann i gcás breis agus 10 000 pas a eisíodh sular leasaíodh a Acht Saoránachta agus sular tugadh isteach an nós imeachta a líomhnaítear a bheith níos stóinsithe. I mí Feabhra 2023, bhunaigh Vanuatú coimisiún fiosrúcháin a raibh sé de chúram air imscrúdú a dhéanamh ar aon drochghníomhartha a líomhnaítear a rinneadh le linn oibriú na scéimeanna saoránachta d’infheisteoirí ó bunaíodh iad. I mí Aibreáin 2024, chuir Vanuatú in iúl don Choimisiún go raibh an t-imscrúdú fós ar siúl agus nach bhféadfadh sé dáta áirithe a thabhairt faoina ndéanfadh an Coimisiún Fiosrúcháin a thorthaí a sheachadadh. |
|
(17) |
De bhun Airteagal 8(7) de Rialachán (AE) 2018/1806, sular scoir Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/222 d’fheidhm a bheith aige, chuir an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir leis an díolúine víosa le haghaidh náisiúnaigh Vanuatú a chur ar fionraí, tuarascáil inar thug sé tuairisc mhionsonraithe ar an idirphlé feabhsaithe le Vanuatú agus inar thánghthas ar an gconclúid nár leigheas Vanuatú na himthosca ba chúis le fionraí na díolúine víosa. |
|
(18) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2018/1806 a leasú tríd an tagairt do Vanuatú a aistriú ó Chuid 1 d’Iarscríbhinn II go Cuid 1 d’Iarscríbhinn I chun an ceanglas víosa le haghaidh náisiúnaigh Vanuatú a thabhairt isteach arís. |
|
(19) |
Maidir leis an Íoslainn agus leis an Iorua, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis (8) Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe B, de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle (9). |
|
(20) |
Maidir leis an Eilvéis, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis (10) Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointí B agus C, de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2008/146/CE ón gComhairle (11). |
|
(21) |
Maidir le Lichtinstéin, is é atá sa Chinneadh seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis (12) Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointí B agus C, de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/350/AE ón gComhairle (13). |
|
(22) |
Is forbairt atá sa Rialachán seo ar fhorálacha acquis Schengen nach bhfuil Éire rannpháirteach iontu, i gcomhréir le Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle (14); dá bhrí sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. |
|
(23) |
Maidir leis an gCipir, is é atá sa Rialachán seo gníomh atá ag cur le acquis Schengen nó atá gaolmhar leis ar dhóigh eile, de réir bhrí Airteagal 3(1) d’Ionstraim Aontachais 2003, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán (AE) 2018/1806 mar a leanas:
|
(1) |
i gCuid 1 d’Iarscríbhinn I, cuirtear an iontráil seo a leanas isteach i ndiaidh na hiontrála ‘An Úisbéiceastáin’: ‘Vanuatú’ ; |
|
(2) |
i gCuid II d’Iarscríbhinn II, scriostar an iontráil seo a leanas: ‘Vanuatú (*1) (*1) Cuirtear an díolúine ó cheanglas víosa le haghaidh náisiúnaigh Vanuatú ar fionraí ón 4 Feabhra 2023 go dtí an 3 Feabhra 2025.’." |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 19 Nollaig 2024.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
R. METSOLA
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
BÓKA J.
(1) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 27 Samhain 2024 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 12 Nollaig 2024.
(2) Rialachán (AE) 2018/1806 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 lena liostaítear na tríú tíortha a mbeidh ar a náisiúnaigh víosaí a bheith ina seilbh acu ar thrasnú teorainneacha seachtracha dóibh agus lena liostaítear na tríú tíortha a mbeidh a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas sin (IO L 303, 28.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1806/oj).
(3) IO L 173, 3.7.2015, lch. 48, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2015/1035/oj.
(4) Cinneadh (AE) 2022/366 ón gComhairle an 3 Márta 2022 maidir le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Vanuatú maidir le tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta a chur ar fionraí go páirteach (IO L 69, 4.3.2022, lch. 105, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/366/oj).
(5) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/693 ón gCoimisiún an 27 Aibreán 2022 maidir leis an díolúine víosa le haghaidh náisiúnaigh Vanuatú a chur ar fionraí go sealadach (IO L 129, 3.5.2022, lch. 18, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/693/oj).
(6) Cinneadh (AE) 2022/2198 ón gComhairle an 8 Samhain 2022 maidir le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Vanuatú maidir leis an tarscaoileadh ar víosa ghearrfhanachta a chur ar fionraí go hiomlán (IO L 292, 11.11.2022, lch. 47, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/2198/oj).
(7) Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/222 ón gCoimisiún an 1 Nollaig 2022 maidir leis an díolúine víosa le haghaidh náisiúnaigh uile Vanuatú a chur ar fionraí go sealadach (IO L 32, 3.2.2023, lch. 1, ELI http://data.europa.eu/eli/reg_del/2023/222/oj).
(8) IO L 176, 10.7.1999, lch. 36, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/1999/439(1)/oj.
(9) Cinneadh 1999/437/CE ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 maidir le socruithe áirithe i dtaca le cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 176, 10.7.1999, lch. 31, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/1999/437/oj).
(10) IO L 53, 27.2.2008, lch. 52, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/2008/178(1)/oj.
(11) Cinneadh 2008/146/CE ón gComhairle an 28 Eanáir 2008 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt (IO L 53, 27.2.2008, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2008/146/oj).
(12) IO L 160, 18.6.2011, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/prot/2011/350/oj.
(13) Cinneadh 2011/350/AE ón gComhairle 7 Márta 2011 maidir le tabhairt i gcrích an Phrótacail, thar ceann an Aontais Eorpaigh, idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, a bhaineann le seiceálacha ag na teorainneacha inmheánacha a dhíothú agus le gluaiseacht daoine (IO L 160, 18.6.2011, lch. 19, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2011/350/oj).
(14) Cinneadh 2002/192/CE ón gComhairle an 28 Feabhra 2002 maidir leis an iarraidh ó Éirinn a bheith rannpháirteach i roinnt forálacha de acquis Schengen (IO L 64, 7.3.2002, lch. 20, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2002/192/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/11/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)